Ϸվ

ճܲá - A9-0155/2024ճܲá
A9-0155/2024

TUARASCÁILar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena 𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

22.3.2024-( – C9‑0139/2023 – )-***

An Coiste um Ghóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Pedro Marques


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0155/2024
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0155/2024
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena 𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

( – C9‑0139/2023 – )

(An gnáthós reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),

ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0139/2023),

ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5Iúil2023[1],

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13Iúil2023[2],

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0155/2024),

1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil ó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

𲹲ú1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena 𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)Bunaíodh creat réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gólachtaí infheistíochta (‘institiúidí’) tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008-2009 agus de dhroim dhoiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh d’Institiúidí Airgeadais’[5] arna fhormhuiniú go hidirnáisiúnta. Is éard atá i gcreat réitigh an Aontais Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6] agus Rialachán (AE) Uimh.806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7]. Tá feidhm ag an dá ghníomh maidir le 󾱲Բپپúí atá bunaithe san Aontas, agus maidir le haon eintiteas eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin ó an Rialacháin sin (‘eintitis’). Is é is aidhm do chreat réitigh an Aontais déileáil ar bhealach ordúil le teip institiúidí agus eintiteas trí fheidhmeanna criticiúla institiúidí agus eintiteas a chaomhnú agus trí bhagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus trí thaisceoirí agus cistí poiblí a chosaint san am céanna. Ina theannta sin, tá sé beartaithe le creat réitigh an Aontais forbairt an mhargaidh inmheánaigh sa bhaincéireacht a chothú trí chóras comhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna trasteorann ar bhealach comhordaithe agus trí shaincheisteanna cothroime iomaíochta a sheachaint.

(1a)Faoi láthair, is ar dhá cholún, eadhon, an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA), de na trí cholún a beartaíodh dó atá an t-aontas baincéireachta bunaithe. Is é sin, tá sé neamhiomlán, toisc nach ann dá thríú colún, an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT). Is cuid dhílis d’aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus den chobhsaíocht airgeadais é an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích, go háirithe trí mhaolú ar rioscaí an ‘fháinne fí’, mar a thugtar air, a eascraíonn as an nasc idir na bainc agus fiachas ceannasach.

(2)Roinnt blianta ó cuireadh chun feidhme é, ní thugann creat réitigh an Aontais mar is infheidhme faoi láthair an toradh a bhí beartaithe i ndáil le cuid de na cuspóirí sin. Go háirithe, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag institiúidí agus ag eintitis i dtreo inréiteachta agus go bhfuil acmhainní suntasacha tiomnaithe acu chuige sin, go háirithe tríd an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a mhéadú agus trí shocruithe maoinithe réitigh a líonadh, is annamh a bhaintear leas as creat réitigh an Aontais. Ina ionad sin, tugtar aghaidh ar theipeanna institiúidí agus eintiteas beag agus meánmhéide áirithe trí bhearta náisiúnta neamh-chomhchuibhithe den chuid is mó. Ar an drochuair, is airgead cáiníocóirí a úsáidtear ó seachas líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal, lena n-áirítear socruithe um maoiniú réitigh. Is cosúil go n-eascraíonn an staid sin as dreasachtaí neamhleora. Eascraíonn na dreasachtaí neamhleora sin as an idirghníomhú idir creat réitigh an Aontais agus na rialacha náisiúnta, rud a fhágann nach ndéantar an lánrogha leathan sa mheasúnú ar leas an phobail a fheidhmiú i gcónaí ar bhealach a léiríonn an chaoi ar beartaíodh feidhm a bheith ag creat réitigh an Aontais. San am céanna, is beag úsáid a baineadh as creat réitigh an Aontais mar gheall ar na rioscaí caillteanais a iompar atá ann do thaisceoirí institiúidí arna gcistiú ó thaiscí d’fhonn a áٳú gur féidir leis na 󾱲Բپپúí sin rochtain a fháil ar chistiú seachtrach le linn réitigh, go háirithe in éagmais dliteanais intarrthála eile. Ar deireadh, ós rud é nach bhfuil na rialacha maidir le rochtain ar chistiú i gcás nach bhfuil faoi réiteach chomh dian céanna leis na rialacha le linn réitigh, bíonn drogall ann creat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm agus baintear leas as réitigh eile ina n-úsáidtear airgead cáiníocóirí go minic in ionad acmhainní dílse na hinstitiúide ó an eintitis ó líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal. Cruthaítear rioscaí ilroinnte leis an staid sin, an riosca nach iad na torthaí is fearr a bhainfear amach le linn teipeanna institiúidí agus eintiteas a bhainistiú, go háirithe i gcás institiúidí agus eintitis bheaga agus mheánmhéide, agus na deischostais de bharr acmhainní airgeadais nár úsáideadh. Is den riachtanas a áٳú dá bhrí sin go ndéanfar creat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí agus a áٳú gur féidir é a chur i bhfeidhm nuair is chun leas an phobail é sin, lena n-áirítear i gcás institiúidí beaga agus meánmhéide ▌.

(3)De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh.806/2014, na Ballstáit a bhfuil dlúthchomhar bunaithe acu idir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach, measfar gur Ballstáit rannpháirteacha iad chun críocha an Rialacháin sin. Mar sin féin, níl aon mhionsonraí i Rialachán (AE) Uimh.806/2014 maidir leis an bpróiseas chun tús a chur leis an dlúthchomhar maidir le cúraimí a bhaineann le réiteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na mionsonraí sin a leagan síos.

(4)Bíonn éagsúlacht ag baint le déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre pleanála réitigh sin i dtaca le fochuideachtaí nár aithníodh mar eintitis réitigh ag brath ar mhéid agus ar phróifíl riosca na n-institiúidí agus na n-eintiteas lena mbaineann, ar fheidhmeanna criticiúla a bheith i láthair agus ar an ٰé réitigh grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh ar chumas an Bhoird Réitigh Aonair (an ‘Bord’) na tosca sin mheas le linn dó na bearta a bheidh le déanamh i leith fochuideachtaí den sórt sin a shonrú agus cur chuige simplithe a leanúint i gcás inarb iomchuí.

(5)Maidir le 󾱲Բپپúí ó eintitis atá á bhfoirceannadh faoin dlí náisiúnta, tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil siad i mbéal teipthe ó gur dóigh dóibh teip agus tar éis don Bhord teacht ar chonclúid nach ar mhaithe le leas an phobail é iad a réiteach, beidh siad ag imeacht ón margadh ar deireadh. Tugann an méid sin le tuiscint nach bhfuil gá le plean le haghaidh ídzídzٲí a bheidh le déanamh i gcás teipe, is cuma an ndearna an t-údarás inniúil údarú na hinstitiúide ó an eintitis lena mbaineann a tharraingt siar cheana. Is amhlaidh atá i gcás institiúid iarmharach faoi réiteach tar éis na sócmhainní, cearta, agus dliteanais a aistriú i gcomhthéacs ٰé aistrithe. Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, nach gá pleananna réitigh a ghlacadh sna cásanna sin.

(6)Féadfaidh an Bord toirmeasc a chur ar dháileacháin áirithe faoi láthair i gcás institiúid ó eintiteas nach gcomhlíonann an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é sa bhreis ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’). Mar sin féin, chun deimhneacht dhlíthiúil agus ailíniú leis na ósanna imeachta atá ann cheana maidir le cur chun feidhme cinntí Boird a áٳú, ní mór sonrú níos soiléire a dhéanamh ar róil na n-údarás a bhfuil baint acu leis an bpróiseas chun dáileacháin a thoirmeasc. Is iomchuí, dá bhrí sin, a leagan síos gur cheart don Bhord treoir a dhíriú chuig an údarás réitigh náisiúnta chun dáileacháin den sórt sin a thoirmeasc, agus ba cheart don údarás sin cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a cheangal ar institiúid ó ar eintiteas ICDI a chomhlíonadh ar bhonn atá éagsúil leis an mbonn ar a gceanglaítear ar an institiúid ó ar an eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh. Cruthaíonn an staid sin éiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar cumhachtaí an Bhoird chun dáileacháin a thoirmeasc agus maidir leis an Uasmhéid Indáilte a bhaineann le ICDI a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos gur cheart don Bhord, sna cásanna sin, treorú do na húdaráis réitigh náisiúnta dáileacháin áirithe a thoirmeasc bunaithe ar an meastachán ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte a eascraíonn as Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún[8]. Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áٳú, ba cheart don Bhord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta a chur in iúl don institiúid ó don eintiteas, agus ba cheart di ó dó an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta sin a nochtadh go poiblí ansin.

(7)Le Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh.575/2013, leagtar síos cumhachtaí atá le feidhmiú ag údaráis réitigh, agus ní áirítear cuid díobh sin i Rialachán (AE) Uimh.806/2014. Sa Sásra Réitigh Aonair, is féidir an méid sin a bheith ina chúis éiginnteachta i dtaobh cé a fheidhmeoidh na cumhachtaí sin agus na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar iad. Dá bhrí sin, is gá a shonrú mar ba cheart d’údaráis réitigh náisiúnta cumhachtaí áirithe a fheidhmiú, nach leagtar amach ach amháin i dTreoir 2014/59/AE, i ndáil le heintitis agus grúpaí a thagann faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird. Sna cásanna sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord, i gcás ina measann sé gur gá, treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí sin a fheidhmiú. Go háirithe, ba cheart go bhféadfadh an Bord treoir a thabhairt d’údaráis réitigh náisiúnta a cheangal ar institiúid ó ar eintiteas taifid mhionsonraithe a choinneáil de na conarthaí airgeadais ar páirtí iontu an institiúid ó an t-eintiteas, ó an chumhacht a chur i bhfeidhm roinnt oibleagáidí airgeadais a chur ar fionraí de bhun Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE. Mar sin féin, ós rud é nach gceanglaítear leis na ceadanna chun laghdú a dhéanamh ar ionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh.575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[9], atá infheidhme freisin maidir le 󾱲Բپپúí agus eintitis agus dliteanais atá faoi réir ICDI, go gcuirfear reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm, ba cheart go bhféadfadh an Bord na ceadanna sin a thabhairt d’institiúidí ó d’eintitis go díreach, gan iallach a bheith air treorú do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht sin a fheidhmiú.

(8)Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10], Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11] agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12], cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais ‘Bileog Téarmaí na hAcmhainneachta Ionsúcháin Caillteanais Iomláine (TLAC)’ arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9Samhain 2015 (‘caighdeán TLAC’), le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i ndlí an Aontais mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna). Le Rialachán (AE) 2019/877 agus le Treoir (AE) 2019/879, 'leasaíodh an ICDI a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh.806/2014. Is gá na forálacha i Rialachán (AE) Uimh.806/2014 maidir le ICDI a ailíniú le cur chun feidhme chaighdeán TLAC do G-SIInna i dtaca le dliteanais áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an chuid den ICDI a chomhlíonadh ar cheart í a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile. Go háirithe, ba cheart dliteanais a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata áirithe a chuimsiú i gcistí dílse agus in ionstraimí incháilithe fo-ordaithe na n-eintiteas réitigh i gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata sin ar chlár comhardaithe an eintitis réitigh ná 5% de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis réitigh agus nach n-eascraíonn aon rioscaí a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ as an gcuimsiú sin.

(9)Tá na rialacha maidir leis an ICDI a chinneadh dírithe den chuid is mó ar leibhéal iomchuí an ICDI a shocrú agus toimhde ann gurb í an uirlis tarrthála inmheánaí an ٰé réitigh tosaíochta. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh.806/2014, ceadaítear don Bhord uirlisí réitigh eile a úsáid, eadhon, na huirlisí réitigh sin a bhraitheann ar aistriú ghó na hinstitiúide faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach ó chuig droichead-institiúid. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear sa phlean réitigh úsáid a bhaint as an uirlis díolacháin gó ó as an uirlis droichead-institiúide, go neamhspleách ó in éineacht le huirlisí réitigh eile, ba cheart don Bhord leibhéal ICDI an eintitis réitigh lena mbaineann a chinneadh ar bhonn shainiúlachtaí na n-uirlisí réitigh sin agus ar bhonn na riachtanas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin éagsúla atá i gceist leis na huirlisí sin.

(10)Is é leibhéal an ICDI d’eintitis réitigh, suim mhéid na gcaillteanas ionchasach le linn réitigh agus méid an athchaipitliúcháin lena gcumasaítear don eintiteas réitigh a choinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh i gcónaí, agus a ghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh tréimhse iomchuí. Le ٰéí réitigh tosaíochta áirithe, go háirithe an uirlis díolacháin gó, aistrítear sócmhainní, cearta agus dliteanais chuig faighteoir. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na cuspóirí arna saothrú ag an gcomhpháirt athchaipitliúcháin a mhéid céanna agus a bheadh feidhm acu i gcás ٰé tarrthála inmheánaí bainc oscailte, toisc nach gceanglófar ar an mBord a áٳú go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh comhlíonadh a cheanglas cistí dílse a athbhunú tar éis na ídzídzٲ réitigh. Mar sin féin, meastar go sáróidh na caillteanais sna cásanna sin ceanglais cistí dílse an eintitis réitigh. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go leanfaidh leibhéal ICDI na n-eintiteas réitigh sin de mhéid athchaipitliúcháin a chur san áireamh, méid a choigeartófar ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an ٰé réitigh.

(11)I gcás ina mbeartaítear sa ٰé réitigh uirlisí réitigh seachas tarrtháil inmheánach go heisiach a úsáid, is gnách go mbeidh riachtanais athchaipitliúcháin an eintitis lena mbaineann níos lú tar éis réitigh ná mar a bheadh i gcás tarrtháil inmheánach bainc oscailte. I gcás den sórt sin i dtaca le ICDI a chalabrú, ba cheart an ghné sin a chur san áireamh agus an ceanglas athchaipitliúcháin á mheas. Dá bhrí sin, agus coigeartú á dhéanamh aige ar leibhéal an ICDI d'eintitis réitigh, a bhfuil sé beartaithe ina bplean réitigh go mbainfear úsáid as an uirlis díolacháin gó ó as an uirlis droichead-institiúide, go neamhspleách ó in éineacht le huirlisí réitigh eile, ba cheart don Bhord gnéithe na n-uirlisí sin a chur san áireamh, lena n-áirítear imlíne ionchasach an aistrithe chuig an gceannaitheoir príobháideach ó chuig an droichead-institiúid, na cineálacha ionstraimí a bheidh le haistriú, luach ionchasach agus indíoltacht na n-ionstraimí sin, agus dearadh na ٰée réitigh tosaíochta, lena n-áirítear úsáid chomhlántach na huirlise deighilte sócmhainní. Ós rud é go gcaithfidh an t-údarás réitigh cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí ón scéim ráthaithe taiscí le linn réitigh agus ós rud é nach féidir glacadh leis go gcinnfear amhlaidh ex ante, níor cheart don Bhord an ranníocaíocht fhéideartha ón scéim ráthaithe taiscí a chur san áireamh (le linn réitigh agus leibhéal ICDI á chalabrú. Leis an gcur chuige sin, laghdaítear freisin ar dhóchúlacht an bhaoil mhorálta trína áٳú nach nglacann eintitis leis roimh ré go n-úsáidfear cistí ón scéim ráthaithe taiscí faoi seach chun an sprioc 8% d’iomlán na ndliteanas agus na gcistí dílse a bhaint amach.

(13)De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 ón gComhairle[13], tá BCE inniúil ar chúraimí maoirseachta a dhéanamh i ndáil le luath-idirghabháil. Is gá na rioscaí a eascraíonn as trasuí éagsúil na mbeart luath-idirghabhála i ndlíthe náisiúnta i dTreoir 2014/59/AE a laghdú agus éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcumhachtaí atá ag BCE chun bearta luath-idirghabhála a dhéanamh. Cruthaíodh na bearta luath-idirghabhála sin chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla meathlú staid airgeadais agus eacnamaíoch institiúide ó eintitis a leigheas agus an riosca agus an tionchar ó réiteach féideartha a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, mar gheall ar easpa cinnteachta maidir leis na truicir chun na bearta luath-idirghabhála sin a chur i bhfeidhm agus forluí páirteach le bearta maoirseachta, is annamh a úsáideadh bearta luath-idirghabhála. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha Threoir 2014/59/AE maidir le bearta luath-idirghabhála a léiriú i Rialachán (AE) Uimh.806/2014, rud a áiritheoidh uirlis dlí aonair atá infheidhme go díreach do BCE, agus ba cheart na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála sin a shimpliú agus a shonrú tuilleadh. Chun deireadh a chur le héiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha agus leis an uainiú chun an comhlacht bainistíochta a bhaint agus riarthóirí sealadacha a cheapadh, ba cheart na bearta sin a shonrú go sainráite mar bhearta luath-idirghabhála agus ba cheart a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir na dtruicear céanna. San am céanna, ba cheart a cheangal ar BCE na bearta iomchuí a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chás sonrach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun a chur ar a chumas do BCE rioscaí clú ó rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid ó teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart do BCE measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn táscairí cainníochtúla, lena n-áirítear ceanglais chaipitil ó leachtachta, leibhéal giarála, iasachtaí neamhthuillmheacha ó comhchruinniú neamhchosaintí, ach ar bhonn truicir cháilíochtúla freisin.

(14)Is gá a áٳú go mbeidh ar chumas an Bhoird ullmhú le haghaidh réiteach féideartha institiúide ó eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord a chur ar an eolas faoi mheathlú staid airgeadais institiúide ó eintitis luath go leor, agus ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord chun bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach, chun a chur ar a chumas don Bhord freagairt chomh tapa agus is féidir do mheathlú staid institiúide ó eintitis, níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála a bheith ina choinníoll chun go ndéanfaidh an Bord socruithe maidir le margú na hinstitiúide ó an eintitis ó maidir le faisnéis a iarraidh chun an plean réitigh a nuashonrú agus an luacháil a ullmhú. Chun freagairt chomhsheasmhach, chomhordaithe, éifeachtach agus thráthúil ar mheathlú staid airgeadais institiúide ó eintitis a áٳú agus chun ullmhú i gceart le haghaidh réiteach féideartha, is den riachtanas feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcomhordú idir BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Bord. A luaithe a chomhlíonann institiúid ó eintiteas na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ba cheart do BCE, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Bhord a malartuithe faisnéise a mhéadú, lena n-áirítear faisnéis shealadach, agus faireachán a dhéanamh go comhpháirteach ar staid airgeadais na hinstitiúide ó an eintitis.

(14a)I gcás ina n-éileoidh an Bord an fhaisnéis is gá chun pleananna réitigh a thabhairt cothrom le dáta, chun ullmhú le haghaidh réiteach féideartha eintitis ó chun luacháil a dhéanamh, ba cheart do BCE ó do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord a mhéid atá sí ar fáil dóibh. I gcás nach bhfuil an faisnéis ábhartha ar fáil cheana féin do BCE ná do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ba cheart don Bhord agus do BCE ó na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha comhoibriú agus comhordú chun an fhaisnéis a mheasann an Bord go bhfuil gá léi a bhailiú. I gcomhthéacs an chomhordaithe sin, ba cheart do na húdaráis an fhaisnéis a bhfuil gá léi a bhailiú agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta.

(15)Is den riachtanas gníomhaíocht thráthúil agus luath-chomhordú a áٳú idir an Bord agus BCE, ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, maidir le grúpaí trasteorann nach bhfuil chomh suntasach i gcás ina bhfuil institiúid ó eintiteas ó ina ghóthas leantach ach go bhfuil riosca ábhartha ann go dteipfidh ar an institiúid ó an eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra a thabhairt don Bhord a luaithe is féidir faoi riosca den sórt sin. Ba cheart na cúiseanna leis an measúnú ó BCE ó ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha a bheith san fhógra sin, agus forléargas ar na bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, an ghníomhaíocht mhaoirseachta ó na bearta luath-idirghabhála atá ar fáil chun teip na hinstitiúide ó an eintitis a chosc laistigh de thréimhse réasúnta. Le luathfhógra den sórt sin, níor cheart dochar a dhéanamh do na ósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. An réamhfhógra a thabharfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha don Bhord maidir le riosca ábhartha go bhfuil institiúid ó eintiteas ag teip ó gur dóigh di ó dó teip, níor cheart é sin a bheith ina choinníoll le haghaidh cinnidh ina dhiaidh sin go bhfuil institiúid ó eintiteas ag teip i ndáiríre ó gur dóigh di ó dó teip. Thairis sin, má mheastar ag céim níos déanaí go bhfuil an institiúid ó an t-eintiteas i mbéal teipthe ó gur dóigh di ó dó teip agus nach bhfuil aon réiteach malartach ann chun teip den sórt sin a chosc laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh cibé an ndéanfar gníomhaíocht réitigh. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh tráthúlacht an chinnidh gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid ó le heintiteas a bheith buntábhachtach ó thaobh an ٰé réitigh a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe toisc gur féidir le hidirghabháil níos luaithe san institiúid ó san eintiteas rannchuidiú le leibhéil leordhóthanacha acmhainneachta ionsúcháin caillteanais agus leachtachta a áٳú chun an ٰé sin a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord measúnú a dhéanamh, i Իúٳ󳦳dz󲹰 le BCE ó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun bearta malartacha a chur chun feidhme chun teip na hinstitiúide ó an eintitis a sheachaint. Agus an measúnú sin á dhéanamh ba cheart a chur san áireamh freisin nach mór é a bheith ar chumas an údaráis réitigh i gcónaí agus ar chumas an eintitis lena mbaineann an ٰé réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach sa chás gurb í a theastaíonn sa deireadh ach gan cosc a chur ar bhearta malartacha a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an scála ama dá bhforáiltear do na bearta malartacha de chineál a d’fhágfadh nach gcuirfear éifeachtacht chur chun feidhme féideartha na ٰée réitigh i mbaol. Chun toradh tráthúil a áٳú agus chun a chur ar a chumas don Bhord ullmhú go cuí do réiteach féideartha na hinstitiúide ó an eintitis, ba cheart don Bhord agus do BCE, ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha, teacht le chéile go rialta, agus ba cheart don Bhord cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na gcruinnithe sin agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.

(16)Chun sáruithe ábhartha ar cheanglais stuamachta a chumhdach, is gá sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha lena gcinntear go bhfuil máthairghóthais, lena n-áirítear cuideachtaí sealbhaíochta, i mbéal teipthe ó gur dóigh dóibh teip. Ba cheart sárú na gceanglas sin arna dhéanamh ag máthairghóthas a bheith ábhartha i gcás ina bhfuil cineál agus méid an tsáraithe sin inchurtha le sárú a thabharfadh údar cuí don údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE dá mba institiúid chreidmheasa a rinne é.

(17)Tá sé i gceist go bhféadfar an creat réitigh a chur i bhfeidhm maidir le haon institiúid ó eintiteas a mbeidh measúnú dearfach ar leas an phobail ag baint léi ó leis, gan beann ar mhéid agus samhail ghó na hinstitiúide ó an eintitis. Chun an toradh sin a áٳú, ba cheart na critéir chun an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid ó eintiteas atá ag teip a shonrú. Sa mhéid sin, is gá a shoiléiriú, agus sin ag brath ar na himthosca sonracha, gur féidir feidhmeanna áirithe de chuid na hinstitiúide ó an eintitis a mheas mar fheidhmeanna criticiúla dá mbeadh tionchar ag scor na bhfeidhmeanna sin ar chobhsaíocht airgeadais ó ar sheirbhísí criticiúla ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i gcás inarb é an margadh geografach ábhartha a chinneann inionadaitheacht na bhfeidhmeanna criticiúla.

(18)Ba cheart go léireodh an measúnú ar cibé an bhfuil réiteach institiúide ó eintitis chun leasa an phobail, gur fearr an chosaint atá ag taisceoirí nuair a bhaintear úsáid níos éifeachtúla as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus nuair a íoslaghdaítear na caillteanais maidir leis na cistí sin. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar leas an phobail, ba cheart a mheas gurbh fhearr mar a bhainfí amach an cuspóir réitigh na taisceoirí a chosaint le linn réitigh dá mbeadh sé níos costasaí don scéim ráthaithe taiscí an dócmhainneacht a roghnú.

(19)Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide ó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú freisin, a mhéid is féidir, an difríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú arna sholáthar trí líontáin sábhála arna gcistiú ag an earnáil (socruithe maoinithe réitigh ó scéimeanna ráthaithe taiscí) agus, ar an taobh eile, cistiú arna sholáthar ag na Ballstáit ó airgead cáiníocóirí. Is mó de riosca baoil mhorálta agus is lú de dhreasacht chun glacadh le smacht an mhargaidh a bhaineann leis an gcistiú a chuireann na Ballstáit ar fáil, agus níor cheart é a bheith san áireamh ach in imthosca urghnácha. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ba cheart don Bhord cistiú a fháil trí na socruithe maoinithe réitigh ó tríd an scéim ráthaithe taiscí, ar fearr é ná cistiú trí mhéid comhionann acmhainní ó bhuiséad na mBallstát.

(19a)I gcás ina dtugann creataí náisiúnta dócmhainneachta agus réitigh an toradh céanna go bunúsach ó thaobh cuspóirí an chreata a bhaint amach, ba cheart tús áite a thabhairt don rogha lena n-íoslaghdaítear an riosca do cháiníocóirí agus don gheilleagar. Leis an gcur chuige sin, áiritheofar gníomhaíocht stuama fhreagrach, a bheidh ailínithe leis an sprioc uileghabhálach leasanna na gcáiníocóirí agus an chobhsaíocht eacnamaíoch i gcoitinne a chosaint.

(19b)Níor cheart tacaíocht airgeadais urghnách arna chistiú ag cáiniocóirí a dheonú d’institiúidí airgeadais, más féidir in aon chor, ach amháin chun suaitheadh tromchúiseach de chineál urghnách agus sistéamach sa gheilleagar a leigheas, ós rud é go leagtar ualach suntasach ar an airgeadas poiblí leis agus go gcuirtear isteach ar chothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach.

(20)Chun a áٳú go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar an mbealach is éifeachtaí, ba cheart go measfadh toradh an mheasúnaithe ar leas an phobail an dtabharfadh foirceannadh na hinstitiúide ó an eintitis atá i mbéal teipthe, faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, toradh níos éifeachtaí ná réiteach, ó thaobh ghóthú na gcuspóirí réitigh de, seachas go dtabharfadh sé an toradh céanna is a thabharfadh réiteach.

(21)I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) Uimh.806/2014 agus Treoir 2014/49/AE á gcur chun feidhme, is gá sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir bearta de chineál réamhchúraim a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonú go heisceachtúil. Chun saobhadh iomaíochta a thagann as difríochtaí i gcineál scéimeanna ráthaithe taiscí san Aontas a íoslaghdú, ba cheart, ar bhonn eisceachtúil, idirghabhálacha na scéimeanna sin a cheadú i gcomhthéacs bearta coisctheacha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2014/49/AE agus a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i gcás nach gcomhlíonann an institiúid is tairbhí ó an t-eintiteas is tairbhí aon cheann de na coinníollacha maidir lena mheas go bhfuil sí ó sé i mbéal teipthe ó gur dóigh di ó dó teip. Ba cheart a áٳú go ndéanfar bearta réamhchúraim luath go leor. Faoi láthair tá breithniú BCE maidir le hinstitiúid ó eintiteas a bheith sócmhainneach, chun críocha an athchaipitlithe réamhchúraim, bunaithe ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach don 12 mhí ina dhiaidh sin ar cibé an féidir leis an institiúid ó leis an eintiteas na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh.575/2013 ó i Rialachán (AE) 2019/2033, agus an ceanglas cistí dílse breise a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE ó i dTreoir (AE) 2019/2034, a chomhlíonadh. Ba cheart an cleachtas sin a leagan síos i Rialachán (AE) Uimh.806/2014. Ina theannta sin, maidir le bearta chun faoiseamh a sholáthar i leith sócmhainní bearnaithe, lena n-áirítear meáin bhainistíochta sócmhainní ó scéimeanna ráthaíochta sócmhainní, is féidir leo a bheith éifeachtach agus éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna anás airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí agus d’eintitis agus chun a dteip a chosc agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith ina mbearta réamhchúraim ábhartha. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhféadfadh bearta réamhchúraim den sórt sin a bheith i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe.

(22)Chun smacht an mhargaidh a chaomhnú, cistí poiblí a chosaint agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, ba cheart bearta réamhchúraim a bheith ina n-eisceacht i gcónaí agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar shuaití tromchúiseacha sa mhargadh ó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás géarchéim shistéamach. Thairis sin, níor cheart bearta réamhchúraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais thabhaithe ó ar chaillteanais is dóigh a thabhófar. Is athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní ó BCE, ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh.1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14] ó ó údaráis inniúla náisiúnta an ionstraim is iontaofa chun caillteanais thabhaithe ó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint. Ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a úsáid chun caillteanais thabhaithe ó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint más féidir athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta caillteanais thabhaithe ó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint ar an mbealach is iontaofa is féidir faoi na himthosca atá ann faoi láthair, bunaithe ar chigireachtaí ar an láthair i gcás inarb iomchuí.

(23)Is é is aidhm d’athchaipitliú réamhchúraim tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus d’eintitis inmharthana a shainaithnítear gur dócha go mbeidh deacrachtaí sealadacha acu sula i bhfad agus chun nach rachaidh a gcás in olcas a thuilleadh. Ionas nach ndeoófar fóirdheontais phoiblí do ghólachtaí atá neamhbhrabúsach cheana féin nuair a dheonaítear an tacaíocht, níor cheart bearta réamhchúraim a dheonaítear i bhfoirm éadáil ionstraimí cistí dílse ó ionstraimí caipitil eile ó trí bhearta sócmhainní bearnaithe a bheith níos mó ná an méid is gá chun easnaimh chaipitil a chumhdach mar a sainaithníodh i gcás díobhálach tástáil struis ó i bhfreachnamh coibhéiseach. Chun a áٳú go scoirfear den mhaoiniú poiblí ar deireadh, ba cheart na bearta réamhchúraim sin a theorannú ó thaobh ama de freisin agus ba cheart amlíne shoiléir a bheith iontu chun iad a fhoirceannadh (ٰé chun imeacht ón mbeart tacaíochta’). Níor cheart ionstraimí suthaine, lena n-áirítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ba cheart iad a bheith faoi réir teorainneacha cainníochtúla áirithe toisc nach bhfuil siad oiriúnach, de bharr a gcineáil, chun coinníoll na tréimhse sealadaí a chomhlíonadh.

(24)Ba cheart bearta réamhchúraim a theorannú don mhéid a bheadh de dhíth ar an institiúid ó ar an eintiteas chun a sócmhainneacht a chaomhnú i gcás díobhálach mar a chinntear i dtástáil struis ó i bhfreachnamh coibhéiseach. I gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart an institiúid ó an t-eintiteas is faighteoir a bheith in ann an méid sin a úsáid chun caillteanais ar na sócmhainní aistrithe a chumhdach ó i gcomhcheangal le héadáil ionstraimí caipitil, ar choinníoll nach sárófar méid foriomlán an easnaimh arna shainaithint. Is gá a áٳú freisin go gcomhlíonfaidh bearta réamhchúraim den sórt sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe na rialacha agus na cleachtais is fearr atá ann cheana maidir le Státchabhair, go n-athbhuóidh siad inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide ó an eintitis, go mbeidh státchabhair teoranta don mhéid is lú is gá agus go seachófar saobhadh ar an iomaíocht. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, i gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, an treoraíocht shonrach a chur san áireamh, lena n-áirítear Treoirphlean AMC[15] agus an Teachtaireacht maidir le Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha[16]. Ba cheart na bearta réamhchúraim sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe a bheith faoi réir choinníoll sáraitheach na tréimhse sealadaí i gcónaí. Le ráthaíochtaí poiblí a dheonaítear ar feadh tréimhse shonraithe i ndáil le sócmhainní bearnaithe na hinstitiúide ó an eintitis lena mbaineann, meastar go n-áiritheofar gur fearr a chomhlíonfar coinníoll na tréimhse sealadaí ná sa chás ina n-aistreofaí na sócmhainní sin chuig eintiteas a fhaigheann tacaíocht phoiblí. Chun a áٳú maidir le 󾱲Բپپúí a fhaigheann tacaíocht phoiblí, go gcomlíonfaidh siad téarmaí an bhirt tacaíochta, ba cheart go n-iarrfadh BCE ó na húdaráis inniúla náisiúnta plean feabhsúcháin ar institiúidí ar theip orthu a ngealltanais a chomhlíonadh. I gcás ina mbeidh BCE ó údarás inniúil náisiúnta den tuairim nach bhféadfar inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide a bhaint amach leis na bearta sa phlean feabhsúcháin ó i gcás inar theip ar an institiúid an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, ba cheart go ndéanfadh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha measúnú féachaint an bhfuil an institiúid i mbéal teipthe ó ar dóigh di teip, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

(25)Tá sé tábhachtach a áٳú go ndéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh thapa agus thráthúil i gcás ina mbeidh baint ag deonú Státchabhrach ó cabhrach ón gCiste leis an ngníomhaíocht sin. Is gá, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord an scéim réitigh lena mbaineann a ghlacadh sula ndéanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Mar sin féin, chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áٳú i gcás den sórt sin, ba cheart scéimeanna réitigh lena ndeonaítear státchabhair ó cabhair ón gCiste a bheith faoi réir fhormheas na cabhrach sin ag an gCoimisiún ar deireadh thiar. Chun a chur ar a chumas don Choimisiún a mheas, a luaithe is indéanta, an bhfuil an chabhair ón gCiste comhoiriúnach leis an margadh aonair, agus chun sreabhadh rianúil faisnéise a áٳú, is gá a leagan síos freisin gur cheart don Bhord agus don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá maidir le húsáid fhéideartha na cabhrach ón gCiste a chomhroinnt go pras agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha i dtaobh cathain ba cheart don Bhord faisnéis a sholáthar don Choimisiún agus cén fhaisnéis ba cheart dó a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar chomhoiriúnacht na cabhrach ón gCiste.

(26)An ós imeachta lena rialaítear dul i mbun réitigh agus an ós imeachta lena rialaítear an cinneadh na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, tá siad cosúil le chéile. Is iomchuí, dá bhrí sin, cúraimí an Bhoird agus cúraimí BCE ó an údaráis inniúil náisiúnta faoi seach a ailíniú, de réir mar is ábhartha, nuair a dhéanann siad measúnú, ar thaobh amháin, i dtaca le cibé an bhfuil na coinníollacha ann chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, agus, ar an taobh eile, nuair a dhéanann siad measúnú ar na coinníollacha chun scéim réitigh a ghlacadh.

(27)D’fhéadfadh sé go mbeadh gníomhaíocht réitigh le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh atá ina cheann ar ghrúpa réitigh, agus an tráth céanna, go mbeadh cumhachtaí díluachála agus comhshó le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas eile de chuid an ghrúpa céanna. Maidir le hidirthuilleamaíochtaí idir eintitis den sórt sin, lena n-áirítear ceanglais chaipitil chomhdhlúite atá ann agus a bheidh le hathbhunú agus an gá le sásraí caillteanais réamhtheachtacha agus sásraí caipitil iartheachtacha a ghníomhachtú, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach measúnú a dhéanamh ar na riachtanais ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin le haghaidh gach eintiteas ar leithligh, agus a chinneadh ar an gcaoi sin na méideanna is gá a dhíluacháil agus a chomhshó le haghaidh gach eintitis. Ba cheart, dá bhrí sin, an ós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cumhachta chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil agus a chomhshó sna cásanna sin a shonrú, agus ba cheart don Bhord idirthuilleamaíochtaí den sórt sin a chur san áireamh. Chuige sin, i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas amháin na coinníollacha maidir leis an gcumhacht díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm agus ina gcomhlíonfaidh eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna na coinníollacha maidir le réiteach san am céanna, ba cheart don Bhord scéim réitigh a ghlacadh lena gcumhdófar an dá eintiteas.

(28)Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, agus i bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas a d’fhéadfadh teacht as teagmhais neamhchinnte amach anseo, lena n-áirítear toradh dlíthíochtaí atá ar feitheamh tráth an réitigh, is gá a leagan síos cén láimhseáil ba cheart a thabhairt do na dliteanais sin chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm. Maidir leis sin, is iad na treoirphrionsabail dá bhforáiltear sna rialacha cuntasaíochta, agus go háirithe sna rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 37 arna nglacadh le Rialachán (CE) Uimh.1126/2008 ón gCoimisiún[17], ar cheart bheith ina dtreoirphrionsabail. Ar an mbonn sin, ba cheart do na húdaráis réitigh idirdhealú a dhéanamh idir forálacha agus dliteanais theagmhasacha. Is éard is forálacha ann, dliteanais a bhaineann le heis-sreabhadh dóchúil cistí agus ar féidir meastóireacht iontaofa a dhéanamh orthu. Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha mar dhliteanais chuntasaíochta mar go mbaineann siad le hoibleagáid nach féidir a mheas mar oibleagáid dhóchúil tráth an mheastacháin ó nach féidir a mheas go hiontaofa.

(29)Ós rud é gur dliteanais chuntasaíochta iad forálacha, ba cheart a shonrú go gcaithfear leis na forálacha sin ar an gcaoi chéanna le dliteanais eile. Ba cheart na forálacha sin a bheith intarrthála, seachas i gcás ina gcomhlíonann siad ceann de na critéir shonracha lena n-eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí. I bhfianaise ábharthacht fhéideartha na bhforálacha sin le linn réitigh agus chun cinnteacht a áٳú maidir le cur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, ba cheart a shonrú gur cuid de na dliteanais intarrthála iad forálacha agus, dá réir sin, go bhfuil feidhm ag an uirlis tarrthála inmheánaí maidir leo.

(30)De réir phrionsabail na cuntasaíochta, ní féidir dliteanais theagmhasacha a aithint mar dhliteanais agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a bheith intarrthála. Is gá a áٳú, áfach, maidir le dliteanas teagmhasach a d’eascródh as teagmhas atá neamhdhóchúil ó nach féidir a mheas go hiontaofa tráth an réitigh nach ndéanann sé dochar d’éifeachtacht na ٰée réitigh agus go háirithe d’éifeachtacht na huirlise tarrthála inmheánaí. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart don luachálaí, mar chuid den luacháil chun críoch réitigh, measúnú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha a áirítear i gclár comhardaithe na hinstitiúide ó an eintitis faoi réiteach agus luach féideartha na ndliteanas sin a chainníochtú de réir chumas an luachálaí. Chun a áٳú gur féidir leis an institiúid ó leis an eintiteas, tar éis an phróisis réitigh, muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse ama iomchuí, ba cheart don luachálaí an luach féideartha sin a chur san áireamh nuair a bhuófar an méid faoinar gá dliteanais intarrthála a dhíluacháil ó a chomhshó chun cóimheasa caipitil na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh a chumhachtaí comhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais intarrthála a mhéid is gá chun a áٳú gur leor athchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach chun caillteanais fhéideartha a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar theagmhas neamhdhóchúil. Agus measúnú á dhéanamh ar mhéid na díluachála ó an chomhshó, ba cheart don údarás réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar thionchar an chaillteanais fhéideartha ar an institiúid faoi réiteach bunaithe ar roinnt tosca, lena n-áirítear an dóchúlacht go dtiocfaidh ann don teagmhas, an creat ama dá theacht ann agus méid an dliteanais theagmhasaigh.

(31)I gcúinsí áirithe, tar éis don Chiste Réitigh Aonair ranníocaíocht suas le huasmhéid 5% de dhliteanais iomlána na hinstitiúide ó an eintitis, lena n-áirítear cistí dílse, a chur ar fáil, féadfaidh an Bord foinsí breise cistiúcháin a úsáid chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá ngníomhaíocht réitigh. Ba cheart a shonrú níos soiléire cé na himthosca ina bhféadfaidh an Ciste Réitigh Aonair tacaíocht bhreise a sholáthar i gcás ina ndearnadh gach dliteanas ag a bhfuil rangú tosaíochta níos ísle ná taiscí, nach n-eisiatar go héigeantach ó go discréideach ón tarrtháil inmheánach, a dhíluacháil ó a chomhshó ina n-iomláine.

(32)Braitheann rath an réitigh ar rochtain thráthúil a bheith ag an mBord ar fhaisnéis ábhartha ó na 󾱲Բپپúí agus ó na heintitis a thagann faoi fhreagracht an Bhoird agus ó institiúidí agus údaráis phoiblí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord rochtain a fháil ar fhaisnéis staidrimh a bhailigh BCE faoina fheidhm bhainc cheannais, de bhreis ar an bhfaisnéis atá ar fáil do BCE mar mhaoirseoir faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh.1024/2013. De bhun Rialachán (CE) Uimh.2533/98 ón gComhairle[18], ba cheart don Bhord cosaint fhisiceach agus loighciúil ar fhaisnéis staidrimh rúnda a áٳú agus ba cheart dó údarú chuig BCE a cheangal i gcás an tarchuir bhreise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun cúraimí an Bhoird a fhorfheidhmiú. Ós rud é go bhféadfadh gá a bheith le faisnéis a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb é institiúid ó eintiteas an t-aon chomhpháirtí baincéireachta amháin ó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu, ar faisnéis í atá i seilbh na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19], ba cheart go bhféadfadh an Bord an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn cás ar chás. Ba cheart uainiú beacht rochtain indíreach an Bhoird ar fhaisnéis a shonrú freisin. Go háirithe, nuair atá an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’institiúid ó d’údarás a bhfuil oibleagáid uirthi ó air comhoibriú leis an mBord nuair a iarrann an Bord faisnéis, ba cheart don institiúid ó don údarás sin an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord. Más rud é, an tráth sin, nach mbeidh an fhaisnéis ar fáil, is cuma cén chúis nach bhfuil sí ar fáil, ba cheart go bhféadfadh an Bord an fhaisnéis sin a fháil ón duine nádúrtha ó dlítheanach a bhfuil an fhaisnéis sin aige trí na húdaráis náisiúnta réitigh ó go díreach, tar éis dó na húdaráis réitigh náisiúnta sin a chur ar an eolas faoin méid sin. Ba cheart don Bhord a bheith in ann freisin an ós imeachta a shonrú, faoinar cheart dó faisnéis a fháil ó eintitis airgeadais, agus an fhoirm ina ndéanfar sin, chun a áٳú gurb í an fhaisnéis sin is oiriúnaí dá riachtanais, lena n-áirítear seomraí sonraí fíorúla. Ina theannta sin, chun an comhar is leithne is féidir a áٳú leis na heintitis uile a bhfuil seans ann go bhféadfadh sonraí a bheith ina seilbh atá ábhartha don Bhord, agus atá riachtanach chun na cúraimí a thugtar dó a chomhlíonadh, agus chun dúbláil iarrataí chuig institiúidí agus eintitis a sheachaint, ba cheart go n-áireofaí comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, na SRTanna ábhartha, an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh leis na 󾱲Բپپúí agus na húdaráis phoiblí uile ar cheart don Bhord a bheith in ann comhoibriú leo, infhaighteacht faisnéise a sheiceáil agus faisnéis a mhalartú leo. Ar deireadh, chun idirghabháil thráthúil na socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste Réitigh Aonair a áٳú, i gcás inar gá, ba cheart don Bhord an Coimisiún agus BCE a chur ar an eolas a luaithe a mheasann sé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach socruithe airgeadais den sórt sin a ghníomhachtú agus gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún agus do BCE chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.

(33)Foráiltear le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE nach bhfuil gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le 󾱲Բپپúí agus eintitis faoi raon feidhme na Treorach sin le tosú ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirtear institiúid ó eintiteas i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin le toiliú an údaráis réitigh. Ní léirítear an fhoráil sin i Rialachán (AE) Uimh.806/2014. I gcomhréir le roinnt na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh.806/2014, ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta dul i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE le haghaidh institiúidí agus eintitis atá faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird.

(34)Is ionann na critéir roghnúcháin do phost Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus na critéir maidir leis an gCathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha eile an Bhoird a roghnú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cearta vótála céanna a thabhairt do Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus atá ag an gCathaoirleach agus ag comhaltaí lánaimseartha an Bhoird.

(36)Chun go bhféadfaidh an Bord réamh-mheasúnú a dhéanamh ina sheisiún iomlánach ar an dréachtbhuiséad sula dtíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréacht críochnaitheach, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse faoina bhféadfaidh an Cathaoirleach togra tosaigh a chur ar aghaidh le haghaidh bhuiséad bliantúil an Bhoird.

(37)Tar éis na tréimhse tosaigh ina ndéantar an Ciste Réitigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a thiomargadh, d’fhéadfadh laghduithe beaga faoi bhun a spriocleibhéil teacht ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó, go háirithe mar thoradh ar mhéadú ar thaiscí cumhdaithe. Is dócha, dá bhrí sin, gur beag méid na ranníocaíochtaí ex-ante is dócha a ghlaofar sna cúinsí sin. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, sna blianta romhainn amach, nach mbeadh méid na ranníocaíochtaí ex ante sin i gcomhréir a thuilleadh leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord bailiú na ranníocaíochtaí ex ante a chur siar ar feadh suas le trí bliana go dtí go sroichfidh an méid atá le bailiú méid atá comhréireach le costas an phróisis bailithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste Réitigh Aonair a úsáid.

(38)Tá gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ar cheann de chomhpháirteanna na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste Réitigh Aonair. Is gá, dá bhrí sin, na cúinsí a shonrú ina bhféadfar na gealltanais íocaíochta sin a ghlaoch, agus an ós imeachta is infheidhme nuair a bheidh na gealltanais á bhfoirceannadh i gcás ina scoirfidh institiúid ó eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc leis an gCiste Réitigh Aonair. Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a sholáthar maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le tiomsú, ba cheart don Bhord an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme.

(39)Uasmhéid bliantúil na ranníocaíochtaí ex post urghnácha leis an gCiste Réitigh Aonair a cheadaítear a ghlaoch, tá sé teoranta faoi láthair do thrí oiread na ranníocaíochtaí ex ante. Tar éis na tréimhse tiomargtha tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh.806/2014, beidh na ranníocaíochtaí ex ante sin ag brath, i gcúinsí eile seachas úsáid an Chiste Réitigh Aonair, ar athruithe ar leibhéal na dtaiscí cumhdaithe amháin, agus is dócha dá bhrí sin go n-éireoidh siad beag. Dá mbuófaí uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha ar ranníocaíochtaí ex ante, d’fhéadfaí an-teoranin a chur leis an deis atá ag an gCiste Réitigh Aonair ranníocaíochtaí ex post a thiomsú, agus ar an gcaoi sin a chumas ídzídzٲ a laghdú. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart teorainn dhifriúil a leagan síos agus ba cheart uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post úrghnácha a cheadaítear glaoch orthu a shocrú ag trí oiread an ochtú cuid de spriocleibhéal an Chiste.

(40)Is féidir an Ciste Réitigh Aonair a úsáid chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gó ó na huirlise droichead-institiúide, sa chaoi go n-aistrítear tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas de chuid na hinstitiúide faoi réiteach chuig faighteoir. Sa chás sin, féadfaidh an Bord éileamh a bheith aige in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí ó an eintitis iarmharaigh ina fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina n-úsáidtear an Ciste Réitigh Aonair i ndáil le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin, lena n-áirítear i bhfoirm ráthaíochtaí do shócmhainní agus do dhliteanais, ó i bhfoirm chumhdach na difríochta idir na sócmhainní agus na dliteanais a aistríodh. Chun a áٳú go ndéanfaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a fhágtar ar lár san institiúid iarmharach ó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide faoi réiteach a ionsú go héifeachtach agus feabhas a chur ar an bhféidearthacht aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta a dhéanamh leis an mBord, ba cheart go dtairbheodh na héilimh sin de chuid an Bhoird in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí ó an eintitis iarmharaigh, agus éilimh a eascraíonn as speansais réasúnta arna dtabhú go hiomchuí ag an mBord, den rangú tosaíochta céanna i gcás dócmhainneachta agus a bheadh ag rangú éilimh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ngach Ballstát rannpháirteach, ar cheart é a bheith níos airde ná rangú tosaíochta taiscí agus scéimeanna ráthaithe taiscí. Ós rud é gurb é is aidhm don chúiteamh a íoctar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe ón gCiste Réitigh Aonair mar gheall ar sháruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ torthaí na ídzídzٲ réitigh a chúiteamh, níor cheart éilimh de chuid an Bhoird a bheith ag eascairt as an gcúiteamh sin.

(41)Ós rud é go bhfuil roinnt d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a bhaineann leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí le linn réitigh cosúil leo siúd atá i dTreoir 2014/59/AE, ba cheart na leasuithe a rinneadh ar na forálacha sin i dTreoir 2014/59/AE le [OP cuir isteach uimhir na treorach lena 𲹲íٱ𲹰 Treoir 2014/59/AE] a léiriú i Rialachán (AE) Uimh.806/2014.

(42)Bíonn ríthábhacht le trédhearcacht chun sláine an mhargaidh, smacht an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a áٳú. Chun a áٳú go mbeidh an Bord in ann iarrachtaí ar mhaithe le trédhearcacht bhreise a chothú agus páirt a ghlacadh iontu, ba cheart cead a bheith ag an mBord faisnéis a nochtadh a eascraíonn as anailísí, measúnuithe agus cinntí dá chuid féin, lena n-áirítear a mheasúnuithe inréiteachta, i gcás nach ndéanfadh an nochtadh sin dochar do chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta ó eacnamaíoch agus i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí sa nochtadh.

(43)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a leasú dá réir.

(44)Chun comhsheasmhacht a áٳú, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh.806/2014 atá comhchosúil leis na leasuithe ar Threoir 2014/59/AE le ... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena 𲹲íٱ𲹰 Treoir 2014/59/AE] a chur i bhfeidhm ón dáta céanna leis an dáta le haghaidh thrasuí... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena 𲹲íٱ𲹰 Treoir 2014/59/AE], is é sin ... [OP cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Níl aon chúis, áfach, le moill a chur ar chur i bhfeidhm na leasuithe sin ar Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a bhaineann go heisiach le feidhmiú an tSásra Réitigh Aonair. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 1mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(45)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghóthú go leordhóthanach, eadhon, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata téarnaimh agus réitigh d’institiúidí agus d’eintitis a fheabhsú, i ngeall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, trí leasuithe ar rialacha a socraíodh cheana ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh.806/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh.806/2014mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal3(1) mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (24a):

‘(24a) ciallaíonn ‘eintiteas réitigh’ duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, atá sonraithe ag an mBord ó ag an údarás réitigh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, mar eintiteas a bhforáiltear do ghníomhaíocht réitigh ina leith sa phlean réitigh;’;

(b)cuirtear na pointí(24d) agus (24e) a leanas isteach:

‘(24d) ciallaíonn ‘G-SII neamh-AE’ G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (134), de Rialachán (AE) Uimh.575/2013;

(24e)ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas G-SII mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (136), de Rialachán (AE) Uimh.575/2013;’;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe(49):

‘(49) ciallaíonn ‘dliteanais intarrthála’ na dliteanais, lena n-áirítear na dliteanais sin as a n-eascraíonn forálacha cuntasaíochta, agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromais Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 ó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal2 agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun Airteagal27(3);’;

(2)in Airteagal4, cuirtear an mhír 1a a leanas isteach:

‘1a. Cuirfidh na Ballstáit an Bord ar an eolas a luaithe is féidir maidir lena n-iarraidh ar dhlúthchomhar a dhéanamh le BCE de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013.

Tar éis fógra a thabhairt de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 agus sula mbuófar dlúthchomhar, soláthróidh na Ballstáit gach faisnéis faoi na heintitis agus na grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón mBord chun ullmhú do na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus leis an gComhaontú.’;

(3)𲹲íٱ𲹰 Airteagal7 mar a leanas:

(a)i mír3, an ceathrú fomhír, cuirtear an méid a leanas isteach in ionad na chéad abairte:

‘Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagal 10a, Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, Airteagal 18(1), (1a), (2) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), an dara fomhír d'Airteagal 21(8), an dara fomhír, Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3) agus (6), Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), Airteagal 27(16), an dara fomhír, an dara habairt, an tríú fomhír, agus an ceathrú fomhír, an chéad, an tríú agus an ceathrú habairt agus Airteagal 32, léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.’;

(b)𲹲íٱ𲹰 mír 5 mar a leanas:

(i)cuirtear na focail ‘Airteagal 12(3)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12(2)’;

(ii)cuirtear isteach an fhomhír a leanas:

‘Tar éis éifeacht a bheith ag an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le heintitis agus grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a chur ar ais chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thuilleadh. éԴڲ na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina taobh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra sin ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;

(4)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 8 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír a leanas:

‘Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. éԴڲ na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.’;

(aa)i mír 9, 𲹲íٱ𲹰 an chéad fhomhír mar a leanas:

(i) cuirtear an pointe a leanas isteach:

‘(aa) i gcás inarb infheidhme, cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go mbeidh institiúid le cáiliú mar eintiteas leachtaithe, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil feidhmeanna criticiúila in easnamh ar an institiúid;’;

(ii) cuirtear an pointe a leanas isteach:

‘(ja) cur síos ar an gcaoi a ndéanfadh na ٰéí réitigh éagsúla na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a bhaint amach ar an mbealach ab fhearr;’;

(iii) cuirtear an pointe a leanas isteach:

‘(pa) liosta mionsonraithe agus cainníochtaithe de thaiscí cumhdaithe agus de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicrifhiontair agus ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide.’;

(b)i mír10, cuirtear na ڴdzí𲹲ԲԲ a leanas léi:

‘Féadfaidh sainaithint na mbeart atá le déanamh maidir leis na fochuideachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), nach eintitis réitigh iad, a bheith faoi réir cur chuige simplithe ag an mBord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta ábhartha, agus mura mbeadh tionchar diúltach ag an gcur chuige sin ar inréiteacht an ghrúpa, agus méid na fochuideachta, a próifíl riosca, an easpa feidhmeanna criticiúla agus an ٰé réitigh grúpa á gcur san áireamh.

Is é plean réitigh an ghrúpa a chinnfidh an gcáilíonn eintitis laistigh de ghrúpa réitigh, seachas an t-eintiteas réitigh, mar eintitis le leachtú. Gan dochar do thosca eile a bhféadfadh an Bord a mheas ina dtosca ábhartha, ní cháileoidh eintitis a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla mar eintitis le leachtú.’;

(ba)i mír 11, cuirtear an pointe a leanas isteach:

‘(-aa) ina mbeidh cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go ndéanfar grúpeintiteas a cháiliú mar eintiteas leachtaithe, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil feidhmeanna criticiúla in easnamh ar an institiúid, agus mar a rinneadh an cóimheas idir a neamhchosaint iomlán ar riosca agus a ioncam oibriúcháin i neamhchosaint iomlán an ghrúpa ar riosca agus ioncam oibriúcháin an ghrúpa, agus cóimheas giarála an ghrúpeintitis i gcomhthéacs an ghrúpa, a chur san áireamh;’;

(c)cuirtear an mhír a leanas leis:

‘14. Ní ghlacfaidh an Bord pleananna réitigh le haghaidh na n-eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 22(5) ó i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i dtaca leis an eintiteas ó leis an ngrúpa ▌i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE.’;

(5)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 10 mar a leanas:

(a)i mír 4, an ceathrú fomhír, cuirtear na focail ‘an tríú fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;

(b)i mír 7, cuirtear na focail ‘díreoidh sé í ar an eintiteas ó máthairghóthas’ in ionad na bhfocal ‘díreoidh sé í ar an institiúid ó máthairghóthas’ agus cuirtear na focail ‘an tionchar ar shamhail ghó an eintitis ó an ghrúpa’ in ionad na bhfocal ‘an tionchar ar shamhail ghó na hinstitiúide’;

(c)𲹲íٱ𲹰 mír 10 mar a leanas:

(i)sa dara fomhír, cuirtear na focail ‘eintiteas lena mbaineann’ in ionad na bhfocal ‘an institiúid’;

(ii)sa tríú fomhír, cuirtear an focal ‘eintiteas’ in ionad an fhocail ‘institiúid’;

(iii)cuirtear isteach an fhomhír a leanas:

‘Má laghdaítear ó má chuirtear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mhol an t-eintiteas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE ó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás macrastuamachta ainmnithe. Léireofar sa chinneadh sin go laghdófar ó go gcuirfear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mholtar agus tabharfar treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta ceangal a chur ar an institiúid, an máthairghóthas, ó aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.’;

(d)cuirtear an mhír a leanas leis:

13a. Foilseoidh an t-údarás réitigh, i ndeireadh gach timthriall pleanála réitigh, liosta anaithnidithe ina léirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe aon bhaic shubstainteacha ar an inréiteacht a sainaithníodh agus ídzídzٲí ábhartha chun aghaidh a thabhairt orthu. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal88. ’;

(6)Leasaítear Airteagal10a mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1. I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2013/36/AE, ach ní dhéanann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12a(2), pointe (a) den Rialachán seo, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh de chumhacht ag an mBord ordú a thabhairt don údarás réitigh náisiúnta toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (‘M-MDA’), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na ídzídzٲí a leanas:’;

(b)cuirtear isteach an mhír 7 a leanas:

‘7. I gcás nach bhfuil eintiteas faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte ar an mbonn céanna ar a gceanglaítear air na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord míreanna 1 go 6 den Airteagal seo i bhfeidhm ar bhonn an mheastacháin ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún*. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d’Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.

éԴڲ an Bord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa chinneadh lena gcinntear na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo. Cuirfidh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta ar fáil go poiblí in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45i(3) de Threoir 2014/59/AE.

______________________________

*Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IOL241, 8.7.2021, lch.1).’;

(7)in Airteagal12, cuirtear an mhír 8 a leanas isteach:

‘8. Beidh an Bord freagrach as na ceadanna dá dtagraítear in Airteagail 77(2) agus 78a de Rialachán (AE) Uimh.575/2013 a dheonú do na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Díreoidh an Bord a chinneadh chuig an eintiteas lena mbaineann.’;

(8)in Airteagal12a, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 12(1) agus (3), gach tráth, na ceanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 12b go 12i faoi mar a chinn an Bord ina leith.’;

(9)Leasaítear Airteagal12c mar a leanas:

(a)i mír 4 agus i mír 5, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;

(b)i mír 7, san fhoclaíocht réamhráiteach, cuirtear na focail ‘mír 4’ in ionad na bhfocal ‘mír 3’, agus cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;

(c)𲹲íٱ𲹰 mír 8 mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SIIanna’;

(ii)sa dara fomhír, pointe (c), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SII’;

(d)cuirtear an mhír10 a leanas leis:

‘10. Féadfaidh an Bord cead a thabhairt d’eintitis réitigh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 a chomhlíonadh trí chistí dílse ó dliteanais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a úsáid nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(a)i gcás eintitis ar eintitis G-SII iad ó eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12a(4) ó (5), níor laghdaigh an Bord an ceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, de bhun na chéad fhomhíre den mhír sin;

(b)na dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh.575/2013, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b(4), pointí (b) go (e), den Rialachán sin.’;

(10)in Airteagal 12a, mír 3, an t-ochtú fomhír, agus mír 6, an t-ochtú fomhír, cuirtear na focail ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna eacnamaíocha criticiúla’;

(11)cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:

‘Airteagal 12da

Cinneadh an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh ٰéí aistrithe

1. Agus Airteagal 12d á chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh a bhfuil sé beartaithe go príomha ina ٰé réitigh tosaíochta, go neamhspleách ó in éineacht le huirlisí réitigh eile, úsáid a bhaint as an uirlis díolta gó ó as an uirlis droichead-institiúide▌, socróidh an Bord▌an méid athchaipitliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12d(3) ar bhealach comhréireach ar bhonn na gcritéar a leanas, de réir mar is ábhartha:

(a)méid, samhail ghó, samhail chistiúcháin agus próifíl riosca an eintitis réitigh ó, de réir mar is ábhartha, méid na coda den eintiteas réitigh atá faoi réir na huirlise díolta gó ó na huirlise droichead-institiúide;

(b)na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta ó na dliteanais atá le haistriú chuig faighteoir mar a shainaithnítear sa phlean réitigh, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

(i)croílínte gó agus feidhmeanna criticiúla an eintitis réitigh;

(ii)na dliteanais atá eisiata ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 27(3);

(iii)na coimircí dá dtagraítear in Airteagail73 go 80 de Threoir2014/59/AE;

(iiia)na ceanglais cistí dílse ionchasacha le haghaidh aon uirlis droichead-institiúide a theastódh chun imeacht ón margadh an eintitis réitigh a chur chun feidhme, chun a áٳú go gcomhlíonfaidh an droichead-institiúid Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Treoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE, de réir mar is infheidhme;

(iiib)éileamh ionchasach an fhaighteora go mbeidh an t-idirbheart neodrach ó thaobh caipitil de i ndáil leis na ceanglais is infheidhme maidir leis an eintiteas éadála;

(c)luach ionchasach agus indíoltacht ionchasach scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, shócmhainní, chearta ó dhliteanais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (b), agus an méid a leanas á chur san áireamh:

(i)aon bhaic ábhartha ar inréiteacht, arna sainaithint ag an údarás réitigh, a bhaineann ▌le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gó ó na huirlise droichead-institiúide;

(ii)na caillteanais a eascraíonn as na sócmhainní, na cearta ó na dliteanais atá fágtha san institiúid iarmharach;

(iia)timpeallacht mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach tráth an réitigh;

(d)cibé an bhfuil sé beartaithe sa ٰé réitigh tosaíochta scaireanna ó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag an eintiteas réitigh, ó sócmhainní, cearta agus dliteanais uile an eintitis réitigh, ó cuid díobh, a aistriú;

(e)cibé an bhfuil sé beartaithe sa ٰé réitigh tosaíochta an uirlis deighilte sócmhainní a chur i bhfeidhm.

3. Ní bheidh de thoradh ar mhír 1 a chur i bhfeidhm méid atá níos mó ná an méid a bheidh mar thoradh ar Airteagal 12d(3) a chur i bhfeidhm ó méid atá níos lú ná 13,5% den neamhchosaint iomlán ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) deRialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus níos lú na 5% de neamhchosaint iomlán an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 denAirteagal seo ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 429 agus 429a deRialachán (AE) Uimh. 575/2013.’;

(12)in Airteagal 12e(1), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SII ó cuid de G-SII’;

(13)𲹲íٱ𲹰 Airteagal12g mar a leanas:

(a)𲹲íٱ𲹰 mír1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b) agus maidir le hinstitiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), ar fochuideachta d'’eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é.’;

(ii)sa tríú fomhír, cuirtear na focail ‘an chéad fhomhír agus an dara fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;

(b)cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

‘4. I gcás, i gcomhréir leis an ٰé réitigh dhomhanda, nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, ó máthairghóthas de chuid an Aontais agus a fho-institiúidí, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an ٰé sin, i gcás ina mbunaítear iad de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas ó, ar bhonn comhdhlúite, an máthairghóthas de chuid an Aontais, ceanglas Airteagal 12a(1) trí na hionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo a eisiúint d’aon cheann díobh a leanas:

(a)a máthairghóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír;

(b)fochuideachtaí an mháthairghóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna;

(c)eintitis eile faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(ii), den Airteagal seo.’;

(14)𲹲íٱ𲹰 Airteagal12k mar a leanas:

(a)▌ cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1. De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord idirthréimhsí iomchuí d’eintitis chun na ceanglais in Airteagail 12f ó 12g a chomhlíonadh, ó na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) ó (7), de réir mar is iomchuí, i gcás ina mbeidh institiúidí ó eintitis faoi réir na gceanglas sin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. Is é an spriocdháta d'eintitis na ceanglais in Airteagail 12f ó 12g ó na ceanglais a eascraionn as cur i bhfeidhm Airteagal12c(4) (5) ó (7) a chomhlíonadh an ... [ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Cinnfidh an Bord spriocleibhéil idirmheánacha do na ceanglais in Airteagail 12f ó 12g ó do na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal12c(4) (5) ó (7), mar is iomchuí, a dhéanfaidh eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh faoin ... [dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, áiritheofar méadú líneach de ghnáth ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe i dtreo an cheanglais.

Féadfaidh an Bord idirthréimhse a leagan síos a dtiocfaidh deireadh léi tar éis ... [ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] i gcás ina mbeidh údar cuí léi agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

(a) forbairt staid airgeadais an eintitis;

(b) go bhféadfadh an t-eintiteas a áٳú go gcomhlíonfar na ceanglais in Airteagail 12f ó 12g ó ceanglas a eascraionn as cur i bhfeidhm Airteagal12c(4), (5) ó (7), laistigh de thréimhse ama réasúnta; agus

(c) cibé an féidir leis an eintiteas dliteanais nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir incháilitheachta ó aibíochta a ionadú, agus mura féidir, cibé an éagumas leithleach ó suaitheadh uile-mhargaidh is cúis leis.’;

(b)i mír 3, pointe (a), cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord ó an t-údarás réitigh náisiúnta’;

(c)i mír 4, cuirtear na focail ‘G-SII ó G-SII neamh-AE’ in ionad an fhocail ‘G-SII’;

(d)i míreanna 5 agus 6, cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh’;

(15)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal13:

Airteagal13

Bearta luath-idirghabhála

1. éԴڲ BCE bearta luath-idirghabhála a bhreithniú gan moill mhíchuí agus, más iomchuí iad a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) aon cheann de na coinníollacha a leanas:

(a)comhlíonann an t-eintiteas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 102 de Threoir 2013/36/AE ó in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 agus tá feidhm ag ceachtar díobh a leanas:

(i)ní dhearna an t-eintiteas na ídzídzٲí ceartaitheacha arna gceangal ag BCE, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 ó in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2019/2034;

(ii)measann BCE nach leor ídzídzٲí feabhais seachas bearta luath-idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna▌ ;

(b)tá na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE, in Airteagail 3 go 7, 14 go 17, ó 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh.600/2014, ó in Airteagail 12f ó 12g den Rialachán seo á sárú ag an eintiteas, ó is dócha go sáróidh sé iad sna 12 mhí tar éis mheasúnú BCE.

I gcás ina dtiocfaidh meath suntasach ar dhálaí, ó ina dtiocfaidh imthosca díobhálacha chun cinn ó ina bhfaighfear faisnéis nua faoi eintiteas, féadfaidh BCE a chinneadh go gcomhlíonfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), gan ídzídzٲí feabhais eile a bheith déanta roimhe sin, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE ó in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), déanfaidh BCE, ó, de réir mar is iomchuí, an t-údarás inniúil faoi Threoir 2014/65/AE, ó an Bord, an t-údarás inniúil náisiúnta a chur ar an eolas gan mhoill faoin sárú ó faoin sárú dóchúil.

2. Chun críocha mhír 1, áireofar an méid a leanas sna bearta luath-idirghabhála:

(a)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:

(i)ceann amháin ó níos mó de na socruithe ó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme;

(ii)an plean téarnaimh a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 2014/59/AE i gcás nach ionann na himthosca ba chúis leis an luath-idirghabháil agus na toimhdí a leagtar amach sa phlean téarnaimh tosaigh agus chun ceann amháin ó níos mó de na socruithe ó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse shonrach;

(b)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis cruinniú de scairshealbhóirí an eintitis a thioól, ó mura gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta an ceanglas sin, an cruinniú a thioól go díreach, agus sa dá chás an clár a shocrú agus a cheangal go mbreithneofar cinntí áirithe lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;

(c)an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis plean ídzídzٲ a tharraingt suas, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh i gcás inarb infheidhme, le haghaidh idirbheartaíocht maidir le hathstruchtúrú fiachais le cuid dá chreidiúnaithe ó lena chreidiúnaithe go léir;

(d)an ceanglas struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide a athrú;

(e)an ceanglas bainistíocht shinsearach ó comhlacht bainistíochta an eintitis a bhaint ó a ionadú ina hiomlaine ó ina iomláine ó maidir le daoine aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13a;

(f)riarthóir sealadach amháin ó níos mó a cheapadh don eintiteas, i gcomhréir le hAirteagal 13b.

(fa)an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis plean a tharraingt suas a bhféadfaidh an t-eintiteas a chur chun feidhme i gcás ina gcinneann an comhlacht corparáideach ábhartha foirceannadh deonach an eintitis a thionscnamh.

3. Roghóidh BCE na bearta luath-idirghabhála iomchuí agus tráthúla bunaithe ar a bhfuil comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ag féachaint do thromchúis an tsáraithe ó an tsáraithe dhóchúil agus do luas an mheathlaithe ar staid airgeadais an eintitis, i measc faisnéis ábhartha eile.

4. I gcás gach ceann de na bearta dá dtagraítear i mír 2, socróidh BCE sprioc-am is iomchuí chun an beart sin a chríochnú agus a chuirfidh ar a chumas do BCE a éifeachtúlacht a mheas.

Déanfar an beart a mheas go díreach tar éis an spriocdháta a bheith istigh agus déanfar an mheastóireacht a chomhroinnt leis na húdarás réitigh náisiúnta ábhartha. I gcás ina dtagtar ar an gconclúid sa mheastóireacht nach ndearnadh na bearta a chur chun feidhme go hiomlán agus nach bhfuil siad éifeachtach, déanfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha neasúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus leis an údarás réitigh náisiúnta ábhartha.

5. I gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis a bunaíodh i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha araon, déanfaidh BCE ionadaíocht ar údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair leis na Ballstáit neamh-rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2014/59/AE.

I gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis a bunaiodh i mBallstáit rannpháirteacha agus fochuideachtaí a bunaíodh i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, ó brainsí suntasacha díobh atá lonnaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh BCE aon chinneadh ó beart dá dtagraítear in Airteagail 13 go 13c atá ábhartha don ghrúpa, a chur in iúl go tráthúil d’údaráis inniúla ó d’údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach, de réir mar is iomchuí.’;

(16)cuirtear na hAirteagail13a, 13b agus 13c a leanas isteach:

Airteagal 13a

An bhainistíocht shinsearach ó an comhlacht bainistíochta a athsholáthar

Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (e), déanfar an bhainistíocht shinsearach nua ó an comhlacht bainistíochta nua, ó comhaltaí aonair de na comhlachtaí sin, a cheapadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus beidh siad faoi réir fhormheas BCE.

Airteagal 13b

Riarthóir sealadach

1. Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (f), féadfaidh BCE, bunaithe ar a bhfuil comhréireach sna himthosca, aon riarthóir sealadach ar bith a cheapadh chun ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)teacht in ionad chomhlacht bainistíochta an eintitis ar bhonn sealadach;

(b)oibriú go sealadach le comhlacht bainistíochta an eintitis.

Sonróidh BCE a rogha faoi phointí (a) ó (b) tráth a cheapfar an riarthóir sealadach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), déanfaidh BCE sonrú breise, tráth a cheapfar an riarthóir sealadach, ar ról, ar dhualgais agus ar chumhachtaí an riarthóra shealadaigh sin agus ar aon cheanglais ar chomhlacht bainistíochta an eintitis i dtaca le dul i gcomhairle leis an riarthóir sealadach ó toiliú an riarthóra shealadaigh a fháil sula ndéanfaidh siad cinntí ó ídzídzٲí sonracha.

éԴڲ BCE ceapadh aon riarthóra shealadaigh a phoibliú, ach amháin i gcás nach bhfuil an chumhacht ag an riarthóir sealadach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas ó cinntí a dhéanamh thar a cheann.

Comhlíonfaidh aon riarthóir sealadach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1), (2) agus (8) de Threoir 2013/36/AE. Beidh measúnú BCE ar cibé a gcomhlíonann an riarthóir sealadach na ceanglais sin ina dhlúthchuid den chinneadh an riarthóir sealadach sin a cheapadh.

2. Sonróidh BCE cumhachtaí an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin bunaithe ar a mhéid is comhréireach sna himthosca. Féadfaidh cuid de chumhachtaí chomhlacht bainistíochta an eintitis faoi reachtanna an eintitis agus faoin dlí náisiúnta, ó iad go léir, a bheith san áireamh leis na cumhachtaí sin, lena n-áirítear an chumhacht chun roinnt feidhmeanna riaracháin de chuid chomhlacht bainistíochta an eintitis, ó iad go léir, a fheidhmiú. Beidh cumhachtaí an riarthóra shealadaigh maidir leis an eintiteas i gcomhréir leis an dlí cuideachtaí is infheidhme. Féadfaidh BCE na cumhachtaí sin a choigeartú i gcás athrú ar imthosca.

3. Sonróidh BCE ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth an cheapacháin. D’fhéadfadh an méid a leanas go léir a bheith san áireamh sa ról agus sna feidhmeanna sin:

(a)staid airgeadais an eintitis a fhionnadh;

(b)gó ó cuid de ghó an eintitis a bhainistiú chun a staid airgeadais a chaomhnú ó a athbhunú;

(c)bearta a dhéanamh chun bainistíocht fhónta stuama ghó an eintitis a athbhunú.

Sonróidh BCE aon teorainneacha le ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin.

4. Beidh an chumhacht eisiach ag BCE chun aon riarthóir sealadach a cheapadh agus a chur as oifig. Féadfaidh BCE riarthóir sealadach a chur as oifig ag am ar bith agus ar chúis ar bith. Féadfaidh BCE téarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh a athrú ag am ar bith faoi réir an Airteagail seo.

5. Féadfaidh BCE a cheangal ar an riarthóir sealadach toiliú a fháil roimh ré ó BCE le haghaidh gníomhartha áirithe. Sonróidh BCE aon cheanglas den sórt sin agus tráth a cheapfar an riarthóir sealadach ó tráth a dhéantar aon athrú ar théarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh.

In aon chás, ní fhéadfaidh an riarthóir sealadach an chumhacht a fheidhmiú chun cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí an eintitis a thioól agus clár an chruinnithe sin a shocrú, gan réamhthoiliú BCE.

6. Arna iarraidh sin do BCE, déanfaidh an riarthóir sealadach tuarascálacha a tharraingt suas maidir le staid airgeadais an eintitis agus maidir leis na gníomhartha a rinneadh le linn thréimhse a cheapacháin, ag eatraimh arna socrú ag BCE, uair amháin ar a laghad, tar éis don chéad sé mhí a bheith istigh, agus ag deireadh a shainordaithe in aon chás.

7. Ceapfar an riarthóir sealadach ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan go heisceachtúil uair amháin i gcás ina bhfuil na coinníollacha maidir leis an riarthóir sealadach a cheapadh á gcomhlíonadh i gcónaí. Cinnfidh BCE na coinníollacha sin agus tabharfaidh sé údar le haon athnuachan ar cheapadh an riarthóra shealadaigh chuig na scairshealbhóirí.

8. Faoi réir an Airteagail seo, ní dhéanfaidh ceapadh riarthóra shealadaigh dochar do chearta na scairshealbhóirí a leagtar síos i ndlí an Aontais ó le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.

9. Ní mheasfar gur scáthstiúrthóir ó stiúrthóir de facto faoin dlí náisiúnta é aon riarthóir sealadach arna cheapadh de bhun mhíreanna 1 go 8 den Airteagail seo.

Airteagal13c

Ullmhú don réiteach

1. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, tabharfaidh BCE ó údaráis inniúla náisiúnta fógra don Bhord gan mhoill maidir le haon cheann de na nithe a leanas:

(a)aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal16(2) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 ó in Airteagal104(1) de Threoir 2013/36/AE a cheanglaíonn siad ar eintiteas ó ar ghrúpa a dhéanamh arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid an eintitis ó an ghrúpa sin;

(b)i gcás ina léiríonn gníomhaíocht mhaoirseachta go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo ó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh i ndáil le heintiteas ó grúpa, an measúnú go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, gan beann ar aon bheart luath-idirghabhála;

(c)cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo ó in Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE.

Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhógra a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.

éԴڲ BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán, i Իúٳ󳦳dz󲹰 leis an mBord, ar staid na n-eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid na n-eintiteas agus na ngrúpaí sin, agus na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).

2. Tabharfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra don Bhord a luaithe is féidir i gcás ina measann sé go bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh feidhm le ceann amháin ó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm. Beidh an méid a leanas san fhógra sin:

(a)na cúiseanna leis an bhfógra a thabhairt;

(b)forléargas ar na bearta lena gcuirfí cosc ar theip an eintitis laistigh de thréimhse ama réasúnta, an tionchar a mheastar a bheidh acu ar an eintiteas a mhéid a bhaineann leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus an tréimhse ama ionchasach leis chun na bearta sin a chur chun feidhme.

Tar éis dó an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh an Bord measúnú, i Իúٳ󳦳dz󲹰 le BCE ó na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun críoch measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal18(1), pointe (b), agus an méid a leanas á chur san áireamh: luas an mheathlaithe ar dhálaí an eintitis, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcóras airgeadais, ar chosaint taisceoirí agus ar chaomhnú cistí cliant, an baol go méadófar ar na costais fhoriomlána do chustaiméirí agus don gheilleagar le próiseas fadálach, an gá leis an ٰé réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus aon bhreithnithe ábhartha eile. Cuirfidh an Bord an measúnú sin in iúl do BCE ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha a luaithe is féidir.

Tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i Իúٳ󳦳dz󲹰 leis an mBord, faireachán ar staid an eintitis, ar chur chun feidhme aon bheart ábhartha laistigh den tréimhse ama ionchasach agus ar aon fhorbairtí ábhartha eile. Chun na críche sin, tiocfaidh an Bord agus BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha le chéile go rialta, agus an mhinicíocht á socrú ag an mBord agus imthosca an cháis á gcur san áireamh. éԴڲ BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus an Bord aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile gan mhoill.

Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.

3. An fhaisnéis go léir a iarrfaidh an Bord ar BCE, ar faisnéis í atá riachtanach le haghaidh an mhéid a leanas, tabharfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dó í:

(a)an plean réitigh a nuashonrú agus ullmhú le haghaidh réiteach féideartha eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin;

(b)an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) go (15) a dhéanamh.

I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil cheana féin do BCE ó na húdaráis inniúla náisiúnta, déanfaidh an Bord agus BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta sin comhoibriú agus comhordú chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag BCE agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta a cheangal ar an eintiteas an fhaisnéis sin a sholáthar, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord.

4. Beidh sé de chumhacht ag an mBord margú a dhéanamh do cheannaitheoirí ionchasacha, ó socruithe a dhéanamh don mhargú sin, don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus in Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm ó ina gceanglaítear ar an eintiteas é sin a dhéanamh, chun na gcríoch a leanas:

(a)ullmhú do réiteach an eintitis sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 39(2) de Threoir 2014/59/AE agus na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo;

(b)eolas a thabhairt don mheasúnú a dhéanfaidh an Bord faoin gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b) den Rialachán seo.

4a. I gcás ina gcinnfidh an Bord, i bhfeidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír4, an t-eintiteas lena mbaineann a mhargú go díreach le ceannaitheoirí ionchasacha, tabharfaidh sé aird chuí ar imthosca an cháis agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin ar sheasamh foriomlán an eintitis.

5. Chun críocha mhír 4, beidh de chumhacht ag an mBord an méid a leanas a dhéanamh:

(a)a iarraidh ar an eintiteas lena mbaineann ardán digiteach a chur ar bun chun an fhaisnéis a chomhroinnt ar den riachtanas é chun an t-eintiteas sin a mhargú le ceannaitheoirí ionchasacha ó le comhairleoirí agus luachálaithe atá fostaithe ag an mBord;

(b)a cheangal ar an údarás réitigh náisiúnta ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don eintiteas lena mbaineann.

I gcás ina bhfeidhmíonn an Bord a chumhacht faoin gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 88.

6. Cinneadh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo ó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh agus nach gá bearta luath-idirghabhála a ghlacadh roimh ré ionas go bhféadfaidh an Bord ullmhú do réiteach an eintitis ó chun na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo a fheidhmiú.

7. éԴڲ an Bord an Coimisiún, BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha a chur ar an eolas maidir le haon ghníomh a dhéantar de bhun mhíreanna 4 agus 5 gan mhoill.

8. Comhoibreoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha go dlúth le chéile:

(a)agus breithniú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid eintitis agus grúpa, agus ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c);

(b)agus breithniú á dhéanamh ar aon cheann de na ídzídzٲí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5;

(c)le linn chur chun feidhme na nídzídzٲí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo.

Áiritheoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha go mbeidh na bearta agus na ídzídzٲí sin comhsheasmhach, comhordaithe agus éifeachtach.’;

(17)In Airteagal14(2), cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c) cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair is ó bhuiséad Ballstáit a sholáthraítear í;

(d) taiscí cumhdaithe agus, a mhéid is féidir, an chuid neamhchumhdaithe de thaiscí incháilithe daoine nádúrtha agus micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide a chosaint, agus infheisteoirí a chumhdaítear le Treoir 97/9/CE a chosaint;’;

(18)in Airteagal16, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2. éԴڲ an Bord gníomhaíocht réitigh i ndáil le máthairghóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal18(1).

Chun na gcríoch sin, measfar go bhfuil máthairghóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i mbéal teipthe ó gur dóigh dó teip in aon cheann de na himthosca a leanas:

(a)comhlíonann an máthairghóthas ceann amháin ó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(4), pointí (b), (c) ó (d);

(b)sáraíonn an máthairghóthas go hábhartha, ó tá eilimintí oibiachtúla ann a léiríonn go sáróidh an máthairghóthas, sula i bhfad, na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh.575/2013 ó sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE.’;

(19)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 1a, 2 agus 3:

‘1. éԴڲ an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal7(2), agus leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal7(4), pointe (b) agusAirteagal7(5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na forálacha sin comhlíonta, ach sin nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an dara fomhír ó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha a leanas ar fad comlíonta:

(a)tá an t-eintiteas i mbéal teipthe ó is dóigh dó teip;

(b)▌níl aon ionchas réasúnta ann maidir le haon bheart malartach ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó SCI, gníomhaíocht mhaoirseachta, bearta luath-idirghabhála, ó díluacháil ó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal21(1), a dhéanfaí i leith an eintitis, go gcuirfí cosc ar theip an eintitis ▌ó ar theip dhóchúil an eintitis laistigh de thréimhse réasúnta ama;

(c)is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.

Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcás na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a), ó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b), Airteagal 7(3), an dara fomhír, Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord. Ní fhéadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis dó a chur in iúl do BCE ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil rún aige measúnú den sórt sin a dhéanamh agus sa chás amháin nach ndéanann BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha féin measúnú den sórt sin laistigh de thrí lá féilire tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. éԴڲ BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord a sholáthar don Bhord chun eolas a thabhairt dá mheasúnú, sula gcuirfidh an Bord in iúl dó, ó ina dhiaidh sin, an rún atá aige an measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a).

I gcás ina measfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), comhlíonta i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.

Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó agus i Իúٳ󳦳dz󲹰 leis an údarás inniúil, a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), tar éis dó dul i gcomhairle, gan mhoill, le húdarás ainmnithe de chuid na Scéime ráthaithe taiscí, agus i gcás inarb iomchuí, le Scéim cosanta institiúideach a bhfuil an institiúid ina comhalta di. Áireofar sa chomhairliúchán leis an SCI go mbreithneoidh an SCI an bhfuil bearta ar fáil a d’fhéadfadh cosc a chur le teip na hinstitiúide laistigh de thréimhse ama réasúnta. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord ar BCE, tabharfaidh BCE ó an t-údarás náisiúnta inniúil ábhartha don Bhord í gan mhoill chun eolas a dhéanamh dá mheasúnú. Féadfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a chur in iúl don Bhord freisin go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), comhlíonta.

1a. éԴڲ an Bord scéim réitigh a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 i ndáil le comhlacht lárnach agus na 󾱲Բپپúí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, i gcás ina gcomhlíonfaidh an comhlacht lárnach agus na 󾱲Բپپúí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis, ó an grúpa réitigh lena mbaineann siad, na coinníollacha ina n-iomláine a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1, agus sa chás sin amháin.

2. Gan dochar do chásanna ina bhfuil cinneadh déanta ag BCE cúraimí maoirseachta díreacha a fheidhmiú a bhaineann le 󾱲Բپپúí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013, i gcás teachtaireacht a fháil de bhun mhír 1 maidir le heintiteas ó grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), cuirfidh an Bord a mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, an ceathrú fomhír, in iúl do BCE ó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha gan aon mhoill.

3. Beart a bheith glactha roimhe seo de bhun Airteagal16 de Rialachán (AE) Uimh.1024/2013, Airteagal27 de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 13 den Rialachán seo ó Airteagal104 de Threoir 2013/36/AE, ní coinníoll a bheidh ann maidir le gníomhaíocht réitigh a ghlacadh.’;

(b)𲹲íٱ𲹰 mír 4 mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas i gcás ina ndeonaítear tacaíocht den sórt sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18a(1)’;

(ii)scriostar an dara agus an tríú fomhír;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír5:

‘5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), caithfear le gníomhaíocht réitigh mar ghníomhaíocht atá chun leasa an phobail más gá an ghníomhaíocht réitigh sin a dhéanamh chun ceann amháin ó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil sí comhréireach leis sin agus nach mbainfí amach na cuspóirí réitigh sin ar bhonn níos éifeachtúla tríd an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Toimhdeofar nach bhfuil gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail chun críocha mhír 1, pointe (c) den Airteagal seo i gcás inar chinn an t-údarás réitigh oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid, de bhun Airteagal 4. Beidh an toimhde infhrisnéise agus ní bheidh feidhm léi i gcás ina measúnaíonn an t-údarás réitigh go mbeadh ceann amháin ó níos mó de chuspóirí an réitigh i mbaol dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó tráth an mheasúnaithe sin, gach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách▌atá le deonú don eintiteas a luacháil, a mheas agus a chur i gcomparáid, i gcás réitigh agus i gcás foirceannadh araon i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’;

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha, scéimeanna ráthaithe taiscí agus, i gcás inar gá, an t-údarás ainmnithe arna shainmhíniú in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE an Bord a choinneáil ar an eolas maidir le haon réamhbhearta, lena n-áirítear aon teagmhálacha réamhfhógra leis an gCoimisiún, chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 18a(1), pointí (c) agus (d), den Rialachán seo a dheonú.

(d)i mír7, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, formhuineoidh an Coimisiún an scéim réitigh ó cuirfidh sé ina haghaidh, maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo ó maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as Státchabhair ó as cabhair ón gCiste nach meastar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.’;

(e)cuirtear isteach na míreanna a leanas:

‘11. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. éԴڲ na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29.

11a. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áٳú, tabharfaidh an Bord treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta agus cuirfidh sé treoracha ar fáil dóibh maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 32(5a) de Threoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm.

(20)cuirtear an tAirteagal 18a a leanas isteach:

Airteagal 18a

Tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách

1. Ní fhéadfar tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách lasmuigh de ghníomhaíocht réitigh a dheonú d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ar bhonn eisceachtúil ach amháin i gceann amháin de na cásanna a leanas agus ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i gcreat Státchabhrach an Aontais:

(a)chun suaitheadh tromchúiseach de chineál eisceachtúil ó sistéamach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin ann in aon cheann de na foirmeacha a leanas:

(i)ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;

(ii)ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;

(iii)ionstraimí cistí dílse seachas ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ó ionstraimí caipitil eile a fháil, ó bearta sócmhainní lagaithe a úsáid ar phraghsanna, ar fhad, agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste míchuí don institiúid ó don eintiteas lena mbaineann, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4), pointí (a), (b) ó (c), ó in Airteagal 21(1) tráth a ndeonaítear an tacaíocht phoiblí.

(b)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail11a agus 11b de Threoir 2014/49/AE, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal18(4);

(c)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhthéacs institiúid creidmheasa a fhoirceannadh de bhun Airteagal32b de Threoir 2014/59/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal11(5) de Threoir 2014/49/AE;

(d)i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm Státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE arna deonú i gcomhthéacs fhoirceannadh na hinstitiúide ó an eintitis de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE, seachas an tacaíocht arna deonú ag scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE.

2. Comhlíonfaidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na coinníollacha a leanas ar fad:

(a)tá na bearta teoranta d’eintitis shócmhainneacha, mar a dhearbhaigh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha;

(b)is bearta réamhchúraim agus sealadacha iad agus tá siad bunaithe ar ٰéé󲹾Ծٳ chun imeacht ón mbeart tacaíochta arna formheas ag BCE ó ag an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear dáta foirceanta, dáta díolacháin ó sceideal aisíocaíochta a shonraítear go soiléir le haghaidh aon cheann de na bearta arna soláthar; ní nochtfar an fhaisnéis sin go ceann bliain amháin tar éis an ٰé chun imeacht ón mbeart tacaíochta a thabhairt i gcrích, ó tar éis an plean feabhsúcháin a chur chun feidhme, ó tar éis an mheasúnaithe faoin seachtú fomhír den mhír seo;

(c)go bhfuil na bearta comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas ó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;

(d)ní úsáidtear na bearta mar fhritháireamh ar chaillteanais arna dtabhú ag an eintiteas ó ar dóigh dó a thabhú as seo go ceann dhá mhí dhéag.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), measfar eintiteas a bheith sócmhainneach i gcás inar tháinig BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha ar an gconclúid nár sáraíodh, ó nach dócha go sárófar sa chéad dá mhí dhéag eile, bunaithe ar ionchais reatha, aon cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 ó na ceanglais ábhartha is infheidhme faoin dlí náisiúnta ó faoi dhlí an Aontais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na caillteanais atá tabhaithe ag an eintiteas ó is dócha a thabhóidh sé a chainníochtú. Buófar an cainníochtú sin, ar a laghad, ar athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní arna ndéanamh ag BCE, ÚBE ó na húdaráis náisiúnta, ó, i gcás inarb iomchuí, ar chigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an údarás inniúil. I gcás nach féidir na freachnaimh sin a dhéanamh in am cuí, féadfaidh an t-údarás inniúil a mheastóireacht a bhunú ar chlár comhardaithe na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, arna ndeimhniú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách . éԴڲ an t-údarás inniúil a dhícheall chun a áٳú go mbunaítear an cainníochtú ar luach margaidh shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide ó an eintitis agus mhíreanna na hinstitiúide ó an eintitis atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

Beidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), teoranta do bhearta a ndearna BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta measúnú orthu de réir mar is gá chun sócmhainneacht an eintitis a áٳú trí aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil a bunaíodh i gcás díobhálach tástálacha struis náisiúnta, tástálacha struis de chuid an Aontais ó tástálacha struis ar fud an tsásra aonair maoirseachta, ó freachnaimh choibhéiseacha arna ndéanamh ag BCE, ÚBE ó na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag BCE ó ag an údarás inniúil ábhartha.

De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás gurb amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraime cistí dílse eile ó aon ionstraime caipitil eile go mbeadh an t-eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna bhunú sa chás díobhálach sa tástáil struis ábhartha ó sa fhreachnamh coibhéiseach. Ní bheidh méid na n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2% de mhéid iomlán neamhchosaint na hinstitiúide ó an eintitis lena mbaineann ar riosca, méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh.575/2013.

I gcás nach ndéanfar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc ná a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na ٰée chun imeacht ón mbeart tacaíochta a bhunaítear tráth a dheonaítear beart den sórt sin, iarrfaidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha ar an institiúid ó ar an eintiteas plean feabhsúcháin aon uaire a thíolacadh. Tabharfar cur síos sa phlean feabhsúcháin ar na céimeanna a bheidh le glacadh chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta, inmharthanacht na hinstitiúide ó an eintitis san fhadtéarma agus a cumas ó a chumas an méid a soláthraíodh a aisíoc a chaomhnú ó a athbhunú, chomh maith leis an tréimhse ama a bhaineann leis.

I gcás nach n-aithníonn BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an plean feabhsúcháin aon uaire inchreidte ó indéanta, ó i gcás ina dteipeann ar an institiúid ó ar an eintiteas an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, déanfar measúnú i gcomhréir le hAirteagal18 i dtaobh an bhfuil an institiúid ó an t-eintiteas i mbéal teipthe ó ar dócha di ó dó teip.

2a. Cuirfidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord ar an eolas faoina mheasúnú i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír2, pointí (a), (b) agus (d), maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal7(2), agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal7(4), pointe (b), agus in Airteagal7(5).

De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás gurb amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraimí cistí dílse eile ó aon ionstraimí caipitil eile go mbeadh an t-eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna bhunú sa chás díobhálach sa tástáil struis ábhartha ó sa fhreachnamh coibhéiseach. Ní bheidh méid na n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2% de mhéid iomlán neamhchosaint na hinstitiúide ó an eintitis lena mbaineann ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh.575/2013.

I gcás nach ndéanfar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc ó a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na ٰée imeachta a bunaíodh tráth a deonaíodh beart den sórt sin, cinnfidh BCE ó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 18(1), pointe (a), comhlíonta maidir leis an institiúid ó leis an eintiteas a fuair na bearta tacaíochta sin agus cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord, i gcomhréir le hAirteagal 18(1), an tríú fomhír.’;

(21)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 19 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal1:

‘1. Más rud é gurb é atá i ngníomhaíocht réitigh Státchabhair a dheonú de bhun Airteagal107(1) CFAE, ó cabhair ón gCiste i gcomhréir le mír 3 den Airteagalseo, ní thiocfaidh an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal18(6) den Rialachán seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh cinneadh dearfach ó cinneadh coinníollach glactha ag an gCoimisiún, ó cinneadh gan agóid a dhéanamh, maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin don mhargadh inmheánach. Ag cur san áireamh a riachtanaí atá sé go ndéanfadh an Bord an scéim réitigh a fhorfheidhmiú go tráthúil, déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid Státchabhrach ó cabhrach ón gCiste leis an margadh inmheánach ar a dhéanaí nuair a fhormhuineoidh sé an scéim réitigh ó nuair a chuirfidh sé ina haghaidh de bhun Airteagal 18(7), an dara fomhír, ó nuair a rachaidh an tréimhse 24 uair an chloig dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 18(7) in éag, cibé acu is túisce. Mura ndéantar cinneadh den sórt sin laistigh de 24uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, measfar an scéim réitigh a bheith údaraithe ag an gCoimisiún agus tiocfaidh sí i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír d’Airteagal18(7).

Agus na cúraimí a thugtar dóibh le hAirteagal 18 den Rialachán seo á ndéanamh acu, beidh socruithe struchtúracha i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais lena n-áiritheofar neamhspleáchas oibríochtúil agus lena seachófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na feidhmeanna a chuirtear de chúram orthu na cúraimí sin a dhéanamh agus feidhmeanna eile agus poibleoidh siad, ar bhealach iomchuí, an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena n-eagrúchán inmheánach i ndáil leis sin.’;

(b)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal3:

‘3. A luaithe a mheasfaidh an Bord go bhféadfadh sé gur gá an Ciste a úsáid, rachaidh sé i dteagmháil go neamhfhoirmiúil, go pras, agus ar mhodh rúnda leis an gCoimisiún chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gCiste a phlé, lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha a bhaineann lena úsáid. A luaithe a bheidh an Bord sách cinnte go mbeidh úsáid na cabhrach ón gCiste i gceist leis an scéim réitigh atá beartaithe, tabharfaidh an Bord fógra foirmiúil don Choimisiún maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an gCiste. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis go léir is gá don Choimisiún chun a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo, agus atá ina sheilbh ag an mBord ó atá de chumhacht ag an mBord a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

A luaithe a fhaightear an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh ó saobhadh iomaíochta a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí ó d’aon ghóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, go mbeadh sé ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Tabharfaidh an Bord don Choimisiún an fhaisnéis atá ina sheilbh, ó faisnéis a bhfuil sé de chumhacht ag an mBord a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach chun an measúnú sin a dhéanamh.

Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal109 CFAE, ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha uile a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm nuair a bheidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gur tagairtí don Bhord a bhí sna tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach, agus déanfar aon mhodhnuithe eile is gá.

éԴڲ an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste don mhargadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit ó na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar ghealltanais ó ar ghóthais i leith an tairbhí agus cuirfear san áireamh ann an gá atá le gníomhaíocht réitigh ag an mBord a chur i gcrích go tráthúil.

Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha ó ar na Ballstáit lena mbaineann ó ar an tairbhí, de réir mar is infheidhme agus a mhéid a thagann na hoibleagáidí sin faoina sainchúraimí faoi seach, a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D'fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí ó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí ó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d’fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.

Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus é dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh den sórt sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.’;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal10:

‘10. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh d’aon toil, ar iarratas a fháil ó Bhallstát ó ón mBord, laistigh de 7 lá tar éis an t-iarratas sin a bheith déanta, go measfar úsáid an Chiste a bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. éԴڲ an Coimisiún cinneadh maidir leis an gcás mura bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle laistigh de na 7 lá sin.’;

(22)𲹲íٱ𲹰 Airteagal20 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal1:

‘1. Sula gcinnfear an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach, ó na coinníollacha maidir le díluacháil ó comhshó ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1) comhlíonta, áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Bord agus an t-údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal2.’;

(b)cuirtear isteach an mhír8a a leanas:

‘8a. I gcás inar gá chun bonn eolais a thabhairt do na cinntí dá dtagraítear i mír 5, pointí (c) agus (d), comhláóidh an luachálaí an fhaisnéis i mír 7, pointe (c), le meastachán ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní.’;

(c)i mír 18, cuirtear an pointe (d) a leanas isteach:

‘(d) agus na caillteanais a thabhódh an scéim ráthaithe taiscí dá bhfoirceannfaí an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta á gcinneadh, na critéir agus an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus in aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin a chur i bhfeidhm.’;

(23)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 21 mar a leanas:

(a)𲹲íٱ𲹰 mír1 mar a leanas:

(i)𲹲íٱ𲹰 an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1. éԴڲ an Bord, ag gníomhú dó faoin ós imeachta arna leagan síos in Airteagal 18, an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a, a dhíluacháil ó a chomhshó i ndáil leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus in Airteagal 7(5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin á gcomhlíonadh, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír ó ar a thionscnamh féin, nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, go gcomhlíontar ceann amháin ó níos mó de na coinníollacha a leanas:’;

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe(e):

‘(e) go n-éileoidh an t-eintiteas ó an grúpa tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18a(1).’;

(ii)cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a), ó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b), (4)(b) agus (5), agus is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, i gcomhréir le leithdháileadh na gcúraimí de bhun an ós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a dhéanfaidh é.’;

(b)scriostar mír 2;

(c)i mír3, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe(b):

‘(b) ag féachaint d’uainiú, don ghá atá ann na cumhachtaí díluachála agus comhshó ó an ٰé réitigh don ghrúpa réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, gníomhaíocht mhaoirseachta ó bearta luath-idirghabhála, seachas díluacháil ó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha, agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 7a, cosc ar theip an eintitis ó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnta.’;

(d)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 9:

‘9. I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le heintiteas dá dtagraítear sa mhír sin, agus ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) freisin maidir leis an eintiteas sin ó le heintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é, beidh feidhm ag an ós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(6), (7) agus (8).’;

(24)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 27 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas go léir:

(a)go ndearna scairshealbhóirí, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas intarrthála eile ranníocaíocht de mhéid nach lú ná 8% de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, le hionsúchán caillteanais agus athchaipitliú, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15), trí laghdú, díluacháil, ó comhshó de bhun Airteagal 48(1) de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 21(10) den Rialachán seo, agus go ndearna an scéim ráthaithe taiscí amhlaidh de bhun Airteagal 79 den Rialachán seo agus Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE i gcás inarb ábhartha;

(b)nach mó an ranníocaíocht ón gCiste ná 5% de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15).’;

(c)i mír 13, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Leis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, buófar an méid faoinar gá dliteanais intarrthála a dhíluacháil ó a chomhshó:

(a)chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, ó, i gcás inarb infheidhme, cóimheas na droichead-institiúide a bhunú, agus aon ranníocaíocht chaipitil ón gCiste de bhun Airteagal 76(1), pointe (d) á cur san áireamh;

(b)muinín margaidh leordhóthanach a chothú san institiúid faoi réiteach ó sa droichead-institiúid, agus an gá atá le dliteanais theagmhasacha a chumhdach á chur san áireamh, agus a chur ar a cumas don institiúid faoi réiteach leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh ar feadh bliain amháin ar a laghad, agus leanúint de na ídzídzٲí a bhfuil sí údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE ó Treoir 2014/65/AE.’;

(25)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 30 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:

Oibleagáid comhoibriú agus malartú faisnéise’;

(b)cuirtear isteach míreanna 2a, 2b agus 2c mar a leanas:

‘2a. Comhoibreoidh an Bord, BERS, ÚBE, ESMA agus ÚEÁPC go dlúth le chéile agus soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.

2b. Comhoibreoidh BCE agus comhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) go dlúth leis an mBord agus soláthróidh siad dó an fhaisnéis uile is gá chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú acu i gcomhréir lena reacht. Beidh feidhm ag Airteagal 88(6) maidir leis na malartuithe lena mbaineann.

2c. Comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE go dlúth leis an mBord. Soláthróidh na húdarás ainmnithe agus an Bord dá chéile an fhaisnéis uile is gá lena gcuid cúraimí faoi seach a fheidhmiú.’;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír6:

‘6. Féachfaidh an Bord le comhoibriú go dlúth le haon saoráid cúnaimh airgeadais phoiblí, lena n-áirítear an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe sna cásanna a leanas:

(a)sna himthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 27(9) agus i gcás inar dheonaigh saoráid den sórt sin cúnamh airgeadais díreach ó indíreach, ó inar dóigh dó í a dheonú, d’eintitis atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;

(b)i gcás ina mbeidh socrú airgeadais déanta ag an mBord le haghaidh an Chiste de bhun Airteagal 74.’;

(d)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:

‘7. I gcás inar gá sin, tabharfaidh an Bord meabhrán tuisceana i gcrích le BCE agus comhaltaí eile de CEBC, na húdaráis réitigh náisiúnta agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar faoi mhíreanna 2, 2a, 2b agus 4 den Airteagal seo agus faoi Airteagal 74, an dara fomhír, i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar é a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.’;

(26)cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:

Airteagal 30a

Faisnéis atá i seilbh sásra uathoibrithe láraithe

1. Soláthróidh na húdaráis a oibríonn na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú le hAirteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** faisnéis don Bhord, arna iarraidh sin dó, a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb é eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 an t-aon chomhpháirtí baincéireachta ó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu.

2. Ní iarrfaidh an Bord an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach amháin ar bhonn cás ar chás agus nuair is gá chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

3. Féadfaidh an Bord an fhaisnéis a fhaightear de bhun na chéad mhíre a roinnt leis na húdaráis náisiúnta réitigh i gcomhthéacs chomhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo.

______________________________

**Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Bealtaine2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid ó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena 𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) Uimh.648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IOL141, 5.6.2015, lch.73).

(27)𲹲íٱ𲹰 Airteagal31▌mar a leanas:

(a)i mír1, cuirtear an méid a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Déanfar comhar maidir le comhroinnt faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE, gan dochar do Chaibidil 5 den teideal seo. Faoina chuimsiú sin agus chun críocha pleananna réitigh a mheas:

(a) féadfaidh an Bord a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis uile is gá, atá faighte acu, a chur faoi bhráid an Bhoird

(b) déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin d’údarás réitigh náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh, aon fhaisnéis is gá chun cúraimí an údaráis sin, faoin Rialachán seo, a chomhlionadh, a chur ar fáil don údarás sin.’

(b)cuirtear an mhír a leanas leis:

‘3. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, rachaidh na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad faoi Airteagal 86 de Threoir 2014/59/AE.’;

(28)in Airteagal 32(1), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha ó i dtríú tíortha chomh maith, gan dochar d’aon fhormheas ag an gComhairle ó ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht d’údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha ó tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 12, 13, 16, 18, 45h, 55, agus 88 go 92 de Threoir 2014/59/AE.’;

(29)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 34 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Féadfaidh an Bord, agus lánúsáid á baint aige as an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil cheana féin do BCE, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ag comhaltaí CEBC i gcomhréir lena reacht, ó an fhaisnéis uile atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, do BERS, do ÚBE, do ESMA ó do ÚEÁPC, a cheangal ar na daoine dlítheanacha ó nádúrtha a leanas, trí na húdaráis náisiúnta réitigh ó go díreach, tar éis dóibh na húdaráis sin a chur ar an eolas, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dó, i gcomhréir leis an ós imeachta arna iarraidh ag an mBord agus san fhoirm a iarrann an Bord, chun a chúraimí a fheidhmiú:’;

(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5. Féadfaidh an Bord, BCE, comhaltaí CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta meabhráin tuisceana a tharraingt suas ina leagfar amach ós imeachta lena rialaítear malartú faisnéise. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh i malartú faisnéise idir an Bord, BCE, agus comhalta eile CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta.

6. Comhoibreoidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE, comhaltaí CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, agus na húdaráis náisiúnta réitigh leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis ó an fhaisnéis ar fad a iarradh ar fáil cheana féin tráth a dhéantar an iarraidh. I gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta, BCE agus comhaltaí eile CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, ó na n-údarás réitigh náisiúnta an fhaisnéis sin ar fáil don Bhord.’;

(30)in Airteagal 43(1), cuirtear isteach an pointe (aa) a leanas:

‘(aa) an Leas-Chathaoirleach arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal56;’;

(30a)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 45 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:

Trédhearcacht agus cuntasacht;

(b) cuirtear an mhír a leanas isteach:

3a. Foilseoidh an Bord a chuid beartas, treoirlínte, treoracha ginearálta, ótaí treorach agus doiciméad inmheánach oibre maidir le cúrsaí réitigh i gcoitinne agus maidir leis na cleachtais agus na modheolaíochtaí réitigh a bheidh le cur i bhfeidhm laistigh den Sásra Réitigh Aonair, a fhad agus nach mbeidh nochtadh ábhair rúnda i gceist leis an bhfoilsiú sin.

(31)in Airteagal50(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (n):

‘(n) Oifigeach Cuntasaíochta agus Iniúchóir Inmheánach a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach acu agus a ndualgais á ndéanamh acu;’;

(31a)in Airteagal 50(1), cuirtear an pointe a leanas leis:

(qa) a áٳú go dtéitear i gcomhairle leis na húdaráis réitigh náisiúnta maidir leis na treoirlínte, na treoracha ginearálta, na beartais ó na ótaí treorach lena mbunaítear beartais réitigh, cleachtais ó modheolaíochtaí réitigh a rannchuideoidh na húdaráis réitigh náisiúnta sin lena gcur chun feidhme.’;

(32)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 53 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Ina sheisiún feidhmiúcháin, comhdhéanfar an Bord den Chathaoirleach, den Leaschathaoirleach agus de na ceithre chomhalta eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b).’;

(b)i mír 5, cuirtear na focail ‘Airteagal 43(1), pointí (a), (aa) agus (b)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 43(1)(a) agus (b)’.;

(33)in Airteagal 55, cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1. Más rud é agus eintiteas aonair ó grúpa nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal53(1) agus(3) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1), pointe (b), cinneadh trí thromlach simplí.

2. Más rud é agus grúpa trasteorann á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal53(1) agus(4) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1), pointe (b) cinneadh trí thromlach simplí.’;

(34)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 56 mar a leanas:

(a)i mír2, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) réamh-dhréachtbhuiséad agus dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 61 agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;’;

(b)i mír5, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Beidh téarma oifige 5 bliana ag an gCathaoirleach, ag an Leas-Chathaoirleach agus ag na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1), pointe (b).

Ní bheidh duine a d’fhóin mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach ó mar chomhalta dá dtagraítear in Airteagal43(1), pointe (b), incháilithe lena cheapadh chuig aon cheann den dá phost eile.’;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Tar éis dó an Bord a éisteacht, ina sheisiún iomlánach, soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa gearrliosta iarrthóirí atá cothrom ó thaobh inscne de do phoist an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1)(b) agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n-iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh. I gcomhréir leis an toradh i bParlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún togra i gcomhair cheapachán an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1)(b) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an togra sin a bheith formheasta, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme maidir leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal43(1)(b) a cheapadh. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle.’;

(e)i mír 7, cuirtear an méid a leanas in ionad na habairte deiridh:

‘Fanfaidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b) in oifig go dtí go gceapfar a gcomharbaí agus go rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.’;

(ea)scriostar mír8.

(35)Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 61:

'Airteagal 61

An buiséad a chur ar bun

1. Faoin 31 Márta gach bliain, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas réamh-dhréachtbhuiséad de chuid an Bhoird, lena n-áirítear ráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Bhoird don bhliain dar gcionn, mar aon le plean bunaíochta, don bhliain ina dhiaidh agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach.

éԴڲ an Bord ina sheisiún iomlánach, i gcás inar gá, réamh-dhréachtbhuiséad an Bhoird a choigeartú mar aon leis an dréachtphlean bunaíochta.

2. Ar bhonn an réamh-dhréachtbhuiséid arna ghlacadh ag an mBord ina sheisiún iomlánach, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas dréachtbhuiséad an Bhoird agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach lena ghlacadh.

Faoin 30 Samhain gach bliain, déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, an dréachtbhuiséad a thíolaic an Cathaoirleach a choigeartú, i gcás inar ghá sin, agus buiséad críochnaitheach an Bhoird a ghlacadh in éineacht leis an bplean bunaíochta.';

(35a)in Airteagal 62, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Is ar an mBord ina sheisiún iomlánach a bheidh an fhreagracht as caighdeáin rialaithe inmheánaigh a ghlacadh agus córais rialaithe inmheánaigh agus ósanna imeachta a chur ar bun a bheidh oiriúnach do chúraimí an iniúchóra inmheánaigh a fheidhmiú.

(36)in Airteagal 69, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go dtiteann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil a shonraítear sa mhír sin, déanfar ranníocaíochtaí tráthrialta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal70 a chruinniú go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. Feadfaidh an Bord bailiú na ranníocaíochtaí tráthrialta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 70 ar feadh suas le trí bliana chun a áٳú go sroichfidh an méid a bheidh le bailiú méid atá comhréireach le costais an phróisis bailithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste a úsáid de bhun Roinn 3. Tar éis an spriocleibhéal a bhaint amach den chéad uair agus i gcás inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina dhiaidh sin go méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí sin ar leibhéal lena bhféadfar an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 4 Բ.’;

(37)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 70 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal3:

‘3. Sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil a chuirfear i gcuntas chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal69 a bhaint amach, féadfar gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a áireamh atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal76(1). Ní rachaidh sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe thar 30% de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Laistigh den teorainn sin, cinnfidh an Bord go bliantúil sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí atá le cruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;

(b)cuirtear an mhír 3a a leanas isteach:

‘3a. Glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nuair is gá an Ciste a úsáid de bhun Airteagal 76.

I gcás ina scoirfidh institiúid ó eintiteas de bheith faoi raon feidhme Airteagal 2 agus nach mbeidh sí ó sé faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc a thuilleadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus atá ó dlite. Má dhéantar an ranníocaíocht atá nasctha leis an ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a íoc go cuí tráth an chéad ghlao, cuirfidh an Bord an gealltanas ar ceal agus tabharfaidh sé an chomhthaobhacht ar ais. Mura n-íocfar an ranníocaíocht go cuí tráth an chéad ghlao, urghabhfaidh an Bord an chomhthaobhacht agus cuirfidh sé an gealltanas ar ceal.’;

(38)in Airteagal 71(1), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha in aghaidh na bliana thar thrí oiread 12.5% den spriocleibhéal.’;

(39)in Airteagal74, cuirtear isteach an mhír a leanas:

‘Cuirfidh an Bord an Coimisiún agus BCE ar an eolas a luaithe a mheasfaidh sé gur gá socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste a ghníomhachtú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus soláthróidh sé don Choimisiún agus do BCE an fhaisnéis go léir is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.’;

(40)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 76 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír3:

‘3. I gcás ina gcinnfidh an Bord gur dócha go mbeidh de thoradh ar úsáid an Chiste chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfear cuid de chaillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal2 ar aghaidh chuig an gCiste, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an Chiste a leagtar amach in Airteagal27.’;

(b)cuirtear isteach na míreanna 5 agus 6 a leanas:

‘5. I gcás ina n-úsáidfear na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2), pointe (a) ó (b), gan ach cuid de shócmhainní, de chearta ó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú, beidh éileamh ag an mBord in aghaidh an eintitis iarmharaigh ar aon chostas agus caillteanas a thabhóidh an Ciste mar thoradh ar aon ranníocaíochtaí a rinneadh le réiteach de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo maidir le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin.

6. Beidh an rangú tosaíochta céanna ag éilimh an Bhoird dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 22(6), i ngach Ballstát rannpháirteach, agus a bheidh ag éilimh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 108(9) de Threoir 2014/59/AE.’;

(41)𲹲íٱ𲹰 Airteagal 79 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha, nuair a dhéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh maidir le hinstitiúid chreidmheasa, ar choinníoll go n-áiritheofar leis an ngníomhaíocht sin go mbeidh rochtain i gcónaí ar a dtaiscí ag taisceoirí taiscí atá faoi chumhdach agus ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil taiscí incháilithe ina seilbh acu, chun cosc a chur ar iompar caillteanas ag na taisceoirí sin, go rannchuideoidh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid chreidmheasa sin cleamhnaithe chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE.

2. Cinnfidh an Bord, i Իúٳ󳦳dz󲹰 leis an scéim ráthaithe taiscí, méid ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír1, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí, agus i gcás inar gá leis an údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE, maidir leis an gcostas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc de bhun Airteagal11e de Threoir 2014/49/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal20 den Rialachán seo.

3. Tabharfaidh an Bord fógra faoina chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír don údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE agus don scéim ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi. Cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an cinneadh sin chun feidhme gan mhoill.’;

(b)i mír 5, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;

(41a)cuirtear na hairteagail a leanas isteach:

‘Airteagal 79a

At tuairisciú ar leachtacht le linn réitigh

Faoin 31 Nollaig 2024 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar cheist na leachtachta le linn réitigh:

Scrudófar sa tuarascáil an é uirlis a bheith ar iarraidh ón mbosca uirlisí réitigh is cúis inter alia le heasnamh sealadach leachtachta tar éis institiúid a athchaipitliú le linn réitigh agus scrúdófar na bealaí is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh leachtachta shealadacha, agus na cleachtais i ndlínsí eile á gcur san áireamh. Cuirfear roghanna beartais nithiúla i láthair sa tuarascáil.

Airteagal79b

Faoin 31 Nollaig 2026, i gcomhthéacs na pléití ar an aontas baincéireachta a atosú, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar éifeachtúlacht agus raon feidhme an tsásra aistrithe caillteanais inmheánaigh laistigh de ghrúpaí réitigh a eascraíonn as an gcreat bainistíochta géarchéime a athchóiriú.

Go háirithe, déanfar machnamh sa tuarascáil ar raon feidhme an réitigh, a mhéid a chomhlíontar na spriocanna ICDI inmheánacha, coinníollacha chun rochtain a fháil ar na líontáin sábháilteachta arna gcistiú ag an tionscal, go háirithe an Ciste.’;

(42)in Airteagal 85(3), cuirtear na focail ‘arna nglacadh faoi’ in ionad na bhfocal ‘dá dtagraítear in’;

(43)in Airteagal 88, cuirtear an mhír 7 a leanas leis:

‘7. Leis an Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar an mBord a anailísí ó a mheasúnuithe a nochtadh, lena n-áirítear nuair atá siad bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ó ag údaráis eile dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nuair a mheasann an Bord nach mbainfeadh an nochtadh an bonn de chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta ó eacnamaíoch agus go bhfuil leas an phobail sa nochtadh a sháraíonn aon leasanna eile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Measfar nochtadh den sórt sin a bheith déanta ag an mBord i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Rialachán seo chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.’.

(43a)in Airteagal94(1), cuirtear isteach an pointe a leanas:

‘(aa) an t-idirghníomhú idir an creat atá cheana ann agus an Scéim Eorpach Árachais Taiscí a chur ar bun.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 12mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1)(a), pointí (2) agus (3), pointe (4)(a), pointe (5)(a), (b) agus (c)(i) agus (ii), pointe (6)(a), pointe (7), pointe (13)(a)(i) agus (b), pointe (14)(a), (b) agus (d), pointe (19)(d) agus (e), pointe (21), pointe (23)(a)(i), an chéad fhleasc, (b) agus (d), pointí (25) go (35), agus pointí (39), (42) agus (43), ón... [Oifig na bhfoilseachán cuir isteach an dáta = 1 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpaThar ceann na Comhairle

An tUachtaránAn tUachtarán


IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

I gcomhréir le hAirteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sé ionchur ó na heintitis ó na daoine a leanas le linn ullmhú na dréacht-tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/ó duine

European Forum of Deposit Insurers & European Association of Co-operative Banks

German Savings Banks Association

An Bord Réitigh Aonair

Deutsche Bank

Crédit Agricole S.A.

Banco de Portugal

An Banc Ceannais Eorpach

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Associação Portuguesa de Bancos

Banking and Payments from the Finnish Ministry of Finance

Finance Watch

Buanionadaíocht Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chuig an Aontas Eorpach

Coiste Thionscal Baincéireachta na Gearmáine

The Luxembourg Bankers’ Association (ABBL)

Association of Insurance and Reinsurance Companies (ACA)

Association of the Luxembourg Fund Industry (ALFI)

Association of German Banks

Societe Generale

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

An Coimisiún Eorpach

Ministry of Finance, Portugal (GPEARI)

European Savings and Retail Banking Group (ESBG)

Déantar an liosta thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

lena 𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) Uimh.806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

ղí

– C9-0139/2023 –

Dáta tíolactha chun PE

19.4.2023

An Coiste Freagrach

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

10.7.2023

Ǿí ar iarradh tuairim orthu

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

10.7.2023

Gan tuairim a thabhairt

Dáta an chinnidh

JURI

26.6.2023

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Pedro Marques

30.5.2023

Pléite sa choiste

20.9.2023

24.10.2023

Dáta an ghlactha

20.3.2024

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

14

9

𾱲í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Gilles Boyer, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, José Manuel García-Margallo y Marfil, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Michiel Hoogeveen, Stasys Jakeliūnas, France Jamet, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Pedro Marques, Caroline Nagtegaal, Denis Nesci, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Eva Maria Poptcheva, Antonio Maria Rinaldi, Dorien Rookmaker, Ralf Seekatz, Aušra Seibutytė, Pedro Silva Pereira, Inese Vaidere, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Eider Gardiazabal Rubial, Margarida Marques, Ville Niinistö, Henk Jan Ormel, Jessica Polfjärd

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alessandra Basso, Theresa Bielowski, Karolin Braunsberger-Reinhold, Herbert Dorfmann, Isabel García Muñoz, Paola Ghidoni, Nicolás González Casares, Guy Lavocat, Maria Noichl, Nacho Sánchez Amor, Michaela Šojdrová, Kim Van Sparrentak, Carlos Zorrinho

Dáta don chur síos

25.3.2024


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

30

+

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, José Manuel García-Margallo y Marfil, Othmar Karas, Luděk Niedermayer, Henk Jan Ormel, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Jessica Polfjärd, Aušra Seibutytė, Michaela Šojdrová, Inese Vaidere

Grúpa Renew Europe

Gilles Boyer, Billy Kelleher, Georgios Kyrtsos, Guy Lavocat, Caroline Nagtegaal, Eva Maria Poptcheva, Stéphanie Yon-Courtin

An Grúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpa

Marek Belka, Theresa Bielowski, Jonás Fernández, Isabel García Muñoz, Eider Gardiazabal Rubial, Nicolás González Casares, Aurore Lalucq, Margarida Marques, Pedro Marques, Nacho Sánchez Amor, Pedro Silva Pereira, Carlos Zorrinho

14

-

ECR

Dorien Rookmaker

PPE

Karolin Braunsberger-Reinhold, Herbert Dorfmann, Markus Ferber, Ralf Seekatz

Grúpa Renew Europe

Engin Eroglu

An Grúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpa

Maria Noichl

The Left

José Gusmão

Verts/ALE

Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Ville Niinistö, Kira Marie Peter-Hansen, Kim Van Sparrentak

9

0

ECR

Michiel Hoogeveen, Denis Nesci

ID

Alessandra Basso, Paola Ghidoni, Valentino Grant, France Jamet, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

Grúpa Renew Europe

Ondřej Kovařík

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 17 Aibreán 2024
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais