Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3:AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 3 - CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH

Riail 71:Forálacha ginearálta

Maidir leis na caibidlíochtaí leis na hinstitiúidí eile, ar caibidlíochtaí iad a mbeidh sé mar aidhm leo teacht ar chomhaontú i rith an nós imeachta reachtaigh, ní fhéadfar dul ina mbun ach amháin tar éis cinneadh arna dhéanamh i gcomhréir le Riail 72, Riail 73 nó Riail 74 nó tar éis tarchur ar ais ag an bParlaimint le haghaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. Déanfar na caibidlíochtaí sin ag féachaint don Chód Iompair atá leagtha síos ag comhdháil na nUachtarán (1).

(1) Cód Iompair maidir le caibidlíocht i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.
An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais