TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3:AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 1 - AN CHÉAD LÉAMH
Riail 62:Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint
1.Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharchur an athuair chuig an bParlaimint más rud é:
–go gcuireann an Coimisiún togra eile in ionad a thogra tosaigh, lena leasaíonn sé a thogra tosaigh go substaintiúil, nó lena bhfuil sé ar intinn aige a thogra tosaigh a leasú go substaintiúil tar éis don Pharlaimint a seasamh a ghlacadh, ach amháin i gcás ina ndéantar an méid sin chun an seasamh ón bParlaimint a chur san áireamh;
–go dtagann athrú substaintiúil ar an gcineál faidhbe lena mbaineann an togra mar thoradh ar imeacht aimsire nó athruithe ar imthosca; nó
–go bhfuil toghcháin nua chun na Parlaiminte tar éis a bheith ann ón tráth ar ghlac sí a seasamh, agus go measann Comhdháil na nUachtarán gurb inmhianaithe an togra a tharchur an athuair.
2.Má tá sé beartaithe modhnú a dhéanamh ar bhunús dlí togra a mbeadh de thoradh air nach mbeadh feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach a thuilleadh maidir leis an togra sin, malartóidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, de bhun mhír 25 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, tuairimí ar an modhnú sin ag gníomhú dóibh trína nUachtaráin faoi seach nó trína n-ionadaithe.
3.Tar éis an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle an dréachtghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig an bParlaimint an athuair, i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle bunús dlí an togra dá bhforáiltear sa seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a mhodhnú, agus gurb é an toradh a bheadh air sin nach mbeadh feidhm a thuilleadh ag an ngnáthnós imeachta reachtach.