ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí ( – C9-0200/2021 – )
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0200/2021),
–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an20 Deireadh Fómhair2021(1),
–ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an13 Deireadh Fómhair2021(2),
–ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Riail59 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0038/2023),
1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2.ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 29 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1183.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 45 tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/1183(1)
Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar thángthas air, lena soiléirítear, dar leis, go bhfuil gá le brabhsálaithe gréasáin chun tacaíocht agus idir-inoibritheacht a áirithiú do na deimhnithe cáilithe fíordheimhniúcháin láithreán gréasáin (QWACanna) d'aon toisc chun sonraí céannachta úinéir an tsuímh gréasáin a thaispeáint ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir. Tuigeann an Coimisiún nach ndéanann sé réamhbhreith ar na modhanna a úsáidtear chun na sonraí céannachta sin a thaispeáint.
Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar thángthas air, lena soiléirítear, dar leis, nach gcuireann an ceanglas atá ar bhrabhsálaithe gréasáin aitheantas a thabhairt do QWACanna srian ar bheartais slándála na mbrabhsálaithe féin agus go bhfágann Airteagal 45, mar a mholtar, faoi na brabhsálaithe gréasáin a nósanna imeachta agus a gcritéir féin a chaomhnú agus a chur i bhfeidhm chun príobháideachas na cumarsáide ar líne a chothabháil agus a chaomhnú trí chriptiú agus modhanna cruthaithe eile a úsáid.Tuigeann an Coimisiún dréacht-Airteagal 45 mar Airteagal nach bhforchuirtear oibleagáidí ná srianta ar an gcaoi a mbunaíonn brabhsálaithe gréasáin naisc chriptithe le suíomhanna gréasáin nó a fhíordheimhníonn na heochracha cripteagrafacha a úsáidtear agus na naisc sin á mbunú.
Meabhraíonn an Coimisiún, i gcomhréir le pointe 28 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, go mbainfidh an Coimisiún úsáid as grúpaí saineolaithe, go rachaidh sé i gcomhairle le geallsealbhóirí spriocdhírithe agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin phoiblí, de réir mar is iomchuí.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le dobhreathnaitheacht tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/1183(2)
Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar thángthas air, ar comhaontú é lena ndeimhnítear, dar leis, nach gceadaítear leis an Rialachán leasaitheach seo próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta atá i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí nó a eascraíonn as an úsáid sin ag soláthraithe Tiachóige chun críoch eile seachas seirbhísí tiachóige a sholáthar.
Is díol sásaimh don Choimisiún freisin go n-áirítear coincheap na dobhreathnaitheachta in Aithris (11c) den dréacht-Rialachán leasaitheach, rud a chuirfeadh cosc ar sholáthraithe tiachóige sonraí idirbhearta na n-úsáideoirí ó lá go lá a bhailiú agus a fheiceáil. Tá an Coimisiún den tuairim go gciallaíonn an coincheap sin nár cheart comhghaolú sonraí a bheith ann thar sheirbhísí éagsúla chun críocha rianú nó lorgaireacht úsáideoirí nó chun iompar, leasanna nó nósanna pearsanta a chinneadh, a anailísiú agus a thuar.
Ag an am céanna, aithníonn an Coimisiún, i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679, go bhféadfaidh soláthraithe Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí rochtain a fháil ar chatagóirí áirithe sonraí pearsanta le toiliú sainráite an úsáideora, amhail chun leanúnachas a áirithiú i soláthar seirbhísí tiachóige nó chun úsáideoirí a chosaint ar shuaitheadh ina soláthar. Ba cheart na sonraí sin a bheith teoranta don mhéid is gá le haghaidh gach cuspóra shonraigh.