1.Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn i mBallstát, nó a bhfuil a oifig nó a hoifig cláraithe aige nó aici i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 atá rochtain den sórt sin ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte.
A mhéid is féidir, déanfar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ar an tslí chéanna.
2.Chun críocha rochtana ar dhoiciméid, ciallaíonn an téarma 'doiciméid de chuid na Parlaiminte' aon inneachar de réir bhrí Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 arna tharraingt suas nó arna fháil ag oifigigh na Parlaiminte de réir bhrí Theideal I, Caibidil 2, de na Rialacha seo, ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte, ag coistí nó ag toscaireachtaí idirpharlaiminteacha, nó ag Ardrúnaíocht na Parlaiminte.
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, ní hionann doiciméid arna dtarraingt suas ag Feisirí aonair nó ag na grúpaí polaitiúla agus doiciméid de chuid na Parlaiminte a mhéid a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid ach amháin má chuirtear síos iad i comhréir leis na Rialacha Nós Imeachta.
Leagfaidh an Biúró síos rialacha lena áirithiú go ndéantar na doiciméid go léir de chuid na
3.Bunóidh an Pharlaimint suíomh gréasáin ar a mbeidh clár poiblí do dhoiciméid de chuid na Parlaiminte. Déanfar rochtain dhíreach ar dhoiciméid reachtacha agus ar chatagóirí áirithe eile doiciméad a chur ar fáil trí shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. A mhéid is féidir, déanfar tagairtí do dhoiciméid eile de chuid na Parlaiminte a chur san áireamh ar shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte.
Déanfar catagóirí na ndoiciméad a mbeidh rochtain dhíreach orthu trí shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte a leagan amach i liosta arna ghlacadh ag an mBiúró agus arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte. Ní chuirfidh an liosta sin srian ar an gceart rochtana ar dhoiciméid nach dtagann faoi réim na gcatagóirí atá liostaithe; féadfar na doiciméid sin a chur ar fáil ar iarratas i scríbhinn a fháil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Déanfaidh an Biúró rialacha a ghlacadh maidir le rochtain ar dhoiciméid, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus foilseofar in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.
4.Ainmneoidh an Biúró na comhlachtaí a bheidh freagrach as iarratais tosaigh a láimhseáil (Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001) agus as cinntí ar iarratais daingniúcháin (Airteagal 8 den Rialachán sin) agus as iarratais ar rochtain ar dhoiciméid íogaire (Airteagal 9 den Rialachán sin) a ghlacadh.
5.Beidh duine de na Leas-Uachtaráin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a láimhseáiltear iarratais ar rochtain ar dhoiciméid.
6.Glacfaidh an Biúró an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001
7.Scrúdóidh coiste freagrach na Parlaiminte trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte ar bhonn rialta agus cuirfidh sé tuarascáil lena chonclúidí agus lena mholtaí faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.
Féadfaidh an coiste freagrach na tuarascálacha arna nglacadh ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaireachtaí eile i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh.1049/2001 a scrúdú agus a mheasúnú freisin.
8.Ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán ionadaithe na Parlaiminte ar an gcoiste idirinstitiúideach arna bhunú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.