Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI:CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XVIII.An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus faireachán a dhéanamh air agus comhlíonadh an dlí phríomha i dtaca le gníomhartha an Aontais de, go háirithe rogha na mbunús dlí agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus do phrionsabal na comhréireachta;

2.léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;

3.reachtóireacht níos fearr agus simpliú dhlí an Aontais;

4.cosaint dhlíthiúil chearta agus shainchumais na Parlaiminte, lena n-áirítear rannpháirtíocht na Parlaiminte i gcaingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

5.gníomhartha an Aontais lena ndéantar difear d'ord dlíthiúil na mBallstát, eadhon sna réimsí seo a leanas:

(a)an dlí sibhialta agus tráchtála,
(b)an dlí cuideachtaí,
(c)dlí na maoine intleachtúla,
(d)an dlí nós imeachta;

6.bearta a bhaineann le comhar breithiúnach agus riaracháin in ábhair shibhialta;

7.dliteanas agus smachtbhannaí comhshaoil in aghaidh coireachta comhshaoil;

8.ceisteanna eitice a bhaineann le teicneolaíochtaí nua;

9.Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh;

10.pribhléidí agus díolúintí chomh maith le fíorú dhintiúir na bhFeisirí;

11.eagrúchán agus reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

12.Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais