TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 4:FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN
Riail 84:Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint
1.Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair sna himthosca céanna agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach i Riail 61(1). Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán freisin ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair i gcás ina ndéanann an Chomhairle leasú substaintiúil ar an dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí ar ar thug an Pharlaimint a seasamh ar dtús, nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle leasú substaintiúil a dhéanamh, ach amháin i gcás ina ndéantar amhlaidh chun leasuithe na Parlaiminte a ionchorprú ann.
2.Iarrfaidh an tUachtarán freisin dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an bParlaimint an athuair sna himthosca atá sainithe sa Riail seo i gcás, ar thogra ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, ina gcinneann an Pharlaimint amhlaidh.