TEIDEAL V:CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 4:TUARASCÁLACHA Ó INSTITIÚIDÍ AGUS Ó CHOMHLACHTAÍ EILE
Riail 148:Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile
1.Maidir le tuarascálacha bliantúla agus maidir le tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile, ar ina leith a dhéantar foráil leis na Conarthaí á rá go rachfar i gcomhairle leis an bParlaimint, nó ar ina leith a cheanglaítear le forálacha dlíthiúla eile tuairim de chuid na Parlaiminte a fháil, déileálfar leo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.
2.Déanfar tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile nach gclúdaítear le raon feidhme mhír 1 a tharchur chuig an gcoiste freagrach, a dhéanfaidh iad a scrúdú, agus a d’fhéadfadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint nó a mholadh go ndéanfar tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 55, má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh maidir le ceist thábhachtach a clúdaíodh sna tuarascálacha.