TUARASCÁILar an togra maidir le comhalta den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh
27.1.2020-(N9-0005/2020 – C9‑0009/2020 – )
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra maidir le comhalta den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh
(N9-0005/2020 – C9‑0009/2020 – )
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le Pedro Machado a cheapadh mar chomhalta den Bhord Réitigh Aonair (C9-0009/2020),
–ag féachaint d’Airteagal56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010[1],
–ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta AE[2],
–ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc[3],
–ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0009/2020),
A.de bhrí go bhforálann Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 go ndéanfar na comhaltaí den Bhord Réitigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 43(1) den rialachán sin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna agus ar bhonn an eolais atá acu ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais atá ábhartha maidir le maoirseacht airgeadais, rialáil agus réiteach bainc;
B.de bhrí gur cúis díomá don Pharlaimint é gur fir iad na hiarrthóirí go léir, d’ainneoin na n-oibleagáidí faoi Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus d’ainneoin na n-éileamh leanúnach ón bParlaimint go ndéanfaí cothromaíocht inscne a urramú agus liosta iarrthóirí á thíolacadh; de bhrí gurb oth leis an bParlaimint go bhfuil mná fós tearc-ionadaithe i bpoist feidhmiúcháin i réimse na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais agus éilíonn sí go ndéanfaí cothromaíocht inscne a urramú don chéad ainmniúchán eile; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;
C.de bhrí gur ghlac an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, an 13 Samhain 2019, gearrliosta do cheapadh comhalta den Bhord Réitigh Aonair amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 43(1) den rialachán sin;
D.de bhrí gur chuir an Coimisiún an gearrliosta ar fáil don Pharlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
E.de bhrí gur ghlac an Coimisiún, an 14 Eanáir 2020, togra maidir le Pedro Machado a cheapadh mar Chomhalta den Bhord agus mar Stiúrthóir um ‘Pleanáil Réitigh agus Cinntí’ sa Bhord Réitigh Aonair, agus gur tarchuireadh an togra sin chuig an bParlaimint;
F.de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ansin meastóireacht ar dhintiúir an iarrthóra mholta d’fheidhmeanna comhalta den Bhord Réitigh Aonair, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
G.de bhrí, an 22 Eanáir 2020, go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Pedro Machado, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí den Choiste ina dhiaidh sin;
1.ag formheas an togra ón gCoimisiún maidir le Pedro Machado a cheapadh mar chomhalta den Bhord Réitigh Aonair do thréimhse cúig bliana;
2.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhalta den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh |
|||
ղí |
N9-0005/2020 – C9-0009/2020 – |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
16.1.2020 |
|
|
|
An coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ECON
|
|
|
|
鲹óéí Dáta an cheapacháin |
Irene Tinagli 14.1.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
22.1.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
23.1.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
41 6 3 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Stefan Berger, Gilles Boyer, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Neena Gill, Valentino Grant, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Herve Juvin, Othmar Karas, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Costas Mavrides, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Dragoş Pîslaru, Luisa Porritt, Antonio Maria Rinaldi, Robert Rowland, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Joachim Schuster, Molly Scott Cato, Pedro Silva Pereira, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Francesca Donato, Eugen Jurzyca, Fulvio Martusciello, Bogdan Rzońca, Julie Ward |
|||
Comhaltaí ionaid faoi riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
César Luena, Cristina Maestre Martín De Almagro, Rob Rooken, Anna Zalewska |
|||
Dáta don chur síos |
27.1.2020 |
- [1]IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.
- [2]Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
- [3]Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.