TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 8:AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE TOILIÚ
Riail 107:An Nós imeachta maidir le toiliú
1.I gcás ina n-iarrfar ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt maidir le gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh don Pharlaimint chun an gníomh atá beartaithe a fhormheas nó chun diúltú dó.
Beidh san áireamh sa mholadh luanna ach ní bheidh aithrisí san áireamh. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm leo an moladh atá molta ag an rapóirtéir a fhreaschur.
Féadfaidh ráiteas míniúcháin gearr a bheith ag gabháil leis an moladh. Is ar an rapóirtéir a bheidh an fhreagracht iomlán as an ráiteas sin agus ní dhéanfar vótáil air. Beidh feidhm
mutatis mutandis ag Riail 56(2).
2.Féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a chur síos freisin, más gá, lena n-áirítear tairiscint i gcomhair gníomh neamhreachtach ina leagtar amach na cúiseanna ar cheart don Pharlaimint a toiliú a thabhairt nó diúltú dá toiliú a thabhairt agus, nuair is iomchuí, ina ndéantar moltaí do chur i bhfeidhm an ghnímh atá beartaithe.
3.Déileálfaidh an coiste freagrach leis an iarraidh ar thoiliú gan moill mhíchuí. Mura mbeidh moladh glactha ag an gcoiste freagrach laistigh de shé mhí tar éis don iarraidh ar thoiliú a bheith tarchurtha chuige, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán an t-ábhar a chur ar an gclár oibre do pháirtseisiún ina dhiaidh sin lena bhreithniú, nó féadfaidh sí a chinneadh an tréimhse sé mhí a fadú i gcásanna cuí-réasúnaithe.
4.Is trí vótáil aonair ar thoiliú, gan beann ar cibé acu an moladh é an moladh ón gcoiste freagrach an gníomh a fhormheas nó a dhiúltú, a chinnfidh an Pharlaimint ar an ngníomh beartaithe agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos. Mura bhfaighfear an tromlach is gá, measfar gur diúltaíodh don ghníomh beartaithe.
5.I gcás ina gceanglófar toiliú na Parlaiminte, féadfaidh an coiste freagrach, aon tráth, tuarascáil eatramhach a thíolacadh don Pharlaimint, lena n-áirítear tairiscint i gcomhair rún ina mbeidh moltaí chun an gníomh beartaithe a mhodhnú nó a chur chun feidhme.