TEIDEAL I:FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3:COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail 25:Dualgais an Bhiúró
1.Comhlíonfaidh an Biúró na dualgais a shanntar dó faoi na Rialacha Nós Imeachta seo.
2.Glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann le heagrú inmheánach na Parlaiminte, a hArdrúnaíochta agus a comhlachtaí.
3.Ar thogra ón Ardrúnaí nó ó ghrúpa polaitiúil, glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann leis na Feisirí.
4.Glacfaidh an Biúró cinntí ar nithe a bhaineann le seoladh suíonna.
5.Glacfaidh an Biúró na forálacha dá dtagraítear i Riail 36 maidir le Feisirí Neamhcheangailte.
6.Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta Ardrúnaíocht na Parlaiminte agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile.
7.Tarraingeoidh an Biúró suas réamhdhréacht de mheastacháin bhuiséid na Parlaiminte.
8.Glacfaidh an Biúró na treoirlínte do na Caestóirí agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh siad cúraimí áirithe.
9.Is é an Biúró an t–údarás a bheidh freagrach as údarú a thabhairt maidir le cruinnithe nó misin coistí in áiteanna seachas na gnátháiteanna oibre, maidir le héisteachtaí agus maidir le haistir staidéir agus cuairteanna faisnéise ag rapóirtéirí.
I gcás ina n-údaraítear cruinnithe nó misin den sórt sin, cinnfear na socruithe teanga ar bhonn an Chóid Iompair um Ilteangachas arna ghlacadh ag an mBiúró. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le toscaireachtaí.
10.Ceapfaidh an Biúró an tArdrúnaí i gcomhréir le Riail 234.
11.Leagfaidh an Biúró síos na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha i ndáil lena maoiniú.
12.Déanfaidh an Biúró rialacha a leagan síos maidir leis an tslí ina ndéileálfaidh an Pharlaimint agus a comhlachtaí, sealbhóirí oifige agus Feisirí eile le faisnéis rúnda, agus aon chomhaontú idirinstitiúideach arna thabhairt i gcrích i ndáil le nithe den sórt sin á chur san áireamh. Déanfar na rialacha sin a fhoilsiú in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
13.Féadfaidh an tUachtarán agus/nó an Biúró cúraimí ginearálta nó cúraimí sainiúla a thagann faoi réim inniúlachta an Uachtaráin agus/nó an Bhiúró a chur ar chomhalta amháin nó níos mó den Bhiúró. Ag an am céanna, leagfar síos na bealaí agus na slite chun na cúraimí sin a chur i gcrích.
14.Ainmneoidh an Biúró beirt Leas-Uachtarán a mbeidh cur chun feidhme an chaidrimh leis na parlaimintí náisiúnta mar chúram orthu.
15.Ainmneoidh an Biúró Leas-Uachtarán a mbeidh cur chun feidhme comhairliúcháin struchtúrtha le sochaí shibhialta na hEorpa ar mhórthopaicí mar chúram air.
16.Beidh an Biúró freagrach as Reacht na bhFeisirí a chur i bhfeidhm agus cinnfidh sé méideanna na liúntas ar bhonn an bhuiséid bhliantúil.