Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
ѾDzԳٳܲí
XML2k
Dé Luain, 10 Iúil 2023-Strasbourg

5.Comhdhéanamh na Parlaiminte
Tuarascálacha focal ar fhocal

D'éirigh Álvaro Amaro as oifig mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 7 Iúil 2023.

D'éirigh Peter van Dalen as oifig mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 4 Meán Fómhair 2023.

Mheas Coiste JURI go raibh éirí as oifig na bhFeisirí sin i gcomhréir le hIonstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.

I gcomhréir le Riail 4 de na Rialacha Nós Imeachta, bhunódh an Pharlaimint na folúntais le héifeacht ón 7 Iúil 2023 agus ón 4 Meán Fómhair 2023 faoi seach agus cuirfeadh sí na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoi sin.

* * *

Thug údaráis inniúla na Gearmáine fógra gur toghadh Thomas Rudner le dul in ionad Ismail Ertug mar Fheisire Parlaiminte, le héifeacht ón 3 Iúil 2023.

Thug údaráis inniúla na Portaingéile fógra gur toghadh Carlos Coelho le dul in ionad Álvaro Amaro mar Fheisire Parlaiminte, le héifeacht ón 7 Iúil 2023.

Thug an Pharlaimint a dtoghadh dá haire.

Faoi Riail 3(2), go dtí go raibh a gcuid dintiúr fíoraithe nó go dtí go raibh rialú tugtha ar aon díospóid, agus ar choinníoll go ndearna siad dearbhú i scríbhinn roimhe sin á rá nach raibh siad i seilbh aon oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, thógfadh Thomas Rudner agus Carlos Coelho a gcuid suíochán sa Pharlaimint agus ar a cuid comhlachtaí, agus na cearta go léir a ghabhann leis sin a theachtadh.

An nuashonrú is déanaí: 7 Bealtaine 2024Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais