TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le baint na smachtbhannaí ar an tSiria chun críoch daonnúil
17.2.2023
Francesca Donato, Gunnar Beck, Clare Daly, Stasys Jakeliūnas, Gilles Lebreton, Thierry Mariani, Mick Wallace, Tatjana Ždanoka
9‑0155/2023
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le baint na smachtbhannaí ar an tSiria chun críoch daonnúil
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Riail143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí gur thug an Coimisiún ráiteas don Pharlaimint an13Feabhra2023 maidir le freagairt an Aontais ar an staid dhaonnúil tar éis an chreatha talún sa Tuirc agus sa tSiria;
B.de bhrí gur chuir an Chomhairle síneadh bliana eile, an30Bealtaine2022, le bearta sriantacha AE i gcoinne réimeas na Siria, go dtí an1Meitheamh2023;
C.de bhrí go bhfuil an tSiria buailte go dona ag cogadh cathartha agus go raibh drochbhail uirthi fiú roimh an gcrith talún uafásach a tharla sa réigiún thiar thuaidh den tír an6Feabhra2023;
D.de bhrí dá gcoinneofaí an trádbhac i bhfeidhm, d’fhágfadh sé sin go gcuirfeadh na mílte íospartach atá faoin smionagar le líon na marbh, ós rud é go mbeadh cosc ar an tSiria an chabhair dhaonnúil agus eacnamaíoch is gá a fháil chun dul i ngleic le tragóid den mhéid sin;
1.ag tabhairt dá haire nach raibh na héifeachtaí beartaithe ag na smachtbhannaí agus go bhfuil a n-iarmhairtí ag luí go trom ar mhuintir na Siria cheana féin;
2.á iarraidh ar an Aontas a smachtbhannaí i gcoinne na Siria a bhaint agus a sheacht ndícheall a dhéanamh chun cabhrú le muintir na Siria, go háirithe sna limistéir atá millte ag an gcrith talún;
3.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle agus chuig údaráis na Siria.