TEIDEAL XIII:NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ
Riail 243:Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
1.Féadfaidh aon Fheisire leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leo a mholadh agus, i gcás inarb iomchuí, réasúnuithe gearra a chur in éineacht leo.
Scrúdóidh an coiste freagrach iad agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an gcuirfear faoi bhráid na Parlaiminte iad.
Chun Rialacha 187, 188 agus 190 a chur i bhfeidhm maidir le breithniú ar leasuithe beartaithe den sórt sin sa Pharlaimint, measfar, maidir le tagairtí a dhéantar sna Rialacha sin do 'téacs bunaidh' nó don togra do ghníomh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, gur tagairtí iad don fhoráil atá i bhfeidhm an tráth áirithe sin.
2.I gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfar leasuithe ar na Rialacha seo má fhaigheann siad vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus sa chás sin amháin.
3.Mura rud é go sonraítear a mhalairt nuair a dhéantar an vótáil, tiocfaidh leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní atá ag gabháil leo i bhfeidhm ar an gcéad lá den pháirtseisiún tar éis a nglactha.