Shíneodh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 19 Nollaig 2024, in éineacht le hUachtarán na Comhairle, na gníomhartha seo a leanas a glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach:
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a mhéid a bhaineann le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE) (00102/2024/LEX - C10-0225/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha (00101/2024/LEX - C10-0224/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm (00098/2024/LEX - C10-0223/2024 - )
- Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n-údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe (00099/2024/LEX - C10-0222/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (00071/2024/LEX - C10-0221/2024 - )
- Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/102/CE agus (AE) 2017/1132 a mhéid a bhaineann le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh (00074/2024/LEX - C10-0220/2024 - )
- Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (00077/2024/LEX - C10-0219/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (00073/2024/LEX - C10-0218/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) (athmhúnlú) (00087/2024/LEX - C10-0217/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (00069/2024/LEX - C10-0216/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú (00100/2024/LEX - C10-0215/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2019/817, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (00068/2024/LEX - C10-0214/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne (00103/2024/LEX - C10-0213/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht) (00094/2024/LEX - C10-0212/2024 - )
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe (00093/2024/LEX - C10-0211/2024 - )