Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
ѾDzԳٳܲí
XML2k
Déardaoin, 15 Meitheamh 2023-Strasbourg

7.Doiciméid a fuarthas

Fuarthas na doiciméid seo a leanas:

1) ó institiúidí eile

- Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 ( - C9-0147/2023 - )
I gcomhréir le Riail 145(1), rachadh an tUachtarán i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra seo.
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: JURI
tuairim: ITRE, IMCO

- Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (06618/2023 - C9-0202/2023 - )
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: INTA

2) ó na Feisirí

- Gianantonio Da Re. Tairiscint i gcomhair rúin maidir le bearta a chur chun feidhme chun tacú le cuideachtaí Eorpacha cur i gcoinne ionsaithe haiceála agus córais TF a chosaint (B9-0237/2023)
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ITRE

- Dominique Bilde. Tairiscint i gcomhair rúin maidir le hiniúchadh ar chabhair dhaonnúil an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (B9-0256/2023)
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: DEVE

- Viktor Uspaskich. Tairiscint i gcomhair rúin ar neamhionannas ioncaim idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (B9-0262/2023)
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ITRE
tuairim: REGI

An nuashonrú is déanaí: 16 Samhain 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais