Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII:SEISIÚIN
CAIBIDIL 6:POINTÍ OIRD AGUS TAIRISCINTÍ NÓS IMEACHTA

Riail 202:Pointí oird (1)

1.Féadfar cead a thabhairt d'Fheisirí labhairt chun aird an Uachtaráin a tharraingt ar aon mhainneachtain Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chomhlíonadh. Déanfaidh siad an Riail a bhfuil tagairt á déanamh acu di a shonrú ar dtús.

2.Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú ar gach iarraidh eile chun labhairt nó ar thairiscintí nós imeachtaí.

3.Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

4.Glacfaidh an tUachtarán cinneadh láithreach ar phointí oird i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh an tUachtarán an cinneadh láithreach tar éis an pointe oird a ardú. Ní dhéanfar aon vótáil maidir le cinneadh an Uachtaráin.

5.Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an tUachtarán a lua go bhfógróidh sé nó sí an cinneadh ag tráth níos déanaí, ach ní dhéanfaidh sé nó sí é sin níos mó ná 24 huair an chloig tar éis an pointe oird a ardú. Ní chuirfear an díospóireacht ar atráth mar gheall ar rialú a chur siar. Féadfaidh an tUachtarán an t- ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Ní mór iarraidh ar phointe oird a ardú a bheith bainteach leis an mír den chlár oibre atá á plé. Féadfaidh an tUachtarán glacadh le pointe oird maidir le hábhar eile ag tráth iomchuí, e.g. tar éis na díospóireachta ar an mír den chlár oibre atá i dtrácht nó sula gcuirtear an suí ar fionraí.

(1) Tá feidhm ag Riail 202 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 225).
An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais