Le linn di cinneadh a dhéanamh ar bhonn tuarascála, déanfaidh an Pharlaimint aon vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach le glaoch rolla i gcomhréir le Riail 197(3).
Níl feidhm ag Riail 195 a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(4), (7) agus (9) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.