Tá cinneadh déanta ag na coistí freagracha dul i mbun caibidlíochtaí idirinstitiúideacha de bhun Riail 72 de na Rialacha Nós Imeachta ar bhonn na dtuarascálacha seo a leanas:
Coiste ECON: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554 ( – C9-0215/2023 – ) – Rapóirtéir: Johan Van Overtveldt (A9-0183/2024)
Coiste EMPL: Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir2009/38/CE a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus forfheidhmiú éifeachtach ceart maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ( – C9-0012/2024 – ) – Rapóirtéir: Dennis Radtke (A10-0029/2024)
Féadfar a iarraidh go ndéanfaí vótáil ar na cinntí sin i gcomhréir le Riail 72(2) de na Rialacha Nós Imeachta roimh mheán oíche amárach, an 17 Nollaig 2024.
Féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht tráth ar bith tar éis dhul in éag na teorann ama i gcás nach ndearnadh aon iarraidh ar vótáil maidir leis an gcinneadh dul i mbun caibidlíochta.