Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
é iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A10-0022/2024

éanna arna gcur síos :

A10-0022/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV17/12/2024-8.6
CRE17/12/2024-8.6

éanna arna nglacadh :

P10_TA(2024)0061

éanna atá glactha
PDF116kWORD49k
Dé Máirt, 17 Nollaig 2024-Strasbourg
Ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’
P10_TA(2024)0061A10-0022/2024
ú
é

ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra leasaithe le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n-údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe ( – C10-0167/2024 – )

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),

–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0167/2024),

–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1) an 4 Nollaig 2024,

–ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0022/2024),

1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n-údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe
P10_TC1-COD(2024)0214

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/3244.)

An nuashonrú is déanaí: 24 Feabhra 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais