Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B10-0156/2025

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV12/03/2025-6.6
CRE12/03/2025-6.6

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2025)0033

Téacsanna atá glactha
PDF151kWORD59k
Dé Céadaoin, 12 Márta 2025-Strasbourg
Leanúint de thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, tar éis 3 bliana de chogadh foghach na Rúise
P10_TA(2025)0033RC-B10-0156/2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2025 maidir le leanúint de thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, tar éis 3 bliana de chogadh foghach na Rúise ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe do na rúin sin a glacadh ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin i mí Feabhra2022 agus ó rinneadh Leithinis na Crimé a ionghabháil an 19Feabhra2014,

–ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an 1Lúnasa1975, do Chairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua de chuid ESCE an 21Samhain1990 agus do Mheabhrán na Náisiún Aontaithe maidir le Dearbhú Slándála maidir le hAontachas na hÚcráine leis an gConradh i ndáil le Neamhleathadh Arm Núicléach an 5Nollaig1994 (Meabhrán Bhúdaipeist maidir le Dearbhú Slándála),

–ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile(1), agus don Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in2014,

–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Háige, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo agus do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),

–ag féachaint do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 14Nollaig2023 tús a chur le caibidlíochtaí aontachais leis an Úcráin, tar éis don Choimisiún moladh dearfach a thabhairt an 8Samhain2023 i ndáil leis sin,

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29Feabhra2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin(2), agus cineálacha eile tacaíochta ón Aontas don Úcráin,

–ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 24Feabhra2025 maidir le comóradh 3 bliana ar ionradh na Rúise ar an Úcráin,

–ag féachaint do Rún ES-11/7 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a glacadh an 24Feabhra2025 dar teideal ‘Síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a chur chun cinn san Úcráin’,

–ag féachaint do na Conclúidí ó chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025,

–ag féachaint do Riail136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24Feabhra2022 i leith; de bhrí gur cuireadh tús le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014 le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé agus le forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk ina dhiaidh sin; de bhrí gur sárú follasach agus neamhnáireach é an cogadh foghach sin ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949;

B.de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin le 3 bliana anuas fós ag bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain; de bhrí gurb é cogadh foghach na Rúise an choinbhleacht mhíleata is mó ar mhór-roinn na hEorpa ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus go léirítear leis an choimhlint atá ag dul i méid idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas;

C.de bhrí go bhfuil diongbháilteacht bhuanseasmhach léirithe ag an Úcráin agus ag a saoránaigh maidir le cur i gcoinne chogadh foghach na Rúise, agus a dtír á cosaint go rathúil acu, in ainneoin an chaillteanais aird a bhaineann le taismigh shibhialtacha agus mhíleata, mar aon leis na hionsaithe ar limistéir chónaithe, scriosadh an bhonneagair shibhialtaigh agus phoiblí, go háirithe lena soláthraítear uisce agus fuinneamh – agus den chomhshaol nádúrtha agus oidhreacht chultúrtha, díbirt éigeantach, fuadach agus uchtú neamhdhleathach leanaí a díbríodh, príosúnachtaí neamhdhleathacha, ollmharuithe, básuithe sibhialtach, saighdiúirí agus príosúnach cogaidh, céasadh agus úsáid foréigin ghnéasaigh agus olléignithe mar airm chogaidh agus lena n-athraítear comhdhéanamh eitneach chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, ar coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna iad go léir; de bhrí go bhfuil na milliúin Úcránach fós easáitithe laistigh dá dtír féin agus lasmuigh di; de bhrí go bhfuil sé dearbhaithe ag na Náisiúin Aontaithe gur dúnmharaíodh níos mó ná 12500 sibhialtach, lena n-áirítear na céadta leanaí, ó Fheabhra 2022; de bhrí go measann údaráis na hÚcráine go bhfuil 20000 leanbh Úcránacha díbeartha ar a laghad agus easáitithe go héigeantach óna dtithe chun na Rúise agus chun críoch atá faoi fhorghabháil ag an Rúis ó cuireadh tús leis an ionradh iomlán i bhFeabhra 2022; de bhrí go ndéanann Cónaidhm na Rúise iarracht a féiniúlacht eitneach, teanga agus stairiúil a shéanadh ar an Úcráin agus ar a muintir trí chomharthaí d’fhéiniúlacht na hÚcráine a scriosadh sna críocha faoi fhorghabháil; de bhrí gur bronnadh Duais Sakharov2022 ar mhuintir chróga na hÚcráine mar ómós dá misneach agus dá n-athléimneacht;

D.de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2Márta2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14Samhain2022, gur aithin sé gur gá Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúiteamh a thabhairt i leith na ndíobhálacha agus an damáiste a rinneadh;

E.de bhrí, an 2 Márta 2022, gur chuir Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta tús le himscrúdú ar an staid san Úcráin, inar díríodh ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar chinedhíothú a rinneadh ar chríoch na hÚcráine ón 21 Samhain 2013 ar aghaidh agus an 17 Márta 2023 gur eisigh sé barántais ghabhála i leith Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus Maria Lvova-Belova, Coimisinéir um Chearta Leanaí, mar a thugtar uirthi, in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise, as coir chogaidh arb éard atá inti díbirt neamhdhleathach leanaí na hÚcráine, barántais ghabhála i leith Sergei Kuzhugetovich Shoigu agus Valery Vasilyevich Gerasimov as coireanna in aghaidh na daonnachta coir chogaidh arb é atá inti ionsaithe ar nithe sibhialtacha a stiúradh agus an choir chogaidh arb é atá inti díobháil theagmhasach iomarcach do shibhialtaigh nó damáiste do nithe sibhialtacha a chosc; de bhrí go dtacaíonn an tAontas le binse speisialta a bhunú maidir le coir an fhogha;

F.de bhrí gur sholáthair roinnt tríú tíortha, go háirithe an Iaráin, an Chóiré Thuaidh agus an Bhealarúis, seachadtaí suntasacha arm agus armlón don Rúis, agus gur lig an Bhealarúis don Rúis a críoch a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin arb ionann é agus gníomh foghach faoin dlí idirnáisiúnta; de bhrí go ndearnadh trúpaí na Cóiré Thuaidh a imscaradh ar láthair an chatha agus go bhfuil siad ag troid taobh le harm na Rúise; de bhrí gur shínigh an Rúis agus an tSín ‘comhpháirtíocht gan teorainneacha’ an 4Feabhra2022, agus ina dhiaidh sin, go bhfuil an tSín ina príomhchumasóir anois d’iarracht chogaidh na Rúise trína tacaíocht ollmhór do gheilleagar na Rúise, dá bonn tionsclaíoch cosanta, agus trí threalamh dé-úsáide a sholáthar;

G.de bhrí go meastar i dtuarascáil Mhearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais is déanaí, amhail Nollaig 2024, go mbeidh costas iomlán na hatógála agus an téarnaimh san Úcráin cothrom le EUR 506 bhilliún ar a laghad sna deich mbliana amach romhainn, arb ionann é agus 2.8 oiread olltáirgeacht intíre ainmniúil mheasta na hÚcráine do 2024; de bhrí go bhfuil bearna mhaoiniúcháin iomlán EUR9,62billiún fós ann do 2025 i gcás riachtanais téarnaimh agus atógála;

H.de bhrí gur ghlac AE a 16ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise le déanaí chun a bonn eacnamaíoch a lagú, chun teicneolaíochtaí criticiúla a bhaint di agus chun a cumas feartha cogaidh a shrianadh tuilleadh; de bhrí go ndírítear leis na smachtbhannaí nua ar dhaoine aonair agus ar eintitis bhreise, lena n-áirítear gnólachtaí míleata, imghabhálaithe smachtbhannaí, lucht tacaíochta tíortha nach de chuid an Aontais iad, bolscairí ón gCreimil, líonraí scáthchabhlach, agus daoine aonair a bhfuil baint acu le díbirt leanaí na hÚcráine; de bhrí go bhfuil feidhm anois ag smachtbhannaí AE maidir le 2400 duine aonair agus eintiteas, lena gcuirtear iad faoi réir reo sócmhainní, toirmisc ar chistiú, agus srianta taistil;

I.de bhrí gur chuir AE agus a Bhallstáit an tacaíocht charnach is substaintiúla ar fáil don Úcráin i ngach réimse ó thús an ionraidh iomláin, agus gur chuir siad tacaíocht airgeadais ar fáil arb ionann í agus beagnach EUR 140 billiún, lena n-áirítear os cionn EUR 67 mbilliún de thacaíocht don Úcráin i bhfoirm cúnamh daonnúil agus éigeandála, tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh macra-airgeadais agus os cionn EUR 48 mbilliún de chabhair mhíleata; de bhrí go ndearnadh thart ar EUR 300 billiún de shócmhainní ceannasacha na Rúise a reo i ndlínsí éagsúla; de bhrí, i mí na Bealtaine 2024, gur fhormheas Ballstáit AE úsáid na bhfáltas airgeadais a ghintear ó shócmhainní ceannasacha díchumasaithe na Rúise arna sealbhú laistigh de AE, a mheastar a sheasann ag thart ar EUR210billiún, chun tacú leis an Úcráin, agus é mar aidhm suas le EUR3bhilliún in aghaidh na bliana a chur ar fáil chun tacú le hiarrachtaí atógála agus athléimneachta na hÚcráine;

J.de bhrí go leanann a lán Ballstát san Aontas de bhreoslaí iontaise ón Rúis, lena n-áirítear allmhairí gás nádúrtha leachtaithe atá ag dul i méid, mar aon le húráiniam, a cheannach, rud a fhágann gur treise geilleagar agus ciste cogaidh na Rúise; de bhrí gur mó ná EUR 200 billiún díolacháin bhreoslaí iontaise na Rúise le AE ó thosaigh an cogadh foghach iomlán i gcoinne na hÚcráine;

K.de bhrí gur chuir AE fáilte roimh níos mó ná ceithre mhilliún dídeanaí ón Úcráin agus gur chuir sé in iúl go dtacaíonn sé le muintir na hÚcráine agus lena gceannaireacht trí chaibidlíocht a sheoladh maidir le haontachas na hÚcráine le AE;

L.de bhrí gur chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin tar éis don Choimisiún moladh dearfach a dhéanamh; de bhrí gur tionóladh an chéad chomhdháil idir-rialtasach an 25 Meitheamh 2024, tráth a seoladh an próiseas caibidlíochta agus a glacadh an creat caibidlíochta;

M.de bhrí, faoi riarachán Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuil athrú suntasach tagtha ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil a lán á éileamh ag an Uachtarán Trump ar an Úcráin ach nach ndearna sé aon éileamh ar an Rúis, thairis sin go ndearna sé beag is fiú de fhreagracht Mhoscó as tús a chur leis an gcogadh agus, b’fhéidir, fiú go bhféachfaidh sé le faoiseamh smachtbhannaí a bhronnadh ar an Rúis sa ghearrthéarma; de bhrí, idir tráth an chruinnithe idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Zelenskyy an 28 Feabhra 2025 agus an 9 Márta 2025 amháin, go ndearna an Rúis breis agus 2100 ionsaí ón aer, lena n-áirítear 1200 ionsaí buama treoraithe agus beagnach 870 ionsaí dróin;

N.de bhrí gur eisiadh an Úcráin agus AE ó chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis a bhí ar siúl le déanaí in Riyadh, agus nach ndeachaigh na Stáit Aontaithe i gcomhairle lena gcomhghuaillithe Eorpacha sular chuir siad deireadh lena ról sna hiarrachtaí an Rúis a leithlisiú; de bhrí go ndearna riarachán nua na Stát Aontaithe, in éineacht leis an Rúis agus a comhghuaillithe, vótáil i gcoinne rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Feabhra 2025 lena gcáintear ionsaí na Rúise; de bhrí go bhfuil athrú iomlán meoin Mheiriceá maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ag bagairt ar chumas na hÚcráine cogadh foghach na Rúise a sheasamh, go léiríonn sé go soiléir nach bhfuil tiomantas Washington an Rúis a thabhairt chun cuntais iontaofa a thuilleadh agus go mbaineann sé an bonn d’iarrachtaí idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim;

O.de bhrí gur chuir na Stáit Aontaithe a gcúnamh míleata don Úcráin ar fionraí an 3 Márta 2025, lena n-áirítear an cúnamh míleata a d’fhormheas rialtas na Stát Aontaithe roimhe sin, chomh maith le comhroinnt faisnéise leis an Úcráin; de bhrí gur chuir sé deireadh ansin le rochtain na hÚcráine ar íomhánna satailíte tráchtála arna mbailiú ag córas rialtais na Stát Aontaithe an 7 Márta 2025;

P.de bhrí, de réir prionsabail dhaonlathacha a aithnítear go forleathan agus de réir bhunreacht na hÚcráine, nach féidir toghcháin a reáchtáil le linn cogaidh agus faoin dlí míleata, go háirithe agus na milliúin Úcránach easáitithe; de bhrí gur dearbhaíodh dlí míleata agus go leanann sé de bheith oibríochtúil san Úcráin mar gheall ar chogadh foghach na Rúise agus mar gheall air sin amháin; de bhrí go leanann AE d’aitheantas a thabhairt don Uachtarán Zelenskyy mar cheannaire dlisteanach go dtí go bhféadfar toghcháin dhaonlathacha a reáchtáil;

Q.de bhrí gur ordaigh an tUachtarán Donald Trump reo fairsing a dhéanamh ar chúnamh eachtrach na Stát Aontaithe, lenar cuireadh stop leis na céadta tionscadal criticiúil san Úcráin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí dímhianaithe, athshlánú iarshaighdiúirí, cabhair dhaonnúil, na meáin neamhspleácha agus tionscnaimh frith-éillithe, imscrúduithe ar choireanna cogaidh na Rúise, agus freisin na daoine a threisíonn líonraí teileachumarsáide na hÚcráine i gcoinne cibirionsaithe na Rúise;

R.de bhrí go léiríonn cogadh foghach na Rúise a dearcadh impiriúlaíoch i leith a comharsan; de bhrí, fad a fhanann an Rúis ina stát a bhfuil beartais athbhreithnitheacha á saothrú aici, go bhfuil sí ina bagairt i gcónaí ar shlándáil ar mhór-roinn na hEorpa; de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise mar chuid de shraith níos leithne cuspóirí i gcoinne an Iarthair, agus a leasanna agus a luachanna, i gcoinne an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, an daonlathais agus na slándála, mar a dhearbhaigh Vladimir Putin go hoscailte sna seachtainí roimh an ionradh iomlán; de bhrí gur aithin go leor gníomhaithe idirnáisiúnta an Rúis mar thacadóir stáit don sceimhlitheoireacht agus gur stát í a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta;

S.de bhrí go mbreathnófaí go forleathan ar threascairt na hÚcráine mar shárú straitéiseach don Eoraip, do na Stáit Aontaithe, agus do chomhghuaillíocht ECAT ar fad agus mar luach saothair don Rúis mar an t-ionsaitheoir, le hiarmhairtí forleathana slándála, nach féidir róbhéim a leagan ar a méid; de bhrí, ag brath ar thoradh an chogaidh san Úcráin, gur dócha go mbeidh éifeachtaí ollmhóra aige i gcodanna eile den domhan, go háirithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus go bhféadfadh sé cumhachtaí athbhreithnitheacha eile a spreagadh chun a n-uaillmhianta heigeamaineacha féin a shaothrú;

T.de bhrí gur tionóladh cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 a bhí tiomnaithe don staid san Úcráin agus don ghá atá le cosaint Eorpach a neartú; de bhrí gur fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an pacáiste cosanta a chuir an Coimisiún ar aghaidh maidir le Cosaint na hEorpa a neartú tríd an bPlean ReArm Europe, lena bhféadfaí suas le EUR 800 billiún a shlógadh, agus trína tacaíocht don Úcráin a athdhearbhú, á thabhairt chun suntais go háirithe nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh ar an Úcráin gan an Úcráin agus nach féidir aon chaibidlíocht a bheith ann a dhéanfaidh difear do shlándáil na hEorpa gan rannpháirtíocht na hEorpa, agus thairis sin go bhfuil slándáil na hÚcráine, slándáil na hEorpa, an tslándáil thrasatlantach agus slándáil an domhain fite fuaite ina chéile;

U.de bhrí, ó thús an chogaidh, gur díríodh ar cháblaí faoin bhfarraige i Muir Bhailt agus ar phríomhbhonneagar, agus gur dócha gur gníomhaithe atá nasctha leis an Rúis agus an tSín a dhírigh orthu;

1.ag tabhairt ómóis, agus comóradh trí bliana á dhéanamh ar thús fhogha iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ag tabhairt ómós do na mílte duine a thug a mbeatha le go mbeadh Úcráin shaor dhaonlathach ann; á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart bunúsach féinchosanta ag an Úcráine i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe;

2.ag athdhearbhú a cáinte, go neamhbhalbh, ar chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise, na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine; á éileamh ar an Rúis agus ar a seachfhórsaí deireadh a chur láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll, le gach ionsaí ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, deireadh a chur le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus gach fórsa míleata, seach-ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag athdhearbhú a beartais gan aitheantas a thabhairt do chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis, lena n-áirítear an Chrimé ach gan a bheith teoranta di; á éileamh go scoirfeadh Cónaidhm na Rúise de cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine a shárú nó a bhagairt go buan; ag cáineadh na n-ainghníomhartha a rinne fórsa ionraidh na Rúise i gcoinne mhuintir na hÚcráine agus scriosadh neamh-idirdhealaitheach bhonneagar na hÚcráine; á éileamh go gcuirfear deireadh le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine, agus go scaoilfear saor agus go bhfillfear gach Úcránach atá faoi choinneáil, go háirithe leanaí;

3.á athdhearbhú go gcáineann sí ionsaí iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar bhagairt eiseach ar shlándáil agus ar chobhsaíocht na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe é coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip agus níos faide i gcéin mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, agus go bhfuil sé ag bagairt ar a struchtúr slándála, agus, dá bhrí sin, ar gá don Aontas cinntí misniúla, cróga agus cuimsitheacha polaitiúla, slándála agus airgeadais a dhéanamh ina leith; á chreidiúint gur dlúthchuid de thimpeallacht slándála Eorpach atá cobhsaí agus intuartha í an Úcráin a bheith in ann í féin a chosaint go héifeachtach;

4.á chreidiúint go mbeidh ról ríthábhachtach ag toradh an chogaidh agus ag seasamh an chomhphobail idirnáisiúnta maidir le tionchar a imirt ar ghníomhaíocht a dhéanfaidh réimis fhorlámhacha eile amach anseo, atá ag breathnú go géar ar chúrsa an chogaidh agus ag measúnú a mhéid a bheidh siad in ann beartais fhoghacha eachtracha a fheidhmiú, lena n-áirítear trí mhodhanna míleata;

5.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an t-athrú dealraitheach atá tagtha ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear an milleán a chur go hoscailte ar an Úcráin as an gcogadh leanúnach, cabhair mhíleata na Stát Aontaithe a chur ar fionraí agus iarracht a dhéanamh an Úcráin a chomhéigniú chun scaradh lena ceart dlisteanach féinchosanta agus lamháltais chríochacha a dhéanamh; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, i bhfianaise an athraithe sin, gurb é an tAontas, gona Bhallstáit, príomh-chomhghuaillithe straitéiseacha na hÚcráine anois agus nach mór dóibh leanúint de bheith ar an deontóir is mó don Úcráin agus i bhfad níos mó cúnaimh a thabhairt di d’fhonn go bhféadfaidh sí í féin a chosaint agus nach mór dóibh beart a dhéanamh, a mhéid is féidir, chun cistiú sin USAID arna chur ar fionraí a chúiteamh, agus fós cabhair fhadtéarmach d’atógáil agus do théarnamh a áirithiú;

6.ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit, a dtacaíocht mhíleata a mhéadú agus a luathú go suntasach, go háirithe soláthar arm agus armlóin, chomh maith le hoiliúint, mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha (inter alia córais arm fadraoin, córais aerchosanta, córais airtléire, córais cogaíochta leictreonaí, cumais frithdhrón agus trealamh innealtóireachta); ag tathant ar na Ballstáit agus ar a dtionscail chosanta infheistíocht a dhéanamh i dtionscal cosanta na hÚcráine, agus dul i gcomhpháirtíocht leis, chun treisiú le hacmhainneacht iomlán an chumais táirgthe úd trealamh criticiúil a tháirgeadh ar an mbealach is éifeachtúla, dála na Danmhairge agus na hÍsiltíre; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT, i dteannta a chéile agus ar a gconlán féin, geallúint a thabhairt go dtacóidh siad, ar bhealach míleata, leis an Úcráin trí mhéid nach lú ná 0,25% dá OTI in aghaidh na bliana; á iarraidh go mbainfeadh AE agus a Bhallstáit úsáid as a bonneagar íomhánna satailíte don Úcráin; á mheabhrú nach mór an tacaíocht mhíleata don Úcráin a bheith i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus caoi a thabhairt don Úcráin ar mhuintir uile na tíre a shaoradh, smacht iomlán a bheith aici athuair ar a críoch iomlán laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus an Rúis a chosc ar bhreis ionsaithe a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil roinnt Ballstát ann nach bhfuil i gcomhghuaillíocht agus ag tathant orthu a dtacaíocht don Úcráin a mhéadú i gcomhréir lena mbunreachtanna;

7.ag athdhearbhú go bhfuil sí meáite ar thacú le mian na hÚcráine síocháin chóir agus bhuan a dhéanamh agus leis an bPlean Síochána agus an Plean Bua arna gcur i láthair ag Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy; á chreidiúint gur plean cuimsitheach é chun iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú agus go n-áirítear ann bunús le síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach a dhéanamh san Úcráin bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta lena n-éilítear iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú go hiomlán, cuntasacht as coireanna cogaidh agus coir an fhogha, go ndéanfadh an Rúis damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin a chúiteamh, iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais go hiomlán, agus an Rúis a chosc ar aon ionsaithe a dhéanamh amach anseo; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun a áirithiú go mbeidh caibidlíocht síochána ann ar bhealach a urramaíonn na bprionsabal thuasluaite;

8.á chur i bhfios go láidir nach mór aon fhíorchaibidlíocht síochána a dhéanamh de mheon macánta agus an Úcráin a áireamh inti; á mheabhrú nach socrú cóir ná inmharthana é aon socrú lena n-eiseofar an Úcráin nó lena mbainfear an bonn dá mianta dlisteanacha, amhail a ceart chun a socruithe slándála féin a roghnú, nó nach n-áireofar ann ráthaíochtaí inchreidte slándála don Úcráin a rannchuideoidh le fogha na Rúise a dhíspreagadh amach anseo;

9.á áitiú nach mór do AE rannchuidiú le ráthaíochtaí láidre slándála don Úcráin chun an Rúis a chosc ar bhreis ionsaithe a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir nach mór cumhacht a thabhairt don Úcráin cur i gcoinne tuilleadh ionsaithe ón Rúis agus iad a chosc agus diúltú do chomhaontuithe gasta a lagaíonn a slándáil sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus a d’fhéadfadh an Úcráin agus tíortha Eorpacha eile a chur faoi réir fogha athnuaite na Rúise; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil geilleagar cogaidh na Rúise inbhuanaithe agus go gcumasódh cúpláil brú eacnamaíoch réamhbheartaithe le tacaíocht mhíleata luathaithe don Úcráin d’fhórsaí na hÚcráine a seasamh a fheabhsú agus dochar á dhéanamh ag an am céanna do gheilleagar na Rúise chun seasamh caibidlíochta níos láidre a áirithiú don Úcráin nuair a chomhaontóidh sí dul i mbun cainteanna síochána;

10.á chur in iúl gur saoth léi go mór aon iarrachtaí ar dhúmhál a dhéanamh ar cheannaireacht na hÚcráine d’fhonn is go ngéillfeadh sí d’fhogha na Rúise chun ‘comhaontú síochána’, mar a thugtar air, a fhógairt, agus chun na críche sin amháin; á mheas gur iarrachtaí fritorthúla agus contúirteacha iad iarrachtaí na Stát Aontaithe sos cogaidh agus comhaontú síochána a chaibidliú leis an Rúis, agus an Úcráine agus na stáit Eorpacha fágtha ar lár, agus an toradh deiridh a chur faoi bhráid na stát Eorpach eile gan aon rannpháirtíocht fhóinteach a bheith acu, ar an ábhar go ndéantar an stát trodach a chumhachtú ar an mbealach sin, agus a léirítear nach gcuirtear pionós as beartas foghach ach go dtugtar luach saothair ina leith; á mheas, agus stair sháruithe na Rúise ar chomhaontuithe roimhe seo agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, nach féidir síocháin den sórt sin a bhaint amach ach amháin trí neart, lena n-áirítear ráthaíochtaí éifeachtacha slándála;

11.á thabhairt chun suntais gur mó tacaíocht airgeadais a chuireann an tAontas agus a Bhallstáit ar fáil don Úcráin ná tacaíocht airgeadais aon tíre eile, rud ar léiriú é ar thiomantas dosháraithe an Aontais don Úcráin agus, dá bhrí sin, do shlándáil na hEorpa; á chur i bhfios go láidir nach mór ról an Aontais in aon chaibidlíocht a mbeidh tionchar aici ar shlándáil na hEorpa a bheith i gcomhréir lena neart polaitiúil agus eacnamaíoch; á athdhearbhú nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh maidir le slándáil na hEorpa gan an tAontas Eorpach a bheith rannpháirteach inti; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Uachtarán na Fraince Macron agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe Starmer cruinnithe mullaigh éigeandála Eorpacha a chur ar siúl i bPáras agus i Londain; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh ‘comhghuaillíocht na dtíortha toilteanacha’ chun a chur ar a cumas don Eoraip comhaontú síochána a dtiocfaí air amach anseo a fhorfheidhmiú;

12.á chur in iúl gur cúis an-díomá di beartas rialtas na Stát Aontaithe géilleadh don Rúis agus gníomhú i gcoinne a cuid comhghuaillithe; ag tabhairt rabhaidh go mbaineann an beartas sin an bonn d’iontaoibh chomhghuaillithe traidisiúnta na Stát Aontaithe ar fud an domhain agus go bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith aige don nasc trasatlantach, don tsíocháin agus don chobhsaíocht san Eoraip agus níos faide i gcéin;

13.á iarraidh gur oscailt súl don Aontas agus do na Ballstáit a bheadh sna forbairtí is déanaí sa chaidreamh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úcráin, oscailt súl a spreagfadh iad lena bheith ar phríomh-chomhpháirtí na hÚcráine agus oibriú go gníomhach chun a áirithiú go leanfar den tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear trí ‘chomhghuaillíocht de dhaoine cumasacha agus toilteanacha’ a fhorbairt le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ar fud an domhain chun tacú leis an Úcráin agus chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis;

14.á chur in iúl gur geall léi an ráiteas comhpháirteach ón Úcráin agus ó na Stáit Aontaithe tar éis an gcruinniú a bhí acu i Ríocht na hAraibe Sádaí an 11 Márta 2025, lena n-áirítear gur thosaigh na Stáit Aontaithe ag soláthar cúnamh míleata agus ag comhroinnt faisnéise arís mar aon le togra le haghaidh comhaontú sosa cogaidh a mhairfidh 30 lá; á mheabhrú nach féidir le sos cogaidh a bheith ina uirlis éifeachtach chun cogaíocht a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina gcloíonn an t-ionsaitheoir go hiomlán leis; ag dréim leis, dá bhrí sin, go gcloífidh an Rúis leis agus go scoirfidh sí, ina dhiaidh sin, de gach ionsaí ar an Úcráin, ar a suíomhanna míleata, ar a pobal sibhialta, ar a bonneagar agus ar a críoch;

15.á chur in iúl gur cúis bhuartha di an teannas méadaithe i Muir Bhailt mar a bhfuil gníomhaíochtaí cogaíochta hibridí á ndéanamh i gcoinne bonneagar criticiúil agus á mheas go bhfuil comhar níos dlúithe idir na stáit Nordacha, na stáit Bhaltacha, an Pholainn agus an Ghearmáin ríthábhachtach;

16.á chur in iúl gur geal léi conclúidí chruinniú urghnách sin na Comhairle Eorpaí a bhí ar siúl an 6 Márta 2025 agus a tacaíocht sin do chosaint na hEorpa a neartú go tapa tríd an ReArm Europe Plan agus a tacaíocht don Úcráin a athdhearbhú de réir chur chuige na ‘síochána trí neart’, agus béim a chur ar shlándáil na hÚcráine, slándáil na hEorpa, an tslándáil thrasatlantach agus an tslándáil dhomhanda a bheith fite fuaite le chéile;

17.á athdhearbhú gur coir chogaidh iad ionsaithe d’aon ghnó na Rúise ar dhaonra sibhialtach na hÚcráine, scrios an bhonneagair shibhialta, an úsáid a bhaintear as foréigin ghnéasach agus as éigniú mar arm cogaidh, díbirt na mílte de shaoránaigh na hÚcráine chuig críoch Chónaidhm na Rúise, aistriú agus uchtú éigeantach leanaí ón Úcráin, agus sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar chearta an duine nach mór do dhéantóirí uile na gcoireanna a bheith cuntasach ina leith;

18.ag cur béim ar an bhfíoras nach mór iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin a thabhairt chun cuntais agus á chur i bhfáth nach mbeidh aon tsíocháin inbhuanaithe ann gan ceartas a bheith ann; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an Úcráin agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun binse speisialta a chur ar bun chun coir an fhogha arna déanamh ag an Rúis agus a comhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus á chur i bhfios go láidir gur gcaithfeadh dlínse an bhinse sin ceannaireacht iomlán na Rúise agus na Bealarúise atá freagrach as an bhfogha i gcoinne na hÚcráine a chumhdach; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin sa Háig;

19.ag cur béim ar an bhfíoras go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) ar chúrsaí san Úcráin atá bunaithe ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar chinedhíothú a líomhnaítear atá á ndéanamh; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an Úcráin Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, lena gcuirtear ar a cumas a bheith ina stát is páirtí amhail ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, gur cúis mhór bhuartha di smachtbhannaí na Stát Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a hionchúisitheoirí agus a breithiúna agus a foirne, arb ionann iad agus ionsaí tromchúiseach ar chóras an cheartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an Reacht Blocála a ghníomhachtú go práinneach agus á iarraidh ar na Ballstáit a n-iarrachtaí taidhleoireachta a mhéadú go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch fhíor-riachtanach chóras an cheartais idirnáisiúnta;

20.á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin a luaithe a chomhlíonfar na moltaí ón gCoimisiún; á athdhearbhú go mbeidh an Úcráin ina ball den Aontas amach anseo; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe a bhaineann le haontachas in ainneoin dálaí cogaidh; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na cainteanna aontachais, agus lánpháirtiú na hÚcráine in AE á aithint mar thosaíocht straitéiseach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cúnamh airgeadais leanúnach ón Aontas, atá nasctha le hathchóiriú nithiúil, mar phríomhionstraim chun claochlú na hÚcráine a chothú agus chun dlús a chur leis i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil critéir Chóbanhávan agus na hathchóirithe is gá, go háirithe maidir leis an smacht reachta, an daonlathas, saoirsí bunúsacha agus cearta an duine, bunriachtanach do phróiseas an aontachais atá bunaithe ar fhiúntas; á chreidiúint gur infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir í ballraíocht na hÚcráine in AE agus gurb ionann í agus ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú;

21.ag meabhrú ghealltanais ECAT an Úcráin a ligean isteach sa Chomhghuaillíocht; ag cur sonrú, ina leith sin, i mbeartas comhsheasmhach iontráil oscailte ECAT, ar i gcomhréir leis atá ECAT fós oscailte do dhaonlathais uile na hEorpa a bhfuil luachanna na Comhghuaillíochta acu, agus ar i gcomhréir leis nach mór do chomhghuaillithe ECAT amháin na cinntí maidir le ballraíocht a dhéanamh gan cead cainte a bheith ag aon tríú páirtí sa phróiseas sin;

22.á iarraidh ar údaráis na hÚcráine aontacht pholaitiúil inmheánach san Úcráin a neartú, seasamh le hiolrachas parlaiminteach agus páirt a ghlacadh i gcomhar cuiditheach leis na páirtithe polaitiúla sa Rada; á iarraidh ar gheallsealbhóirí polaitiúla na hÚcráine leanúint d’aontacht pholaitiúil agus iolrachas parlaiminteach a neartú agus páirt a ghlacadh i gcomhar cuiditheach laistigh de Verkhovna Rada; á iarraidh go dtabharfaí aird chuí ar chumhachtaí agus ar chearta na gcomhlachtaí féinrialaitheacha áitiúla; urraim don smacht reachta agus do shaoirsí, lena n-áirítear iolrachas na meán i gcomhréir le prionsabail agus luachanna daonlathacha atá á gcosaint chomh diongbháilte agus chomh cróga sin ag muintir na hÚcráine; á mholadh, i bhfianaise phróiseas aontachais AE, deireadh a chur le teorainneacha uile an taistil eachtraigh atá ag comhaltaí Verkhovna Rada na hÚcráine;

23.ag moladh eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine, na hEorpa agus idirnáisiúnta as tacú le teaghlaigh leanaí fuadaithe ón Úcráin, príosúnaigh chogaidh, agus sibhialtaigh atá á gcoinneáil go neamhdhleathach; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta cabhrú lena n-iarrachtaí agus dlús a chur leis an mbrú atá ar an Rúis gach Úcránach a fuadaíodh agus a coinníodh a thabhairt ar ais;

24.á chur i bhfios gur gá meastachán EUR506bhilliún ar a laghad ar an Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais is déanaí sna deich mbliana amach romhainn le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi Saoráid AE don Úcráin ag a bhfuil buiséad beagnach EUR50billiún agus sásra comhair AE le haghaidh iasachtaí don Úcráin, rud a chuireann, i gcomhar le G7, iasachtaí suas le EUR45bhilliún ar fáil don Úcráin; ag tathant, mar sin féin, go ndéanfaí ullmhúchán d’atógáil na hÚcráine trí acmhainní nua a thiomnú agus a dhaingniú; á iarraidh ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo cúnamh polaitiúil, eacnamaíoch, teicniúil agus daonnúil atá cuimsitheach agus comhordaithe a chur ar fáil chun tacú le hatógáil agus téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh; ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do thacaíocht airgeadais agus eacnamaíoch inbhuanaithe agus fhadtéarmach don Úcráin, lena n-áirítear cúnamh macrairgeadais, tacaíocht don atógáil agus do théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta agus bearta chun athléimneacht gheilleagar agus bhonneagar criticiúil na hÚcráine a áirithiú; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór don Rúis íoc as an damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin agus á iarraidh, dá bhrí sin, sócmhainní stáit na Rúise atá blocáilte faoi smachtbhannaí an Aontais a choigistiú agus iad a úsáid chun tacú le cosaint agus atógáil na hÚcráine;

25.á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit éifeachtacht agus tionchar na smachtbhannaí ar an Rúis a mhéadú chun an bonn a bhaint go cinntitheach ó chumas na Rúise leanúint dá cogadh foghach brúidiúil a fhearadh i gcoinne na hÚcráine agus slándáil tíortha Eorpacha eile a chur i mbaol; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc nó taraifí spriocdhírithe ar allmhairí na Rúise chuig AE agus é mar aidhm leis sin sreabhadh gráin, potais agus leasacháin chomh maith le hamhábhair lena n-áirítear cruach, úráiniam, tíotáiniam, nicil, adhmad agus táirgí adhmaid, agus gach saghas ola agus gáis, a dhúnadh go hiomlán; á iarraidh ar an gComhairle a beartas smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, agus i gcoinne na stát cumasúcháin uile, amhail an Bhealarúis, an Iaráin, an Chóiré Thuaidh, a choinneáil, a léiriú i gcás inar féidir agus a leathnú, agus smachtbhannaí a fhorchur ar eintitis na Síne a sholáthraíonn earraí dé-úsáide agus ítimí míleata, agus faireachán, athbhreithniú agus feabhsú á dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar an bheartais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach pacáiste smachtbhannaí a chur chun feidhme go pras agus a fhorfheidhmiú go dian agus an comhar i measc na mBallstát a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar éifeachtacht na smachtbhannaí maidir le bac a chur ar iarracht chogaidh na Rúise agus ar éifeachtacht na mbeart chun cosc a chur ar dhul timpeall ar smachtbhannaí; á iarraidh ar an gComhairle dul i ngleic go córasach sárú smachtbhannaí ag cuideachtaí atá bunaithe san Aontas, ag tríú páirtithe agus ag tíortha neamh-AE, agus bearta sriantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme go docht i gcoinne na n-eintiteas uile a éascaíonn sárú smachtbhannaí agus a chuireann teicneolaíochtaí agus trealamh míleata agus dé-úsáide ar fáil do choimpléasc míleata na Rúise;

26.á iarraidh go mbeadh tuilleadh smachtbhannaí ann i gcoinne earnálacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do gheilleagar na Rúise, go háirithe baincéireacht, na hearnálacha miotalóireachta, núicléacha, ceimiceacha agus talmhaíochta, amhábhair amhail alúmanam, cruach, úráiniam, tíotáiniam agus nicil, chomh maith le bearta frith-imchéimniúcháin i gcoinne na dtíortha agus na n-eintiteas uile a chuireann earraí agus teicneolaíochtaí míleata agus dé-úsáide ar fáil don Rúis; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochtaí i gcoinne ‘scáthchabhlach’ na Rúise, i bhfianaise imchéimniú smachtbhannaí, sabaitéireacht ar bhonneagar criticiúil agus rioscaí comhshaoil; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go comhpháirteach le stáit bhrataí agus stáit chalafoirt lasmuigh den Aontas agus gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne úinéirí, oibreoirí agus oibreoirí árachais i dtríú tíortha a chumasaíonn scáthchabhlach na Rúise; ag tathant ar na Ballstáit comhar oibríochtúil idir gníomhaireachtaí garda cósta a chomhordú tuilleadh chun acmhainneacht fhoriomlán an fhaireachais mhuirí a mhéadú; á thabhairt chun suntais go bhfuil an Rúis ag cur lena spleáchas ar leasacháin a dhíorthaítear ó ghás, lena gcuirtear foinse ioncaim atá ag dul i méid ar fáil, agus geilleagair an Aontais á gcur i mbaol ag an am céanna agus lena gcuirtear slándáil bia i mbaol; ag dréim leis go gcoinneoidh AE a smachtbhannaí i gcoinne na Rúise i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun síocháin chóir agus mharthanach a áirithiú agus go dtí go mbainfear cuntasacht amach;

27.á iarraidh go gcuirfeadh céadphacáiste smachtbhannaí eile an Aontais smachtbhannaí ar gach tancaer scáthchabhlaigh aitheanta agus ar a n-úinéirí, agus smachtbhannaí á dtabhairt isteach ag an am céanna ar aon tancaer ola a sháraíonn an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc agus a fhorfheidhmíonn cur chun feidhme docht na mbeart ag na Ballstáit uile lena dtoirmisctear soithí, gan beann ar bhratach, a bheith ag seoladh in uiscí na hEorpa nó isteach in aon chalafort Ballstáit de chuid an Aontais mura bhfuil na rialacha idirnáisiúnta maidir le haistrithe ó long go long (STS) ar muir comhlíonta nó má tá a gcóras aitheantais uathoibríoch múchta go neamhdhleathach acu; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aistrithe ó long go long d’ola na Rúise a chosc in uiscí an Aontais;

28.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit smachtbhannaí níos leithne a fhorbairt ar adhmad na Rúise agus na Bealarúise, lena n-áirítear allmhairiú nó ceannach táirgí adhmaid a thoirmeasc go sonrach a phróiseáiltear i dtíortha nach cuid den Aontas iad a ionchorpraíonn adhmad, go háirithe sraithadhmad beithe, de thionscnamh na Rúise nó na Bealarúise, chun tacú le forfheidhmiú na smachtbhannaí reatha;

29.ag cáineadh go láidir Rialtas na hUngáire as bagairt athnuachan chreat smachtbhannaí an Aontais a bhac chomh maith le freagairt iomchuí ón Aontas de réir thromchúis na staide a theorannú; á iarraidh ar na Ballstáit na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun Rialtas na hUngáire a thoirmeasc ar a thuilleadh blocála a dhéanamh;

30.á iarraidh go gcuirfí tuilleadh srianta ar shaoránaigh na Rúise agus na Bealarúise teacht isteach in AE, go háirithe trí scagadh slándála níos déine, lena n-áirítear taifid seirbhíse míleata a chur isteach le linn phróiseas iarratais ar víosaí Schengen, gan an gá atá le víosaí daonnúla a eisiúint a chur san áireamh;

31.á cháineadh go láidir gur chuir fórsaí na Rúise príosúnaigh chogaidh Úcránacha chun báis; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta cur leis an mbrú atá ar an Rúis a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive, agus rochtain ar phríosúnaigh a cheadú d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

32.ag cáineadh thionchar tubaisteach chogadh na Rúise ar leanaí; á iarraidh go méadófaí tacaíocht AE d’oideachas, cúram sláinte, seirbhísí meabhairshláinte leanaí, agus do chosaint leanaí, lena n-áirítear téarnamh tráma agus timpeallachtaí foghlama sábháilte; ag tathant ar AE agus ar an Úcráin tosaíocht a thabhairt do riachtanais leanaí maidir le hiarrachtaí cabhrach agus atógála, mianaigh talún a ghlanadh, agus leas leanaí a chomhtháthú i bpróiseas aontachais AE;

33.á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an staid ag stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia, atá á rialú go neamhdhleathach ag an Rúis; ag tacú le hiarrachtaí chun láithreacht leanúnach na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach a choinneáil ag stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia; á athdhearbhú gur cúis mhór bhuartha di an tionchar fadtéarmach níos leithne atá ag an gcogadh ar an gcomhshaol;

34.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cumarsáid straitéiseach AE a neartú, go háirithe an scéal a chur ina cheart go poiblí maidir le príomhthacaíocht AE don Úcráin, go háirithe i bhfianaise éileamh a fhéachann lena rannchuidiú a laghdú, cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus gníomhaíochtaí creasa léith, agus cur isteach na Rúise ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile san Úcráin agus san Eoraip a chosc; ag tathant go mbeadh cumarsáid réamhghníomhach ann maidir le tairbhí méadaithe AE chun feabhas a chur ar thuiscint agus ar thacaíocht an phobail san Úcráin agus sna Ballstáit araon maidir le haontachas na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir gur deis é lánpháirtiú na hÚcráine in AE chun réigiúin teorann agus na Ballstáit araon a fhorbairt; á iarraidh go láidir ar an Aontas agus ar na Ballstáit bréagaisnéis na Rúise faoin gcogadh a chomhrac, tríd an litearthacht dhigiteach a neartú, insintí bunaithe ar fhíricí a chur chun cinn agus ardáin na meán sóisialta a thabhairt chun cuntais as ábhar díobhálach a scaipeadh tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú go docht(3);

35.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine agus chuig Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe.

(1) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.
(2) IOL, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.
(3) Rialachán (AE)2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19Deireadh Fómhair2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IOL277, 27.10.2022, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

An nuashonrú is déanaí: 14 Márta 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais