Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
ѾDzԳٳܲí
XML1k
Dé Céadaoin, 9 Deireadh Fómhair 2024-Strasbourg

4.Toghadh an Ombudsman Eorpaigh – iarratais a fuarthas
Tuarascálacha focal ar fhocal

Tar éis a fógra an 16 Meán Fómhair 2024 (ítim 11 de mhiontuairiscí an 16.9.2024), d’fhógair an tUachtarán go bhfuair sí seacht n-iarratas ar phost an Ombudsman Eorpaigh roimh an sprioc-am an 30 Meán Fómhair 2024. Tá na sé iarratas seo a leanas incháilithe:

- Teresa Anjinho,

- Emilio de Capitani,

- Marino Fardelli,

- Julia Laffranque,

- Claudia Mahler,

- Reinier van Zutphen.

Dearbhaítear go bhfuil na sé iarratas inghlactha agus tá siad ar fáil, in éineacht le doiciméid ghaolmhara eile, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

D’fhógair an tUachtarán go gcuirfí na hiarratais ar aghaidh chuig an gCoiste um Achainíocha, a d’eagródh, an 3 Nollaig 2024, éisteachtaí na n-iarrthóirí, arb éisteachaí iad a bheadh ar oscailt do na Feisirí uile.

An nuashonrú is déanaí: 28 Aibreán 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais