TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 4:FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN
Riail 80:Togra modhnaithe le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí
Má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún a thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a mhodhnú, nó togra eile a chur ina ionad, féadfaidh an coiste freagrach a scrúdú ar an ábhar a chur ar atráth go dtí go mbeidh an togra nua nó leasuithe an Choimisiúin faighte aige.