Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0266/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0266/2020

Díospóireachtaí :

PV19/01/2021-11
CRE19/01/2021-11

Vótaí :

PV20/01/2021-3
PV20/01/2021-17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0012

Téacsanna atá glactha
PDF209kWORD75k
Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2021-Brussels
Cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála – tuarascáil bhliantúil
P9_TA(2021)0012A9-0266/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála – tuarascáil bhliantúil 2020 ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gComhairle chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála,

–ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe agus d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),

–ag féachaint don dearbhú ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) maidir le cuntasacht pholaitiúil(1),

–ag féachaint don rún ó Chomhthionól na Náisiún Aontaithe, dar teideal ‘I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, an 25 Meán Fómhair 2015,

–ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcur chuige comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha an 22 Eanáir 2018,

–ag féachaint don tríú tuarascáil ón Grúpa Saineolaithe Oirirce Idirnáisiúnta agus Réigiúnacha na Náisiún Aontaithe maidir le hÉimin, dar teideal ‘Éimin: Paindéim Saoirse ó Phionós i dTír Chráite’, lena clúdaítear an tréimhse ó Iúil 2019 go Meitheamh 2020,

–ag féachaint do Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an 28 Meitheamh 2016,

–ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 8 Aibreán 2020 maidir le Freagairt dhomhanda AE do COVID-19 (JOIN(2020)0011),

–ag féachaint dá rún an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(2),

–ag féachaint don mholadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin /Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an raon feidhme agus sainordú d’Ionadaithe Speisialta AE(3),

–ag féachaint do Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS),

–ag féachaint do Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 2015-2020,

–ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Dul i ngleic le bréagaisnéis maidir le COVID-19 – Léamh ceart ar na fíorais’ (JOIN(2020)0008),

–ag féachaint don rún uaithi an 17Aibreán2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(4),

–ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Slándáil agus Cosaint an 17 Meitheamh 2020,

–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Tuarascáil Réamhamhairc Straitéisigh – an Bealach ar aghaidh a leagan amach i dtreo Eoraip níos athléimní’,

–ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 15 Iúil 2019, an 14 Deireadh Fómhair 2019 agus an 12 Nollaig 2019, an ráiteas ó Airí Gnóthaí Eachtracha AE an 15 Bealtaine 2020 agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2019, an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus an 1 Deireadh Fómhair 2020 maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir agus do na conclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le hOirthuaisceart na Siria,

–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iarphaindéimeach – rannchuidiú an Choimisiúin roimh an gcruinniú idir AE agus ceannairí na mBalcán Thiar ar an 6 Bealtaine 2020’ (),

–ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0266/2020),

A.de bhrí go bhfuil sé de dhualgas agus de fhreagracht ar an bParlaimint a formhaoirseacht dhaonlathach ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus ar an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) a fheidhmiú agus gur cheart di an fhaisnéis is gá a fháil ar bhealach trédhearcach agus tráthúil chomh maith leis na modhanna éifeachtacha a fháil chun an ról sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir leis na cláir tionscail ar fad i réimse na cosanta;

B.de bhrí go bhféachtar le CBES AE slándáil agus cobhsaíocht a áirithiú agus luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus urraim do chearta an duine á gcur chun cinn;

C.de bhrí go bhfuil an domhain ag tabhairt aghaidh ar staid iomaíochta geopholaitiúla ionsaithí, rud a éilíonn sásraí freagartha tapa agus iomchuí agus cumais ó thaobh beartais eachtraigh de;

D.de bhrí go bhfuil an gá le comhbheartas eachtrach níos láidre, níos inchreidte agus níos aontaithe riachtanach anois, ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ag tabhairt aghaidh ar an iliomad dúshlán geopholaitiúil sa réigiún máguaird a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar a Bhallstáit agus ar a shaoránaigh ar fad;

E.de bhrí nach bhfuil AE ag baint amach a acmhainneacht i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála mar gheall ar easpa aontachta i measc na mBallstát;

F.de bhrí nach bhfuil aon Bhallstát aonair de chuid an Aontais in ann dul i ngleic, as féin, le haon cheann de na dúshláin dhomhanda atá os comhair na hEorpa faoi láthair; de bhrí nach mór acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus sásraí cinnteoireachta feabhsaithe a bheith mar thaca le CBES atá uaillmhianach agus éifeachtach;

G.de bhrí, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, go bhfuil meath tagtha ar dhaonlathas, ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar chearta bunúsacha i roinnt mhaith áiteanna ar fud an domhain agus go bhfuil méadú tagtha ar fheachtais bhréagaisnéise agus ar chibearionsaithe ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad; de bhrí go bhfuil treochtaí leithlisitheacha, aontaobhacha agus frithdhomhandacha agus iomaitheoirí sistéamacha tar éis éirí níos suntasaí, seachas comhar iltaobhach de réir an oird idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha;

H.de bhrí go bhfuil dúshláin ann amhail athbheochan an phobalachais agus an údarásaíochais, an drogall atá ag méadú ar an urraim don dlí idirnáisiúnta, do chearta an duine agus don smacht reachta, agus ionsaithe in aghaidh an daonlathais liobrálaigh agus an iltaobhachais, mar aon le hiomaíocht idir cumhachtaí móra, a bhfuil claochlú tagtha uirthi i ndianiomaíocht, go háirithe idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, agus gur dúshláin mhóra iad don tslándáil idirnáisiúnta agus do luachanna, leasanna agus tionchar an Aontais, agus tá an baol ann go bhfágfaí an tAontas Eorpach as na réimsí cinnteoireachta sin agus go mbeadh an tAontas faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar an iomaíocht sin;

I.de bhrí gur príomhionstraim é Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) i dtaca le comharsana AE san Oirthear agus sa Deisceart;

J.de bhrí gur bagairt dhíreach do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát iad an éagobhsaíocht agus an neamhchinnteacht ag teorainneacha an Aontais agus ina gharchomharsanacht; de bhrí go bhféadfadh an timpeallacht slándála idirnáisiúnta dul in olcas de bharr phaindéim COVID-19; de bhrí go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta ag an bpaindéim sin ar leibhéil reatha na bochtaineachta agus an neamhionannais ar fud an domhain, agus de bhrí, dá bhrí sin, go bhféadfadh corraíl shóisialta agus agóidí tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu, agus gur cúis úr éagobhsaíochta a bheadh iontu i go leor tíortha i staideanna leochaileacha; de bhrí go bhfuil cuid mhór de na bagairtí atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas, lena n-áirítear cibearbhagairtí, athrú aeráide agus paindéimí, ina réaltachtaí anois a bhfuil tionchar níos déine acu ar ghnéithe éagsúla de shaol an duine, agus ar dheiseanna forbartha, ar ord agus cobhsaíocht gheopholaitiúil ar fud an domhain chomh maith;

K.de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis mhuirí dhomhanda a úsáid chun faireachán straitéiseach a áirithiú, agus anailís riosca agus luathrabhadh a thabhairt don Aontas agus dá Bhallstáit á dhéanamh indéanta agus á neartú soláthar faisnéise chun tacú le hoibríochtaí slándála muirí sibhialta agus míleata;

L.de bhrí gur príomhthosaíocht í an fhrithsceimhlitheoireacht ar Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 2015-2020;

M.de bhrí gur léiríodh le paindéim COVID-19 leochaileacht AE maidir le réimis údarásaíocha, leochaileacht comhghuaillíochtaí seachtracha traidisiúnta AE agus an gá atá ann go n-áiritheoidh an tAontas beartas eachtrach a bheidh i gcomhréir lena bhunluachanna; de bhrí go n-iarrtar leis sin ar AE athmhachnamh a dhéanamh ar a chaidreamh seachtrach agus iad a bhunú ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an iltaobhachais; de bhrí go bhfuil na daoine is leochailí buailte go dona ag iarmhairtí fadréimseacha phaindéim COVID-19, go háirithe i réigiúin ina bhfuil cúram sláinte agus córais shóisialta níos laige;

N.de bhrí gur tháinig dúshláin ilghnéitheacha nua chun cinn le blianta beaga anuas, amhail leathadh arm ollscriosta, ceistiú comhaontuithe maidir le neamhleathadh arm, dul in olcas coinbhleachtaí réigiúnacha ba chúis le heasáitiú daonra, iomaíocht d’acmhainní nádúrtha, spleáchas ar fhuinneamh, athrú aeráide, comhdhlúthú stát loicthe, sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe thrasnáisiúnta, cibearionsaithe agus feachtais bhréagaisnéise;

O.de bhrí, i bhfianaise cliste comhaontuithe tábhachtacha maidir le rialú arm agus dí-armáil agus i bhfianaise na mearfhorbairtí atá tagtha ar theicneolaíochtaí nua arm, dí-armáil, rialú arm agus neamhleathadh, ba cheart go ndíreofaí go mór ar CBES d’fhonn saoránaigh AE a chosaint mar aon le cobhsaíocht agus slándáil idirnáisiúnta araon; de bhrí nach mór Comhsheasamh 2008/944/CBES a thabhairt cothrom le dáta chun na critéir a chur i bhfeidhm go docht agus a chur chun feidhme;

An tAontas Eorpach a shuí mar ‘rogha chomhpháirtí’ in ord geopholaitiúil atá ag athrú

1.á thabhairt chun suntais gur oscailt súl é paindéim COVID-19 ar an ngá le beartas eachtrach agus slándála AE atá níos láidre, níos uathrialaithí, níos aontaithe agus níos teanntásaí chun dlús a chur le ról ceannaireachta an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta d’fhonn oird idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a chosaint agus a fhorbairt, agus chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn ar bhonn níos cinntithí ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh AE cuidiú go rathúil i dtosach lena chomhpháirtithe sa gharchomharsanacht d’fhonn é sin a bhaint amach;

2.á chur chun cinn agus á chosaint ról an Aontais mar chomhpháirtí iontaofa ar fud an domhain, ‘rogha chomhpháirtí’ is fearr le haghaidh tríú páirtithe, bróicéir macánta prionsabalach, ach gan a bheith dogmatach, atá ina ghníomhaí tagartha le haghaidh réiteach coinbhleachtaí agus idirghabhála, a chuireann taidhleoireacht agus idirphlé chun cinn mar an rogha is fearr chun ról cuiditheach a imirt i gcoinbhleachtaí domhanda, mar thionscnóir ceannasach na forbartha inbhuanaithe agus mar mhór-rannpháirtí don chreat iltaobhach, ach freisin mar ghníomhaí domhanda atá réidh le gníomhú go huathrialaitheach agus go cinntitheach nuair is gá chun luachanna agus leasanna AE a chosaint, a ghlacann freagracht trína slándáil féin a áirithiú agus trí shíocháin agus cobhsaíocht idirnáisiúnta a chur chun cinn, bunaithe ar phrionsabail agus luachanna Chairt na Náisiún Aontaithe agus mar a chumhdaítear faoin dlí idirnáisiúnta, le hurraim don ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le cruthaitheacht, dearcadh níos réamhghníomhaí agus tuilleadh aontachta agus dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, chomh maith le tiomantas agus acmhainní ó na Ballstáit, chun tionchar an Aontais a mhéadú ar fud an domhain agus chun a shamhail de chumhacht dhearfach agus a ról freagrach sa rialachas domhanda a chur chun cinn, agus d’fhonn ligean dó a fhreagracht straitéiseach a ghlacadh ina gharchomharsanacht;

3.á chur i bhfáth, mar thoradh ar an éagobhsaíocht atá ag dul i méid ar fud an domhain, an timpeallacht atá ag éirí níos achrannaí, creimeadh an iltaobhachais agus teacht chun cinn an údaráisaíochais, chomh maith le dúshláin ilghnéitheacha dhomhanda, go háirithe aeráid mhéadaitheach na coinbhleachta, rud a chiallaíonn go leanfaidh coinbhleachtaí armtha ar aghaidh agus uaireanta go dtosófar coinbhleachtaí armtha arís, lena n-áirítear ag teorainneacha thoir agus theas ilchríoch na hEorpa, sceimhlitheoireacht, athrú aeráide agus bagairtí méadaitheacha ar acmhainní nádúrtha, sreabha imirce neamhrialaithe, rioscaí a bhaineann leis an tsláinte, bagairtí hibrideacha amhail feachtais bhréagaisnéise, bearta gníomhacha agus cibearionsaithe, i measc nithe eile, gur cheart don Aontas Eorpach a uathriail straitéiseach a fhorbairt, agus comhar á neartú aige lena chomhghuaillithe ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Aontas, i ndáil leis sin, comhar níos straitéisí a bhunú le tríú tíortha bunaithe ar mhuinín agus ar leas frithpháirteach, agus a thábhachtaí atá sé comhghuaillíochtaí a thógáil le daonlathais den chineál céanna, lena n-áirítear ón leathsféar theas, chomh maith le comhghuaillíochtaí ad hoc le comhpháirtithe eile atá ar an intinn chéanna i gcás inar gá;

4.á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá don Aontas comhoibriú go dlúth le príomh-chomhpháirtithe ar fud an domhain agus ról gníomhach a imirt chun príomhinstitiúidí don dlí idirnáisiúnta agus don chóras iltaobhach a chosaint; á áitiú go bhfuil sé tábhachtach neartú a dhéanamh ar chomhpháirtíocht AE leis na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, agus comhar a dhoimhniú freisin le heagraíochtaí amhail Comhairle na hEorpa, ESCE, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), an tAontas Afracach, Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS), Léig na Stát Arabach, Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) agus Mercosur; á iarraidh comhar agus comhordú feabhsaithe idir AE agus ECAT, go ndéanfaí eolas agus acmhainní a chomhthiomsú agus dúbailt a sheachaint, d’fhonn cur chuige comhlántach coiteann a fhorbairt do dhúshláin réigiúnacha agus dhomhanda atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus do chásanna coinbhleachta, géarchéimeanna sláinte, bagairtí neamhshiméadracha agus hibrideacha, cibearionsaithe agus an bhréagaisnéis freisin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) maidir le coireanna in aghaidh an chine dhaonna a imscrúdú agus a n-íospartaigh a chosaint agus á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht láidir a chuir an tAontas in iúl don Chúirt, ar a ndíríodh brú agus ionsaithe le déanaí;

5.á chur in iúl gur cúis bhuartha di scála gan fasach na bréagaisnéise agus na bhfeachtas bolscaireachta atá urraithe ag an stát agus nach bhfuil urraithe ag an stát, ar feachtais iad a bhfuil tionchar tubaisteach acu ar shochaithe, lena n-áirítear i gcomharsanacht na hEorpa agus go háirithe sna Balcáin Thiar; ag cáineadh cúbláil agus armú faisnéise, lena n-áirítear trí ghníomhaithe stáit, fostáit agus neamhstáit a bhfuil rúin urchóideacha acu, agus ardáin agus eagraíochtaí a úsáideann tríú tíortha údarásaíocha chun maoiniú a dhéanamh go díreach agus go hindíreach agus chun tionchar a imirt ar pháirtithe polaitiúla agus ar ghníomhaithe polaitiúla na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi freagairt thapa institiúidí AE ar an dúshlán sin, a raibh géarghá léi, amhail bunú coiste speisialta nua sa Pharlaimint lena ndíreofar ar chur isteach eachtrach ar na próisis dhaonlathacha san Aontas, lena n-áirítear bréagaisnéis, agus glacadh an cinneadh ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit(5); á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagairt nach gcuirfidh teorainn le cearta agus saoirsí bunúsacha; á chur i bhfios a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach éifeachtach AE agus ag moladh neartú Stratcom laistigh den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici chun feachtais bhréagaisnéise a shainaithint agus a chosc; á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas a chumas a neartú tuilleadh chun an bhréagnuacht agus an bhréagaisnéis a chomhrac go réamhghníomhach mar bhagairt don daonlathas, agus gur gá feabhas a chur ar a chultúr slándála chun cosaint níos fearr a thabhairt dá líonraí faisnéise agus cumarsáide; á iarraidh ar an Aontas a bheith ina cheannródaí maidir le tacú le creat comhchoiteann féinchosanta agus comhair i gcoinne bagairtí hibrideacha agus tionchar urchóideach na réimeas údarásaíoch go háirithe ar rialachas daonlathach agus ar fhiontair phríobháideacha ar fud an domhain; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá don Aontas Eorpach a chomhghuaillíochtaí le gníomhaithe daonlathacha domhanda eile a neartú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí den sórt sin ar fud an domhain, lena n-áirítear trí institiúidí iltaobhacha atá níos athléimní;

6.á áitiú nach mór do bheartas eachtrach agus slándála AE a bheith bunaithe ar chur chun cinn na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21 CAE, amhail an daonlathas, dínit an duine, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear saoirse reiligiúin nó creidimh, cosaint gach mionlach agus pobal reiligiúnach, lena n-áirítear Críostaithe, Giúdaigh, Moslamaigh, neamhchreidmhigh agus daoine eile, agus comhionannas inscne a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, cinneadh ón gCoimisiún a rinneadh le déanaí maidir le hathnuachan a dhéanamh ar shainordú an Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin nó creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach, ach ag tathant go ndéanfar ceapachán a luaithe is féidir; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staid chearta an duine ar fud an domhain, treochtaí a shainaithint agus tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina n-iarrachtaí chun treochtaí diúltacha maidir le cearta an duine a aisiompú ar fud an domhain; á chur i bhfáth go ndéantar beartas eachtrach agus slándála AE níos éifeachtaí trí úsáid a bhaint as coinníollacht ina dhreasachtaí eacnamaíocha agus polaitiúla; á mheabhrú i ndáil leis sin gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar staid chearta an duine sna tríú tíortha ar tairbhithe iad den tarscaoileadh víosa agus tuairisciú go rialta don Pharlaimint ina leith sin agus gur cheart dó an tarscaoileadh sin a chur ar fionraí i gcás sáruithe sa tír lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cláir thacaíochta daonlathais an Aontais a neartú ar fud an domhain trí phróisis atá ar son an daonlathais ón mbun aníos a chothú agus trí athléimneacht institiúideach a chothú, agus trí thacú leis an obair a dhéanann fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun próisis dhaonlathacha á neartú; á athdhearbhú an iarraidh a rinne sí an 13 Márta 2019 ar athchóiriú agus athbhreithniú ar Ionadaithe Speisialta agus Toscairí Speisialta AE;

7.á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, amhail an bhochtaineacht, neamhshlándáil bia agus cothaithe, an dífhostaíocht, an éagobhsaíocht agus an easpa slándála i dtríú tíortha ina dtionscnaíonn an mhórimirce neamhdhleathach; á chur i bhfáth gur cheart díriú freisin ar chuidiú le hinstitiúidí cobhsaí a fhorbairt chun forbairt inbhuanaithe na sochaí a chur chun cinn sna stáit sin;

Leibhéal nua uaillmhéine do CBES: cuir chuige straitéiseacha réigiúnacha atá bunaithe ar thoil pholaitiúil níos láidre

8.á mheabhrú nach bhfuil cumas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha ag aon Bhallstát AE amháin chun dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, á mheas, sa chomhthéacs sin, go bhfuil fíorthoil pholaitiúil níos láidre ar thaobh Bhallstáit AE ag teastáil ó AE thar aon ní eile chun teacht ar chomhaontú maidir le spriocanna beartais eachtraigh AE agus iad a chur chun cinn amhail cosc coinbhleachtaí agus comhaontuithe síochána agus chun iarrachtaí tríú tíortha chun an tAontas a scaradh a chomhrac, lena n-áirítear tríd an bonn a bhaint de luachanna Eorpacha; á chur i bhfáth nach mbeidh ach Aontas Eorpach láidir aontaithe le beartais eachtracha, slándála agus cosanta bunaithe, agus leis na Ballstáit a thacaíonn leis an Leas-Uachtarán/Ardionadaí i gcur chun feidhme na gcuspóirí a comhaontaíodh, in ann ról láidir a imirt sa timpeallacht nua gheopholaitiúil; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit aon ghníomhaíochtaí mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 a chomhordú eatarthu féin agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta d’fhonn freagairt dhomhanda a bheidh comhleanúnach agus cuimsitheach a chothú maidir leis an bpaindéim agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, cur chuige Fhoireann na hEorpa;

9.á iarraidh an athuair go ndéanfar athbhreithniú ar Straitéis Dhomhanda an Aontais chun ceachtanna a fhoghlaim ó dhinimic nua gheopholaitiúil, ó bhagairtí reatha, lena n-áirítear paindéim COVID-19, agus ó na dúshláin a bhfuiltear ag súil leo, agus chun athmheasúnú a dhéanamh ar spriocanna agus modhanna CBES; á thabhairt chun suntais nach mór don Aontas, agus a chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus comhghuaillithe idirnáisiúnta a fhorbairt tuilleadh, dlús a chur leis an gcinnteoireacht i ngnóthaí eachtracha agus a chumas oibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, agus an t-iltaobhachas a neartú ag an am céanna, agus a chumais straitéiseacha chun gníomhú a neartú, go huathrialaitheach freisin más gá; á chur i bhfáth go bhfuil sé de fhreagracht ar AE a uathriail straitéiseach a chothú maidir le saincheisteanna comhchoiteanna taidhleoireachta, slándála agus cosanta agus maidir le cúrsaí eacnamaíocha, sláinte agus trádála chomh maith, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán coiteann atá ann chun a leasanna, a caighdeáin agus a luachanna a chosaint sa domhan tar éis na paindéime; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá go gcoinneodh tíortha Eorpacha an cumas cinntí a ghlacadh agus gníomhú astu féin; ag tathant ar na Ballstáit an rialachán nua a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go pras chun sásraí a bhunú chun infheistíochtaí coigríche a scagadh in earnálacha criticiúla; ag spreagadh Ballstáit AE fóram nua a chruthú don chomhar iltaobhach, ag tarraingt ar oidhreacht an Choiste Comhordaithe um Rialuithe Straitéiseacha Iltaobhacha Onnmhairiúcháin, chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar onnmhairiú teicneolaíochtaí, sreafaí trádála agus infheistíochtaí íogaire chuig tíortha ar díol imní iad;

10.á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe fós ann maidir le gach gné de chumhacht chrua agus bhog ghníomhaíocht sheachtrach AE a chomhcheangal agus a chomhtháthú chun spriocanna CBES a bhaint amach; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur colún tábhachtach de bheartas eachtrach AE í taidhleoireacht Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil a chuid ionstraimí agus bealaí leithleacha agus comhlántacha féin aige; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart Parlaimint na hEorpa a aithint mar chuid lárnach de chur chuige ‘Fhoireann na hEorpa’ arna chur chun cinn ag an gCoimisiún agus ag SEGS; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, an tábhacht a bhaineann le ról na Parlaiminte san idirghabháil agus i dtacaíocht daonlathais, chomh maith leis an méid luachmhar a chuireann tionóil pharlaiminteacha le gníomhaíocht sheachtrach na hEorpa, agus a mhéid a bhaineann le slándáil agus cosaint freisin, agus a thábhachtaí atá sé a ngníomhaíochtaí a chur chun cinn agus a áirithiú go ndéanfar a gcuid oibre mar is ceart; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar uachtaráin an Choimisiúin agus na Comhairle an Pharlaimint a chur ar an eolas go leanúnach agus ról a thabhairt di i ngníomhaíocht sheachtrach AE;

11.á mheas gur gá, maidir leis an uaillmhian beartas eachtrach agus slándála AE a bheith ann atá láidir, neamhspleách agus forbartha go hiomlán, comhlacht taidhleoireachta a bheith aige freisin a mbeidh na saintréithe céanna aige, arna bhunú ón tús mar chomhlacht Eorpach go sonrach; ag tacú, i ndáil leis sin, le dul chun cinn i dtreo acadamh taidhleoireachta Eorpach a chruthú a mbeidh sé de chúram air córas neamhspleách roghnúcháin agus oiliúna a bhunú do thaidhleoirí AE amach anseo, faoi chuimsiú fíorghairme beatha taidhleoireachta Eorpaigh;

12.á thabhairt chun suntais gur cheart go leanfadh rialacha soiléire maidir leis na doiciméid ábhartha a chomhroinnt, lena n-áirítear dréacht-straitéisí, ar bhealach trédhearcach agus tráthúil, as forálacha Chonradh an Aontais maidir le dul i gcomhairle agus faisnéis a chur ar fáil don Pharlaimint i réimse CBES; á chur i bhfios gur gá feabhas suntasach a chur ar an mbealach ina gcuireann an Coimisiún agus SEGS faisnéis íogair nó rúnda ar aghaidh chuig an bParlaimint faoi láthair; á iarraidh, thairis sin, scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir cáilíocht, raon feidhme agus formáid na gcruinnithe coiste agus na malartuithe le SEGS agus leis an gCoimisiún a fheabhsú; á mheas nach bunús iomchuí é ‘an dearbhú maidir le cuntasacht pholaitiúil’ a thuilleadh don chaidreamh idir an Pharlaimint agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus gur cheart comhaontú idirinstitiúideach teacht ina ionad chun feabhas a chur ar chearta grinnscrúdaithe dhaonlathaigh na Parlaiminte, i gcomhréir leis na Conarthaí; á mheabhrú, thairis sin, gur iarr sí go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear SEGS;

13.á chur in iúl gurb oth léi an easpa dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar phróiseas cinnteoireachta i ndáil le hábhair CBES, a mbíonn tionchar aige ar éifeachtúlacht, luas, agus inchreidteacht ghníomhaíocht agus chinnteoireacht AE ar an ardán idirnáisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit tús a chur go práinneach le díospóireacht maidir leis an bhféidearthacht bogadh ó vótáil d’aon toil go vótáil trí thromlach cáilithe ar a laghad i réimsí roghnaithe CBES, amhail cinntí maidir le saincheisteanna maidir le cearta an duine agus smachtbhannaí, mar mhodh nithiúil chun tionchar AE ar an ardán domhanda a neartú;

14.á chur in iúl gur geal léi córas nua Domhanda smachtbhannaí AE maidir le cearta an duine (Gníomh AE de chineál Magnitsky) a ghlacadh, lena lamháiltear do AE smachtbhannaí spriocdhírithe a fhorchur orthu siúd atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain; ag moladh go ndéanfaí raon feidhme an chórais smachtbhannaí a leathnú amach anseo chun gníomhartha éillithe a chur san áireamh;

15.á iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar liostaí trealaimh a bhfuil toirmeasc ar iad a onnmhairiú chuig tríú tíortha, chun cásanna a sheachaint ina soláthraíonn na Ballstáit uirlisí, le tacaíocht airgeadais ón AE, a úsáidtear ar deireadh chun saoránaigh a chur faoi chois;

16.ag tacú leis an díospóireacht uile-Aontais chun breithniú a dhéanamh ar fhormáidí nua comhair amhail Comhairle Slándála Eorpaí, ós rud é go bhfuil sé thar am na formáidí agus na hinstitiúidí éifeachtacha a bhunú go foirmiúil chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar thionchar bheartas eachtrach agus slándála AE; á chreidiúint gur cheart an smaoineamh sin a phlé faoi chuimsiú na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa, agus á iarraidh an athuair go mbunófar Comhairle Airí Cosanta;

17.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gealltanas tugtha ag AE ról na Náisiún Aontaithe a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le córas na Náisiún Aontaithe a athchóiriú, agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí a ghníomhaireachtaí, a eagraíochtaí agus a chlár uile a neartú, chun a áirithiú go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030; á iarraidh ar na Ballstáit, arís eile, tacú leis na hathchóirithe ar chomhdhéanamh agus ar oibriú na Comhairle Slándála chun go mbeidh sí níos éifeachtaí agus níos oibríochtúla, rud a bheidh ríthábhachtach chun síocháin dhomhanda a dhaingniú, agus clár oibre aici a théann níos faide ná an tslándáil mhíleata agus lena n-áirítear gluaiseachtaí dídeanaithe agus daoine easáitithe, slándáil bia, an t-athrú aeráide agus paindéimí a chomhrac;

18.á thabhairt chun suntais go mbaineann tábhacht ollmhór le AE chun tacú leis na próisis dhaonlathacha agus thoghchánacha atá ar bun agus chun a dtrédhearcacht agus a ndlisteanacht a chosaint;

19.á aithint go mbíonn tionchar díreach ag cobhsaíocht, slándáil, síocháin agus rathúnas na mBalcán Thiar agus thíortha Comharsanachta an Oirthir agus an Deiscirt ar chobhsaíocht agus slándáil an Aontais féin agus a Bhallstát, agus freisin ar a cháil mar ghníomhaí geopholaitiúil domhanda; á chur i bhfios go láidir gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála agus an t-infheisteoir is mó i dtíortha na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh ar AE a fhreagracht straitéiseach a ghlacadh air féin i gcomharsanacht AE agus ról níos tráthúla, níos gníomhaí, níos aontaithe agus níos éifeachtaí a imirt maidir le hidirghabháil agus réiteach síochánta an teannais agus na gcoinbhleachtaí atá ar siúl faoi láthair, agus maidir le haon choinbhleachtaí sa chomharsanacht amach anseo a chosc; á chreidiúint gur féidir é sin a bhaint amach trí thús áite a thabhairt d’iarrachtaí chun an tsíocháin a chothú roimh ré, lena n-áirítear taidhleoireacht choisctheach agus sásraí luathrabhaidh, tríd an gcomhar déthaobhach a neartú agus trí thacú le fórsaí daonlathacha agus leis an smacht reachta, trí dhreasachtaí dearfacha a chruthú don chobhsaíocht agus don fhorbairt shocheacnamaíoch, agus trí athléimneacht sochaithe a mhéadú, agus acmhainní leordhóthanacha buiséadacha ag gabháil leis sin; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir le Formáid na Normainne, le Comhdháil Bheirlín maidir leis an Libia agus le Grúpa Mhionsc;

20.ag athdhearbhú a tiomantais don mhéadú mar phríomhbheartas claochlaitheach de chuid AE agus á chur in iúl gur geal léi an mhodheolaíocht athbhreithnithe ón gCoimisiún agus an bhéim níos láidre a chuireann sé ar chineál polaitiúil phróiseas an mhéadaithe; ag tacú leis an bpeirspictíocht Eorpach do thíortha na mBalcán Thiar agus á chur in iúl gur geal léi gur athdhearbhaíodh tacaíocht gan staonadh Bhallstáit AE don pheirspictíocht sin, mar a luaitear i nDearbhú Shágraib an 6Bealtaine 2020 chomh maith leis an gcinneadh chun tús a chur le cainteanna aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na comhdhálacha idir-rialtasacha a sheoladh leis an dá thír gan mhoill agus, ar bhonn níos ginearálta, dlús a chur leis an bpróiseas aontachais, ós rud é gur cuid gheografach, stairiúil agus chultúrtha den Eoraip iad tíortha na mBalcán Thiar; ag tathant ar an mBulgáir, go háirithe, staonadh de chur i gcoinne oscailt na comhdhála idir-rialtasaí leis an Macadóin Thuaidh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhtháthú na dtíortha sin in AE ríthábhachtach do chobhsaíocht agus do shlándáil na mór-roinne ina hiomláine, agus don tionchar a bhíonn ag AE ar an réigiún sin agus níos faide i gcéin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh claochlú inbhuanaithe daonlathach, eacnamaíoch agus éiceolaíoch mar aon le cóineasú sóisialta mar thoradh ar an bpróiseas aontachais, agus gur cheart go n-áiritheofaí dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach leis; á mheabhrú go bhfuil próiseas an mhéadaithe bunaithe ar fhiúntas agus go bhfuil sé fréamhaithe i gcoinníollacht dhocht agus chothrom i gcomhréir le critéir Chóbanhávan; á athdhearbhú go gcaithfidh glacadh na n-athchóirithe a bheith inbhraite ar an láthair agus á chur i bhfáth gur gá tagarmharcanna aontachais atá soiléir, trédhearcach agus comhsheasmhach a chur ar fáil mar aon le tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais (IPA III) agus theicniúil i rith an phróisis, agus gur gá an dul chun cinn a thomhas go soiléir; á chur i bhfáth gur cheart do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ailíniú le dearbhuithe ábhartha CBES ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí thar ceann AE, agus le cinntí ón gComhairle;

21.á chur in iúl gur geal léi torthaí chruinniú mullaigh AE le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir (EaP) agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbeidh na sé thír tiomanta i ndáiríre do na próisis athchóirithe is gá chun sochaithe, atá níos daonlathaí, níos rathúla, níos cothroime, níos cobhsaí agus níos gaire do luachanna agus cearta bunúsacha, a thógáil á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an comhar le tíortha EaP agus le tíortha comharsanachta AE mar thosaíocht ag CBES mar gheall go bhfuil forbairt agus daonlathú na dtíortha sin ríthábhachtach do AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS leanúint de na naisc eacnamaíocha agus nascachta a neartú, trí úsáid a bhaint as comhaontuithe trádála agus comhlachais, rochtain ar an margadh aonair agus teagmháil níos doimhne idir daoine, lena n-áirítear trí éascú agus léirscaoileadh víosaí nuair a chomhlíonfar na ceanglais uile; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh na nithe thuas a bheith ina ndreasachtaí chun athchóirithe daonlathacha a chothú agus rialacha agus caighdeáin AE a ghlacadh; á iarraidh ar AE difreáil shaincheaptha a choimeád laistigh de EaP bunaithe ar an bprionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’ agus ‘tuilleann níos lú beagmhéid’; á aithint go bhfuil taithí agus saineolas uathúil ag tíortha EaP, lena n-áirítear an méid a rannchuidíonn siad le misin, cathghrúpaí agus oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) AE, agus á iarraidh go ndéanfar an comhar idir AE agus EaP i mbeartais chosanta a bhaineann le AE a dhoimhniú;

22. ag tacú le héilimh mhuintir na Bealarúise saoirse, daonlathas agus dínit a bheith acu, mar aon le toghcháin nua, shaora agus chothroma uachtaránachta a thionól; á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an gComhairle Comhordúcháin mar ionadaí ar mhuintir agóideach na Bealarúise; ag cáineadh go láidir an chniogbheartaíocht fhoréigneach ar léirsitheoirí síochánta agus á chur in iúl gur geal léi gur glacadh smachtbhannaí i gcoinne réimeas Lukashenka, lena n-áirítear Aliaksandr Lukashenka é féin, agus á athdhearbhú gurb é a seasamh gan aitheantas a thabhairt do thorthaí na dtoghchán uachtaránachta falsaithe an 9Lúnasa 2020; á iarraidh ar AE athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaidreamh idir AE agus an Bhealarúis i bhfianaise nach gcloíonn an réimeas lena ghealltanais féin faoin dlí idirnáisiúnta ná lena chomhaontuithe le AE, agus chun dreasachtaí a chruthú don chobhsaíocht shocheacnamaíoch, d’fhorbairt fórsaí daonlathacha agus do thacaíocht do na fórsaí sin;

23.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tiomantas AE tacú le ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach a chomhpháirtithe laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leathadh na gcriosanna coinbhleachta sa chomharsanacht is gaire do AE, mar aon le coinbhleachtaí calctha agus forghabháil leanúnach de-facto Chónaidhm na Rúise ar chríocha ar le stáit cheannasacha iad; á athdhearbhú go gcáineann sí beartais ionsaitheacha na Rúise -à- an Úcráin, an ról diúltach atá aici i roinnt coinbhleachtaí calctha agus an brú a chuireann sí ar roinnt de na comharsana AE is gaire di, chomh maith leis na sáruithe atá á ndéanamh aici ar chearta Thataraigh na Crimé, a himshuí ar Mhuir Mheoid, an urghabháil leanúnach atá á déanamh aici ar gháscheantair na hÚcráine sa Mhuir Dhubh, agus an sárú atá á dhéanamh aici ar iomláine chríochach na Seoirsia agus na Moldóive; á chur in iúl go bhfuil sí fós go hiomlán tiomanta don bheartas gan aitheantas a thabhairt don ionghabháil neamhdhleathach a rinneadh ar Leithinis na Crimé; á iarraidh ar an Rúis a freagracht a ghlacadh chuici féin, leas a bhaint as an tionchar atá aici ar na scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu, agus a cuid gealltanas faoi chomhaontuithe Mhiosc a chur chun feidhme go hiomlán; á chur i bhfios go láidir gur gá do AE dlús a chur lena ghníomhaíocht maidir leis na coinbhleachtaí calctha, mar a thugtar orthu, a réiteach, agus le hidirphlé le tríú tíortha lena mbaineann, chun réitigh atá bunaithe ar noirm agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 de chuid ESCE a chur chun cinn go gníomhach, agus chun tacaíocht do shibhialtaigh atá thíos leis an gcoinbhleacht, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin (IDPanna) agus do dhídeanaithe a mhéadú; á iarraidh, ar an gcaoi chéanna, go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh lena forghabháil ar chríocha na hAbcáise agus Réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia agus go gcuirfí stop le comhtháthú de facto an dá réigiún le riarachán na Rúise;

24.ag tabhairt aird faoi leith ar an gcomhaontú maidir le sos cogaidh iomlán in Nagorno-Karabakh agus timpeall air, arna síniú ag an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Rúis an 9Samhain 2020; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis go sábhálfar beatha sibhialtach agus pearsanra mhíleata araon leis an gcomhaontú sin agus go gcuirfear peirspictíochtaí níos gile ar fáil chun an choinbhleacht mharfach sin a réiteach go síochánta; á chur in iúl gurb oth léi go ndearnadh athruithe ar an status quo trí bhíthin fórsaí míleata seachas trí chaibidlíocht shíochánta; ag cáineadh go láidir marú sibhialtach agus scriosadh saoráidí sibhialta agus ionad adhartha; ag cáineadh úsáid thuairiscithe cnuasmhuinisean sa choinbhleacht; ag tathant ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin an Coinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin, lena gcuirtear toirmeasc cuimsitheach ar a n-úsáid, a dhaingniú gan a thuilleadh moille; á chur i bhfáth go bhfuiltear fós le teacht ar shocrú buan agus gur cheart gurb iad Comhchathaoirligh Ghrúpa Mhionsc a stiúrfaidh an próiseas chun síocháin a bhaint amach agus stádas dlíthiúil an réigiúin amach anseo a chinneadh agus gur cheart an próiseas sin a bheith bunaithe ar Bhunphrionsabail an ghrúpa; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé a áirithiú gur féidir le cúnamh daonnúil teacht orthu siúd atá i ngátar, go n-áiritheofar slándáil dhaonra na hAirméine agus a hoidhreacht chultúrtha in Nagorno-Karabakh, agus go mbeidh cead ag daoine atá easáitithe ina dtír féin agus ag dídeanaithe filleadh ar na háiteanna a raibh cónaí orthu roimhe seo; á iarraidh go ndéanfar gach líomhain maidir le coireanna cogaidh a imscrúdú go cuí agus iad siúd atá freagrach a thabhairt os comhair cúirte; á iarraidh ar AE baint níos fónta a bheith aige i réiteach na coinbhleachta agus gan cinniúint an réigiúin a fhágáil i lámha cumhachtaí eile;

25.á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach atá le teacht ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí maidir le comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt; á iarraidh ar AE aitheantas a thabhairt do shainiúlachtaí gach ceann ar leith de thíortha na Meánmhara Theas ina chuid beartas i leith an réigiúin; á iarraidh ar AE comhar a neartú le gníomhaithe réigiúnacha amhail Léig na Stát Arabach, an tAontas Afracach agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí agus tacú go gníomhach leis an gcomhar idir-réigiúnach i measc thíortha Chomharsanacht an Deiscirt, mar uirlis riachtanach don tslándáil agus don fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá caidreamh an Aontais le tíortha na hAfraice Thuaidh a neartú; á chur in iúl gurb oth léi, 25 bliain tar éis Phróiseas Barcelona, mar a thugtar air, nach bhfuil tógáil limistéar an rathúnais, na cobhsaíochta agus na saoirse comhroinnte le tíortha Meánmhara Chomharsanacht an Deiscirt tugtha chun críche go fóill; ag tacú go hiomlán le próiseas Bheirlín agus á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh uile na Náisiún Aontaithe atá dírithe ar theacht ar réiteach polaitiúil cuimsitheach ar an ngéarchéim sa Libia;

26.á chur i bhfios go láidir gur gá do AE aird níos mó a thabhairt ar an gcoinbhleacht atá ar siúl sa tSiria agus oibriú chun na daoine atá páirteach i réimeas na Siria agus a gcomhghuaillithe a thabhairt os comhair na cúirte, go háirithe a gcomhghuaillithe sa Rúis agus san Iaráin, atá freagrach as an iliomad coireanna cogaidh a rinneadh ó 2011 i leith;

27.á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE leanúint de ról réamhghníomhach a bheith aige maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir agus maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhaontú i ndáil leis an stádas deiridh, idir na páirtithe, ag féachaint, go háirithe, ar an ngá leis na dálaí ar an talamh le haghaidh réiteach síochánta dhá stát a chaomhnú, ar bhonn theorainneacha 1967, agus Iarúsailéim mar phríomhchathair ar an dá stát, agus stát slán Iosrael mar aon le stát neamhspleách, daonlathach, tadhlach agus inmharthana na Palaistíne ann, iad ag maireachtáil taobh le taobh go síochánta agus go sábháilte, ar bhonn an chirt féinchinntiúcháin agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán;

28.ag tabhairt dá haire Comhaontú Abraham lenar normalaíodh an caidreamh taidhleoireachta idir Iosrael agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Bairéin; i ndáil leis an méid sin, ag moladh ról na Stát Aontaithe maidir le Comhaontú Abraham a éascú; á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag stáit Arabacha amhail an Éigipt nó an Iordáin, a bhfuil caidreamh taidhleoireachta acu le hIosrael le blianta anuas, maidir le hidirphlé a chur chun cinn i ndáil le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, lena n-áirítear i ndáil le slándáil agus cobhsaíocht; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá sé i gcónaí infheistíocht a dhéanamh i gcaibidlíocht fhónta idir Iosrael agus an Phalaistín; á chur in iúl gur geal léi gurbh é ceann de na boinn le Comhaontú Abraham gur stopadh pleananna ionghabhála sa Bhruach Thiar agus á iarraidh ar na páirtithe uile é sin a urramú;

29.á chur in iúl gur geal léi an comhaontú le déanaí ó chumhachtaí polaitiúla na Palaistíne go dtionólfaí toghcháin reachtacha agus uachtaránachta sna sé mhí amach romhainn agus ag cur béim ar an bhfíoras gur príomhthosaíocht don Aontas iad toghcháin dhaonlathacha; á chur i bhfáth gur gá tacú leis an bpróiseas síochána sa Mheánoirthear agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais a áirithiú d’obair Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) i ndlúthchomhar le pobal na ndeontóirí idirnáisiúnta;

30.á chur in iúl gur geal léi tiomantas AE maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) a chaomhnú agus maidir lena áirithiú go gcuirfidh na páirtithe uile chun feidhme go hiomlán é; á chur i bhfáth gur éacht ríthábhachtach é an comhaontú iltaobhach sin ó thaobh na taidhleoireachta Eorpaí de agus gur colún lárnach den ollstruchtúr domhanda maidir le neamhleathadh é go fóill, agus é ag feidhmiú mar bhunchloch don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht réigiúnach, agus gur chun leas AE é a áirithiú go ndéanfar é a chaomhnú agus a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe staonadh ó ghníomhaíochtaí aontaobhacha a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil réigiúnach agus dhomhanda, agus le hord domhanda riailbhunaithe; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí gach modh polaitiúil agus taidhleoireachta atá ar fáil a úsáid chun JCPOA a chosaint; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, i bhfianaise na gcoimhlintí atá ann cheana i réigiún na Murascaille, dlús a chur leis an idirphlé polaitiúil le tíortha an réigiúin chun baint na lasóige den bharrach agus struchtúr cuimsitheach réigiúnach slándála a chur chun cinn, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10Eanáir 2020; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, i ndáil leis sin, machnamh a dhéanamh ar Thoscaire Speisialta a cheapadh do réigiún na Murascaille chun an cúram sin a éascú;

31.á iarraidh ar an bhFrainc, ar an nGearmáin agus ar an Ríocht Aontaithe, mar shínitheoirí JCPOA, ar AE agus ar a Bhallstáit a n-aontacht, a ndíspreagadh agus a n-athléimneacht i leith smachtbhannaí tánaisteacha ó thríú tíortha a neartú, agus bearta a chur chun feidhme chun leasanna dlisteanacha AE a chosaint, lena n-áirítear trí oibríochtú iomlán na hIonstraime chun Tacú le Malartuithe Trádála (INSTEX); ag diúltú d’athfhorchur aontaobhach seach-chríochach smachtbhannaí ag na Stáit Aontaithe tar éis dóibh tarraingt siar ó JCPOA, ós rud é go mbaineann sé an bonn ó leasanna dlisteanacha beartais eacnamaíoch agus eachtraigh AE, go háirithe trí bhac a chur ar an trádáil dhaonnúil leis an Iaráin tráth COVID-19; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe dul isteach in JCPOA arís gan choinníoll, rud ar cheart go mbeadh dlúthbhaint aige le bheith ag tathant ar an Iaráin filleadh ar lánchomhlíonadh a dhéanamh ar a gealltanais faoin gcomhaontú; ; ag cáineadh, i ndáil leis sin, cinneadh na hIaráine tosú ar úráiniam a shaibhriú go 20 %, ar sárú díreach tromchúiseach é ar an socrú núicléach;

32.ag tabhairt dá haire an tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe Idirnáisiúnta agus Réigiúnacha Oirirce maidir le hÉimin de chuid na Náisiún Aontaithe, lenar cruthaíodh go ndearna Rialtas Éimin, na Houthis, Comhairle Idirthréimhseach an Deiscirt agus comhaltaí den chomhghuaillíocht atá faoi stiúir na hAraibe Sádaí agus na nÉimíríochtaí Arabacha, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine idirnáisiúnta agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, a cháilíonn mar choireanna cogaidh, amhail ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar shibhialtaigh agus ar struchtúir shibhialtacha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú nach mbeidh saoirse ó phionós ann i gcás na gcoireanna is tromchúisí trí, inter alia, tacú leis an staid in Éimin a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí spriocdhírithe a thabhairt isteach i gcoinne oifigeach san Araib Shádach agus sna hÉimíríochtaí Arabacha a bhí páirteach i gcoireanna cogaidh líomhnaithe; á athdhearbhú gur iarr sí ar na Ballstáit stop a chur le díolacháin arm leis an Araib Shádach agus le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha, rud a fhágann go mbíonn siad comhpháirteach sa choinbhleacht a bhuanú agus i bhfad a chur le fulaingt mhuintir Éimin;

33.á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá do AE straitéis gheopholaitiúil agus fhoriomlán níos fearr a shainiú go práinneach don chaidreamh gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach atá aige leis an Tuirc, go háirithe i bhfianaise cúlú leanúnach daonlathach agus an mhéadaithe atá ag teacht ar threallú bheartas eachtrach na Tuirce, rud a chuireann le géarú ar an teannas agus a mbaineann tionchar díchobhsaithe leis, lena gcuirtear an tsíocháin agus an chobhsaíocht réigiúnach sa Mheánmhuir Thoir, sa Mheánoirthear agus i gCugas Theas i mbaol, mar aon lena ról i gcoinbhleachtaí sa tSiria, san Iaráic agus sa tSín;

34.á iarraidh ar AE ról suntasach a imirt sa Mheánmhuir, agus é anois ina ghníomhaí a bhfuil ar a chumas aige cobhsaíocht an réigiúin a ráthú, lena n-áirítear i ndáil leis an gcoireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an imirce neamhrialta a chomhrac; á thabhairt chun suntais go dtugtar deis thábhachtach do chomhreachtóirí AE feabhas a chur ar bheartas tearmainn agus imirce AE leis an obair reachtach atá ar bun i ndáil leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann chun spleáchas ar an Tuirc a laghdú;

35.á athdhearbhú go bhfuil an chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc calctha go foirmiúil, i bhfianaise na staide maidir le cearta an duine agus i bhfianaise go bhfuil cúlú daonlathach ann agus go bhfuil dúshláin á dtabhairt don smacht reachta laistigh den Tuirc; á mheas nár cheart go mbeadh an caidreamh leis an Tuirc bunaithe ar phróiseas aontachais atá neamhbhalbh agus as dáta; á chur i bhfáth gur ar son chomhleas straitéiseach an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na Tuirce atá sé go mbunófaí timpeallacht chobhsaí agus shlán sa Mheánmhuir Thoir; á mheabhrú, áfach, maidir leis an idirphlé bunriachtanach nach mór a bheith i réim chun timpeallacht chobhsaí agus shlán a bhunú, nach féidir a bheith ann dó ach amháin trí aon bhriogadh aontaobhach, go háirithe i bhfoirm gníomhaíochtaí míleata, cabhlaigh nó aeir, a sheachaint; á mheabhrú, i ndáil leis sin, dlúthpháirtíocht iomlán AE lena Bhallstáit an Ghréig agus an Chipir;

36.á athdhearbhú go bhfuil an tAontas réidh le gach ionstraim agus rogha atá ar fáil dó a úsáid, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal29 CAE agus in Airteagal215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun a leasanna agus leasanna a Bhallstát a chosaint; ag meabhrú na gconclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 ina n-iarrtar ar na Ballstáit seasaimh náisiúnta láidre a ghlacadh maidir lena mbeartas onnmhairithe arm chun na Tuirce ar bhonn fhorálacha Chomhsheasamh 2008/944/CBES, lena n-áirítear cur i bhfeidhm docht chritéar 4 maidir le cobhsaíocht réigiúnach agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar thionscnamh a thabhairt isteach lena gcuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit uile deireadh a chur le ceadúnú onnmhairithe arm chun na Tuirce i gcomhréir leis an gComhsheasamh sin; ag meabhrú na gconclúidí ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2020 ina gcuirtear in iúl go n-úsáidfidh AE na hionstraimí agus na roghanna uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear córas smachtbhannaí a fhorchur ar an Tuirc chun a leasanna agus leasanna a Bhallstát a chosaint; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí chomh fada agus a leanann an Tuirc ar aghaidh lena ghníomhaíochtaí reatha neamhdhleathacha agus aontaobhacha sa Mheánmhuir Thoir atá contrártha le ceannasacht aon Bhallstáit AE agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus chomh fada agus nach mbíonn sí i mbun idirphlé bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar cheannaireacht ECAT a chur in iúl go láidir don Tuirc nach gcuirfidh sé suas le gníomhaíochtaí ionsaitheacha na tíre i gcoinne comhaltaí eile de chuid ECAT;

37.ag cáineadh go láidir síniú an dá Mheabhrán Tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú na limistéar muirí agus maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata, ar meabhráin iad atá idirnasctha agus ar sárú glan iad ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena bhforchuirtear trádbhac arm ar an Libia;

38.ag cáineadh go láidir an ról díchobhsaitheach atá ag an Tuirc, lena ndéantar an bonn a bhaint tuilleadh ón gcobhsaíocht leochaileach i réigiún Chugas Theas ar fad; á iarraidh ar an Tuirc staonadh ó aon chur isteach ar choinbhleacht Nagorno-Karabakh, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata a thairiscint don Asarbaiseáin, agus gan gabháil dá gníomhaíochtaí éagobhsaithe agus an tsíocháin a chur chun cinn go gníomhach; ag cáineadh, ina theannta sin, aistriú trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta ag an Tuirc ón tSiria agus ó áiteanna eile go Nagorno-Karabakh, mar a dhearbhaigh gníomhaithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear na tíortha sin a bhfuil comhchathaoirleacht á déanamh acu ar Ghrúpa ESCE Mhionsc; á chur in iúl gurb oth léi a toilteanas Grúpa ESCE Mhionsc a dhíchobhsú agus é ag iarraidh ról níos cinntithí a imirt sa choinbhleacht;

39.á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé bunriachtanach agus chun leasa fhrithpháirtigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, agus go bhfuil sé méadaithe ag a gcomhphrionsabail agus a luachanna comhroinnte, chomh maith lena ngaireacht gheografach agus comhar straitéiseach comhroinnte seanbhunaithe, teacht ar chomhaontú maidir le freagairtí comhchoiteanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta atá bunaithe ar phrionsabail an iltaobhachais, ar réiteach coinbhleachtaí trí idirphlé agus taidhleoireacht, agus ar an dlí idirnáisiúnta, agus é á chur san áireamh go mbíonn tionchar ag formhór na mbagairtí idirnáisiúnta ar an dá thaobh leis an déine chéanna á chur in iúl gur geal léi tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir AE agus an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear soiléire agus cinnteacht ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar an dá thaobh; á chur i bhfios go láidir o bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh aici faoi láthair ar an gcomhaontú, agus go bhfuil sé ar intinn aici dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe, lena gcuimsítear na mionsonraí go léir, idir AE agus an Ríocht Aontaithe;

40.á chur i bhfáth go bhfuil comhar trasatlantach ríthábhachtach i gcónaí agus go bhfuil sé riachtanach i gcomhbheartas eachtrach agus slándála AE; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí breise i leith comhpháirtíocht láidir agus athnuaite thrasatlantach agus idirphlé leanúnach, bunaithe ar urraim fhrithpháirteach agus ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun an t-iltaobhachas, an smacht reachta, cearta an duine, comhar trasatlantach agus eacnamaíoch agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a chur chun cinn, agus á iarraidh go ndéanfar an córas idirnáisiúnta riailbhunaithe a choinneáil chun déileáil leis na dúshláin agus na géarchéimeanna eachtracha, slándála agus trádála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus béim ar leith á cur ar an éigeandáil sláinte atá ann faoi láthair agus ar na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta, slándála agus pholaitiúla a ghabhann léi;

41.á áitiú gur cheart an chomhpháirtíocht thrasatlantach a athbheochan chun aghaidh níos éifeachtaí a thabhairt ar an bpaindéim agus ar mhórdhúshláin idirnáisiúnta eile amhail an t-athrú aeráide; á aithint gur gá teacht ar bhonn nua don chomhar idir AE agus na Stáit Aontaithe i leith uaillmhianta náisiúnacha, údarásaíocha agus heagónacha, i leith na dteannas forleathnaitheach sa Mheánoirthear agus i réigiún na Murascaille, i leith ilpholachas na ngeallsealbhóirí eacnamaíocha atá ag éirí níos ceannasaí agus i leith na géarchéime eacnamaíche atá ann faoi láthair ar dhá thaobh an Atlantaigh; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh AE chun idirphlé trasatlantach a bhunú maidir leis an tSín;

42.á chreidiúint nach mbeidh rath ar an gcomhpháirtíocht sin ach amháin má bhíonn sí bunaithe ar chaidrimh ina bhfuil luachanna agus leasanna comhroinnte mar aon le hurraim don dlí idirnáisiúnta agus d’institiúidí iltaobhacha, ach freisin ar an muinín, rud, ar an drochuair, a raibh drochthionchar ag gníomhaíochtaí aontaobhacha iomarcacha air, lena ndearnadh na creataí iltaobhacha a bhfuil AE agus a Bhallstáit páirteach iontu a lagú freisin; ag cáineadh, i ndáil leis sin, na claontaí aontaobhacha atá ag rialtas Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump; á thabhairt chun suntais go gcuireann naisc níos laige san Iarthar ar chumas stát easaontaithe an bhearna sa cheannaireacht ar an ardán idirnáisiúnta a líonadh; á chur in iúl go bhfuil súil aici go rachaidh na Stáit Aontaithe ar mhalairt slí i gcomparáid le blianta beaga anuas inar tharraing siad siar ón ord riailbhunaithe iltaobhach domhanda, chun go mbeidh aontacht láidir ann arís ó thaobh na gníomhaíochta trasatlantaí de a bheidh go hiomlán i gcomhréir le luachanna agus prionsabail chomhroinnte AE agus na Stát Aontaithe; á athdhearbhú gur gá do na Ballstáit, ar baill de ECAT iad, níos mó freagrachtaí a ghlacadh orthu féin ina gcomhroinntear an t-ualach chun an spás trasatlantach a chosaint agus chun freagairt do bhagairtí nua hibrideacha; á chur i bhfios go láidir go mbeadh níos mó sineirge agus freagairt níos fearr ar dhúshláin dhomhanda mar thoradh ar dhul i gcomhar leis na Stáit Aontaithe ar mhaithe le cothú na síochána amach anseo;

43.ag cáineadh go diongbháilte an t-ionsaí gramaisce a rinne círéibeoirí ar Chomhdháil SAM agus iad gríosaithe ag teoiricí comhcheilge Donald Trump agus a mhaíomh gan bhunús go rinneadh toghchán uachtaránachta an 3 Samhain 2020 a rigeáil; á chur in iúl go bhfuil muinín aici sna Stáit Aontaithe a chinntiú go n-aistreofar cumhacht go síochánta chuig an Uachtarán toghaí Joseph Biden agus chuig an Leas-Uachtarán toghaí Kamala Harris; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di teacht chun cinn an phobalachais agus an antoisceachais agus á chur i bhfáth go bhfuil géarghá leis an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint ar fud an domhain;

44.á iarraidh go gcoinneofar seasamh láidir agus aontaithe i leith Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar chúig bhunphrionsabal beartais AE; á iarraidh go ndéanfar straitéis nua idir AE agus an Rúis a fhorbairt, lena dtabharfaí comhartha soiléir don ghrúpa i sochaí na Rúise atá ar son an daonlathais go bhfuil AE i gcónaí toilteanach dul i mbun caidrimh agus comhair; á iarraidh go ndéanfar an córas smachtbhannaí a neartú, go háirithe i bhfianaise forbairtí leanúnacha a bhaineann leis an iarracht a rinneadh Alexi Navalny a fheallmharú ar chríoch na Rúise le néaroibreán ceimiceach ar leibhéal míleata de chuid an ghrúpa Novichok, arna fhorbairt sa Rúis; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le bearta srianta maidir le húsáid arm ceimiceach san iarracht a rinneadh Alexi Navalny a fheallmharú; á iarraidh an athuair go ndéanfar imscrúdú idirnáisiúnta neamhspleách ar a nimhiú;

45.á athdhearbhú gur príomhchoinníoll d’aon athrú substaintiúil ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Rúis é comhaontuithe Mhionsc a bheith á n-urramú; á chur in iúl gur saoth léi an ról diúltach a imríonn an Rúis i bhfeachtais bhréagaisnéise agus i bhfoirmeacha eile cogaíochta hibridí i gcoinne an Aontais agus an Iarthair, arb é is aidhm leo lagú a dhéanamh ar ár gcomhtháthú inmheánach agus, dá bhrí sin, ar an gcumas atá againn gníomhú go héifeachtach os comhair an domhain mhóir; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, maruithe spriocdhírithe ar chríoch an Aontais agus úsáid arm ceimiceach, mar aon leis an drochstaid inmheánach a mhéid a bhaineann le cearta an duine agus le saoirsí bunúsacha; á chur i bhfios go láidir gur gá brú a chur ar Chónaidhm na Rúise cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus le conarthaí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na sáruithe leanúnacha atá déanta ag an Rúis ar chomhaontuithe agus caighdeáin maidir le rialú arm, ar dá mbarr a chlis ar an gConradh um Fhórsaí Núicléacha le Meánraon (INF), agus gur cúis bhuartha di na sáruithe atá déanta ag an Rúis ar an gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha trí úsáid a bhaint, ar bhonn intíre agus laistigh de chríoch an Aontais, as oibreáin néaróg de ghrád míleata;

46.á chur i bhfios go láidir gur comhpháirtí straitéiseach tábhachtach sa chóras iltaobhach í an Afraic; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh i láthair na huaire chun Straitéis an Aontais Eorpaigh don Afraic a athcheapadh agus uasghrádú suntasach a dhéanamh uirthi, agus úsáid á baint as samhail atá bunaithe ní hamháin ar chaidreamh deonteoir-faighteoir ach freisin ar chomhpháirtíocht chomhordaithe idir comhpháirtithe comhionanna agus ar bhunú caidrimh a rachadh chun tairbhe don dá thaobh, agus tuiscint shoiléir ann ar leasanna agus freagrachtaí faoi seach agus ar leasanna agus freagrachtaí frithpháirteacha, d’fhonn comhpháirtíocht atá cóir, dírithe ar an duine agus inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear i dtéarmaí chearta an duine, na slándála agus an chomhair sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; á thabhairt chun suntais, maidir leis an méid sin, gur gá aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiún na Saiheile, i bhfianaise na héagobhsaíochta atá ag dul i méid agus na n-éifeachtaí díreacha agus indíreacha suntasacha a bhíonn ag imeachtaí sa réigiún sin don Aontas; á áitiú go mbeidh fís ag an Eoraip don dlúthpháirtíocht i bhfianaise na forbartha atá ag teacht ar an staid sa Libia, agus freisin do chearta an duine, fad a bhaineann leis an mbeartas cúnaimh chun comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche a fhorbairt agus a chomhdhlúthú; á iarraidh go mbeidh cur chuige comhchoiteann de chuid an Aontais ann agus go ndéanfar iarracht neartú a dhéanamh ar nascthacht an Aontais leis an Afraic, ar a fheasacht uirthi agus ar a thiomantas di; á mheabhrú go bhfuil láithreacht agus tiomantas inchreidte na hEorpa ríthábhachtach chun dúshláin dhaonnúla agus shoceacnamaíocha a mhaolú;

47.ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ag luí le fothú acmhainní agus misin oiliúna na hEorpa chun an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a chothú san Afraic; á athdhearbhú a thábhachtaí atá misin agus oibríochtaí cobhsaíochta an Aontais a imscartar san Afraic, go háirithe sa réigiún fo-Shahárach agus i réigiún na Saiheile, agus á iarraidh ar SEGS agus ar an gComhairle a áirithiú go ndéantar sainordú agus acmhainní mhisin CBSC san Afraic a athneartú trí na hacmhainní a thabhairt dóibh chun leanúint de bheith ag oibriú go héifeachtach chun freagairt do na dúshláin thromchúiseacha atá le sárú acu; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ceannasach ag an Aontas maidir le coinbhleachtaí a réiteach trí bhíthin na taidhleoireachta agus go síochánta, lena n-áirítear tionscnaimh idirghabhála agus cláir maidir le dí-armáil, le díshlógadh agus le hathimeascadh;

48.á chreidiúint go bhfuil caidreamh neartaithe le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib (LAC) ina chroíchuid de straitéis gheopholaitiúil an Aontais sa domhan mór; á chur i bhfáth gur gá don Aontas neartú a dhéanamh ar na naisc lena dtarraingítear an tAontas agus tíortha LAC in aontas le chéile, arb ionann le cois a chéile iad agus aon trian de chomhaltaí na Náisiún Aontaithe, agus gur gá an méid sin a dhéanamh bunaithe ar luachanna agus prionsabail chomhchoiteanna, go háirithe maidir leis an ord riailbhunaithe iltaobhach a chosaint, le clár oibre glas a chur chun cinn agus leis an mbochtaineacht agus neamhionannais a chomhrac; ag tathant ar an Aontas an seasamh atá aige mar an chomhpháirtí is fearr le tíortha de chuid Mheiriceá Laidineach a choinneáil i bhfianaise go bhféadfadh sé gur mó a bheadh gníomhaithe geopholaitiúla eile ag spré amach sa réigiún;

49.á iarraidh, maidir leis an méid sin, go rachfar i mbun rannpháirteachas spriocdhírithe ilghnéitheach leis an reigiún agus go mbeidh insint choiteann ag an Aontas, a fhónfaidh mar chúl taca don rannpháirteachas sin agus lena ndéanfar straitéisí a chur chun cinn a bheidh ina gcuidiú le dul i ngleic, ar bhonn comhpháirteach, le dúshláin chomhchoiteanna amhail an tsíocháin, an tslándáil agus an rathúnas a chur chun cinn agus, san am céanna, a áirithiú go seasfar gualainn ar ghualainn i gcoinne na mbagairtí atá ag gabháil leis an athrú aeráide; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Meiriceá Laidineach don Aontas agus á iarraidh go measfar i gcónaí go bhfuil rí-leas geopholaitiúil do CBES ag roinnt leis an réigiún, trí bheith rannpháirteach i gcur chun cinn an daonlathais agus chearta an duine sa réigiún agus trí chuidiú lena fhorbairt eacnamaíoch; ag cur béim ar an bhfíoras gur bunchlocha de chomhtháthú agus comhar níos doimhne le tíortha LAC iad urraim don smacht reachta agus creat polaitiúil agus dlíthiúil cobhsaí, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an éillithe agus na saoirse ó phionós, mar aon le dul chun cinn i dtreo an daonlathais agus urraim do chearta an duine agus cur chun cinn saoirsí bunúsacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-athbhreithniú ar na comhaontuithe uilíocha leis an tSile agus le Meicsiceo a bhrú chun cinn agus a thabhairt i gcrích, mar aon leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Mercosur, agus á thabhairt chun suntais gur comhghuaillithe comhpháirtithe lárnacha de chuid an Aontias iad na tíortha sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an easpa urraime don daonlathas agus don smacht reachta, agus na hionsaithe ar cheannairí freasúra arna dtoghadh go daonlathach, iriseoirí, mic léinn agus cosantóirí chearta an duine, go háirithe iad siúd a bhíonn ag obair ar shaincheisteanna íogaire, agus a ndlíodóirí;

50.á athdhearbhú go dtugann sí lántacaíocht don phróiseas síochána sa Cholóim agus dá chur chun feidhme, ar céim chinntitheach é do thodhchaí mhuintir na Colóime agus do chobhsú an reigiúin; á iarraidh go gcoinneofar seasamh comhpháirteach láidir maidir leis an réimeas i Veiniséala, agus maidir le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag Uachtarán Nicolás Maduro, agus freisin maidir le córas na smachtbhannaí, go háirithe i bhfianaise imeachtaí a thit amach le déanaí, agus i bhfianaise na ngearán a rinne comhlachtaí éagsúla le gairid, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe;

51.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go saothródh an tAontas straitéis atá aontaithe, réalaíoch, éifeachtach, daingean agus níos teanntásaí agus lena dtarraingítear na Ballstáit uile in aontas le chéile agus lena múnlaítear, ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine, an caidreamh le Daon-Phoblacht na Síne (PRC), mar ar cheart dó caidreamh eacnamaíoch atá níos cothroime agus níos cómhalartaí a lorg ar bhealach réamhghníomhach agus teanntásach, bunaithe ar luachanna agus leasanna na hEorpa, agus béim an-láidir agus ar leith á leagan ar an urraim do chearta an duine agus don tsaoirse reiligiúin nó chreidimh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an aidhm a bheith ann teacht ar chur chuige coiteann leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn linn maidir leis an tSín;

52.á iarraidh go ndéanfar beartas an Aontais maidir leis an tSín a bhunú ar na prionsabail seo a leanas: comhar a dhéanamh i gcás inar féidir; dul in iomaíocht i gcás inar gá; aghaidh a thabhairt i gcás inar gá; á mheabhrú go bhfágann taidhleoireacht phoiblí theanntásach na Síne go bhfuil roinnt tíortha comhspleách ar a cuid infheistíochta agus iasachtaí; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a láithreacht agus a infheictheacht, mar mhórinfheisteoir agus mar mhórdheontóir cabhrach um fhorbairt, a mhéadú go gníomhach i stáit is comhpháirtithe ar fud an domhain;

53.ag spreagadh PRC chun freagracht níos mó a ghlacadh air féin agus é ag déileáil le dúshláin dhomhanda agus, san am céanna, comhar a chaomhnú, aon uair is féidir, i gcreataí iltaobhacha, lena n-áirítear, go háirithe, gníomhaíochtaí níos uaillmhianaí a dhéanamh agus gealltanais cheangailteacha a thabhairt maidir leis an aeráid, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus maidir le bithéagsúlacht, agus tacú le freagairtí iltaobhacha ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear trí imscrúdú idirnáisiúnta ar bhunús an ghalair a cheadú; á chur in iúl gur saoth léi bréagaisnéis na Síne maidir le bunús phaindéim COVID-19, an chúbláil atá déanta aici ar an gcóras iltaobhach, agus tionchar mailíseach, cibearionsaithe agus tionscadail infheistíochtaí éillitheacha na Síne atá á leathadh; ag moladh na Téaváine as ucht a cuid iarrachtaí éifeachtacha leathadh an choróinvíris a shrianadh agus as ucht a dlúthpháirtíochta leis an Aontas, mar a léiríodh leis an mbreis agus seacht milliún masc máinliachta a dheonaigh sí do mhórán Ballstát le linn na paindéime;

54.á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála leanúint de chur in iúl do PRC nach nglacfaidh an tAontas leis na sáruithe leanúnacha atá á ndéanamh aige i Hong Cong, sa Tibéid agus in Xinjang, ná leis an gcaoi a gcaitheann sé le daoine ar de mhionlaigh iad, agus á iarraidh orthu ról cinntitheach a imirt ar an ardán domhanda chun uathriail Hong Cong a áirithiú; ag cáineadh an tsáraithe atá déanta ar an tsamhail ‘tír amháin, dhá chóras’ tríd an Dlí um Shlándáil Náisiúnta sa tSín a ghlacadh, ar dlí é lena mbaintear an bonn go mór ón ardleibhéal uathrialach atá ag Hong Cong agus a bhfuil tionchar díobhálach aige ar neamhspleáchas na mbreithiúna agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh in Hong Cong; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar atá ag forchur an Dlí um Shlándáil Náisiúnta in Hong Cong ar an gcaidreamh idir an tSín agus an Téaváin; á chur i bhfios go láidir, maidir leis an mbonn a bheith á bhaint go leanúnach ag Béising ó uathriail Hong Cong, go bhfuil sé in aghaidh oibleagáidí na Síne faoi chonarthaí iltaobhacha agus faoin dlí idirnáisiúnta, ach ní hamháin sin, caitheann sé amhras ar ról Bhéising mar chomhpháirtí inchreidte; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Pharlaimint sáruithe ar chearta an duine i mórthír na Síne agus i Hong Cong a chur san áireamh nuair a iarrfar uirthi comhaontú cuimsitheach maidir le hinfheistíocht agus aon chomhaontuithe trádala leis an tSín amach anseo a fhormhuiniú; ag spreagadh na mBallstát an pacáiste beart ar tháinig an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar chomhaontú ina leith an 28Iúil2020 a chur chun feidhme, mar aon le rún ón bParlaimint an 19Meitheamh2020(6); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur go gníomhach i gcoinne na géarleanúna brúidiúla atá á déanamh ar na hUigiúraigh in Xinjang, agus freisin ar ghrúpaí mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha eile, go háirithe Críostaithe agus Tibéadaigh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí smachtbhannaí a ghlacadh faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine i gcoinne na n-oifigeach Síneach agus na n-eintiteas stát-treoraithe atá freagrach as beartas ollchoinneála Uigiúrach agus saothar éignithe sa tSín;

55.ag athdhearbhú go bhfanfaidh an tAontas ar an airdeall maidir leis an staid sa Téaváin agus maidir le huasghrádú an chaidrimh pholaitiúil agus trádála idir an tAontas agus Poblacht na Síne (an Téaváin); á iarraidh ar PRC gach díospóid teorann talún agus muirí a réiteach go síochánta i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus chun aon bheartaíocht mhíleata ghríosaitheach a sheachaint arb é is aidhm léi Muir na Síne Theas a dhíchobhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach do leasanna an Aontais agus a Bhallstát an tsíocháin, an chobhsaíocht agus saoirse na loingseoireachta sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach a chaomhnú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an teannas atá imithe in olcas le déanaí ag an teorainn idir an India agus an tSín agus freisin i Muir na Síne Theas agus i gCaolas na Téaváine, lena n-áirítear beartaíocht mhíleata na Síne i leith na Téaváine, atá ag éirí níos gríosaithí; á iarraidh ar na páirtithe uile lena mbaineann a gcuid difríochtaí a réiteach go síochánta trí idirphlé cuiditheach agus staonadh ó ghníomhaíocht aontaobhach a dhéanamh chun an status quo a athrú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an caidreamh tras-chaolais a fhorbairt ar bhonn cuiditheach, gan tionscnaimh a bheith á ndíchobhsú ná comhéigean a bheith á dhéanamh ag ceachtar den dá thaobh, agus nach bhféadfar aon athrú a dhéanamh ar an gcaidreamh tras-chaolais in aghaidh thoil shaoránaigh na Téaváine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit féachaint arís ar a mbeartas maidir le rannpháirteachas leis an Téaváin agus dul i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun cuidiú leis an daonlathas a chothabháil sa Téaváin, saor ó bhagairtí ón iasacht; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a bheith i bhfách le ballraíocht na Téaváine mar bhreathnóir san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus sa Chomhtionól Domhanda Sláinte, agus in eagraíochtaí, sásraí agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta eile, agus freisin sa líonra domhanda um ghalair a chosc;

56.á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas aird níos mó a thabhairt ar réigiúin straitéiseacha, a bhfuil níos mó aird idirnáisiúnta á tabhairt orthu i gcónaí, amhail, i measc réigiúin eile, an Afraic agus an tArtach, mar aon leis an réigiún Ind-Chiúin Aigéanach, áit a bhfuil an tSín ag saothrú beartas leathnaithe nach mór don Aontas freagairt chomhleanúnach a fhorbairt ina leith; á chur i bhfios gur gá comhar a leathnú tuilleadh le comhpháirtithe tábhachtacha atá ar aon intinn linn sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach, amhail an tSeapáin, an India, an Chóiré Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn; á chur in iúl gur geal léi, maidir leis an méid sin, na hiarrachtaí atá á ndéanamh i dtreo straitéis Eorpach maidir leis an réigiún Ind-Chiúin Aigéanach, bunaithe ar phrionsabail agus luachanna an Aontais, agus a bhféadfar a bheith ar áireamh inti freachnaimh chomhpháirteacha idir an Astráil agus ECAT san Aigéan Ciúin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Aontas, mar chuid de straitéis chomhtháite maidir leis an tSín ina gcuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ina coinne nuair is gá, comhoibriú níos dlúithe a lorg le tíortha sa réigiún agus le daonlathais eile, ar cheart, ina leith sin, an úsáid is mó is féidir a bhaint as stráitéis an Aontais maidir le cónascadh; ag tabhairt rabhadh faoi iarrachtaí na Síne cumhacht a theilgean ar bhealach níos láidre sa réigiún, go háirithe sa Téaváin, arb é is toradh orthu díospóidí teorann le mórán dá cuid comharsan;

57.á chur i bhfios go láidir gur gá leas a bhaint as an mbreis feabhais a d’fhéadfadh teacht ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an India, agus na forbairtí sa reigiún agus agus an ról tábhachtach atá ag an India sa réigiún agus ar fud an domhain á gcur san áireamh;

58.á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an Artach a bheith ar áireamh i gclár oibre 2021 an Choimisiúin; á mheas gur gá don Aontas straitéis maidir leis an Artach a bheith aige;

Neartú acmhainneachtaí agus acmhainní an Aontais in CBES

59.á chur i bhfáth go dtacaíonn sí le comhbheartas cosanta arb é is aidhm leis CBES agus a chuid cuspóirí agus cúraimí, a leagtar síos sna Conarthaí, a chur i dtoll a chéile agus a thabhairt chun cinn de réir a chéile, i dtreo aontas lánfheidhme um chosaint lena n-aithnítear an staid bhunreachtúil shonrach ina bhfuil tíortha neodracha, ar aontas é atá bunaithe ar chuspóirí straitéiseacha sonracha agus atá dírithe ar shlándail an duine agus ar an tsíocháin inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an tionscnamh maidir le Compás Straitéiseach a ghlacadh in 2022; á chur in iúl gur gá an caidreamh idir an tAontas agus ECAT a fheabhsú tuilleadh, agus a gcomhoiriúnacht agus a n-ábharthacht straitéiseach dá chéile á gcur i bhfios go láidir; á iarraidh ar thíortha na hEorpa infheistíocht níos mó a dhéanamh ina gcuid cumas cosanta, a gcuid freagrachtaí laistigh de ECAT a athchothromú agus éirí chun gur mó a bheidh siad ina gcomhpháirtí bonn ar aon leis na Stáit Aontaithe; ag aithint an mhéid a rannchuidíonn misin agus oibríochtaí CBES leis an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht dhomhanda; ag moladh an dul chun cinn atá déanta i dtreo an tSaoráid Eorpach Síochána a bhunú; á áitiú gur gá dul níos faide ná dearbhuithe agus gníomhaíocht a dhéanamh, go háirithe trí bhonn tionsclaíoch fíor-Eorpach a sholáthar don Aontas trí chiste Eorpach cosanta lana ngabhann an buiséad is gá, agus gur gá a áirithiú go ndéantar buanchomhar struchtúrtha a chur chun feidhme ar bhealach níos gasta agus níos comhleanúnaí, ag obair i dtreo uathriail straitéiseach an Aontais, lena bhféadfadh an tAontas margach inmheánach níos comhtháite do threalamh cosanta a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach comhairliúcháin chuimsitheacha il-gheallsealbhóra a dhéanamh d’fhonn cúltúr straitéiseach comhchoiteann sa tslándail agus sa chosaint a chothú;

60.á mheabhrú gur féidir le rannpháirtíocht na mban i bpróisis síochána agus slándála ról nach beag a imirt maidir le rath agus inbhuanaitheacht comhaontuithe síochána a chinneadh, agus freisin maidir le marthanacht agus cáilíocht na síochána a chinneadh; á chur i bhfáth gurb amhlaidh i gcónaí, maidir le gealltanais agus dearbhuithe i ndáil leis an gclár oibre maidir le mná, leis an tsíocháin agus an tslándáil (WPS) a chur chun cinn agus maidir le hionadaíocht chomhionann na mban sa bheartas eachtrach agus slándála, gur minic gur roscaireacht a bhíonn iontu seachas cur chun feidhme iarbhír a bheith mar aidhm leo agus an cur chun feidhme sin a áirithiú, rud a fhágann go mbíonn teorainn leis an dul chun cinn a dhéantar ar spriocanna an chláir oibre ar fud an domhain; á mheabhrú gur mó a bhíonn rath ar réiteach coinbhleachta nuair a bhíonn paireacht inscne agus comhionannas inscne á n-urramú fud fad an phróisis, agus á iarraidh go dtiocfaidh méadú ar rannpháirtíocht na mban i misin CBES, go háirithe i bpróisis chinnteoireachta, agus ar phoist bhainistíochta do mhná sna misin sin; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfar gné na hinscne a phríomhshruthú ar bhealach níos córasaí sna misin sin, go mbeidh ráthaíochtaí ann maidir le hoiliúint i leith comhionannas inscne agus WPS a chur ar an bpearsanra míleata agus sibhialta ar fad arna imscaradh ag an Aontas, lena n-áirítear meánbhainistíocht agus ardbhainistíocht SEGS, agus cinn agus ceannasaithe mhisin agus oibríochtaí CBSC, agus á iarraidh go rannchuideofar go gníomhach le Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándail a chur chun feidhme; á iarraidh go mbeidh spriocanna sonracha agus intomhaiste ann maidir le héagsúlacht agus le láithreacht na mban i bpoist bhainistíochta in SEGS, lena n-áirítear an cuspóir maidir le mná a bheith i 50% de phoist bhainistíochta mar chinn toscaireachta, Ionadaithe Speisialta de chuid an Aontais agus cinn misean agus oibríochtaí de chuid CBSC; á iarraidh go ndéanfar Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (GAP III) agus Plean Gníomhaíochta WPS atá ar na bacáin a aistriú ina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, lena n-áirítear meastóireacht mheántéarma, agus go ndéanfar Plean Gníomhaíochta WPS a chur mar iarscríbhinn a bheadh ag gabháil le GAP III;

61.á chur i bhfáth nach mór don Aontas ról ceannaireachta domhanda a ghlacadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí na paindéime, a n-éilítear acmhainní airgeadais leordhóthanacha ina leith; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) níos uaillmhianaí i réimse na gníomhaíochta seachtraí agus na slándála, lena n-áirítear leithdháiltí mhéadaithe do CBES, don Ionstraim um Chomharsanacht, um Fhorbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta (NDICI), don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), don Chiste Eorpach Cosanta (EDF) agus don tsoghluaisteacht mhíleata, agus á iarraidh ar an gComhairle luathfhormheas na Saoráide Eorpaí Síochána a áirithiú; á chur in iúl gur saoth léi na ciorruithe a mhol an Chomhairle ar na hionstraimí seachtracha airgeadais sa CAI nua, agus gur saoth léi an easpa cistiúcháin trí phacáiste téarnaimh an Aontais Next Generation; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na ciorruithe sin bac a chur ar ról an Aontais ar an ardán domhanda agus buile a thabhairt dá chumas tíortha aontachais a chobhú agus a chlaochlú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Pharlaimint a bheith rannpháirteach ar bhealach fónta i stiúradh stráitéiseach clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil agus i rialú ionstraimí maoinithe sheachtraigh; á mheabhrú gur gá borradh suntasach a chur faoi acmhainní buiséid an Aontais maidir le coinbhleachtaí sibhialta a chosc don chéad CAI eile, agus gur gá méadú a dhéanamh ar an gcistiúchán do chomhdhlúthú na síochána, don idirphlé, don idirghabháil agus don athmhuintearas;

62.á iarraidh go ndéanfar cumais chosanta a neartú agus, san am céanna, tosaíocht a thabhairt do bhearnaí cumais a shainaithnítear faoin bplean forbraíochta um chumas (CDP) agus faoin athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD), go háirithe trí ghníomhaíochtaí comhair doimhne, amhail tionscadail fhónta a comhthiomsú, a chomhroinnt agus a chistiú go leordhóthanach, buanchomhar struchtúrtha (PESCO) níos uaillmmhianaí, EDF, soghluaisteacht mhíleata agus clár spáis an Aontais; ag tabhairt dá haire gur cheart go rachadh na céimeanna sin chun tairbhe freisin do ECAT agus don chaidreamh trasatlantach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh comhleanúnachais in uirlisí agus sásraí an Aontais i gcomhar cosanta an Aontais, agus á iarraidh, maidir leis an méid sin, go ndéanfar acmhainní a bharrfheabhsú chun dúbailt speansas agus ionstraimí nach bhfuil ga léi a sheachaint; á iarraidh go méadófar ar thacaíocht agus soláthar foirne don Roinn um Chumarsáid Straitéiseach in SEGS, agus go mbeidh acmhainní buiséadacha leormhaithe agus buana aici, ar choinníoll go ndéanfar grinn-mheasúnú ar a cuid gníomhaíochtaí san am a chuaigh thart agus ar a cuid gníomhaíochtaí reatha; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar shainordú na Roinne um Chumarsáid Straitéiseach in SEGS chun trasnaíocht eachtrach ag gníomhaithe atá ag teacht chun cinn, amhail an tSín, a áireamh;

63.á iarraidh an athuair go dtabharfar tacaíocht níos láidre do straitéis slándála muirí an Aontais, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht, ar fud an domhain agus sa chomharsanacht, ar an dúshlán a bhaineann leis an tsaoirse loingseoireachta a choinneáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart i gcónaí an tsaoirse loingseoireachta a urramú; á mholadh go ndéanfaí, chun bainistiú éifeachtach na faisnéise domhanda muirí a bhaint amach, comhordú struchtúrach idir institiúidí, eagraíochtaí agus údaráis náisiúnta a neartú agus go dtacófaí leis, go háirithe trí chóineasú an dá phríomhghné shibhialta agus mhíleata a cheadú, arb iad is bunús le heolas ar an staid mhuirí iad;

64.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá misin agus oibríochtaí CBSC; ag cur béim ar an bhfíoras gur ann do chomhaontuithe réime le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir lena rannpháirtíocht in oibríochtaí de chuid an Aontais um bhainistiú géarchéime; á chur i bhfios go ndéanann na comhaontuithe sin an cur chuige comhchoiteann lena rialaítear saothrú na síochána agus na slándála a thabhairt chun suntais;

65.ag tarraingt aird ar na bagairtí meántéarma go fadtéarma a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu amach anseo le CBES, lena n-áirítear na rioscaí slándála a bhaineann le réimis fhorlámhacha, gníomhaithe neamhstáit, an t-athrú aeráide, cibearbhagairtí, ionsaithe ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN), bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear úsáid níos forleithne a bheith á baint as intleacht shaorga, feachtais bhréagaisnéise, an spásrás agus an míleatú atá á dhéanamh air, agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, sceimhlitheoireacht agus sreafaí neamhrialaithe imirce, mar aon leis na dúshláin gheopholaitiúla sheanbhunaithe; á chur i bhfáth gur gá don Aontas dul chun cinn a dhéanamh maidir le bagairtí hibrideacha a shainmhíniú agus a aithint; á iarraidh ar an Aontas feasacht ar na bagairtí sin a fheabhsú agus acmhainneacht chomhchoiteann athléimneachta a fhothú; á chur i bhfáth nach féidir dul i gcoinne na mbagairtí sin ach trí ghníomhaíocht chomhordaithe agus infheistíocht thráthúil leormhaith i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi An Coiste Speisialta um an Intleacht Shaorga i Ré Dhigiteach a bhunaigh an Pharlaimint mar fhóram ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le hintleacht shaorga; á mheas go bhfuil sé tábhachtach nasc níos fearr a áirithiú idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha de bheartais an Aontais chun a áirithiú go ngníomhóidh beartais an Aontais i dtreo spriocanna CBES, lena n-áirítear beartas fuinnimh an Aontais;

66.ag cur béim ar an bhfíoras gur gá forbairt a dhéanamh ar ghné chomhleanúnach de CBES a bhaineann le beartas, ós rud é go bhfuil ag méadú ar an ról atá á imirt ag an athrú aeráide mar dhíchobhsaitheoir eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil agus mar iolraitheoir rioscaí;

67.á chur in iúl gur geal léi an t-anailísiú faisnéisbhunaithe arna dhéanamh ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faoi láthair ar bhagairtí, atá ina thúsphointe le haghaidh an Chompáis Straitéisigh a bheidh ann amach anseo, agus á iarraidh go mbeidh díospóireacht sa Pharlaimint maidir le toradh an anailísithe sin; á chur in iúl gur geal léi cur chuige nua an Choimisiúin chun fadbhreathnaitheacht straitéiseach a leabú i gceapadh beartas an Aontais, lena n-áirítear maidir le hábhair eachtracha agus shlándála;

o
oo

68.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig na Ballstáit.

(1) IO C 210, 3.8.2010, lch.1.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0286.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0172.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(5) Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol. IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0174.

An nuashonrú is déanaí: 22 Aibreán 2021Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais