Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN II:CÓD IOMPAIR IOMCHUÍ DO NA FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS A gCÚRAIMÍ Á bhFEIDHMIÚ ACU

1.Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, caithfidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le gach aon duine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa le dínit, cúirtéis agus meas agus gan réamhchlaonadh nó idirdhealú.

2.Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, déanfaidh na Feisirí iad féin a iompar ar bhealach proifisiúnta agus ní mór dóibh staonadh, ina gcaidreamh leis an bhfoireann, go háirithe, ó theanga atá maslach, tarcaisneach, gránna nó idirdhealaitheach nó aon ghníomhaíochtaí eile atá mí-eiticiúil, dímheasúil nó neamhdhleathach.

3.Maidir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, rialacha inmheánacha na Parlaiminte nó an Cód seo, ní fhéadfaidh na Feisirí, trína ngníomhaíochtaí, an fhoireann a ghríosú nó a spreagadh chun iad a shárú, dul timpeall orthu nó neamhaird a dhéanamh díobh, ná ní ghlacfaidh siad le hiompar den sórt sin ó thaobh na foirne a bhfuil siad freagrach astu.

4.Agus é mar aidhm acu go bhfeidhmeoidh Parlaimint na hEorpa go héifeachtach, déanfaidh Feisirí a ndícheall a áirithiú, agus discréid iomchuí á feidhmiú acu, go ndéileálfar le haon easaontú nó coimhlint lena mbeidh baint ag an bhfoireann a bhfuil siad freagrach astu go pras, go cothrom agus go héifeachtach.

5.I gcás inar gá, comhoibreoidh na Feisirí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos ag an mBiúró, atá i bhfeidhm d’fhonn staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear trí fhreagairt go pras d’aon líomhaintí maidir le ciapadh.

Glacfaidh feisirí, nach bhfuil sin déanta acu cheana féin, páirt i gcúrsaí oiliúna speisialaithe arna heagrú dóibh ag Parlaimint na hEorpa maidir le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus maidir le dea-bhainistíocht oifige. Cuirfear an oiliúint sin i gcrích laistigh den chéad sé mhí de théarma oifige an Fheisire ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Foilseofar teastais na bhFeisirí maidir le críochnú na hoiliúna sin ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

6.Déanfaidh na Feisirí dearbhú a shíniú lena ndeimhneofar a dtiomantas an Cód seo a chomhlíonadh. Foilseofar gach dearbhú, is cuma má shínítear é nó mura sínítear, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

7.Ní fhéadfar Feisirí nár shínigh an dearbhú a bhaineann leis an gCód seo a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte nó dá cuid comhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir ná ní fhéadfaidh siad a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idir-institiúideacha.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais