1.De bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha seo, déanfar an vótáil le glaoch rolla má iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad amhlaidh ar a dhéanaí an tráthnóna roimh an vótáil, mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile.
Níl feidhm ag forálacha Riail 197 a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(4), (7) agus (9) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.
2.Ní fhéadfaidh aon ghrúpa polaitiúil níos mó ná céad iarraidh ar vótáil le glaoch rolla a chur síos in aghaidh an pháirtseisiúin.
3.Déanfar an vótáil le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.
I gcás nach féidir an córas sin a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfar an rolla a ghlaoch in ord aibítre, ag tosú le hainm Feisire a tharraingeofar trí chrannchur. Is é an tUachtarán an duine deiridh a ghlaofar chun vóta a chaitheamh. Is ó bhéal a dhéanfar an vótáil agus déanfar é sin trí na focail "Tá", "Níl", nó "Staonaim" a rá.
4.Déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí, agus léireofar an tslí ar vótáil siad.