TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6:NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 94:An creat airgeadais ilbhliantúil
I gcás ina n-iarrann an Chomhairle toiliú na Parlaiminte i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil, déileálfar leis an ábhar i gcomhréir le Riail 107. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ag teastáil chun toiliú na Parlaiminte a fháil.