Tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Phrótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal (2024-2029) maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (11267/2024 – C10-0087/2024 – )
(մǾú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11267/2024),
–ag féachaint don dréachtchomhaontú (11026/2024),
–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal43(2) agus le hAirteagal218(6), an dara fomhír, pointe(a)(v), agus le hAirteagal218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10‑0087/2024),
–ag féachaint don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid,
–ag féachaint do Riail107(1) agus(4), agus do Riail117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A10-0004/2025),
1.ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Cabo Verde.