Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach-Iúil 2022
EPUB157kPDF714k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII:SEISIÚIN
CAIBIDIL3:RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH

Riail 173:Ráitis phearsanta

1.Aon Fheisirí a iarrann ráiteas pearsanta a dhéanamh, tabharfar éisteacht dóibh ag deireadh an phlé ar an mír den chlár oibre a bhfuiltear ag déileáil léi nó nuair atá miontuairiscí an tsuí lena mbaineann an iarraidh ar chead labhartha á mbreithniú lena bhformheas.

Ní fhéadfaidh na Feisirí labhairt ar nithe substainteacha ach teorannóidh siad a gcuid barúlacha do fhrisnéis a dhéanamh maidir le haon ráiteas a rinneadh faoina bpearsa le linn na díospóireachta nó maidir le haon tuairimí a cuireadh ina leith, nó do cheartúchán a dhéanamh maidir le haon bharúlacha a thug siad féin.

2.Mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ní bheidh aon ráiteas pearsanta níos faide ná trí nóiméad.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2022Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais