Le haghaidh torthaí mionsonraithe vótála, féach freisin 'Torthaí na Vótála' agus ‘Torthaí na Vótála le Glaoch Rolla’.
6.1.CBL: rialacha don ré dhigiteach * (óá)
Tuarascáil ar an dréacht-treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach [15159/2024 - C10-0170/2024 - ] - An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Rapóirtéir: Ľudovít Ódor (A10-0001/2025)
Roimh an vótáil, labhair Ľudovít Ódor (rapóirtéir) chun ráiteas a thabhairt de bhun Riail 165(4).
Torthaí mionsonraithe vótála
6.2.Comhar riaracháin i réimse an chánachais * (óá)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais [ - C10-0169/2024 - ] - An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Rapóirtéir: Aurore Lalucq (A10-0002/2025)
6.3.Agóid de bhun Riail 115(2) agus (3): Arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 (óá)
Tairiscint i gcomhair rúin curtha síos ag an gCoiste ENVI, de bhun Riail 115(2) agus (3), maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 iontu, nó táirgí atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D102174/03 – ) (B10-0061/2025)- Feisirí atá freagrach: Martin Häusling, Biljana Borzan, Anja Hazekamp
6.4.Agóid de bhun Riail 115(2) agus (3): Arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 95275 (óá)
Tairiscint i gcomhair rúin curtha síos ag an gCoiste ENVI, de bhun Riail 115(2) agus (3), maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 95275 iontu, nó táirgí atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D102172/03 – ) (B10-0060/2025) - Feisirí atá freagrach:Martin Häusling, Biljana Borzan, Anja Hazekamp