Na Conarthaí agus Parlaimint na hEorpa 

Leis an gcéad Chonradh a síníodh sa bhliain 1951, cuireadh an Tionól Parlaiminteach ar bun agus athainmníodh ina dhiaidh sin é mar Pharlaimint na hEorpa. Ba é cuspóir an Chonartha bunaidh go n-oibreodh sé thír, a raibh cogadh eatarthu roimhe sin, as lámha a chéile chun comh-aidhmeanna a bhaint amach.

Cuireadh réimsí nua le Conarthaí ina dhiaidh sin ina bhféadfaí oibriú as lámha a chéile nó rinneadh na Conarthaí sin a cheapadh ar shlí a chuirfeadh feabhas ar an gcaoi a raibh institiúidí AE ag oibriú, de réir mar a d'fhás ballraíocht san Aontas ó shé go dtí 27 dtír. Mar shampla, tugadh isteach beartas talmhaíochta sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus rinneadh athchóiriú ar struchtúr institiúideach AE i gConradh Nice.

Feidhmíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí i gcomhréir leis na Conarthaí. Meastar gurb é an Coimisiún ‘Caomhnóir na gConarthaí’.

Mar a chruthaítear Conarthaí Eorpacha

Nuair atá conradh nua le cruthú, nó nuair atá conradh atá cheana ann le leasú, cuirtear Comhdháil Idir-rialtasach ar bun ina dtagann rialtais na mBallstát le chéile. Téitear i gcomhairle leis an bParlaimint agus tugann sí a tuairim uaithi maidir leis an gConradh de réir mar atá sé á mhúnlú agus á fhorbairt.

Tuilleadh cumhachta don Pharlaimint

Le gach Conartha nua, tá méadú leanúnach tagtha ar chumhachtaí daonlathais, maoirseachta agus reachtacha na Parlaiminte. Le Conradh na Bruiséile (a síníodh i 1975), fuair an Pharlaimint an ceart cuntais AE a ghrinnscrúdú ag deireadh gach bliana agus a mheas cibé ar chaith an Coimisiún buiséad AE ar bhealach stuama agus ceart.

Cuireadh forálacha nua isteach leis an Ionstraim Eorpach Aonair (Conradh a síníodh i 1986), rud a d'áirithigh go raibh aontú na Parlaiminte riachtanach sula bhféadfadh tír nua a theacht isteach in AE. Thug Conradh Amstardam (a síníodh i 1997) seasamh i bhfad níos láidre don Pharlaimint a mhéid a bhain leis an gcomhreachtú leis an gComhairle i raon iomlán réimsí a bhí faoi réir dhlí AE (cosaint an tomhaltóra, an cumas oibriú go dlíthiúil i dtír eile agus saincheisteanna comhshaoil, gan ach cúpla ceann a lua).

Tháinig an conradh is deireanaí, Conradh Liospóin, i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Neartaigh sé Parlaimint na hEorpa, thug sé tuilleadh freagrachta do na parlaimintí náisiúnta a mhéid a bhaineann lena chinneadh cén chúrsa a ghlacfaidh an beartas Eorpach, agus thug sé an deis do shaoránaigh AE leas a bhaint as cumhacht tionscnaimh i gcás na reachtaíochta. Mhéadaigh Conradh Liospóin cumhachtaí na Parlaiminte sa mhéid go ndéantar comhreachtóir lán-aitheanta di ag a bhfuil cumhachtaí buiséadacha méadaithe. Thug sé ról lárnach don Pharlaimint freisin i dtoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.