Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí [ - C9-0200/2021 - ] - An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh. Rapóirtéir: Romana Jerković (A9-0038/2023)
Rinneadh vótáil an 16 Márta 2023 ar chinneadh Choiste ITRE dul i mbun caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, i gcomhréir le Riail 71 (miontuairiscí an 16.3.2023, ítim 8.4).
Romana Jerković a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Andrus Ansip (rapóirtéir don tuairim ó Choiste IMCO) agus Pascal Arimont (rapóirtéir don tuairim ó Choiste JURI).
Labhair Thierry Breton (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Riho Terras, thar ceann an Ghrúpa PPE, Brando Benifei, thar ceann an Ghrúpa S&D, Alin Mituța, thar ceann an Ghrúpa Renew, Mikuláš Peksa, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Michiel Hoogeveen, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gerolf Annemans, thar ceann an Ghrúpa ID, Tomislav Sokol, Lina Gálvez, Karen Melchior agus Virginie Joron, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Karen Melchior.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Johan Nissinen agus Stanislav Polčák.
Labhair na daoine seo a leanas: Thierry Breton agus Romana Jerković.