Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0200/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0200/2022

Díospóireachtaí :

PV04/07/2022-19
CRE04/07/2022-19

Vótaí :

PV05/07/2022-6.10

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0275

Téacsanna atá glactha
PDF173kWORD61k
Dé Máirt, 5 Iúil 2022-Strasbourg
Caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Interpol
P9_TA(2022)0275A9-0200/2022

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 chuig an gComhairle ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle maidir leis an gcaibidlíocht i gcomhair comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-INTERPOL) ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint d’Airteagal218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–ag féachaint do CFAE, agus go háirithe Airteagal16, Airteagal82(1) agus Airteagal87(2) de,

–ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), agus go háirithe Airteagail7, 8, 47 agus 52 di,

–ag féachaint do Rialachán (AE)2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(1),

–ag féachaint do Threoir (AE)2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle(2) (an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin(3) (EUDPR), agus go háirithe Airteagal42(1) de,

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin(4),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir le Garda Teorann agus Cósta lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an OIPE’)(6),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)(7),

–ag féachaint do Thuairim 8/2021 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 25 Bealtaine 2021 maidir leis an Moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Interpol,

–ag féachaint don staidéar a rinne an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i mí Feabhra 2022 dar teideal ‘Ensuring the rights of EU citizens against politically motivated Red Notices’ [Cearta shaoránaigh AE a áirithiú i gcoinne Fógraí Dearga a bhfuil cúiseanna polaitiúla leo],

–ag féachaint do Rialacha Interpol maidir le sonraí a phróiseáil,

–ag féachaint do Rún 2161 (2017) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa maidir le mí-úsáid a bhaint as córas Interpol: an gá atá le coimircí dlíthiúla níos déine agus 2315 (2019) maidir le hathchóiriú Interpol: agus imeachtaí eiseachadta: muinín a chothú trí mhí-úsáid a chomhrac,

–ag féachaint do Rialachán (AE)2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh.767/2008, (AE)2016/399, (AE)2017/2226, (AE)2018/1240, (AE)2018/1726 agus (AE)2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle(8),

–ag féachaint do Rialachán (AE)2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Bealtaine2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimsí an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE)2018/1726, (AE)2018/1862 agus (AE)2019/816(9),

–ag féachaint do Rialacha114(4) agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0200/2022),

A.de bhrí go bhfuil sceimhlitheoireacht an lae inniu tromchúiseach agus go bhfuil coireanna eagraithe ag éirí níos dinimiciúla, níos casta, níos nuálaí níos domhandaithe, níos soghluaiste agus gur feiniméin trasnáisiúnta iad den chuid is mó, lena n-éilítear freagairt láidir agus comhar AE atá níos éifeachtaí agus níos comhordaithe le húdaráis agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí idirnáisiúnta amhail Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol); de bhrí go n-iarrtar le straitéis an Choimisiúin um an Aontas Slándála, 2020, ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcomhar iltaobhach agus leis an gcomhordú idir AE agus Interpol, ós rud é go bhfuil sé sin bunriachtanach chun comhar agus malartú faisnéise a fheabhsú; de bhrí go leagtar béim i rún na Parlaiminte an 17 Nollaig 2020 maidir le straitéis Aontais Slándála AE(10) ar an ngá atá le comhar níos láidre idir na Ballstáit agus le comhordú níos fearr ar leibhéal AE idir na gníomhaithe uile;

B.de bhrí gur comhpháirt thábhachtach é an comhar éifeachtach idirnáisiúnta, agus lánuarraim á tabhairt do chearta bunúsacha, d’fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí agus don chomhar breithiúnach, go háirithe maidir le coireacht a bhaineann le próiseáil agus comhroinnt sonraí pearsanta; de bhrí go bhfuil dlíthiúlacht phróiseáil sonraí pearsanta faoi rialú ag acquis cosanta sonraí an Aontais, agus de bhrí go bhfuil feidhm aige sin freisin maidir le comhaontuithe déthaobhacha le príomh-chomhpháirtithe a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le faisnéis agus fianaise a d’fhéadfadh a bheith ann a fháil ó lasmuigh de AE;

C.de bhrí go bhfuil Interpol ar cheann de na heagraíochtaí idirnáisiúnta póilíní coireachta is mó ar domhan agus go bhfuil ról tábhachtach aige ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil Interpol bunaithe ar chomhar idir-rialtasach; de bhrí, i mí na Nollag 2021, gur ghlac an Chomhairle sainordú caibidlíochta chun go rachadh an Coimisiún i mbun caibidlíochta, agus go rabhthas ag súil go dtabharfar i gcrích faoi dheireadh 2022 é, maidir le comhaontú idirnáisiúnta thar ceann AE atá ag lorg comhar treisithe le Interpol, lena n-áirítear rochtain ar bhunachair sonraí Interpol agus neartú an chomhair oibríochtúil; de bhrí go bhfuil sé fíorthábhachtach a áirithiú go gcuirfear bearta stóinsithe i bhfeidhm leis an gcomhaontú deiridh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, mar a leagtar amach in acquis cosanta sonraí an Aontais iad, chomh maith le cruinneas na sonraí pearsanta a fhaightear trí chomhar den sórt sin, agus chun a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha le gach comhar agus malartú sonraí pearsanta amach anseo, lena n-áirítear an ceart chun sonraí a chosaint agus chun príobháideachta;

D.de bhrí go bhfuil comhar seanbhunaithe idir AE agus Interpol cheana féin i raon réimsí a bhaineann le forfheidhmiú an dlí trí chur chun feidhme oibríochtúil thimthriall beartais AE – EMPACT (an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla) agus trí thacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i gcomhar le gníomhaireachtaí AE, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, ar bhonn comhaontuithe nó socruithe oibre; de bhrí gur shínigh Europol agus Interpol comhaontú oibríochtúil an 5Samhain 2001 agus meabhrán tuisceana ina dhiaidh sin lena lamháiltear do shonraí pearsanta a aistriú trína n-oifigigh idirchaidrimh faoi seach; de bhrí gur shínigh Frontex comhaontú oibre le Interpol an 27Bealtaine 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh comhair agus é mar aidhm leis éascaíocht a dhéanamh ar choireacht trasteorann a chosc, a bhrath agus a chomhrac agus slándáil teorann a fheabhsú chun inimirce neamhdhleathach, smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

E.de bhrí gur féidir le Ballstáit aonair AE, ina gcáil mar bhalltíortha Interpol, rochtain dhíreach a fháil ar 19 mbunachar sonraí de chuid Interpol, lena n-áirítear faisnéis a d’fhéadfadh a bheith luachmhar faoi dhaoine aonair, faoi mhaoin ghoidte, faoi airm agus faoi bhagairtí; de bhrí go bhfuil na milliúin taifead sna bunachair sonraí sin ina bhfuil faisnéis a d’fhéadfadh cabhrú go díreach leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe agus na sceimhlitheoireachta; de bhrí nach bhfuil aon rochtain ag Frontex, Eurojust ná OIPE ar na bunachair sonraí sin faoi láthair, i gcomhréir lena sainorduithe – go díreach nó ar bhonn ‘amas/gan amas’ – toisc nach bhfuil comhaontú ann le Interpol, rud atá riachtanach chun na críche sin faoi rialacha Interpol maidir le sonraí a phróiseáil;

F.de bhrí go bhfuil an comhar reatha idir AE agus Interpol dlúth cheana féin i réimse na frithsceimhlitheoireachta; de bhrí gur cheart dlús a chur leis sin agus é a leathnú chuig réimsí nua; de bhrí gur cheart nósanna imeachta a fheabhsú, a luathú agus a shruthlíniú chun aghaidh a thabhairt ar shraith riachtanas oibríochtúil fíor-riachtanach chun rochtain mhear ar fhaisnéis a bhaineann le coireacht thromchúiseach agus eagraithe agus le sceimhlitheoireacht a éascú agus chun gníomhartha dlí an Aontais atá ann cheana a chur chun feidhme;

G.de bhrí gurb é AE an deontóir cistí is mó do Interpol, ar cistí iad a shanntar go príomha ar mhalairtí faisnéise i réimse fhorfheidhmiú an dlí, ach lena n-áirítear freisin comhar maidir le bainistiú teorainneacha agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, agus ar thionscadail agus cláir atá spriocdhírithe ar raon gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí; de bhrí go dtugann sé sin ról tábhachtach do AE maidir le feidhmiú Interpol a fheabhsú, agus go háirithe a thrédhearcacht agus a chuntasacht;

H.de bhrí gur cheart creat comhtháite nua-aimseartha a bhunú leis an gcomhaontú nua don chomhar idir comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE agus Interpol, bunaithe ar na modhanna comhair atá ann cheana féin; de bhrí gur cheart don chomhaontú a bheith i gcomhréir le ceanglais ghinearálta na Cairte, le acquis infheidhme an Aontais maidir le cosaint sonraí, eadhon EUDPR agus an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, na ceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí agus na coimircí a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha lena mbunaítear comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus córais TF AE agus dlí-eolaíocht ábhartha Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE) agus caighdeáin maidir le cearta bunúsacha;

I.de bhrí gur cheart don chomhaontú freagairt do riachtanais oibríochtúla, agus na forbairtí is déanaí maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann, trasnáisiúnta, thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac á gcur san áireamh; de bhrí go bhforáiltear leis an gcomhaontú maidir le bunús dlí le haghaidh malartú faisnéise oibríochtúla, lena n-áirítear sonraí pearsanta, agus rochtain ar bhunachair sonraí ábhartha Interpol ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe, ar choinníoll go bhfuil an comhaontú ceangailteach ó thaobh dlí agus infhorfheidhmithe i gcoinne na bpáirtithe uile agus go n-áirítear ann na coimircí cosanta sonraí uile is gá;

J. de bhrí nach ndearnadh aon mheasúnú um thionchair ar chearta bunúsacha ar an Moladh ón gCoimisiún;

K.de bhrí gur glacadh creat dlíthiúil an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse an cheartais agus gnóthaí baile i mí na Bealtaine 2019 agus gur eascair uaidh sin réamhchainteanna idir AE agus Interpol maidir leis an ngá atá le comhaontú comhair; de bhrí go bhfuil ardbhonneagar comhroinnte sonraí i bhfeidhm faoi láthair in AE le haghaidh an chomhar póilíneachta agus bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce, chomh maith le haghaidh teorainneacha agus víosaí; de bhrí go lamháiltear leis an mbonneagar sin, agus na córais agus bunachair sonraí AE a chomhdhéanann é, do chomhroinnt theoranta faisnéise agus ardrialaithe le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

L.de bhrí gur cheart leis an gcomhaontú nua an comhair idir Interpol, Europol, OIPE, Eurojust agus Frontex a rialáil agus rochtain dhíreach a sholáthar do na comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus Ballstáit sin, chun críocha nach mbaineann acu lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh, mar a rialaítear lena mbunghníomhartha faoi seach, ar dhá cheann de bhunachair sonraí Interpol – bunachar sonraí i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus bunachar sonraí i ndáil le Doiciméid Taistil lena mbaineann Fógraí (TDAWN) tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP), i gcomhréir le ceanglais AE maidir le cosaint sonraí agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha;

M.de bhrí, de réir bhunreacht Interpol, go bhfuil sé d’oibleagáid ar Interpol gan cúnamh ná cabhair a thabhairt do bhalltíortha a ghníomhaíonn de shárú ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine;

N.de bhrí go leanann eagraíochtaí rialtais, idirnáisiúnta agus neamhrialtais de thuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáid a bhaineann roinnt balltíortha as chóras fógraí agus feasachán Interpol chun géarleanúint a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil, ar chosantóirí náisiúnta chearta an duine, ar dhlíodóirí, ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus ar iriseoirí, de shárú ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus ar rialacha Interopol; de bhrí, de réir tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go bhfuil athchóiriú agus neartú déanta ag Interpol ar a phróisis athbhreithnithe ar fhógraí dearga, agus ar a chórais tacaíochta don Bhiúró Lárnach Náisiúnta i dtíortha is baill, go bhfuil athchóiriú déanta aige ar bhunú agus ar fheidhmiú an Choimisiúin le haghaidh Rialú na gComhad, lena neartaítear a shásra gearán curtha i bhfeidhm aige, oifigeach cosanta sonraí ceaptha aige agus clár foghlama agus comhroinnte eolais curtha chun feidhme aige; de bhrí, in ainneoin na n-athchóirithe sin, go bhfuil ábhair mhóra imní fós ann a bhaineann le mí-úsáidí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chóras Interpol a bhfuil tionchar acu ar chearta bunúsacha, mar go leagtar béim fós sna tuarascálacha is déanaí ar an ngá atá le níos mó cosaintí dlíthiúla, le tuilleadh trédhearcachta agus le hathchóirithe a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha ann maidir leis na sásraí chun faisnéis maidir le fógraí dearga agus feasacháin a thabhairt cothrom le dáta, ós rud é go bhfanann siad i bhfeidhm sna bunachair sonraí náisiúnta in ainneoin gur thug Ardrúnaíocht Interpol cothrom le dáta iad agus gur chuir sí deireadh leo; de bhrí go dtugann foinsí scríofa agus agallaimh le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha araon le fios go bhfuil próiseas grinnfhiosrúcháin Interpol fós neamhréireach;

O.de bhrí go dtoirmisctear le hAirteagal 3 de bhunreacht Interpol aon idirghabháil nó aon ghníomhaíocht de chineál polaitiúil, míleata, reiligiúnach nó ciníoch; de bhrí gur tugadh faoi deara, fós éin, le blianta beaga anuas, gur tharla mí-úsáid i gcásanna ardphróifíle i mballtíortha éagsúla de chuid Interpol; de bhrí gur minic a spreagtar eiseachadadh a bhfuil údar polaitiúil leis mar gheall ar gur eisíodh go héagórach fógra dearg nó ‘feasachán maidir le duine a bhfuiltear sa tóir orthu’ trí Interpol; de bhrí go gcuireann Interpol faisnéis gann ar fáil maidir leis an gcaoi a ndéanann sé athbhreithniú ar fhógraí dearga, ar a chumas riaracháin déanamh amhlaidh agus ar thorthaí na n-athbhreithnithe sin, rud a fhágann go bhfuil easpa trédhearcachta ann maidir leis an gcaoi a n-oibríonn Interpol i dtreo cur i gcoinne fógraí dearga a bhfuil údar polaitiúil leo; de bhrí nach bhfuil mórán rochtana ag balltíortha ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta eile ar eolas maidir le láimhseáil foriomlán fógraí dearga agus feasachán; de bhrí nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil faoi na tíortha a dhéanann na hiarrataí ar fhógraí den sórt sin, faoi líon na n-iarrataí a ghlactar agus a ndiúltaítear dóibh, faoi na forais do dhiúltú, faoi na tíortha a fheidhmíonn níos fearr nó níos measa i dtéarmaí iarrataí a ghlacadh nó a dhiúltú agus faoi fhorbairt na gcleachtas sin le himeacht ama; de bhrí nach féidir, dá bharr sin, meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht phróiseas grinnfhiosrúcháin Ardrúnaíocht Interpol, ar obair an Bhiúró Lárnaigh Náisiúnta ná ar cháilíocht na n-iarrataí arna gcur isteach ag tíortha;

P.de bhrí gur chuir an Pharlaimint, ina rún an 16 Meán Fómhair 2021 i gcás Ahmed Mansoor, cosantóir chearta an duine, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha(11), imní mhór in iúl faoi iarrthóireacht agus ceapadh mar uachtarán Interpol ar Chigire Ginearálta Aireacht Gnóthaí Baile Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Maor-Ghinearál Ahmed Nasser Al Raisi, agus d’iarr sí ar chomhaltaí Chomhthionól Ginearálta Interpol, agus go háirithe Ballstáit AE, scrúdú cuí a dhéanamh ar na líomhaintí faoi chearta an duine; de bhrí gur cuireadh tús sa Fhrainc an 11Bealtaine2022 le himscrúduithe ar líomhaintí céastóireachta i gcoinne uachtarán Interpol;

Q.de bhrí go bhfuil muinín as córas agus próisis inmheánacha Interpol mar bhonn taca ag comhar idir an tAontas Eorpach agus Interpol; de bhrí go mbraitheann muinín i gcóras fógraí dearga agus feasachán Interpol ar dhul i ngleic go tapa le mí-úsáid fhógraí Interpol ag tíortha atá ag iarraidh córais Interpol a úsáid chun críoch polaitiúil; de bhrí go gcaithfidh Interpol a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseálfar go hinmheánach trína chórais i gcomhréir le cearta an duine agus leis an smacht reachta;

R.de bhrí go bhfuil go leor tíortha forlámhacha fós ina mballtíortha de Interpol; De bhrí gur éirigh le réimis fhorlámhacha le blianta beaga anuas mí-úsáid pholaitiúil a bhaint as an gcóras fógraí dearga agus feasachán, géarleanúint a dhéanamh ar dhaoine aonair lasmuigh dá ndlínsí agus iad a chur faoi réir srianta réadacha, praiticiúla agus ionracha ar a saol agus ar a gcearta bunúsacha;

S.de bhrí gur bagairt dhíreach é ionradh na Rúise ar an Úcráin don chomhar idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí agus go bhfuil a rochtain leanúnach ar bhunachair sonraí Interpol ina bhagairt do shláine chomhar AE le Interpol; de bhrí go bhfuil an Rúis freagrach as líon an-mhór fógraí dearga agus feasachán ar fud an domhain agus go bhfuil sí freagrach as na fógraí dearga is mó a bhfuil údar polaitiúil leo a scaipeadh, lena n-áirítear fógraí i gcoinne shaoránaigh AE – amhail breithiúna, ionchúisitheoirí agus imscrúdaitheoirí na Liotuáine a bhí ag scrúdú imeachtaí i Vilnias an 13 Eanáir 1991; de bhrí, sa bhreis ar an Rúis, gur úsáid tíortha eile córas na bhfógraí dearga freisin chun díriú ar a saoránaigh ar bhonn polaitiúil;

1.á mheabhrú go gcaithfidh luachanna, cearta bunúsacha agus acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí, eadhon EUDPR agus an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, a bheith mar bhunús le beartas an Aontais i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí, lena n-áirithítear comhlíonadh phrionsabail an riachtanais, na comhréireachta, na dlíthiúlachta agus thoimhde na neamhchiontachta, agus cuntasacht agus sásamh breithiúnach á ráthú, agus cosaint éifeachtach á háirithiú do dhaoine aonair, go háirithe na daoine is leochailí; á mheabhrú, thairis sin, gur cheart comhlíonadh na gceart agus na bprionsabal sin, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta agus cosaint sonraí pearsanta, a bheith i gcroílár fhorbairt an digitithe i réimse an cheartais agus na slándála agus i bhforbairt an chreata idir-inoibritheachta; á chur i bhfáth gur cheart do na prionsabail a bheith ag croílár na caibidlíochta idir an tAontas agus Interpol maidir le comhaontú comhair;

2.á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhaontú a bhunú le Interpol maidir leis an gCairt, le acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí agus leis na ceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí agus na coimircí atá códaithe sna bunghníomhartha lena mbunaítear gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus córais mhórscála TF ábhartha de chuid an Aontais, agus a sainorduithe faoi seach, a urramú go hiomlán; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart don Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe atá beartaithe a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE freisin;

3.ag tabhairt dá haire nach ndearna an Coimisiún, sular glacadh an Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Interpol, measúnú tionchair ar chearta bunúsacha maidir le riachtanas agus comhréireacht gach birt a beartaíodh nó maidir le hindéantacht dhlíthiúil na mbeart uile a beartaíodh faoi chomhaontú uileghabhálach aonair;

4.á mholadh go ndéanfaidh an Coimisiún de réir an idirdhealaithe a rinne an Chomhairle idir réimsí fhorfheidhmiú an dlí, réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus réimse na slándála teorann mar chuid de bhainistiú teorann;

5.ag moladh go ndéanfadh an Coimisiún rochtain ar bhunachair sonraí éagsúla de chuid Interpol a áirithiú ar bhonn riachtanais agus i gcomhréir le raon feidhme na n-inniúlachtaí a leagtar síos i sainorduithe faoi seach chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí éagsúla AE; á mheabhrú go bhfuil na milliúin taifead i mbunachair sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis a d’fhéadfadh cabhrú le coireacht a chomhrac; á mheabhrú, áfach, go bhfuil fadhbanna doiciméadaithe ann maidir le cruinneas, iontaofacht agus bunús na sonraí sna bunachair sonraí sin ar cheart aghaidh a thabhairt orthu;

6.á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún a ráthú go mbeadh rochtain rialaithe ag Ballstáit an Aontais, agus ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar bhunachair sonraí Interpol, agus gur cheart dó na coimircí nithiúla, sonracha agus éifeachtacha is gá a áirithiú do gach cineál comhair a áirítear sa chomhaontú atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar ina n-iomláine acquis cosanta sonraí an Aontais, na coimircí sonracha agus na ceanglais shonracha cosanta sonraí arna sonrú ag bunúis dlí chomhlachtaí, ghníomhaireachtaí agus chórais mhórscála TF an Aontais, agus le cearta bunúsacha; á chur i bhfáth, maidir le rochtain rialaithe ar na bunachair sonraí, gur cheart don chomhaontú, ar a laghad, na coimircí a chomhlíonadh dá bhforáiltear cheana leis na Rialacháin maidir le hIdir-inoibritheacht(12), le Rialachán an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)(13) agus le Rialachán (AE) 2016/794;

7.á mholadh don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta le Interpol maidir le ceanglais a bhaineann le hardchaighdeáin i ndáil le cáilíocht agus infhíoraitheacht na faisnéise i mbunachair sonraí Interpol agus trédhearcacht na bhfoinsí faisnéise;

8.ag dréim le faireachas speisialta le linn na caibidlíochta mar gheall ar íogaireacht sonraí pearsanta a áirítear sna bunachair sonraí éagsúla agus mar gheall ar nach leor an leibhéal cosanta sonraí atá ag formhór ball tríú tír de chuid Interpol agus nach bhfuil siad páirteach i gcomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhféadfar sonraí pearsanta oibríochtúla a mhalartú leis an Aontas Eorpach;

9.á iarraidh ar an gCoimisiún na coimircí agus na ráthaíochtaí láidre is gá a thabhairt isteach chun comhlíonadh cheanglais cosanta sonraí an Aontais agus cearta bunúsacha a áirithiú chun údarás a thabhairt do Láraonad ETIAS arna bhunú i Frontex agus i mBallstáit an Aontais rochtain a fháil ar bhunachair sonraí SLTD agus TDAWN Interpol trí ESP, agus de réir mar is gá chun an Rialachán maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS)(14),a chur chun feidhme go héifeachtúil, mar a athbhreithníodh níos déanaí é, lena n-údarófar do Bhallstáit AE rochtain a fháil ar bhunachair sonraí Interpol faoi DTGC agus TDAWN trí ESP nuair a bheidh iarratais ar víosaí nó ar cheadanna cónaithe á scrúdú acu; á áitiú, nuair a tharlaíonn amas, nach roinnfear aon fhaisnéis le Interpol nó le húinéir na sonraí i mbunachair sonraí Interpol agus á mheabhrú, mar a fhoráiltear i Rialachán ETIAS agus i Rialachán VIS, nach mbeidh an dá chóras ag seiceáil i mbunachair sonraí Interpol go dtí go gcomhaontófar é sin agus go ráthaítear go praiticiúil í;

10.á mholadh go leagfaí amach go soiléir leis an gcomhaontú atá beartaithe cé hiad na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar cheart dóibh ceart rochtana a bheith acu, cé na bunachair sonraí Interpol a mbeidh an rochtain sin acu orthu, agus ar mhaithe le cé acu dá gcúraimí agus dá gcuspóirí sonracha; á mheas nár cheart, leis an gcomhaontú atá beartaithe, oibleagáid a chruthú do ghníomhaireachtaí an Aontais dul i gcomhar le Interpol thar a bhfuil leagtha amach cheana féin i ndlí ábhartha an Aontais;

Cosaint sonraí, próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta, sásamh breithiúnach

11.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh an comhaontú acquis AE maidir le cosaint sonraí agus go gcosnaítear leis cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair trí leibhéal cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin gcomhaontú sin atá comhionann go bunúsach le cosaint dhlí príomha agus dhlí tánaisteach an Aontais; á chur i bhfáth nár cheart, leis an gcomhaontú comhair atá beartaithe go ndéanfaí lagú ar chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a gcearta maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, agus gur cheart sásamh éifeachtach a sholáthar i ndail le haon sárú ar na cearta sin;

12.ag moladh go ráthódh an comhaontú go mbeidh an t-aistriú ar shonraí pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche dár aistríodh é agus i gcomhréir leis an gcuspóir a bhí beartaithe leis an aistriú, i gcomhréir le acquis cosanta sonraí an Aontais; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart foráil a dhéanamh ann maidir leis an bhféidearthacht aon srian ar rochtain nó ar úsáid a thabhairt isteach, lena n-áirítear srian ar aistrithe breise, nó ar scriosadh tráth an aistrithe; á chur i bhfáth chomh maith go gcaithfear cearta in-fhorfheidhmithe agus éifeachtacha na ndaoine is ábhar do na sonraí a áirithiú;

13.á mheas gur gá a cheangal go gcuirfí in iúl go soiléir sa chomhaontú na críocha ar féidir sonraí a aistriú chucu agus gur cheart toirmeasc a chur ar aon phróiseáil bhreise sonraí nach bhfuil ag luí leis an gcuspóir tosaigh; á mheas nach mór go léireofar go soiléir sa chomhaontú nach gceadófar cinntí atá bunaithe go hiomlán ar uathphróiseáil faisnéise pearsanta nach bhfuil baint ag an duine léi;

14.á chur i bhfáth gur cheart go leagfaí amach go soiléir sa chomhaontú atá beartaithe na nósanna imeachta maidir leis an oibleagáid atá ar Interpol fógra a thabhairt i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus an cur síos ar an bhfaisnéis íosta atá le tabhairt i dteannta an fhógra faoin sárú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú sa chomhaontú go dtabharfaidh Interpol fógra do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus d’údaráis ábhartha na mBallstát, lena n-áirítear údaráis náisiúnta cosanta sonraí, i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, gan aon mhoill mhíchuí agus, i gcás inarb indéanta, laistigh de 72 uair an chloig;

15.ag moladh go ndéanfadh comhlacht neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí, a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála aige nó acu, maoirseacht ar na sonraí a ndeachthas i gcomhairle leo, agus go mbeadh sé de chumhacht aige gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta;

16.ag moladh go ndéanfadh an Coimisiún a ráthú nach gcoinneoidh Interpol sonraí ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dár aistríodh iad; ag dréim leis, sa chomhthéacs sin, go bhforáiltear leis an gcomhaontú maidir le rialacha soiléir agus sonracha maidir le stóráil, lena n-áirítear maidir le teorannú stórála, agus sonraí pearsanta a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh;

17.á iarraidh ar an gCoimisiún cearta éifeachtacha agus in-fhorfheidhmithe ar shásamh riaracháin agus breithiúnach, agus leigheas éifeachtach do na daoine uile is ábhar do na sonraí, a áirithiú, agus ciallaíonn sé sin aon duine a ndéantar a chuid sonraí a phróiseáil faoin gcomhaontú seo;

