TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6:NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 95:Idir-réiteach buiséadach
1.Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.Comórfaidh an tUachtarán Coiste Idir-réitigh i gcomhréir le hAirteagal 314(4) den
2.Beidh an toscaireacht a dhéanfaidh ionadaíocht ar an bParlaimint ag cruinnithe an Choiste Idir-réitigh sa nós imeachta buiséadach comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann leis an líon a bheidh ar thoscaireacht na Comhairle.
3.Gach bliain, roimh vótáil na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle, déanfaidh na grúpaí polaitiúla comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh a cheapadh, agus is fearr na comhaltaí sin a cheapadh as measc chomhaltaí an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha agus as measc na gcoistí eile lena mbaineann. Is é Uachtarán na Parlaiminte a bheidh i gceannas ar an toscaireacht. Féadfaidh an tUachtarán an ról sin a tharmligean chuig Leas-Uachtarán a bhfuil taithí aige nó aici ar chúrsaí buiséid nó chuig Cathaoirleach an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.
4.Beidh feidhm ag Riail 77(2), (4), (5), (7) agus (8).
5.I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir- réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ó dháta an chomhaontaithe sin. Cuirfear an téacs comhpháirteach ar fáil do na Feisirí. Beidh feidhm ag Riail 78(2) agus (3).
6.Déanfar vótáil aonair ar an téacs comhpháirteach ina iomláine. Déanfar an vótáil mar vótáil le glaoch rolla. Measfar an téacs comhpháirteach a bheith formheasta mura rud é go ndiúltóidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint dó.
7.Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint an téacs comhpháirteach ach go ndiúltaíonn an Chomhairle dó, féadfaidh an coiste freagrach leasuithe uile na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle, nó cuid díobh,a chur síos lena ndearbhú i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 314(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Déanfar an vóta ar an dearbhú a chur ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ón dáta a gcuirfidh an Chomhairle in iúl gur dhiúltaigh sí don téacs comhpháirteach.
Measfar na leasuithe a bheith arna ndearbhú má fhormheastar iad le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear.