Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0085/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0085/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV17/06/2020-27
PV18/06/2020-2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0151

Téacsanna atá glactha
PDF111kWORD42k
Déardaoin, 18 Meitheamh 2020-Brussels
An Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir AE agus Iosrael a thabhairt i gcrích ***
P9_TA(2020)0151A9-0085/2020

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais. (14207/2019 – C9-0196/2019 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14207/2019),

–ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile (16828/2012),

–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal100(2) agus le hAirteagal218(6), an dara fomhír, pointe(a)(v), agus le hAirteagal218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0196/2019),

–ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0085/2020),

1.ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;

2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Iosrael.

An nuashonrú is déanaí: 8 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais