Caithfidh iriseoirí, grianghrafadóirí agus foirne closamhairc creidiúnú preasa agus/nó creidiúnú speisialta closamhairc a iarraidh chun dul isteach agus obair laistigh d'áitreabh na Parlaiminte.
Conas a oibríonn na feisiri? Cén tuarastail a fhaigheann siad? Cad iad na speansais a íoctar leo? Le haghaidh freagraí ar na ceisteanna sin agus ar cheisteanna coitianta eile maidir le hobair agus costais reatha na Parlaiminte, téigh chuig Ceisteanna Coitianta.
Is é atá i Seirbhís Preasa Pharlaimint na hEorpa ná foireann de phreasoifigigh arb é is cúram dóibh cúnamh a thabhairt d'iriseoirí agus faisnéis a sholáthar dóibh ar a bhfuil ar siúl sna coistí agus sna seisiúin iomlánacha.