V.Aistrithe leithreasuithe agus cinntí buiséadacha
I gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Rialachán Airgeadais, chinn an Coiste um Buiséid an t-aistriú leithreasuithe ón gCoimisiún Eorpach DEC 08/2024 - Roinn III - an Coimisiún a fhormheas.
I gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais, chinn an Coiste um Buiséid na haistrithe leithreasuithe INF 3/2024 agus INF 4/2024 - Roinn VI - an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a fhormheas.
I gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais, chinn an Coiste um Buiséid an t-aistriú leithreasuithe INF 2/2024 - Roinn VII - Coiste na Réigiún a fhormheas.
I gcomhréir le hAirteagal 31(6) den Rialachán Airgeadais, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh aistriú leithreasuithe an Choimisiúin Eorpaigh DEC 08/2024 - Roinn III - an Coimisiún a fhormheas.