Riail 165:An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht
1.I gcás inar glacadh le tuarascáil i gcoiste, agus níos lú ná an deichiú cuid de chomhaltaí an choiste a bheith tar éis vótáil ina choinne, déanfar í a chur ar dhréachtchlár oibre na Parlaiminte i gcomhair vótáil gan leasú.
Beidh an mhír faoi réir vótáil aonair ansin mura rud é go ndéanfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad, a iarraidh i scríbhinn, sula dtarraingeofar suas an dréachtchlár oibre críochnaitheach, go mbeidh an mhír faoi réir a leasaithe, agus sa chás sin socróidh an tUachtarán sprioc-am chun leasuithe a chur síos.
2.Maidir le míreanna a chuirtear ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach i gcomhair vótáil gan leasú, déanfar vótáil orthu gan díospóireacht freisin mura ndéanfaidh an Pharlaimint, le linn an clár oibre a ghlacadh ag tús páirtseisiúin, cinneadh dá mhalairt ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán nó arna iarraidh sin ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.
3.Le linn dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin a tharraingt suas, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh go ndéanfar vótáil ar mhíreanna eile gan leasú nó gan díospóireacht. Le linn a clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfaidh an Pharlaimint glacadh le haon togra den sórt sin más rud é go bhfuil grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tar éis agóid a chur síos ina aghaidh i scríbhinn uair an chloig ar a laghad sula gcuirtear tús leis an bpáirtseisiún.
4.I gcás ina ndéantar vótáil ar mhír gan díospóireacht, féadfaidh an rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste fhreagraigh ráiteas a dhéanamh díreach roimh an vótáil, ar ráiteas é nach mbeidh níos faide ná dhá nóiméad.