Maidir leis na Ǿí
Teachtaireacht Fáilte Chathaoirleach FISC

Fáilte go dtí suíomh gréasáin Fhochoiste FISC.
In 2022, aistríodh brabúis chorparáideacha de bhreis ar chuig dlínsí ísealchánach, rud a d'fhág go raibh riosca suntasach ann do bhuiséid phoiblí. Ní mór dúinn gníomhú chun sláine ár gcáinchóras a chosaint agus muinín an phobail in institiúidí airgeadais a chothabháil.
Íocann saoránaigh agus FBManna rátaí cánach níos airde ná corparáidí ilnáisiúnta, rud a fhágann go mbíonn iomaíocht éagórach agus seachaint cánach ann. Tacaímid le córas cothrom forásach chun a chinntiú go n-íocann gach duine a sciar, ag tacú le caiteachas poiblí agus córas leasa.
Tá sé de chumhacht ag an intleacht shaorga ár ngeilleagar, ár margadh saothair agus ár gcáinchórais a athrú ó bhonn. Is é an dúshlán is mó atá romhainn ná cánacha saothair a chothromú le foinsí eile ioncaim amhail teicneolaíocht, caipiteal agus sócmhainní. Le céad bliain anuas, bhí sé mar aidhm ag córais fhioscacha acmhainní a bhailiú do stáit leasa. Leis an gclaochlú domhanda atá ann faoi láthair cuirfear dúshlán roimh inbhuanaitheacht ár samhla, mura gcuirimid na réitigh chearta ar fáil.
Mar Chathaoirleach ar Fhochoiste FISC, tabharfaidh mé aghaidh ar na dúshláin sin agus cinnteoidh mé go ndéanfar ionadaíocht ar ghuthanna na saoránach i gcúrsaí cánach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Cuirim fáilte romhat ár n-obair coiste a leanúint ar an suíomh gréasáin seo.
Pasquale TRIDICO