Ϸվ

ճܲá - A9-0242/2023ճܲá
A9-0242/2023

MOLADHar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le síneadh ar an gComhaontú ar chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

20.7.2023-(08892/2023) – C9‑0186/2023 – )-***

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Cristian‑Silviu Buşoi
(Nós imeachta simplithe – Riail52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0242/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0242/2023
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le síneadh ar an gComhaontú ar chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

(08892/2023) – C9-0186/2023 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08892/2023),

ag féachaint do Chinneadh98/591/CE ón gComhairle an13 Deireadh Fómhair1998 maidir leis an gComhaontú ar chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur i gcrích[1],

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal186 agus Airteagal218(6), an dara fomhír, pointe(a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0186/2023),

ag féachaint do Riail105(1) agus (4), agus Riail114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0242/2023),

1.ag tabhairt a toilithe do shíneadh an chomhaontaithe;

2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an tAontas Eorpach (AE) agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) ina gcomhpháirtithe straitéiseacha le haghaidh taighde ó1998. Síníodh an chéad Chomhaontú déthaobhach le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá' ('an Comhaontú') an 5Nollaig1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14DeireadhFómhair1998. Rinneadh é a athnuachan ceithre huaire ó shin, eadhon in2003,2008,2013 agus2018.

Sonraítear le hAirteagal12(b) den Chomhaontú go ndéantar é ‘a thabhairt i gcrích le haghaidh tréimhse tosaigh 5bliana. Faoi réir athbhreithnithe ag na Páirtithe le linn bhliain deiridh gach tréimhse comhleanúnaí, féadfar síneadh a chur leis an gComhaontú chomh maith le leasuithe féideartha ina dhiaidh sin do thréimhsí 5bliana breise trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe.’ Tiocfaidh deireadh leis an gComhaontú reatha an 14DeireadhFómhair2023. Dheimhnigh an dá Pháirtí gur mian leo síneadh a chur leis an gComhaontú trí litreacha a mhalartú, arna ndátú an 7Samhain2022 agus an 13Nollaig2022. Is ionann substaint an Chomhaontaithe a gcuirfear síneadh leis agus substaint an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair.

Tá caidreamh AE le SAM maidir le hEolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht (ETN) níos láidre ná le haon tír eile lasmuigh den Eoraip. I measc tríú tíortha neamhchomhlachaithe, bhí SAM ar an tír is gníomhaí ar fad a bhí rannpháirteach i bhFís2020. Is léiriú é sin ar an gcaidreamh fadtéarmach speisialta a forbraíodh idir AE agus SAM, ar cheart dó leanúint de bheith ag dul i méid amach anseo.

Féadfaidh méadú ar an gcomhar idir na páirtithe cur le fás eacnamaíoch, cruthú post agus cáilíocht saoil fheabhsaithe na saoránach ar an dá thaobh den Atlantach. Éilíonn dúshláin dhomhanda réitigh dhomhanda chomhpháirteacha, mar sin tá sé tábhachtach go n-oibríonn AE agus SAM i ndlúthchomhar le chéile.

Ar na cúiseanna a luaitear thuas, creideann an Rapóirtéir gur chun leas an Aontais atá sé síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go ceann tréimhse nua 5bliana.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

ղí

08892/2023 – C9-0186/2023 –

Dáta an chomhairliúcháin nó na hiarrata ar thoiliú

1.6.2023

Coiste freagrach

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

1.6.2023

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Cristian-Silviu Buşoi

28.6.2023

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

28.6.2023

Dáta an ghlactha

19.7.2023

Dáta don chur síos

20.7.2023

An nuashonrú is déanaí: 30 Lúnasa 2023
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais