Cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe trádála idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó
13.3.2025
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000009/2025
ar an gCoimisiún
Riail 142
João Oliveira (The Left), Ana Miranda Paz (Verts/ALE), Estrella Galán (The Left), Andreas Schieder (S&D), Giorgos Georgiou (The Left), Jaume Asens Llodrà (Verts/ALE), Rudi Kennes (The Left), Vicent Marzà Ibáñez (Verts/ALE), Danilo Della Valle (The Left), Oihane Agirregoitia Martínez (Renew), Hanna Gedin (The Left), Vladimir Prebilič (Verts/ALE), Ruth Firmenich (NI), Maria Zacharia (NI), Lynn Boylan (The Left), Jonas Sjöstedt (The Left), Kostas Papadakis (NI), Lefteris Nikolaou-Alavanos (NI), Pernando Barrena Arza (The Left), Per Clausen (The Left), Dario Tamburrano (The Left), Carolina Morace (The Left), Gaetano Pedulla' (The Left), Valentina Palmisano (The Left), Mario Furore (The Left), Pasquale Tridico (The Left), Cecilia Strada (S&D), Irene Montero (The Left), Isabel Serra Sánchez (The Left), Kathleen Funchion (The Left), Fabio De Masi (NI), Mimmo Lucano (The Left), Ilaria Salis (The Left), Catarina Vieira (Verts/ALE), Özlem Demirel (The Left), Matjaž Nemec (S&D), Friedrich Pürner (NI)
An 4 Deireadh Fómhair 2024, eisíodh an cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir le cásanna [C-778/21P agus C-798/21P] agus [C-779/21P agus C-799/21P]. Díbheadh ann d’achomhairc a thionscain an Coimisiún agus Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta i mí Mheán Fómhair 2021 (EU:T:2021:640 agus EU:T:2021:639 faoi seach) maidir leis na comhaontuithe trádála idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó. Dearbhaíodh leis na breithiúnais sin go raibh na comhaontuithe trádála faoi seach ar neamhní.
Athdhearbhaítear sa bhreithiúnas gur ‘idirghabhálaí pribhléideach é Fronta Polisario sa phróiseas a dhéantar faoi choimirce na Náisiún Aontaithe d’fhonn stádas an tSahára Thiar amach anseo a chinneadh, a bhfuil a chinntí ceangailteach ar Bhallstáit agus institiúidí uile an Aontais Eorpaigh’.
Luaitear ann freisin nach gciallaíonn na comhaontuithe atá i gceist go n-aithníonn an tAontas Eorpach ‘éilimh Ríocht Mharacó maidir le ceannasacht ar chríoch an tSahára Thiar’ agus nach mór do chur i bhfeidhm comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le críoch an tSahára Thiar toiliú a mhuintire agus a ionadaithe dlisteanacha a fháil, murach sin shárófaí a gceart féinchinntiúcháin.
Mar thoradh ar chomhaontuithe a thabhairt i gcrích le Maracó, gan aird a thabhairt ar réamhrialuithe CBAE, rinneadh damáiste do na Sachrámhaigh trí rochtain a thabhairt ar acmhainní a shaothraigh Maracó go neamhdhleathach go dtí seo, agus ní mór iad a chúiteamh as sin.
I bhfianaise na gcinntí sin:
- 1.Cad iad na bearta atá déanta ag an gCoimisiún chun cinneadh CBAE a chomhlíonadh?
- 2.An gcuirfidh sé tús le caibidlíocht le Fronta Polisario, ionadaí dlisteanach na Sachrámhach, chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste a dhéanfar dá bharr agus maidir leis an gcreat trádála a bheidh ann amach anseo do na críocha sin?
- 3.Cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sé, i gcomhréir le forálacha rúin gan áireamh ó na Náisiúin Aontaithe, chun seasamh le ceart féinchinntiúcháin na Sachrámhach?
Curtha síos: 13.3.2025
Spriocdháta i gcomhair freagra: 14.6.2025