18.á chur i bhfios go láidir go soiléirítear go sainráite sa chomhaontú nach mbeidh rochtain chómhalartach dhíreach nó indíreach ag Interpol ar bhunachair sonraí an Aontais Eorpaigh;

Idir-inoibritheacht

19.á chur i bhfáth gur uirlisí tábhachtacha iad an comhar i bhforfheidhmiú an dlí agus comhroinnt faisnéise chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus chun an ceartas a shaothrú, ach gur gá iad a bheith spriocdhírithe faoi réir coimircí agus maroiseachta reamhshainithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart aghaidh a thabhairt leo ar dhúshláin a bhaineann le cearta bunúsacha go háirithe trí fheabhas a chur ar cháilíocht sonraí, laofacht a mhaolú, earráidí a bhrath agus idirdhealú de chineál ar bith a sheachaint sa phróiseas cinnteoireachta;

20.ag moladh go dtabharfaí aird ar leith ar na dúshláin a bhaineann le cearta bunúsacha agus ar an ngá atá le bearta maolaithe leormhaithe agus le sásraí neamh-idirdhealaitheacha, mar aon le cáilíocht agus cosaint sonraí feabhsaithe d’fhonn creataí a bhunú d’fhorbairt amach anseo ar nasc feabhsaithe idir córais faisnéise AE agus Interpol i réimsí an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce, chomh maith le bainistiú comhtháite teorainneacha agus víosaí, lena soláthrófar creat ríthábhachtach reachtach le haghaidh forbairtí reatha agus forbairtí amach anseo i mbonneagar digiteach AE;

21.ag moladh, i bhfianaise na rialacha lena rialaítear rochtain ar shonraí pearsanta agus ar chomhroinnt faisnéise i gcórais agus bunachair sonraí éagsúla AE, gur cheart, i dtéarmaí an chomhaontaithe comhair le Interpol amach anseo, go ndéanfaí foráil maidir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí is gá chun rochtain rialaithe a thabhairt do na Ballstáit agus go ghníomhaireachtaí ábhartha AE ar bhunachair sonraí Interpol trí bhíthin ESP de réir mar is gá chun a gcúraimí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcearta rochtana agus le dlí AE nó leis an dlí náisiúnta lena gcumhdaítear an rochtain sin agus i gcomhréir go hiomlán le ceanglais cosanta sonraí AE agus le cearta bunúsacha;

22.á mheabhrú go bhfuil líon mór sonraí i mbunachair sonraí Interpol maidir le doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha, agus go bhféadfar bearnaí faisnéise a íoslaghdú, meaitseanna dearfacha a mhéadú agus, dá bharr sin, torthaí oibríochtúla ETIAS agus an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an VIS a fheabhsú trí úsáid a bhaint as na bunachair sonraí sin; á thabhairt chun suntais gur cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú comhair le Interpol maidir leis an mbunús dlí is gá, lena n-áirítear coimircí agus ráthaíochtaí cosanta sonraí, agus cead a thabhairt do ESP ceangal díreach a dhéanamh le bunachair sonraí de chuid Interpol; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú comhair maidir le nasc slán a bhunú idir ESP agus ETIAS agus bonneagar TF Interpol ionas go lamhálfar do rochtain ar bhunachair sonraí de chuid Interpol;

23.á chur i bhfáth, i gcomhréir le creat reatha AE, maidir le haon iarratas uathoibrithe i leith bunachair sonraí SLTD agus TDAWN de Interpol a dhéantar trí ESP ag baint úsáid as idir-inoibritheacht, gur cheart a ráthú leis an gcomhaontú nua go ndéanfar é ar bhealach nach nochtfar aon fhaisnéis don stát arb é úinéir an fholáirimh Interpol é;

Aistriú sonraí agus aistrithe ar aghaidh

24.á mheabhrú, de réir acquis AE maidir le cosaint sonraí, nach gceadaítear sonraí pearsanta a aistriú ó AE chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin má tá faighteoirí na faisnéise sin in ann leibhéal cosanta sonraí pearsanta a ráthú atá coibhéiseach go bunúsach le leibhéal cosanta sonraí an Aontais; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, in éagmais cinneadh leordhóthanachta maidir le Interpol, gur cheart go mbeadh an comhaontú ina bhunús dlí lena gceadófaí sonraí pearsanta a aistriú chuig Interpol, ar choinníoll go mbeadh sé ceangailteach ó thaobh dlí de agus in-fhorfheidhmithe in aghaidh na bpáirtithe uile sa chomhaontú agus go n-áireofaí leis coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí;

25.á chur i bhfáth nár cheart go gceadófaí aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann le sláinte duine, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine, ach amháin i gcás cúinsí eisceachtúla ina bhfuil an t-aistriú sin riachtanach agus comhréireach i gcás an duine aonair chun cionta coiriúla a chosc nó a chomhrac agus a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe; ag cur béim ar an bhfíoras nach foláir don chomhaontú coimircí iomchuí a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sonracha a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil, go háirithe do mhionaoisigh agus d’íospartaigh cionta;

26.ag moladh go gcuirfear teorainn le cur i bhfeidhm maoluithe i gcás sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh chuig na cásanna dá bhforáiltear i gCaibidil V de EUDPR; á chur i bhfáth nach foláir na ceanglais shonracha faoi na rialacháin lena mbunaítear gníomhaireachtaí nó comhlachtaí ábhartha an Aontais a urramú ina n-iomláine, lena n-áirítear na forálacha sonracha a bhaineann le haistriú sonraí oibríochtúla ag Europol agus ag OIPE;

27.ag moladh go n-áiritheofar sa chomhaontú nach foláir d’aistrithe a bheith faoi réir oibleagáidí rúndachta agus a bheith riachtanach agus comhréireach chun na gcríoch a shonraítear sa chomhaontú, eadhon cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, coimirciú in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus teorainneacha seachtracha a chosaint;

28.ag moladh go leagfar síos go sainráite sa chomhaontú nach n-úsáidfear sonraí pearsanta arna n-aistriú ag AE chuig Interpol chun pionós an bháis nó aon chineál cóireála atá cruálach agus mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i bhfeidhm agus nach ndéanfar sonraí pearsanta a aistriú má tá aon bhaol ann go n-úsáidfear na sonraí chun na críche sin;

Fógraí dearga agus feasacháin

29.á chur i bhfáth, d’fhonn comhar a bheidh ann sa todhchaí, in ainneoin athchóirithe a rinneadh le déanaí, go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht fós ina dhúshlán ar an leibhéal aonair agus ar an leibhéal eagraíochtúil araon in Interpol, mar aon leis an easpa faisnéis staidrimh atá ar fáil maidir le hoibriú a chóras fógraí agus feasachán; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfaighfear gealltanas agus ráthaíochtaí ó Interpol go ndéanfar na struchtúir agus na rialacha riachtanacha a fhorbairt tuilleadh, mar aon leis na huirlisí substainteacha lena lamhálfar do phróiseáil chomhsheasmhach agus thrédhearcach a dhéanamh ar iarrataí, athbhreithnithe, dúshláin, ceartúcháin agus scriosadh;

30.á iarraidh ar an gCoimisiún idirbheartaíocht a dhéanamh faoi cheanglas daingean go gcuirfidh Interpol feabhas ar thrédhearcacht a fhógraí dearga agus a chórais athbhreithnithe um fheasacháin, go háirithe maidir le ról agus obair a Thascfhórsa um Fhógraí agus um Fheasacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an gcaibidlíocht le Interpol chun a iarraidh ar an eagraíocht uirlisí nós imeachta agus substainteacha a tháirgeadh, a nuashonrú agus a chur ar fáil maidir le láimhseáil dhlíthiúil fógraí dearga agus faiseachán, lena n-áiritheofar próiseáil chomhsheasmhach agus thrédhearcach ar iarrataí, ar athbhreithnithe, ar dhúshláin, ar cheartúcháin agus ar scriosadh;

31.ag moladh, ar mhaithe le héifeachtúlacht a fheabhsú agus trédhearcacht a mhéadú, go ndéanfar foilsiú bliantúil ar shonraí staidrimh maidir le próiseáil fógraí dearga agus feasachán, lena n-áirítear faisnéis maidir le líon na n-aighneachtaí, an tír thionscnaimh, catagóir an chiona choiriúil, na cúiseanna nó na réasúnuithe a bhaineann leis an diúltú agus úsáid smachtbhannaí i gcásanna mí-úsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbaileofar sonraí staidrimh maidir leis an mbealach a láimhseálann Ballstáit AE iarrataí ar ghabháil agus ar fheasacháin fógraí dearga i leith gach Ballstáit;

32.á chur i bhfáth, i gcomhthéacs an chomhaontaithe seo, gur cheart do Interpol próifílí riosca poiblí a fhorbairt d’fhógraí dearga agus d’fheasacháin, bunaithe ar an bhfoilseachán bliantúil staidrimh dá dtagraítear sa mhír thuas, lena bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar an mbaol mí-úsáide ag na tíortha iarrthacha, agus go rannchuideodh sé le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht shásraí forfheidhmithe Interpol;

33.á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an chomhaontaithe seo, fiosrú a dhéanamh ar bhealaí a d’féadfadh ESP aghaidh a thabhairt ar fhadhb na bhfógraí dearga agus feasacháin atá inspreagtha go polaitiúil, a bheadh go hiarbhír ar cheann de na huirlisí a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach i gcoinne iarrataí ar fhógraí dearga arna inspreagadh go polaitiúil i roinnt cásanna;

34.ag meabhrú ráiteas na Comhairle maidir le fógraí dearga Interpol i dtaca le glacadh Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), lena dtacaítear le hiarrachtaí arna ndéanamh ag Interpol chun mí-úsáid fógraí dearga agus feasachán a chosc ar chúiseanna polaitiúla nó i gcás sáruithe ar chearta an duine agus á iarraidh go mbeidh malartú leanúnach rialta ann ar an ábhar idir Interpol agus a Bhiúrónna Lárnacha Náisiúnta chun tuilleadh feasachta a mhúscailt faoi na gníomhaíochtaí ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh i gcomhar le Interpol;

35.ag dréim leis go gcomhlíonfaidh an Chomhairle a gealltanas i leith leanúint de thacaíocht a thabhairt do Interpol i gcur chun cinn a chaighdeáin agus a nósanna imeachta reatha maidir le cáilíocht agus comhlíonadh sonraí;

36.á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú go hinmheánach freisin, agus úsáid á baint as na huirlisí teicniúla atá ar fáil cheana faoi chreat slándála an Aontais, chun sásra fíoraithe a chur ar bun lena bhféadfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú maidir le sainaithint agus baint anuas fógraí dearga agus feasachán atá inspreagtha go polaitiúil, maidir leis na cleachtais is fearr sa réimse sin agus maidir le próifílí riosca tríú tíortha a chruthaíonn fógraí dearga;

37.á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don riosca a bhaineann le réimis fhorlámhacha a bhaineann an bonn, ar bhonn córasach, ón gcomhar idirnáisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí atá bunaithe ar iontaoibh trí mhí-úsáid a bhaint as na huirlisí a chuireann Interpol ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún Interpol a spreagadh chun méadú a dhéanamh ar a iarrachtaí i dtaobh an mí-iompar sin a chomhrac go héifeachtach;

38.á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha maidir le tacaíocht a thabhairt do Interpol a chur san áireamh sa chomhaontú chun méadú a dhéanamh ar an líon beag ball foirne atá ag déileáil leis an athbhreithniú ar fhógraí dearga agus feasacháin laistigh den Choimisiún chun Comhaid a Rialú agus chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis staidrimh maidir le hoibriú fógraí dearga agus feasacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as ról agus tionchar an Aontais chun tacú le feabhsuithe a neartóidh an chosaint ar fhógraí agus feasacháin ó mhí-úsáid;

An Rúis

39.ag tabhairt dá haire an fógra ó Ardrúnaí Interpol go gcuirfeadh Interpol bearta faireachán feabhsaithe chun feidhme chun tuilleadh mí-úsáide ag an Rúis ar chórais Interpol a shainaithint agus a chosc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, áfach, nach maolófar go hiomlán an baol go mbainfeadh an Rúis mí-úsáid as na córais sin le faireachán amháin; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, i bhfianaise na gcúinsí speisialta atá ann faoi láthair, lena n-áirítear sáruithe follasacha na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus neamhaird ar an gcóras idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, gur cheart do Choiste Feidhmiúcháin Interpol agus don Ardrúnaíocht bearta daingne agus láithreacha a dhéanamh chun cearta rochtana Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise ar chórais Interpol a chúlghairm, toisc gur bagairt dhíreach iad a ngníomhaíochtaí ar an gcomhar idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí agus gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha iad; ag tathant ar Choiste Feidhmiúcháin Interpol na leasuithe is gá ar Bhunreacht Interpol a ullmhú agus a mholadh don Chomhthionól Ginearálta chun go bhféadfar balltíortha ó Interpol a chur ar fionraí agus á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais tacú leis an tionscnamh sin d’fhonn an Rúis agus tíortha eile a bhaineann mí-úsáid ar bhonn seasta as Interpol ar chúiseanna polaitiúla a chur ar fionraí; ag tathant ar Ardrúnaíocht Interpol togra a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Feidhmiúcháin maidir le bearta ceartaitheacha do Chónaidhm na Rúise i gcomhréir le hAirteagal 131(3) de Rialacha Interpol maidir le Sonraí a Phróiseáil, lena n-áirítear cearta rochtana Bhiúró Lárnach Náisiúnta na Rúise a chur ar fionraí;

40.ag moladh go láidir don Choimisiún bearta faireachán feabhsaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an chomhaontaithe seo, maidir le fógraí agus feasacháin a d’eisigh údaráis na Rúise roimh an gcogadh san Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle a chur ar na Ballstáit maidir le bearta sonracha a mbeidh feidhm acu maidir le fógraí agus feasacháin arna n-eisiúint ag údaráis na Rúise roimh an gcogadh agus sa chomhthéacs reatha;

Barúlacha Deireanacha

41.á éileamh go ndéanfar foráil sa chomhaontú don fhéidearthacht an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás sáruithe ar a fhorálacha, go háirithe maidir le sonraí pearsanta ag ceann de na páirtithe, ina sonrófar go bhféadfar leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe arna n-aistriú sula ndéanfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe;

42.á mheas gur cheart clásal a bheith sa chomhaontú atá beartaithe maidir le tuarascáil athbhreithnithe ón gCoimisiún 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, lena ndéanfar cur chun feidhme éifeachtach an chomhaontaithe agus a urraim do chearta bunúsacha a mheas; á mheas go bhfuil sé tábhachtach foráil a dhéanamh sa chomhaontú do shásra faireacháin agus d’athbhreithnithe tréimhsiúla chun meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmiú i ndáil le riachtanais oibríochtúla ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear staidreamh faoi líon na gcoirpeach a ghabhtar agus a ciontaíodh le cabhair ó shonraí Interpol, chomh maith lena chomhlíonadh le cosaint sonraí agus le cearta bunúsacha eile;

43.ag moladh, mar a dhearbhaigh CBAE, ina tuairim an 8 Meán Fómhair 2016 maidir leis an dréacht-chomhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir le sonraí Taifead Ainmneacha Paisinéirí a Aistriú ón Aontas Eorpach go Ceanada, go n-áirítear na bunúis dlí shubstainteacha ábhartha uile, lena n-áirítear Airteagal 16 CFAE, i luanna an chomhaontaithe;

44.ag moladh go dtiocfadh aon réiteach díospóide atá le caibidliú faoi dhlínse dheiridh CBAE;

45.á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta ar bhonn rialta agus arna iarraidh sin dó araon; á mheabhrú go bhfuil an chumhacht ó thaobh toiliú de ag Parlaimint na hEorpa chun an comhaontú comhair atá beartaithe a thabhairt i gcrích agus gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh dlúthbhaint aici leis an bpróiseas caibidlíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa mar chuid de na sásraí faireacháin agus meastóireachta dá bhforáiltear sa chomhaontú comhair;

o
oo

46.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-INTERPOL).

(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(2) IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.
(3) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(4) IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(5) IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.
(6) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(7) IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.
(8) IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(9) IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
(10) IO C 445, 29.10.2021, lch. 140.
(11) IO C 117, 11.3.2022, lch. 109.
(12) Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/818.
(13) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12Meán Fómhair2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh.1077/2011, (AE) Uimh.515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).
(14) Rialachán(CE) Uimh.767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9Iúil2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (IOL218, 13.8.2008, lch.60).
(15) Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE)2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 30 Samhain 2022Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais