Ϸվ

ճܲá - A9-0002/2020ճܲá
A9-0002/2020

MOLADHmaidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

23.1.2020-(05931/2019 – C9‑0020/2019 – )-***

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
鲹óé: Geert Bourgeois

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0002/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0002/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

(05931/2019 – C9‑0020/2019 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05931/2019),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile (05932/2019),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal207(4) agus pointe(a)(v) den dara fomhír d’Airteagal218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0020/2019),

ag féachaint dá rún neamhreachtach an ...[1] maidir leis an dréachtchinneadh,

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0002/2020),

1.ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shóisialach Vítneam.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir AE agus Vítneam beifear in ann infheistíocht ar ardcháilíocht a chur chun cinn idir Vítneam agus AE. Leis an gcur chuige nuashonraithe de chuid AE i leith na cosanta infheistíochta tá cothromaíocht níos fearr ann idir borradh a chur faoin infheistíocht cruthaithe post agus í a chosaint agus, san am céanna, cosaint a thabhairt do cheart an rialtais beartais a dhéanamh ar mhaithe leis an leas poiblí.

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus i bhfianaise inniúlacht eisiach AE maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, lena n-áirítear cosaint infheistíochta, chuir caibidleoirí AE forálacha maidir le cosaint infheistíochta san áireamh i gcomhaontuithe saorthrádála AE-Vítneam agus AE-Singeapór. Bhi an dá chomhaontú cosúil le chéile den chuid is mó agus bhí struchtúr dlíthiúil a bhí díreach mar a chéile acu. In 2015, chinn an Coimisiún tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais AE a iarraidh chun a fháil amach an raibh an inniúlacht ag AE comhaontú saorthrádála AE-Singeapór a shíniú agus a thabhairt i gcrích as féin nó ar ghá rannpháirtíocht na mBallstát. Eisíodh an tuairim an 16 Bealtaine 2017 agus, ar an mbonn sin, tar éis an phlé a rinneadh idir institiúidí AE ar an struchtúr nua a bheadh ar chomhaontuithe saorthrádála amach anseo, roinneadh na comhaontuithe saorthrádála le Vítneam agus Singeapór araon ina gcomhaontuithe saorthrádála de chuid AE amháin agus ina gcomhaontuithe cosanta infheistíochta measctha.

I measc na bpríomhghnéithe de Chomhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Vítneam (EVIPA) tá:

Caighdeáin bheachta maidir le hinfheistíocht amhail: neamh-idirdhealú; gan aon díshealbhú gan cúiteamh sásúil agus pras; an deis cistí a bhaineann le hinfheistíocht a aistriú agus a aisdúichiú; ráthaíocht ghinearálta maidir le déileáil chóir agus chothrom agus slándáil fhisiceach; gealltanas go gcomhlíonfaidh rialtais a n-oibleagáidí conarthacha i scríbhinn agus atá ceangailteach ó thaobh dlí i leith infheisteora; gealltanas go gcúiteofar caillteanais in imthosca áirithe a bhaineann le cogadh nó coinbhleacht armtha.

Sásra éifeachtach, buan agus neamhspleách chun aon díospóid a sheachaint agus a réiteach trí Chóras Binse Infheistíochta idirnáisiúnta agus neamhspleách atá buan. Déanfaidh AE agus Vítneam Comhaltaí an Chórais Binse a cheapadh roimh ré agus beidh siad faoi réir ceanglais dhiana maidir le neamhspleáchas agus ionracas. Ag an dara céim, beifear in ann achomharc a dhéanamh chuig Binse Achomhairc buan. Áiritheofar trédhearcacht na n-imeachtaí trí dhoiciméid a fhoilsiú agus éisteachtaí atá ar oscailt don phobal. Ní mór breithiúnas deiridh a chur i bhfeidhm – ní bheidh cead ag na cúirteanna náisiúnta idirghabháil ná cinneadh an Bhinse a cheistiú chun trédhearcacht agus déileáil chóir agus chothrom a áirithiú.

Sainmhínithe beachta faoin uair atá rialtais ag sárú na hoibleagáide maidir le déileáil chóir agus chothrom lena gcuirtear deireadh leis an deis ar léirmhíniú lánroghnach.

Coimircí in aghaidh mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gcóras, amhail toirmeasc ar iléilimh agus éilimh chomhthreomhara, agus forálacha lenar féidir éilimh ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a chaitheamh amach. Tá feidhm ag an bprionsabal go n-íocann an cailliúnaí maidir le leithdháileadh na gcostas nós imeachta.

Tá an Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir AE agus Vítneam beagnach mar a chéile le Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór agus téann sé níos faide ná na forálacha maidir le cosaint infheistíochta in CETA (Binse Achomhairc lánfheidhmiúil, cód iompair do chomhaltaí na mBinsí).

Ar an gcaoi chéanna le Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór, níl caibidil ar leith faoi thrádáil agus faoi fhorbairt inbhuanaithe sa Chomhaontú Cosanta Infheistíochta idir AE agus Vítneam. San áireamh sa réamhrá, áfach, tá tagairtí sonracha don chomhaontú comhpháirtíochta agus comhair agus don chomhaontú saorthrádála idir AE agus Vítneam mar aon le luachanna agus prionsabail atá leagtha síos iontu, lena n-áirítear sa chaibidil faoi thrádáil agus faoi fhorbairt inbhuanaithe.

A luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm, cuirfear an Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir AE agus Vítneam in ionad an 21 Chonradh Déthaobhach Infheistíochta atá i bhfeidhm idir Vítneam agus Ballstáit AE.

Molann an 鲹óé go dtabharfaí toiliú don chomhaontú.


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT(3.12.2019)

chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

(05931/2019 – C9‑0020/2019 – )

鲹óé don tuairim: Tomas Tobé

RÉASÚNÚ GEARR

Tá sé mar aidhm leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta (CCI) idir AE agus Vítneam trádáil a spreagadh agus deireadh a chur le go leor de na bacainní infheistíochta atá fós ann.

Cuireann na caibidlí infheistíochta den chomhaontú raon cosaintí ar fáil d’infheisteoirí coigríche cáilitheacha agus dá gcuid infheistíochtaí. Áirítear i measc na gcosaintí sin, inter alia, an oibleagáid ‘caitheamh cóir agus cothromasach’ a sholáthar, chomh maith le ‘cosaint agus slándáil iomlán’, ‘cóir náisiúnta’ agus ‘an chóir náisiún barrfhabhair’.

Tá sé tábhachtach timpeallacht infheistíochta chobhsaí agus intuartha a chruthú chun infheistíocht a spreagadh agus tacú le cruthú post i Vítneam. Is díol sásaimh don rapóirtéir iad na forálacha feabhsaithe de CCI i gcomparáid leis na forálacha níos sine agus as dáta atá sna Comhaontuithe Infheistíochta Déthaobhacha a tugadh i gcrích idir roinnt Ballstát agus Vítneam. Go háirithe, tá sé thar am go mbeadh níos mó trédhearcachta ag baint le himeachtaí. Tá sé riachtanach go ndéanfaí na forálacha sin a urramú agus a athbhreithniú nuair is gá chun go mbeadh rochtain iomlán ag na geallsealbhóirí ar fhaisnéis ábhartha maidir le cásanna réitigh díospóide faoi chosaint infheistíochta ar cásanna iad atá fós idir lámha.

Cuireann an rapóirtéir i dtreis freisin go ndéanfaí urramú iomlán ar an gceart atá ag rialtais rialáil a dhéanamh ar leas an phobail, lena n-áirítear sláinte, an comhshaol, cearta saothair agus beartas cánach, agus nach díshealbhú de facto, ná sárú ar chaitheamh cóir agus cothromasach a bheadh ann. Tá Parlaimint na hEorpa tar éis a bheith ar thús cadhnaíochta sna héilimh go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras cosanta infheistíochta agus leanfaidh sí leis an dlúthfhaireachán ar an tionchar atá ag CCIanna, lena n-áiritear an comhaontú atá beartaithe le Vítneam, ar an gceart chun rialála agus ar aon iarmhairt mhór dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith aige. An Córas Cúirte Infheistíochta atá mar chuid den Chomhaontú Cosanta Infheistíochta idir Vítneam agus AE, lena n-áirítear an gealltanas ón dá pháirtí go dtabharfaidh siad cosaint don cheart chun rialála chun agóidí ó infheisteoirí a sheachaint, is céim shuntasach chun tosaigh é sin, ach ní deireadh é sin leis an bpróiseas athchóirithe.

I dtaca leis sin, cuireann an rapóirtéir i dtreis nach mór go gcoinneodh freagrachtaí an infheisteora suas le leathnú chearta an infheisteora agus leagann sé béim ar an tábhacht atá le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorálacha agus ar éifeachtaí CCI, agus an dul chun cinn comparáideach maidir le freagrachtaí an infheisteora a bhunú.

Sa chomhthéacs sin, molann an rapóirtéir go dtabharfaí toiliú don chomhaontú.

*

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú don togra maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích.


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile

ղí

05931/2019 – C9-0020/2019 –

An Coiste Freagrach

INTA

Tuairim ó

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

15.7.2019

鲹óé

Dáta an cheapacháin

Tomas Tobé

4.9.2019

Pléite sa choiste

5.9.2019

8.10.2019

Dáta an ghlactha

3.12.2019

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

11

7

6

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Martin Horwood, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Pierfrancesco Majorino, Lukas Mandl, Norbert Neuser, Michèle Rivasi, Louis Stedman-Bryce, Marc Tarabella, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Chrysoula Zacharopoulou, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alessandra Basso, Stéphane Bijoux, Marlene Mortler, Caroline Roose, Patrizia Toia


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

11

+

ECR

Beata Kempa

ID

Bernhard Zimniok

PPE

Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Lukas Mandl, Marlene Mortler, Tomas Tobé

RENEW

Stéphane Bijoux, Charles Goerens, Chrysoula Zacharopoulou

7

-

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

ID

Alessandra Basso, Dominique Bilde

NI

Louis Stedman-Bryce

VERTS/ALE

Pierrette Herzberger-Fofana, Michèle Rivasi, Caroline Roose

6

0

RENEW

Martin Horwood

S&D

Mónica Silvana González, Pierfrancesco Majorino, Norbert Neuser, Marc Tarabella, Patrizia Toia

Eochair:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

An Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile

ղí

05931/2019 – C9-0020/2019 –

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

1.7.2019

An Coiste Freagrach

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

15.7.2019

Ǿí ar iarradh tuairim uathu

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

24.10.2019

DEVE

15.7.2019

Gan tuairim a thabhairt

Dáta an chinnidh

AFET

4.12.2019

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Geert Bourgeois

23.9.2019

鲹óéí roimhe seo

Jan Zahradil

Pléite sa choiste

2.10.2019

6.11.2019

3.12.2019

Dáta an ghlactha

21.1.2020

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

7

6

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Daniel Caspary, Anna Cavazzini, Ellie Chowns, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Nicola Danti, Emmanouil Fragkos, Barbara Ann Gibson, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Karin Karlsbro, Jude Kirton-Darling, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Emmanuel Maurel, Samira Rafaela, Luisa Regimenti, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, James Wells, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Saskia Bricmont

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jordi Cañas

Dáta don chur síos

23.1.2020


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Jan Zahradil

PPE

Anna-Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler

RENEW

Jordi Cañas, Barbara Ann Gibson, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Nikos Androulakis, Miroslav Číž, Nicola Danti, Bernd Lange, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

7

-

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

S&D

Jude Kirton-Darling

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Ellie Chowns, Heidi Hautala

6

0

ID

Roman Haider, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Luisa Regimenti

NI

Tiziana Beghin, James Wells

Eochair:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 7 Feabhra 2020
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais