Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI:CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
II.An Coiste um Shlándáil agus um Chosaint

Tá an coiste freagrach as cur chun cinn, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) agus ar bhearta gaolmhara eisiacha cosanta an Aontais mar a bheartaítear in Airteagal 42(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear:

1.na forbairtí ar bagairt iad ar iomláine chríochach an Aontais agus a Bhallstát agus ar shlándáil shaoránaigh an Aontais;

2.cumais agus sócmhainní do mhisin shibhialtacha agus mhíleata CBSC lasmuigh den Aontas, bearta comhlántacha faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chomh maith le línte buiséid agus ionstraimí eile airgeadais a thacaíonn go díreach le creat CBSC nó a rannchuidíonn go díreach leis;

3.cinntí agus beartais cosanta straitéiseacha a chur chun feidhme agus athbhreithniú rialta a dhéanamh orthu;

4.comhbheartas cosanta de chuid an Aontais a chumadh go comhleanúnach as a dtiocfaidh Aontas Comhchosanta agus ailíniú ionstraimí CBSC le hionstraimí, reachtaíocht agus beartais eile airgeadais de chuid an Aontais;

5.na cumais chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí hibrideacha ó lasmuigh den Aontas agus iad a chomhrac – lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), cibearchosaint, agus saincheisteanna gaolmhara amhail cosaint sócmhainní spáis, agus slándáil an bhonneagair chriticiúil a bhaineann le cosaint – laistigh de theorainneacha CBSC agus bearta gaolmhara eisiacha cosanta an Aontais;

6.cumais chosanta, ullmhacht agus athléimneacht an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear taighde, forbairt agus nuálaíocht a bhaineann go sonrach le cosaint, táirgeadh comhpháirteach agus bainistiú saolré;

7.na bearta, na gníomhaíochtaí agus na hionstraimí a bhaineann le comhtháthú tionsclaíoch agus comhar cosanta an Aontais agus margadh aonair don chosaint á shaothrú;

8.an bonneagar soghluaisteachta míleata is ábhartha d’ullmhacht cosanta an Aontais agus a Bhallstát agus na hacmhainneachtaí chun an bonneagar sin a chosaint ar bhagairtí eachtracha, ach amháin i ndáil le tionscadail a bhaineann le TEN-T agus bonneagar iompair dé-úsáide, i gcás inarb iomchuí, tabharfar comhairle don Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht atá freagrach;

9.formhaoirseacht pharlaiminteach ar struchtúir agus gníomhaireachtaí institiúideacha de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach le cosaint, go háirithe:

–Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh,
–an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint,
–an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC),
–an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO),
–Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh laistigh de theorainneacha CBSC agus maidir leis an Aontas Eorpach um Chosaint a bhunú, agus
–struchtúr CBSC na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí;

10.tionscnaimh, cláir agus beartais a mhéid is aidhm dóibh bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú agus comhar tionsclaíoch cosanta a chomhdhlúthú atá dírithe ar úsáid mhíleata eisiach a bheith á baint as ag na Ballstáit agus acmhainneachtaí ábhartha an Aontais;

11.comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann go sonrach le cosaint, ag brath ar a n-inneachar agus a raon feidhme, maidir le slándáil agus cosaint, gné sheachtrach na frithsceimhlitheoireachta, cibearchosaint, onnmhairiú agus rialú arm, dí-armáil agus neamhleathadh;

12.caidreamh le comhpháirtithe slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear ECAT, Roinn Oibríochtaí Síochána na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus le comhlachtaí idirpharlaiminteacha maidir le hábhair a thagann faoi fhreagracht an Choiste um Shlándáil agus Cosaint;

13.maoirseacht pholaitiúil agus comhordú polaitiúil le hobair na toscaireachta don chaidreamh le Tionól Parlaiminteach ECAT agus leis na toscaireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mbeadh inniúlachtaí acu i réimse na slándála agus na cosanta;

14.creataí iltaobhacha maidir le slándáil, onnmhairiú agus rialú arm agus saincheisteanna maidir le neamhleathadh, gné sheachtrach na frithsceimhlitheoireachta, dea-chleachtais chun éifeachtacht na slándála agus na cosanta a fheabhsú, agus forbairtí dlíthiúla agus institiúideacha an Aontais sna réimsí sin laistigh de theorainneacha CBSC agus bearta gaolmhara eisiacha cosanta an Aontais;

15.comhairliúcháin chomhpháirteacha, cruinnithe agus comhdhálacha ar bhonn rialta chun faisnéis a mhalartú leis an gComhairle, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus leis an gCoimisiún faoi shainchúram inniúlachtaí an Choiste um Shlándáil agus Cosaint.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais