Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3:AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 1 - AN CHÉAD LÉAMH

Riail 61:Tarchur ar ais chuig an gcoiste freagrach

Má tharchuirtear, i gcomhréir le Riail 60, ábhar ar ais chuig an gcoiste freagrach lena bhreithniú an athuair nó chun caibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh air i gcomhréir le Riail 75, tuairisceoidh an coiste freagrach, ó bhéal nó i scríbhinn, don Pharlaimint laistigh de cheithre mhí. Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán an tréimhse sin a fhadú.

Ní chuireann aon ní cosc ar an bParlaimint cinneadh a dhéanamh, más iomchuí, díospóireacht chlabhsúir a bheith aici mar thoradh ar an tuarascáil ón gcoiste freagrach ar tarchuireadh an t- ábhar ar ais chuige.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais