Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B10-0074/2025

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV23/01/2025-8.4
CRE23/01/2025-8.4

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2025)0006

Téacsanna atá glactha
PDF128kWORD49k
Déardaoin, 23 Eanáir 2025-Strasbourg
Bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine
P10_TA(2025)0006RC-B10-0074/2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Eanáir 2025 maidir le bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

–ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an gcuimhneachán stairiúil,

–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

–ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),

–ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive,

–ag féachaint do Riail136(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí gur dhearbhaigh réimeas na Rúise an 24 Feabhra 2022 tús a chur le ‘hoibríocht mhíleata speisialta’ a dhéanamh san Úcráin bunaithe ar éilimh bhréagacha chun sibhialtaigh a chosaint;

B.de bhrí, ina ionad sin, go bhfuil cogadh foghach gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine ar bun ag Cónaidhm na Rúise ón 24 Feabhra 2022 i leith, ag leanúint de na hionsaithe a rinneadh roimhe seo ó 2014 i leith, agus go leanann sí, go dtí seo, le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a shárú go leanúnach trína gníomhaíochtaí ionsaitheacha i gcoinne cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shárú go follasach agus go mór, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949, go háirithe trí úsáid ollmhór a bhaint as ionsaithe spriocdhírithe ar an daonra, ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach;

C.de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2Márta2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14Samhain2022, gur aithin sé gur gá Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, agus gur cheart don Rúis lena n-áirítear trí chúiteamh a íoc i leith na ndíobhálacha agus an damáiste is cúis leis;

D.de bhrí nach gníomh aonair é ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine ach leanúint dá beartas impiriúil, lena n-áirítear cogadh i gcoinne na Seisnia agus fogha míleata i gcoinne na Seoirsia in 2008, agus forghabháil na Crimé agus tús cogaidh in Donbass in 2014;

E.de bhrí gur thug uachtarán Chónaidhm na Rúise, roimh thús chogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne a comharsa an Úcráin, roinnt dearbhuithe poiblí lenar iarradh údar a thabhairt lena húsáid fornirt trí athbhreithniú stairiúil, éilimh bhréagacha agus éilimh neamhdhlisteanacha ar aitheantas a thabhairt dá leasanna eisiacha san Úcráin agus i dtíortha comharsanachta eile;

F.de bhrí go bhfuil réimeas na Rúise ag baint úsáid as an mbréagaisnéis, lena n-áirítear argóintí stairiúla saofa, agus as ionramháil faisnéise eachtrach agus as trasnaíocht mar iarracht chun údar a thabhairt lena coir fhoghach, chun daonra na Rúise a ghríosú chun tacú lena réimeas neamhdhleathach agus lena cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne a comharsa an Úcráin, agus chun trasnaíocht a dhéanamh i bpróisis dhaonlathacha tíortha eile agus chun laghdú a dhéanamh ar thacaíocht i measc a ndaonraí do chúnamh idirnáisiúnta agus do thacaíocht leanúnach idirnáisiúnta don Úcráin i gcoinne chogadh foghach na Rúise; de bhrí go séanann réimeas na Rúise féiniúlacht náisiúnta shainiúil na hÚcráine, agus an maíomh bréagach á dhéanamh aici go bhfuil sí ina cuid de ‘domhan na Rúise’ (‘Russkiy mir’), insint atá fréamhaithe san idé-eolaíocht impiriúil; de bhrí go bhfuil leachtanna cuimhneacháin Holodomor á scartáil ag an Rúis agus go bhfuil séadchomharthaí scartáilte in ómós do Lenin á n-athbhunú aici i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil;

G.de bhrí nach amháin gur theip ar an Rúis ról tosaigh dosháraithe an Aontais Shóivéadaigh a aithint i gcéimeanna tosaigh an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla trí Chonradh Neamhionsaithe 1939 idir an Ghearmáin Naitsíoch agus Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (an tAontas Sóivéadach) agus a phrótacail rún, dá ngairtear Comhshocrú Molotov-Ribbentrop 1939 go coitianta, inar chomhcheilg an dá réimeas ollsmachtacha an Eoraip a roinnt ina réimsí eisiacha tionchair, agus gur theip orthu a fhreagracht a ghlacadh as an iliomad ainghníomhartha agus ollchoireanna a rinneadh i gcríocha a bhí faoi fhorghabháil ag an Aontas Sóivéadach, ach go bhfuil ionstraimiú déanta ag réimeas reatha na Rúise ar an stair agus gur chruthaigh sé cultas ‘an bhua’ timpeall an Dara Cogadh Domhanda chun saoránaigh a shlógadh go hidé-eolaíoch agus iad a ionramháil chun tacú le cogadh foghach neamhdhleathach;

H.de bhrí go bhfuil feachtas bréagaisnéise maidir le hathbhreithniúchas stairiúil, ar fheachtas é atá ag dul i méid, forbartha ag an Rúis chun féiniúlacht náisiúnta na hÚcráine, státacht na hÚcráine agus gur ann don Úcráin, fiú, a shéanadh ar an Úcráin, agus é mar aidhm leis bonn cirt a thabhairt dá héilimh ar réimsí eisiacha tionchair, rud a chuireann i gcuimhne an chaoi ar chomhaontaigh an tAontas Sóivéadach le Gearmáin na Naitsithe chun ionradh agus forghabháil a dhéanamh ar chodanna den Pholainn agus den Rómáin chomh maith leis an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Úcráin i gComhaontú Molotov-Ribbentrop; de bhrí gur bagairt í an Rúis inniu, leis an gcineál athbhreithniúchais stairiúil seo, go háirithe don Pholainn agus do na Stáit Bhaltacha agus dá gceannasacht;

I.de bhrí go ndearna réimeas reatha na Rúise Lá an Bhua, a cheiliúrtar go bliantúil an 9 Bealtaine, a iompú ina uirlis bolscaireachta cogaidh sa Rúis, trí theacht i dtír a dhéanamh ar an insint maidir le ‘saoradh na hEorpa ón Naitsíochas’ agus ar an gcaoi sin neamhaird a thabhairt ar fhorghabháil Shóivéadach na Stát Baltach ina dhiaidh sin agus ar Lár na hEorpa a chur faoi chois; de bhrí go bhfuil an insint sin ar shaoradh ón Naitsíochas á húsáid sa lá atá inniu ann i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

J.de bhrí, i roinnt Ballstát, go bhfuil toirmeasc de réir dlí ar shiombailí cumannacha, chomh maith le siombailí fhogha leanúnach na Rúise; de bhrí, ó 2009 i leith, go ndéantar an 23Lúnasa a chomóradh ar fud an Aontais mar Lá Eorpach Cuimhneacháin d’Íospartaigh na Réimeas Ollsmachtach agus Forlámhach uile; de bhrí, ó 2003 i leith, go mbíonn comóradh bliantúil á reáchtáil ag an bParlaimint d’íospartaigh olldíbirtí Sóivéadacha;

1.á athdhearbhú go gcáineann sí sna téarmaí is láidre is féidir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, neamhdhleathach agus gan údar é; á iarraidh ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus gach fórsa, seachionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, go háirithe leanaí;

2.ag diúltú do na héilimh éagsúla atá déanta ag réimeas na Rúise mar iarrachtaí in aisce údar a thabhairt do chogadh foghach neamhdhleathach arb ionann é agus sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar fhreagracht Chónaidhm na Rúise mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe é an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothabháil agus arna aithint a bheith amhlaidh láithreach ag buanchomhaltaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ag tromlach mór de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú nach bhféadfadh aon bhreithniú de chibé cineál, bíodh sé polaitiúil, eacnamaíoch, míleata, stairiúil nó eile, fónamh mar bhonn cirt leis an bhfogha;

3.ag cáineadh fhalsú córasach réimeas na Rúise agus a húsáid d’argóintí stairiúla saofa, amhail iad siúd a bhaineann le Comhshocrú Molotov-Ribbentrop, agus í ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar thuairim phobal na Rúise chun tacú le gníomhaíochtaí coiriúla amhail an cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine comharsanachta, chun an bonn a bhaint ó thacaíocht agus cúnamh idirnáisiúnta don Úcráin agus chun an fhéiniúlacht chultúrtha agus stairiúil ar leith atá ag an Úcráin a scriosadh; ag cáineadh mhaíomh na Rúise go bhfuil sí i dteideal limistéir leasa eisiach ach ceannasacht agus iomláine chríochach stát eile a bheith thíos leis mar mhaíomh a thagann salach ar an dlí idirnáisiúnta;

4.ag cáineadh theip Chónaidhm na Rúise cuntasacht a bhunú as coireanna Sóivéadacha agus as an mbac a chuir sí d’aon ghnó ar thaighde stairiúil trí chartlanna Sóivéadacha a dhúnadh agus rochtain orthu a dhiúltú, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil reachtaíocht achtaithe aici lena ndéantar coir as léiriú fírinneach coireanna Sóivéadacha agus Rúiseacha agus lena ndéantar géarleanúint ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann coireanna Sóivéadacha a imscrúdú, agus ag cáineadh an glóiriú atá déanta ag an Rúis ar ollsmachtachas Stailín agus go bhfuil modhanna an ollsmachtachais sin athchruthaithe aici; á áitiú gur rannchuidigh an tsaoirse ó phionós agus an easpa díospóireachta agus an easpa oideachais stairiúil agus phoiblí atá cruinn ó thaobh fíoras de le cumas réimeas reatha na Rúise beartais impiriúlacha a athbheochan agus an stair a ionstraimiú chun a chríocha coiriúla; ag cáineadh na géarleanúna ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann imscrúdú ar choireanna Sóivéadacha nó ar choireanna an réimis atá ann faoi láthair, lena n-áirítear leachtú Cuimhneachán Idirnáisiúnta, an tIonad Cuimhneacháin um Chearta an Duine, agus Grúpa Heilsincí i Moscó, chomh maith le dúnadh éigeantach Ionad Sakharov;

5.á mheabhrú gur coir chogaidh iad na hionsaithe d’aon ghnó de Chónaidhm na Rúise i gcoinne dhaonra sibhialtach na hÚcráine, scrios an bhonneagair shibhialta, úsáid an chéasta, an fhoréigin ghnéasaigh agus an éignithe mar arm cogaidh, díbirt na mílte saoránach Úcránach chuig críoch Chónaidhm na Rúise, aistriú agus uchtú éigeantach leanaí ón Úcráin, agus sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar chearta an duine a gcaithfidh déantóirí uile na gcoireanna a bheith cuntasach ina leith;

6.á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) ar chúrsaí san Úcráin agus ar na coireanna cogaidh, na coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus an cinedhíothú a líomhnaítear atá á ndéanamh; á chur in iúl gur geal léi aontachas foirmiúil na hÚcráine leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta amhail an 1Eanáir2025 mar rannchuidiú tábhachtach le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun cuntasacht a bhunú i leith coireanna idirnáisiúnta tromchúiseacha; á iarraidh ar an Aontas tuilleadh iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh chun daingniú Reacht na Róimhe agus na leasuithe ar fad atá air a chur chun cinn ar fud an domhain;

7.á athdhearbhú an athuair go mbunófaí binse speisialta chun coir an fhogha a rinne ceannaireacht Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á athdhearbhú a iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí gach tacaíocht pholaitiúil, airgeadais agus phraiticiúil a sholáthar chun binse speisialta a bhunú; á chur in iúl go dtugann sí a tacaíocht iomlán do Lárionad Idirnáisiúnta um ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin, a thacóidh le hiarrachtaí leanúnacha na Foirne Comhpháirtí um Imscrúdú agus a bheidh lonnaithe sa Háig, mar chéad chéim nithiúil i dtreo an binse speisialta a bhunú;

8.á iarraidh go láidir go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a mhéadú tuilleadh agus a chomhordú, lena n-áirítear le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, chun cur i gcoinne bréagaisnéis na Rúise, ionramháil faisnéise eachtrach agus trasnaíocht go pras agus go dian, chun sláine a bpróiseas daonlathach a chosaint agus athléimneacht na sochaithe Eorpacha a neartú, inter alia trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn go gníomhach agus trí thacú leis na meáin ardcháilíochta agus le hiriseoireacht ghairmiúil, go háirithe iriseoireacht imscrúdaithe a nochtann bolscaireacht na Rúise agus a gcuid modhanna agus líonraí, agus trí thacú le taighde ar theicneolaíochtaí nua tionchair hibridigh;

9.á iarraidh ar an Aontas a gcuid smachtbhannaí a leathnú i gcoinne eagraíochtaí meán na Rúise a dhéanann feachtais bhréagaisnéise agus ionramhála faisnéise a thacaíonn le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a thugann bonn cirt dó agus á iarraidh ar na Ballstáit na smachtbhannaí sin a chur chun feidhme go pras agus go críochnúil agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gcogaíocht hibrideach sin; á iarraidh go gcuirfeadh an tAontas agus na Ballstáit borradh faoina dtacaíocht do na meáin neamhspleácha Rúiseacha ar deoraíocht chun tuairimí éagsúla sna meáin Rúisise a chumasú;

10.á chur in iúl gur cúis mhór imní di na fógraí le déanaí ó lucht ceannais na gcuideachtaí meán sóisialta maidir lena rialacha a mhaolú i ndáil le seiceáil fíricí agus modhnóireacht agus an dóigh a n-éascóidh sé sin feachtas bréagaisnéise na Rúise tuilleadh ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú go dian mar fhreagra ar na fógraí sin ó Meta agus roimhe sin ó X, lena n-áirítear mar chuid thábhachtach den chomhrac i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise;

11.á iarraidh ar shaoránaigh an Aontais meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis trína mbunús agus a gcuid rún a cheistiú, go háirithe nuair a bhaineann sí le scéalta a bhaineann leis an Rúis, agus cros-seiceáil a dhéanamh ar fhíorais trí úsáid a bhaint as foinsí éagsúla iontaofa chun cur i gcoinne iarrachtaí ionramhála gníomhaithe mailíseacha eachtracha;

12.ag cáineadh dhúshaothrú Mhoscó ar an gCeartchreidmheacht chun críoch geopholaitiúil, go háirithe trí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise (Patrarcacht Mhoscó) a ionstraimiú mar uirlis chun tionchar a imirt ar phobail Cheartchreidmheacha san Úcráin, sa tSeoirsia, sa Mholdóiv, sa tSeirbia agus tíortha eile, agus chun smacht a imirt orthu;

13.ag freagairt don ráiteas ó Verkhovna Rada na hÚcráine an 2 Bealtaine 2023 maidir le hidé-eolaíocht ‘Ruscism’ (faisisteachas na Rúise) trí idé-eolaíocht, beartas agus cleachtais réimeas reatha na Rúise atá impiriúil agus náisiúnach a cháineadh; á chur i bhfáth go bhfuil an idé-eolaíocht agus an beartas agus na cleachtais sin neamh-chomhoiriúnach leis an dlí idirnáisiúnta agus le luachanna Eorpacha;

14.á chreidiúint go mbaineann iarrachtaí na Rúise mífhaisnéis, athbhreithniú agus saobhadh a dhéanamh ar stair na hÚcráine an bonn de chuimhne agus féiniúlacht chomhchoiteann na hEorpa ina hiomláine agus gur bagairt iad ar an bhfírinne stairiúil, ar luachanna daonlathacha agus ar an tsíocháin san Eoraip; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san oideachas agus i dtaighde faoi stair chomhchoiteann na hEorpa agus an cuimhneachán Eorpach agus tacú le tionscadail a chuireann eolas níos fearr chun cinn ar an tionchar a bhí ag deighilt na hEorpa le linn an Chogaidh Fhuair; á chur in iúl go dtacaíonn sí le cuimhneachán uile-Eorpach a thógáil sa Bhruiséil d’íospartaigh réimis ollsmachtacha an 20ú haois; á chur in iúl gur oth léi an úsáid leanúnach a bhaintear as siombailí réimeas ollsmachtach i spásanna poiblí agus á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar fud an Aontais ar an úsáid a bhaintear as siombailí na Naitsithe agus as siombailí cumannacha Sóivéadacha araon chomh maith le siombailí d’fhogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

15.á chur in iúl gur mian léi go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit eolas agus tuiscint níos fearr ar fhulaingt dhaonna na nEorpach a rinne réimeas na Sóivéide le linn an 20ú haois a chur chun cinn; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí cuimhneachán ar íospartaigh na gcoireanna Sóivéadacha agus go ndéanfaí iad a urramú, amhail an t-olldíbirt, lena n-áirítear pobal Tatarach na Crimé agus ó na tíortha Baltacha, an córas Gulag, an Holodomor, sléachtanna amhail sléacht Katyn, agus tragóid na Siléise Uachtaraí;

16.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, agus chuig na Rúise.

An nuashonrú is déanaí: 10 Márta 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais