TEIDEAL V:CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 3:ÉISTEACHTAÍ GRINNSCRÚDAITHE SPEISIALTA AGUS CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA
Riail 147:Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair
1.Beidh feidhm
mutatis mutandis ag Riail 146(1), (2), agus (3) i ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair. Déanfar líon na gceisteanna sin a dhealú ón uaslíon de shé cheist in aghaidh na míosa dá bhforáiltear i Riail 146(1).
2.Más rud é nach mbeidh freagra i scríbhinn faighte ar cheist laistigh de thréimhse cúig seachtaine, féadfar, ar iarraidh ó údar na ceiste, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile den choiste freagrach le Cathaoirleach Bhord an tseolaí.