Chuir Eric Andrieu in iúl go raibh sé ag éirí as oifig mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa an 2 Meitheamh 2023.
Mheas Coiste JURI go bhfuil an t-éirí as oifig i gcomhréir le hIonstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.
I gcomhréir le Riail 4, dhéanfadh an Pharlaimint an folúntas a fhógairt amhail ón 2 Meitheamh 2023 agus chuirfeadh sí an Ballstát lena mbaineann ar an eolas dá réir sin .