Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B9-0126/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV16/02/2023-7.8
CRE16/02/2023-7.8

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0056

Téacsanna atá glactha
PDF144kWORD54k
Déardaoin, 16 Feabhra 2023-Strasbourg
Bliain amháin tar éis ionradh agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
P9_TA(2023)0056RC-B9-0126/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2023 maidir le bliain amháin a bheith caite ó chuir an Rúis tús lena hionradh agus cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe ó mhí Feabhra2022 nuair a tháinig géarú ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

–ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile(1), agus don Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in 2014,

–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Háige, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo agus do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

–ag féachaint don iarratas ar bhallraíocht san Aontas ón Úcráin an 28Feabhra2022, agus don stádas mar iarrthóir a dheonaigh an Chomhairle Eorpach an 23Meitheamh2022 ina dhiaidh sin, bunaithe ar mheasúnú dearfach a rinne an Coimisiún agus i gcomhréir leis na tuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl,

–ag féachaint don ráiteas comhpháirteach tar éis an 24ú cruinniú mullaigh idir AE agus an Úcráin, an 3Feabhra2023,

–ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 9Feabhra2023,

–ag féachaint don óráid a thug Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, nuair a thug sé cuairt ar an bParlaimint an 9Feabhra2023,

–ag féachaint do Riail132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24Feabhra2022 i leith; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh foghach sin; de bhrí gur fhulaing an Úcráin ó fhogha na Rúise ó bhris agóidí amach i mí na Samhna2013 i gcoinne chinneadh an uachtaráin a bhí ann ag an am síniú an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin a chur ar fionraí; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin le bliain anuas fós ag bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain;

B.de bhrí go bhfuil ionsaithe gan idirdhealú déanta ag fórsaí na Rúise ar cheantair chónaithe agus ar bhonneagar sibhialta; de bhrí gur dúnmharaíodh na mílte sibhialtach, lena n-áirítear na céadta leanaí, cheana féin agus go ndearnadh go leor eile díobh a chéasadh, a chiapadh, a fhuadach nó a easáitiú le lámh láidir nó go ndearnadh ionsaí gnéis orthu; de bhrí go bhfuil neamhaird iomlán á tabhairt ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta leis an iompar mídhaonnachtúil sin ó fhórsaí na Rúise agus óna seach-ionadaithe; de bhrí, an 30MeánFómhair2022, go ndearna an Rúis a hionghabháil ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin, atá faoi fhorghabháil i bpáirt ag an Rúis, a dhearbhú go haontaobhach, sa bhreis ar an ionghabháil a rinne sí roimhe sin ar leithinis na Crimé; de bhrí gur áiríodh oll-ainghníomhartha san iarracht a rinne an Rúis codanna den Úcráin atá faoi fhorghabháil a ghlanadh go heitneach; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Rúis féiniúlacht náisiúnta na hÚcráine a scriosadh agus cultúr agus státacht na hÚcráine a scriosadh;

C.de bhrí gur easáitíodh na milliúin Úcránach laistigh den Úcráin agus lasmuigh di, tar éis dóibh teitheadh ó fhogha na Rúise; de bhrí go leanfaidh fogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bheith ag cur iallach ar dhaoine teitheadh óna dtithe; de bhrí go bhfágfaidh coireanna cogaidh na Rúise glúin de leanaí na hÚcráine faoi thráma agus na milliúin sibhialtach agus pearsanra míleata Úcránach a mbeidh cóireáil de dhíth orthu de dheasca anacair mheabhrach, dúlagair, imní agus neamhord struis iarthrámaigh;

D.de bhrí, le saoradh chríocha de chuid na hÚcráine, gur thángthas ar fhianaise ollmhór de sháruithe struchtúracha agus forleathana ar chearta an duine agus coireanna cogaidh a bheith déanta ag fórsaí na Rúise agus ag a seach-ionadaithe, amhail básuithe achomair agus adhlacthaí in olluaigheanna, éigniú agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh, céasadh, sibhialtaigh a úsáid mar sciatha daonna, easáitiú éigeantais sibhialtach (lena n-áirítear leanaí) go dtí an Rúis, éiceachórais a scriosadh, airm phléascacha a úsáid a bhfuil éifeachtaí ar limistéir fhorleathana acu, lena n-áirítear cnuasmhuinisin neamhdhleathacha i limistéir dhlúthdhaonra, agus scriosadh spriocdhírithe an bhonneagair shibhialtaigh, lena n-áirítear ospidéil, tithe agus scoileanna;

E.de bhrí go bhfuil mná agus cailíní go háirithe i mbaol le linn géarchéimeanna daonnúla agus easáitithe, ós rud é go leanann siad, ar mhéid díréireach, de bheith buailte ag an bhforéigean inscnebhunaithe;

F.de bhrí gur chruthaigh imshuí na Rúise ar onnmhairí gráin na hÚcráine le bliain anuas baol gorta do na milliúin daoine laistigh den Úcráin agus lasmuigh di, agus a chuirfeadh Holodomor i gcuimhne do dhaoine;

G.de bhrí go léiríonn cogadh foghach na Rúise a dearcadh coilíneach i leith a comharsana; de bhrí, fad is a bheidh an Rúis fós ina stát impiriúil, go leanfaidh sí dá hiarrachtaí an tsíorbhagairt ionsaithe ar mhór-roinn na hEorpa, a choinneáil ar bun; de bhrí gur aithin go leor gníomhaithe idirnáisiúnta gur státurraitheoir na sceimhlitheoireachta í an Rúis agus go bhfuil sí ina stát a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta, agus gur cheart bearta nithiúla a ghlacadh dá bharr;

H.de bhrí go bhfuil an Úcráin anois ina hiarrthóir aitheanta ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus go bhfuil tacaíocht ollmhór faighte aici i ngach réimse ón Aontas, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata nárbh fhacthas riamh cheana; de bhrí gurb ionann an cúnamh foriomlán a gheall an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha don Úcráin ó mhí Feabhra2022, agus EUR67mbilliún ar a laghad, lena n-áirítear cúnamh míleata;

I.de bhrí, in ainneoin fhogha na Rúise agus na staide socheacnamaíche forbhásaí, gur éirigh le Rialtas na hÚcráine rath éigin a bheith air maidir lena dhílárú leanúnach agus athchóirithe a bhaineann le daonlathú;

J.de bhrí gurb é cogadh foghach na Rúise an choinbhleacht mhíleata is mó ar mhór-roinn na hEorpa ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus go léirítear leis an choimhlint atá ag dul i méid idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas;

1.á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíocht do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;

2.á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine chomh maith le rannpháirtíocht an réimis sa Bhealarúis; ag éileamh ar an Rúis agus a seachfhórsaí deireadh a chur le gach gníomhaíocht mhíleata, go háirithe na hionsaithe ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, agus ag éileamh ar an Rúis gach fórsa míleata, seach-ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le hionnarbadh éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus muintir na hÚcráine uile atá faoi choinneáil a scaoileadh saor;

3.ag tabhairt ómós do mhuintir cróga na hÚcráine, buaiteoirí dlisteanacha Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2023, a bhfuil a dtír, a gceannasacht, a neamhspleáchas agus a n-iomláine chríochach á gcosaint go misniúil acu, agus an tsaoirse, an daonlathas, an smacht reachta agus luachanna Eorpacha á gcosaint acu chomh maith i gcoinne réimeas brúidiúil, a fhéachann leis an mbonn a bhaint ónár ndaonlathas agus lenár n-Aontas a lagú agus a dheighilt;

4.á chur in iúl go ndéanann sí comhbhrón ó chroí le teaghlaigh agus le muintir na gcosantóirí misniúla a thug a mbeatha chun an Úcráin agus a muintir, an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas agus a Bhallstáit tacaíocht leanúnach agus tacaíocht mhéadaithe do chóireáil agus d’athshlánú chosantóirí gortaithe na hÚcráine;

5.á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici rannchuidiú le spiorad athléimneachta agus creidimh mhuintir na hÚcráine i dtodhchaí níos fearr a choimeád ina mbeidh an tsíocháin i réim san Úcráin agus san Eoraip, nach mbeidh aon chuid de chríoch na hÚcráine faoi fhorghabháil na Rúise agus nach mbraithfidh aon duine de mhuintir na hÚcráine ná saoránach eile go bhfuil siad faoi bhagairt nó faoi ionsaí i ngeall ar a mian maireachtáil faoi shíocháin, faoi shábháilteacht agus faoi rathúnas agus le hurraim do luachanna agus prionsabail na hEorpa;

6.ag moladh na dlúthpháirtíochta a léirigh saoránaigh an Aontais, an tsochaí shibhialta, na Ballstáit agus an tAontas féin i leith na hÚcráine agus mhuintir na hÚcráine; ag tacú le síneadh leanúnach a chur leis an Treoir um Chosaint Shealadach(2) do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

7.á chreidiúint go mbeidh ról ríthábhachtach ag toradh an chogaidh agus ag an seasamh a ghlac an comhphobal idirnáisiúnta maidir le tionchar a imirt ar ghníomhaíocht amach anseo ag réimis fhorlámhacha eile, atá ag breathnú go dlúth ar chúrsa an chogaidh;

8.á chur i bhfios go láidir gurb é an príomhchuspóir atá ag an Úcráin an bua a bheith acu sa chogadh i gcoinne na Rúise, agus gurb éard atá i gceist leis sin ná fórsaí uile na Rúise, a hionadaithe agus a comhghuaillithe a thiomáint amach as críoch na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta; á mheas nach féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin trí sholáthar gach cineál arm, gan eisceacht, chuig an Úcráin a mhéadú, ar soláthar é ar gá a bheith leanúnach, marthanach agus ag dul i méid go seasta;

9.á éileamh go scoirfeadh an Rúise go buan de cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus tíortha comharsanachta eile a shárú nó a bhagairt; á chur i bhfáth nach bhfuil fogha na Rúise teoranta don Úcráin, ós rud é go bhfuil tionchar díobhálach slándála agus eacnamaíoch aige ar thíortha uile Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid an Aontais, go háirithe Poblacht na Moldóive, atá ag tabhairt aghaidh i gcónaí ar dhúmhál polaitiúil na Rúise, ar bhagairtí slándála agus ar bhriogadh arb é is aidhm dóibh an rialtas a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint ón daonlathas agus a chuireann bealach Eorpach na tíre i mbaol; ag tabhairt dá haire go ndearna Uachtarán Phoblacht na Moldóive, Maia Sandu, ráiteas le déanaí maidir leis an riosca a bhaineann le coup d’état sa tír; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do Phoblacht na Moldóive, ós rud é go bhféadfadh a leochaileachtaí athléimneacht na hÚcráine a lagú agus difear a dhéanamh do shlándáil na hEorpa; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlúthpháirtíocht agus comhar a chur chun cinn faoi Thionscnamh Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid AE, agus úsáid á baint as na hacmhainní uile is gá chun freagairt go leormhaith do bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus chun cobhsaíocht agus rathúnas an réigiúin a áirithiú;

10.á chur i bhfios go láidir nach mór an tUachtarán Putin, ceannairí eile na Rúise agus a gcomhghuaillithe sa Bhealarúis a phleanáil agus a thug na horduithe ábhartha chun tús a chur leis an gcogadh foghach seo i gcoinne na hÚcráine a thabhairt chun cuntais as coir an fhogha atá déanta acu; á áitiú thairis sin nach mór na comhchoirithe sin a chumasaíonn réimeas na Rúise a thabhairt chun cuntais freisin as a ról i gcogadh foghach na Rúise;

11.ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) agus ar na Ballstáit tacú le cuntasacht as na coireanna a rinneadh le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe coir an fhogha, coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú líomhnaithe; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarraidh ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an Úcráin agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun binse speisialta a chur ar bun chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choir an fhogha atá déanta ag ceannairí na Rúise agus a gcuid comhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine;

12.á iarraidh VP/HR, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus na Ballstáit agus a seirbhísí taidhleoireachta leanúint de bheith ag obair chomh dlúth agus chomh dian agus is féidir le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun aontacht an chomhphobail idirnáisiúnta a mhéadú maidir le cogadh foghach na Rúise a cháineadh agus a chomhrac agus maidir le cuntasacht a bhunú i leith coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus choir an fhogha; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le hobair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cuidiú le deireadh a chur le saoirse ó phionós do dhéantóirí na gcoireanna is tromchúisí ar cúis imní iad don chomhphobal idirnáisiúnta;

13.ag cáineadh go neamhbhalbh úsáid an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe mar arm cogaidh agus á chur i bhfáth gur coir chogaidh é sin; á iarraidh ar AE agus ar thíortha óstacha na mban agus na gcailíní a theith ón Úcráin rochtain ar sheirbhísí sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a ráthú, go háirithe frithghiniúint éigeandála, lena n-áirítear do mharthanóirí éignithe, agus tacú le soláthar na seirbhísí sin san Úcráin;

14.á chur i bhfios go láidir gur gá i gcónaí cabhair dhaonnúil a chur ar fáil don Úcráin, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na milliún duine easáitithe ón Úcráin agus laistigh di, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí leochaileacha; á athdhearbhú go bhfuil athlonnú agus díbirt éigeantais leanaí ón Úcráin, lena n-áirítear leanaí ó institiúidí, chuig an Rúis agus go bhfuil a n-uchtú éigeantais ag teaghlaigh Rúiseacha ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus ar an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir gurb ionann leanaí de ghrúpa amháin a aistriú go forneartach chuig grúpa eile agus coir an chinedhíothaithe, de réir Airteagal II den Choinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú; á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, i ndáil leis sin, tacú le hiarrachtaí údaráis na hÚcráine fianaise ar sháruithe ar chearta an duine a rinneadh le linn chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a bhailiú, a dhoiciméadú agus a chaomhnú;

15.á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí go hiomlán leis an ráiteas ón Uachtarán Zelenskyy san aitheasc a thug sé os comhair Pharlaimint na hEorpa: ‘This is our Europe. These are our rules. This is our way of life. And for Ukraine, it’s a way home’[Seo ár nEoraip. Seo ár gcuid rialacha. Seo ár slí bheatha. Agus don Úcráin, is bealach abhaile í]; ag athdhearbhú a tiomantais do bhallraíocht na hÚcráine san Aontas Eorpach; á iarraidh go ndéanfaí idirghníomhaíocht nuálaíoch, chomhlántach agus sholúbtha idir an obair reatha ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais atá i bhfeidhm agus an próiseas caibidlíochta aontachais, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh aonair agus cláir earnála an Aontais, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach, rud a chuirfeadh ar chumas na saoránach ón Úcráin tairbhe a bhaint as an aontachas le linn an phróisis agus ní hamháin nuair a bheidh sé curtha i gcrích;

16.á chur i bhfios go láidir go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip, rud a éilíonn cinntí polaitiúla, slándála agus airgeadais atá misniúil, cróga agus cuimsitheach ón Aontas Eorpach; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach stádas mar iarrthóir AE a dheonú don Úcráin; á iarraidh ar an Úcráin, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle oibriú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais i mbliana; á chreidiúint gur infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir í ballraíocht na hÚcráine in AE agus gurb ionann í agus ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú;

17.á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí i dtaobh stádas mar thír is iarrthóir AE a dheonú don Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór aontachas leis an Aontas Eorpach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal49 CAE, bunaithe ar na nósanna imeachta ábhartha a urramú agus coinníollach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar síos, go háirithe critéir Chóbanhávan, mar a thugtar orthu, maidir le ballraíocht san Aontas, agus gur próiseas i gcónaí é atá bunaithe ar fhiúntas lena gceanglaítear athchóirithe ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, gheilleagar an mhargaidh agus chur chun feidhme acquis an Aontais; á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine leanúint d’fhéinrialtas áitiúil a neartú, athchóiriú a bhfuil ardmholadh náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte aige, agus rath an athchóirithe díláraithe a leabú i struchtúr foriomlán phróisis deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine;

18.á athdhearbhú go dtacaíonn sí le cabhair mhíleata a chur ar fáil don Úcráin chomh fada agus is gá; ag aithint na n-iarrachtaí a rinne na Ballstáit maidir le tacaíocht mhíleata a chur ar fáil agus a ndearna an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le comhordú a dhéanamh ar thacaíocht mhíleata chun cur ar chumas na hÚcráine a ceart dlisteanach a fheidhmiú chun í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit, mar sin féin, a dtacaíocht mhíleata a mhéadú go suntasach agus dlús a chur léi d’fhonn ní hamháin ligean don Úcráin í féin a chosaint i gcoinne ionsaithe Rúiseacha, ach chun a chur ar a cumas freisin smacht iomlán a fháil an athuair ar a críoch iomlán a aithnítear go hidirnáisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit, ar na Stáit Aontaithe, ar an Ríocht Aontaithe agus ar Cheanada a ngealltanas a chomhlíonadh go pras chun tancanna catha nua-aimseartha a chur ar fáil don Úcráin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlúthchomhar agus aontacht a choinneáil i measc chomhghuaillithe na hÚcráine maidir leis an anailís ar iarrataí criticiúla ó údaráis na hÚcráine ar armra trom agus ar ardchórais cosanta aeir; á iarraidh go ndéanfaí machnamh dáiríre ar sholáthar scairdeitleán trodaíochta ón Iarthar, héileacaptair agus córais diúracán iomchuí don Úcráin agus ar sheachadtaí muinisean atá á méadú go suntasach;

19.á iarraidh ar an gComhairle a beartas smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil, agus faireachán, athbhreithniú agus feabhsú á ndéanamh ar a éifeachtacht agus ar a tionchar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an smachtbhannaí uile a chur chun feidhme go mear agus a fhorfheidhmiú go dian; á iarraidh ar an gComhairle a 10ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh faoi dheireadh mhí Feabhra2023, raon feidhme na smachtbhannaí a leathnú go suntasach, go háirithe iad siúd a fhorchuirtear ar an ngeilleagar agus ar earnáil an fhuinnimh trí thoirmeasc a chur ar allmhairí breoslaí iontaise, úráiniam agus diamaint na Rúise agus iad siúd a fhorchuirtear in aghaidh daoine agus eintiteas, smachtbhannaí a fhorchur ar gach duine a bhfuil baint acu leis an nGrúpa Wagner, mar a thugtar air, agus le grúpaí armtha, mílístí agus seach-ionadaithe eile atá maoinithe ag an Rúis, lena n-áirítear iad siúd atá gníomhach i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, agus go n-éireofaí go hiomlán as píblínte Nord Stream 1 agus 2, chun deireadh a chur le meaisín cogaidh Putin a mhaoiniú le hairgead AE; á iarraidh ar na Ballstáit uile a bheith aontaithe ina bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar gach tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas agus gach tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir a ailíniú le beartas smachtbhannaí AE;

20.á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar éifeachtacht na smachtbhannaí ar iarracht chogaidh na Rúise agus ar dhul timpeall ar smachtbhannaí; á mheabhrú gur cuireadh an sárú ar na bearta sriantacha le liosta AE de chionta coiriúla;

21.á iarraidh ar an Aontas agus a Bhallstáit tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun leanúint le leithlisiú idirnáisiúnta Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear maidir le ballraíocht na Rúise in eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

22.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí go bhfuil roinnt tríú tíortha ag comhoibriú leis an Rúis chun cabhrú léi dul timpeall ar smachtbhannaí, lena n-áirítear tuarascálacha go bhfuil an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh ag soláthar trealamh míleata go leanúnach don Rúis agus go bhfuil cuideachtaí cosanta sa tSín atá faoi úinéireacht an stáit ag seoladh trealamh dé-úsáide, trealamh loingseoireachta, teicneolaíocht trasnaíochta agus páirteanna d’aerárthaí trodaithe chuig an Rúis agus tuairiscí ar ghníomhaíochtaí folaitheacha ó thaobh na dtancanna de, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach bhféadfadh aon allmhairí gáis ó thríú tíortha, amhail an Asarbaiseáin, a bheith ag sciúradh ghás na Rúise faoi smachtbhannaí Eorpacha; ag tathant ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar a gcomhghuaillithe éifeachtacht na smachtbhannaí a forchuireadh cheana a neartú, céimeanna práinneacha a ghlacadh chun bac a chur ar aon iarracht teacht timpeall ar na smachtbhannaí sin agus oibriú ar shásra tánaisteach smachtbhannaí lena ndúnfaí aon lúb ar lár; ag cáineadh na dtíortha sin atá ag cabhrú leis an Rúis éifeachtaí na smachtbhannaí a fhorchuirtear a sheachaint agus á iarraidh ar an Aontas cuideachtaí, comhlachais agus daoine aonair a ghlacann páirt sa dul timpeall ar smachtbhannaí a ionchúiseamh go dian;

23.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí an córas dlí a thabhairt chun críche lena gceadaítear sócmhainní Rúiseacha arna gcalcadh ag AE a choigistiú agus lena n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí éagsúla ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil na tíre agus cúiteamh d’íospartaigh ionsaí na Rúise; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim nach mór a bheith d’oibleagáid ar an Rúis, a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh, cúiteamh a fhorchuirtear uirthi a íoc chun a áirithiú go rannchuideoidh sí go suntasach le hatógáil na hÚcráine;

24.ag athdhearbhú go gcáineann sí an cinneadh a rinne an Coiste Idirnáisiúnta Oilimpeach (IOC) le déanaí chun ligean do lúthchleasaithe na Rúise agus na Bealarúise dul san iomaíocht in imeachtaí chun cáiliú do Chluichí Oilimpeacha Pháras 2024 faoi bhratach neodrach, rud atá contrártha le leithlisiú ilghnéitheach na dtíortha sin agus a úsáidfidh an dá chóras chun críocha bolscaireachta; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta brú a chur ar CICO (Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha) an cinneadh sin a aisiompú, ar cúis náire é do shaol idirnáisiúnta an spóirt, agus seasamh comhchosúil a ghlacadh maidir le haon imeachtaí spóirt, cultúrtha nó eolaíocha eile;

25.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú go gníomhach leis na hiarrachtaí taidhleoireachta atá déanta ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach (IAEA), a mhol crios slándála núicléiche agus sábháilteachta núicléiche a bhunú timpeall Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhia na hÚcráine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sláine bonneagair a chaomhnú agus rochtain éasca ar láithreáin núicléacha a áirithiú do mhisean na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit cosc a chur ar Rosatom ó infheistíochtaí leanúnacha a dhéanamh i mbonneagar criticiúil in AE agus deireadh a chur lena ghníomhaíochtaí uile in AE;

26.á iarraidh ar institiúidí AE cur leis na deiseanna atá ann d’ionadaithe tofa agus d’oifigigh na hÚcráine staidéar a dhéanamh ar obair institiúidí AE agus breathnú ar an obair sin; á iarraidh go seolfaí nósanna imeachta chun Acadamh Chomhpháirtíocht an Oirthir um Riarachán Poiblí a bhunú;

27.á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit go ndéanfaí obair go straitéiseach agus go réamhghníomhach chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun cur isteach na Rúise ar na próisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile san Úcráin a chosc, go háirithe gníomhartha mailíseacha arb é is aidhm dóibh tuairimí an phobail a chúbláil agus an bonn a bhaint ó lánpháirtiú na hEorpa; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit méadú a dhéanamh ar athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise agus na bhfeachtas suaiteach atá ceaptha an bonn a bhaint ó phróisis dhaonlathacha agus deighiltí a chruthú san Úcráin agus in AE agus á iarraidh orthu an bhearna a dhúnadh trína áirithiú nach gcuirfidh cuideachtaí craoltóireachta agus cainéil teilifíse Eorpacha seirbhísí ar fáil d’aon chainéal teilifíse de chuid na Rúise atá faoi smachtbhannaí ná nach rannchuideoidh siad le scaipeadh inneachar bréagaisnéise na Rúise;

28.á iarraidh ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a choinneáil ar a clár oibre agus á iarraidh ar chomhpháirtithe AE ar fud an domhain leanúint de thacaíocht pholaitiúil agus dhaonnúil a chur ar fáil don Úcráin de réir mar a chosnaíonn sí a neamhspleáchas, a ceannasacht agus a hiomláine chríochach; á iarraidh ar SEGS agus ar na Ballstáit a rannpháirtíocht le ceannairí domhanda ó réigiúin eile a mhéadú maidir le tacaíocht don Úcráin agus brú idirnáisiúnta ar réimeas na Rúise a neartú;

29.á chur in iúl gur mór aici na tíortha a bhfuil aontacht, dlúthpháirtíocht agus tacaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo léirithe acu don Úcráin ó fhíorthús an chogaidh agus atá fós ag déanamh amhlaidh;

30.á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht leis na daoine misniúla sa Rúis agus sa Bhealarúis atá ag déanamh agóid i gcoinne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus go dtacaíonn sí leo; á éileamh go ndéanfadh Ballstáit cosaint a thabhairt agus tearmann a dheonú do Rúisigh agus do Bhealarúisigh a bhfuil géarleanúint á déanamh orthu as labhairt amach i gcoinne an chogaidh nó as agóid a dhéanamh ina choinne, chomh maith le tréigtheoirí agus agóidithe coinsiasacha Rúiseacha agus Bealarúiseacha;

31.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig na Náisiún Aontaithe, chuig an gCoiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha agus chuig údaráis na Rúise agus na Bealarúise.

(1) IO L161, 29.5.2014, lch.3.
(2) Treoir2001/55/CE ón gComhairle an 20Iúil2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

An nuashonrú is déanaí: 15 Bealtaine 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais