Maidir leis na Ǿí
Focail Fáilte

Cuirim fáilte chroíúil romhat chuig suíomh gréasáin an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN), ar mór an onóir dom a bheith i mo Chathaoirleach air.
Tá TRAN freagrach i bParlaimint na hEorpa as reachtaíocht choiteann maidir le hiompar in AE, lena n-áirítear an earnáil iarnróid, an earnáil bóithre, earnáil na n-uiscebhealaí intíre, an earnáil mhuirí agus earnáil an aeriompair. Leis na rialacha comhchuibhithe sin, cinntear an dóigh a soláthraítear seirbhísí sna margaí sin agus rialaítear sábháilteacht an iompair. Tá TRAN freagrach freisin as an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), atá ríthábhachtach i ndáil le feabhas a chur ar naisc iompair idir na Ballstáit.
Tá ár gcuid oibre dírithe ar fheabhas a chur ar shoghluaisteacht daoine agus earraí. Mar sin de, tá tionchar díreach aige ar shaol laethúil na saoránach. Táimid ag iarraidh borradh a chur faoin tsoghluaisteacht agus fós cosaint oibrithe, iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú.
Déanaimid maoirseacht freisin ar an mbeartas turasóireachta, réimse arb é an ról atá ag an Aontas ann ná tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú.
Sa téarma atá le teacht, táimid ag tnúth le dul i mbun oibre athuair ar chomhaid reachtacha trína dtéitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sin, go háirithe maidir le cearta paisinéirí, meáchain agus toisí feithiclí bóthair, iompar traschórais, ceadúnais tiomána agus úsáid bonneagair iarnróid.
Elissavet Vozemberg-Vrionidi
Cathaoirleach Choiste TRAN