Ba dhíol sásaimh don Uachtarán an comhaontú a rinneadh le déanaí i dtaobh sos cogaidh in Gaza. Chuir sí i bhfios go láidir go bhfuil súil aici go mairfidh an comhaontú, ionas go mbainfear a chuspóirí amach. Cabhróidh sé seo leis an gcoimhlint a stopadh, le cabhair a chur ann agus leis na gialla atá fágtha a shaoradh.
Luaigh sí freisin insealbhú an seachtú hUachtarán is daichead ar na Stáit Aontaithe, Donald Trump, inniu in Washington agus thug sí a beannacht do mhuintir Mheiriceá. Chuir sí i bhfios go láidir freisin gurb ionann an nasc idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe agus bunchloch na síochána, na slándála agus an rathúnais le blianta fada anuas.
Thug sí ómós ansin do chuimhne ghiúistísí frith-mhaifia na hIodáile, Rocco Chinnici agus Paolo Borsellino, ar chomóradh céad bliain agus cúig bliana is ochtó a mbreithe faoi seach.
Ar deireadh, thug sí ómós do chuimhne Uachtarán na Parlaiminte, David Sassoli, ar chomóradh trí bliana a bháis.